Tithíocht Inacmhainne

Dúnta4 M.F., 2024, 07:00 - 13 D.F., 2024, 18:00

 

            

Ceisteanna Suirbhé - Tithíocht Inacmhainne

Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe tiomanta do thithíocht inacmhainne a sheachadadh faoin bplean "Tithíocht do Chách". Tá suirbhé á dhéanamh againn ar líne anois chun an leibhéal agus an phróifíl a bhaineann leis an éileamh ar thithíocht inacmhainne i gContae na Gaillimhe a mheas. Níl anseo ach suirbhé sealadach. Ní hionann é seo agus próiseas iarratais ar thithíocht inacmhainne.

Féach ar www.affordablehomes.ie le haghaidh tuilleadh eolais maidir le tithíocht inacmhainne, le do thoil.

 

Eolas Tábhachtach

  • Ní hionann an suirbhé seo a chomhlíonadh agus dearbhú go mbeidh tú incháilithe nó go dtabharfaí faomhadh duit i leith tairiscintí um thithíocht inacmhainne a dhéanfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe amach anseo.
  • Ní hionann an suirbhé seo agus liosta feithimh agus ní bheidh baint ar bith aige leis na tosaíochtaí a shocrófar amach anseo.
  • Beidh na sonraí a chuirfear isteach mar chuid den suirbhé seo faoi rún agus ní bhainfear leas astu ach amháin chun an cur chuige is fearr chun tithíocht inacmhainne a sheachadadh a mheas.
  • Ní léireofar na sonraí ach amháin i bhfoirm achoimre gan ainm.
The closing date has passed and submissions are no longer being accepted.