Plean Ceantair Áitiúil Bhaile Átha An RÍ 2024 –2030

Dúnta1 Iúil, 2024, 09:00 - 1 Iúil, 2024, 09:01

 

Fógra go bhfuil Plean Ceantair Áitiúil Bhaile Átha An RÍ 2024 –2030 déanta.

i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

 

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú
Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001, arna leasú
Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) 2004, arna leasú

 

Tugtar fógra leis seo gur ghlac Comhaltaí Cheantar Bardasach Bhaile Átha an Rí/Órán Mór le Plean Ceantair Áitiúil Bhaile Átha an Rí 2024 – 2030 ag a gcruinniú ar an 9 Eanáir 2024 agus go bhfuil sé ag teacht i bhfeidhm ar an 20 Feabhra 2024.

 

Is doiciméad reachtúil atá i bPlean Ceantair Áitiúil Bhaile Átha an Rí 2024 – 2030 a d'ullmhaigh an tÚdarás Pleanála de réir cheanglais an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) agus na Rialachán um Pleanáil agus Forbairt, 2001 (arna leasú).

 

 

Treoir ón Aire de bhun Alt 31

D'eisigh An tAire Stáit ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 31 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (Uimh. 3000) ("an tAcht"), agus leis an Ordú Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2024 agus (I.R. Uimh. 234 de 2024) agus de dhroim molta a chuir Oifig an Rialálaí Pleanála faoina bhráid faoi alt 31AP(4) den Acht, d’eisigh sé Treoir do Chomhairle Chontae na Gaillimhe maidir le hábhair a bhaineann le Plean Ceantair Áitiúil Bhaile Átha an Rí 2024-2030 ar an 31 Bealtaine 2024.  Dá bhrí sin, leasófar dá réir sin gach criosú, cuspóir beartais agus foráil bhreise a bhí mar ábhar don Treoir. Is féidir sonraí iomlána Threoir an Aire a fheiceáil thíos.

 

Íoslódáil Treoir ón Aire anseo:

 

 

 

Tá Plean Áitiúil Iompair ag gabháil le Plean Ceantair Áitiúil Bhaile Átha an Rí 2024 – 2030. Áirítear sa phlean freisin Tuarascáil Comhshaoil um Measúnú Straitéiseach Timpeallachta (MST), a ullmhaíodh de réir na Rialachán (MST)  um Pleanáil agus Forbairt 2004 (arna leasú), Tuarascáil Tionchair Natura um Measúnú Cuí , de bhun Airteagal 6 den Treoir maidir le Gnáthóga 92/43/EEC. An Measúnú Straitéiseach Riosca i gCás Tuilte (SFRA) a ullmhaíodh de réir an Chórais Pleanála agus na Treoirlíne um Bainistíocht i gCás Tuilte 2009. Tá eolas sa Ráiteas Straitéiseach Comhshaoil (MST) a ghabhann leis an bPlean maidir leis an gcaoi a rinneadh breithniú comhshaoil a chomhtháthú sa Phlean.

Tá eolas sa Ráiteas Straitéiseach Comhshaoil (MST) a ghabhann leis an bPlean maidir leis an gcaoi a rinneadh breithniú comhshaoil a chomhtháthú sa Phlean.

Beidh cóipeanna de Phlean Ceantair Áitiúil Bhaile Átha an Rí 2024 – 2030 ar fáil le ceannach in am trátha ón Rannóg Pleanála, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh.

 

Sínithe: Liam Hanrahan

Stiúrthóir Seirbhísí

Forbairt & Pleanáil Eacnamaíochta