Dréachtphlean Limistéir Áitiúil Bhaile Locha Riach 2024-2030

Dúnta24 Sam, 2023, 9:00am - 15 Ean, 2024, 4:00pm

Primary tabs

COMHAIRLE CHONTAE NA GAILLIMHE

GALWAY COUNTY COUNCIL

 

Fógra faoin togra i dtaobh Dréachtphlean Limistéir Áitiúil Bhaile Locha Riach 2024-2030 a dhéanamh

Tá tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh don chéim seo ar fáil anois le híoslódáil anseo.

Tugtar fógra leis seo gur ullmhaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe, de bhun Alt 20 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú), de bhun Airteagal 14 A-E de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta), 2004 (arna leasú), de bhun Airteagal 6 den Treoir ón Aontas Eorpach maidir le Gnáthóga (92/43/CEE) agus de bhun na Treorach maidir le hÉin (79/409/CEE) (arna leasú), agus de bhun Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha), 2011 (I.R. 477) na tuarascálacha seo a leanas i leith Bhaile Locha Riach: Dréachtphlean Limistéir Áitiúil, Plean Iompair Áitiúil, Tuarascáil um Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta, Tuarascáil Tionchair Natura Chéim 2 ar mhaithe le Measúnacht Chuí a dhéanamh, agus Measúnacht Straitéiseach ar Phriacail Tuile.

 

Beidh an Dréachtphlean Limistéir Áitiúil, mar aon leis na tuarascálacha a luaitear thuas, ar taispeáint go poiblí agus féadfar breathnú orthu ón Aoine an 24 Samhain 2023 go dtí an Luan an 15 Eanáir 2024 (gan an deireadh seachtaine ná laethanta saoire poiblí san áireamh) ag na háiteanna seo a leanas:

 

  • An Oifig Pleanála, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh H91 H6KX (Luan – Aoine, 9am – 4pm)
  • Leabharlann Bhaile Locha Riach, Sráid na hEaglaise, Baile Locha Riach H62 EV61 (Máirt/Déardaoin/Aoine 10.30am – 1.00 pm agus 2.00pm – 6.00 pm; Céadaoin 10.30 am – 1.00 pm agus 2.00 pm – 7.00 pm; Satharn 10.30 am – 1.00 pm agus 2:00 pm – 5.00 pm (dúnta ar an Domhnach agus an Luan)
  • Oifig Ceantair Bhaile Locha Riach, Sráid na Beairice, Baile Locha Riach H62 K065 (Luan – Aoine 9.00 am – 1.00pm agus 2.00pm – 5.00pm)

 

Chomh maith leis sin, is féidir na doiciméid go léir a íoslódáil ó shuíomh gréasáin Chomhairle Chontae na Gaillimhe, https://consult.galway.ie/

Cuirfear san áireamh aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn maidir leis na doiciméid thuasluaite sula nglacfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe an Plean, ach iad a chur chuig an Údarás Pleanála le linn na tréimhse sin.  Tá fáilte freisin roimh aighneachtaí nó tuairimí ó pháistí agus ó ghrúpaí nó cumainn a dhéanann ionadaíocht do leasanna páistí.

Ba cheart aighneachtaí nó tuairimí a dhéanamh i scríbhinn agus iad a sheoladh chuig:

‘Plean Limistéir Áitiúil Bhaile Locha Riach’,

An Rannóg um Pleanáil Chun Cinn,

Comhairle Chontae na Gaillimhe,

Cnoc na Radharc,

Gaillimh

H91 H6KX

 

ar líne trí chuairt a thabhairt ar https://consult.galway.ie/ga

 

ar an ríomhphost chuig forwardplanning@galwaycoco.ie

 

Is é Dé Luain an 15 Eanáir 2024 ag 4pm an dáta deiridh le haghaidh Aighneachtaí nó Tuairimí. 

 

Ní ghlacfar le haighneachtaí déanacha.

Bheimis buíoch díot ach d’aighneacht nó do thuairim a sheoladh trí mheán amháin, is é sin go leictreonach i gcóip chrua.

Maidir le haighneacht nó tuairim a chur isteach, tabhair ar aird le do thoil:
  • Tá páistí nó grúpaí agus cumainn a dhéanann ionadaíocht do leasanna páistí i dteideal aighneachtaí nó tuairimí a dhéanamh maidir le cuspóirí beartais chun straitéis fhoriomlán a cheapadh maidir le pleanáil chuí a dhéanamh i limistéar an Phlean Limistéir Áitiúil agus forbairt inbhuanaithe a dhéanamh ann.
  • Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise (arna leasú). Tabhair do d’aird le do thoil go bhfoilseofar ar líne gach aighneacht a gheofar, de réir cheanglais an Achta Pleanála.
  • Ba cheart duit féachaint chuige nach n-áireofar san aighneacht uait aon fhaisnéis chráiteach, aon fhaisnéis chlúmhillteach ná aon fhaisnéis faoi rún, lena n-áirítear faisnéis faoi rún a bhaineann le tríú páirtí (nár thoiligh an tríú páirtí, go sainráite nó go hintuigthe sna cúinsí, lena nochtadh). Coimeádann an tÚdarás Pleanála chuige féin an ceart chun faisnéis a chur i bhfolach in aon aighneacht nó cuid d’aighneacht nach gcomhlíonann an ceanglas sin. Tabhair do d’aire le do thoil go bhfoilseofar an aighneacht ina hiomláine; tá Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi réir fhorálacha an Achta um Chosaint Sonraí (arna leasú) agus an Rialacháin Ghinearálta um Chosaint Sonraí (RGCS). Chun cabhrú linn an tAcht um Chosaint Sonraí agus RGCS a chomhlíonadh, bíodh d’ainm agus do shonraí teagmhála (agus, nuair is cuí sin, sonraí aon eagraíochta, aon ghrúpa pobail nó aon chuideachta etc., a ndéanann tú ionadaíocht dó nó di), ar bhileog ar leithligh a bheidh ag gabháil leis an aighneacht nó an tuairim uait. Tá an phróiseáil sin ar do shonraí pearsanta dleathach faoi Airteagal 6(1)(e) den Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí. Tá Beartas Cosanta Sonraí na Comhairle ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle.
  • Tabhair do d’aire gurb amhlaidh, de réir Alt 19 den Acht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú), 2019, go bhfoilseofar gach aighneacht bhailí a gheobhaidh an Chomhairle ar shuíomh gréasáin Chomhairle Chontae na Gaillimhe laistigh de 10 lá oibre ón uair a gheobhaidh an Chomhairle í. Is próiseas oscailte, poiblí é an próiseas pleanála agus dá bhrí sin beidh d’aighneacht (nó cuid di) le feiceáil ar líne ag https://consult.galway.ie/ga. Cuirfear san áireamh gach tuairim nó aighneacht a gheofar le linn na tréimhse ama thuas sula ndéanfar Plean Limistéir Áitiúil Bhaile Locha Riach 2024-2030.
  • Tá cóipeanna crua den Dréachtphlean Limistéir Áitiúil agus de na doiciméid ghaolmhara ar fáil le ceannach ón Rannóg Pleanála.

Brústocaireacht

Is cuid riachtanach den phróiseas daonlathach í an bhrústocaireacht. Cuireann an bhrústocaireacht ar a gcumas do shaoránaigh agus eagraíochtaí a dtuairimí ar bheartas poiblí agus ar sheirbhísí poiblí, amhail criosú i ndáil le talamhúsáid, a chur in iúl do pholaiteoirí agus d’fhostaithe sa tseirbhís phoiblí (Oifigigh Phoiblí ainmnithe) nó déanann sí é sin a éascú. Má bhíonn tú i mbun brústocaireachta, b’fhéidir go mbeidh ort:

Clárú ar shuíomh gréasáin an Chláir Brústocaireachta atá á reáchtáil ag an gCoimisiún um Chaighdeáin: www.lobbying.ie

Faisnéis a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoi do ghníomhaíochtaí brústocaireachta trí huaire sa bhliain. Téigh chuig www.lobbying.ie le haghaidh tuilleadh eolais.

An fhaisnéis phearsanta (sonraí) a bhailítear le linn an phróisis comhairliúcháin (a bhféadfadh sonraí pearsanta íogaire a bheith san áireamh léi), bailítear í chun críche aighneachtaí a fháil agus déileáil leo agus tá aon sonraí a bhailítear faoi réir ráiteas príobháideachta Chomhairle Chontae na Gaillimhe, ráiteas atá ar fáil ag https://www.galway.ie/ga/seirbhisi/chomhairle/raiteaspriobhaideacht/

 

  SEISIÚN BUAIL ISTEACH I gCOMHAIR COMHAIRLIÚCHÁN POIBLÍ

 Fáiltíonn Comhairle Chontae na Gaillimhe romhat ag seisiún buail isteach i gcomhair comhairliúchán  poiblí maidir le Dréachtphlean Limistéir Áitiúil Bhaile Locha Riach 2024-2030  a bheidh ar siúl:

 Dé Máirt an 5 Nollaig 2023 ó 2.30pm go 7.30pm

 In Óstán agus Spá Bhaile Locha Riach, Bóthar Bhaile Átha an Rí, Baile Locha Riach (H62 Y189)

 

 SEIMINEÁR GRÉASÁN FAOIN gCOMHAIRLIÚCHÁN POIBLÍ

 Ina theannta sin, beidh Seimineár Gréasáin Poiblí ar siúl

 Déardaoin an 14 Nollaig 2023 ó 6.00pm go 7.00pm

 Tá sonraí maidir le clárú don seimineár gréasáin ar fáil ar https://us02web.zoom.us/webinar/register/WN_SrO2-tthQr-vGeNArtyJ1Q  

 

Téamaí

Planning
Glac síntiús