Plean Ceantair Áitiúil Thuama 2023-2029

Dúnta23 D.F., 2023, 9:00am - 23 D.F., 2023, 9:01am

FÓGRA DÉANTA PHLEAN CEANTAIR ÁITIÚIL THUAMA 2023 – 2029

i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú

Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001, arna leasú

Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) 2004, arna leasú

 

Tugtar fógra leis seo gur ghlac Comhaltaí Cheantar Bardasach Thuama le Plean Ceantair Áitiúil Thuama 2023 – 2029 ag a gcruinniú ar an 11  Meán Fómhair 2023 agus go bhfuil sé le teacht i bhfeidhm ar an 23 Deireadh Fómhair 2023.

 

Is doiciméad reachtúil é Plean Ceantair Áitiúil Thuama 2023 – 2029 a d'ullmhaigh an tÚdarás Pleanála de réir cheanglais an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) agus na Rialachán um Pleanáil agus Forbairt, 2001 (arna leasú).

 

Tá Plean Áitiúil Iompair ag gabháil le Plean Ceantair Áitiúil Thuama 2023 – 2029. Áirítear sa phlean freisin Tuarascáil Chomhshaoil um Measúnú Straitéiseach Comhshaoil (MSC), a ullmhaíodh de réir na Rialachán um Pleanáil agus Forbairt (MSC) 2004 (arna leasú), Measúnacht Chuí (AA) i ndáil le Tuarascáil Tionchair Natura de bhun Airteagal 6 den Treoir maidir le Gnáthóga 92/43/CEE. An Measúnú Straitéiseach Riosca i gCás Tuilte (SFRA) ullmhaithe de réir an Chórais Phleanála agus na dTreoirlínte um Bainistíocht Priacal Tuile 2009. Tá eolas sa Ráiteas Straitéiseach Comhshaoil (MSC) a ghabhann leis an bPlean ar an gcaoi a ndearnadh breithniú comhshaoil a chomhtháthú sa Phlean.

 

Tá cóip de Phlean Ceantair Áitiúil Thuama 2023 – 2029 mar aon le tuarascálacha eile a ghabhann leis agus le Ráiteas SEA agus Ráiteas Conclúide AA, le feiceáil ar na suíomhanna gréasáin seo a leanas:

 

 

 

Beidh cóipeanna de Phlean Ceantair Áitiúil Thuama 2023 – 2029 ar fáil in am trátha le ceannach ón Rannóg Pleanála, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh

 

 

 

Sínithe: Liam Hanrahan

 

Stiúrthóir Seirbhísí

 

Forbairt & Pleanáil Gheilleagrach

Téamaí

Planning
Glac síntiús