Plean Ceantair Áitiúil Bhaile Átha An RÍ 2024 –2030

Dúnta20 Fea, 2024, 9:00am - 20 Fea, 2024, 9:01am

FÓGRA FAOI DHÉANAMH PHLEAN CEANTAIR ÁITIÚIL BHAILE ÁTHA AN RÍ 2024 – 2030

i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

 

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú
Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001, arna leasú
Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) 2004, arna leasú

Faoi Réir Dréacht-Treorach ón Aire 

Beidh Sonraí na Treorach seo faoi ábhar comhairliúchán poiblí ón 29 Feabhra 2024 go dtí an 14 Márta 2024

Tugtar fógra leis seo gur ghlac Comhaltaí Cheantar Bardasach Bhaile Átha an Rí/Órán Mór le Plean Ceantair Áitiúil Bhaile Átha an Rí 2024 – 2030 ag a gcruinniú ar an 9 Eanáir 2024 agus go bhfuil sé ag teacht i bhfeidhm ar an 20 Feabhra 2024.

Is doiciméad reachtúil atá i bPlean Ceantair Áitiúil Bhaile Átha an Rí 2024 – 2030 a d'ullmhaigh an tÚdarás Pleanála de réir cheanglais an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) agus na Rialachán um Pleanáil agus Forbairt, 2001 (arna leasú).

Tá Plean Áitiúil Iompair ag gabháil le Plean Ceantair Áitiúil Bhaile Átha an Rí 2024 – 2030. Áirítear sa phlean freisin Tuarascáil Comhshaoil um Measúnú Straitéiseach Timpeallachta (MST), a ullmhaíodh de réir na Rialachán (MST)  um Pleanáil agus Forbairt 2004 (arna leasú), Tuarascáil Tionchair Natura um Measúnú Cuí , de bhun Airteagal 6 den Treoir maidir le Gnáthóga 92/43/EEC. An Measúnú Straitéiseach Riosca i gCás Tuilte (SFRA) a ullmhaíodh de réir an Chórais Pleanála agus na Treoirlíne um Bainistíocht i gCás Tuilte 2009. Tá eolas sa Ráiteas Straitéiseach Comhshaoil (MST) a ghabhann leis an bPlean maidir leis an gcaoi a rinneadh breithniú comhshaoil a chomhtháthú sa Phlean.

 

Tá eolas sa Ráiteas Straitéiseach Comhshaoil (MST) a ghabhann leis an bPlean maidir leis an gcaoi a rinneadh breithniú comhshaoil a chomhtháthú sa Phlean.

 

Beidh cóipeanna de Phlean Ceantair Áitiúil Bhaile Átha an Rí 2024 – 2030 ar fáil le ceannach in am trátha ón Rannóg Pleanála, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh.

 

Sínithe: Liam Hanrahan

Stiúrthóir Seirbhísí

Forbairt & Pleanáil Eacnamaíochta