Fógra Iarratais chuig an mBord Pleanála chun Obair Athchóirithe a Cheadú i Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe

Dúnta9 D.F., 2023, 9:00am - 21 Sam, 2023, 5:30pm

NA hACHTANNA UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT, 2000-2023, & NA RIALACHÁIN UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT,

2001-2023

 

COMHAIRLIÚCHÁN POIBLÍ

 

Notice of Application to An Bord Pleanála for Approval for River Maintenance Works in Ros an Mhíl, Co. Galway          

I gcomhréir le hAlt 177AE (4)(a) de na hAchtanna um Pleanáil & Forbairt, 2000-2023, tugtar fógra leis seo go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe cead a iarraidh ón mBord Pleanála tabhairt faoi oibreacha cothabhála abhann  i Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe.

Ullmhaíodh Ráiteas Tionchair Natura i ndáil leis an bhforbairt atá beartaithe.

D’fhéadfadh an Bord Pleanála cead a thabhairt don fhorbairt faoi réir coinníollacha nó gan coinníollacha nó d’fhéadfadh an Bord Pleanála diúltú don iarratas ar an bhforbairt.

Beidh an Measúnú Tionchair Natura, chomh maith le tuarascáil don fhorbairt atá beartaithe, ar fáil lena n-iniúchadh saor in aisce, nó is féidir iad a cheannach ar tháille bheag a íoc (nach mbeidh níos daoire ná an costas réasúnach a bhaineann le cóip den chineál sin a dhéanamh) le linn gnáthuaireanta oifige sna háiteanna seo a leanas ó

Dé Luain an 9 Deireadh Fómhair 2023 go dtí Dé Máirt an 21 Samhain 2023:

  • Oifigí an Bhoird Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902.
  • Oifigí Chomhairle Chontae na Gaillimhe, An Cheathrú Rua Co. na Gaillimhe.
  • Oifigí Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh.
  • https://consult.galway.ie/

 

Ní féidir aighneachtaí agus tuairimí i ndáil leis an bhforbairt atá beartaithe, maidir leis na nithe seo a leanas,:

  1. Na tionchair a bheidh ag an bhforbairt bheartaithe ar phleanáil chuí agus ar fhorbairt inbhuanaithe sa cheantar lena mbaineann;
  2. Na héifeachtaí is dócha a bheidh ag an bhforbairt bheartaithe ar an timpeallacht; agus
  3. Na tionchair mhóra is dócha a bheidh ag an bhforbairt bheartaithe ar láithreán Eorpach,

a dhéanamh ach i scríbhinn chuig an Rúnaí, An Bord Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902 roimh 5.30 p.m. Dé Máirt an 21 Samhain 2023.

Féadfaidh duine bailíocht aon chinneadh dá leithéid ón mBord Pleanála a cheistiú ar mhodh iarratas ar athbhreithniú breithiúnach faoi ordú 84 de rialacha na nUaschúirteanna, (I.R. Uimh. 15 de 1986) agus de réir alt 50 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú).

Is féidir teacht ar fhaisnéis phraiticiúil i ndáil leis an bpróiseas athbhreithnithe bhreithiúnaigh ar láithreán gréasáin an Bhoird Pleanála ag www.pleanala.ie nó ar láithreán gréasáin na Seirbhíse um Fhaisnéis do Shaoránaigh ag www.citizensinformation.ie