Athruithe Ábhartha Molta ar Dhréachtphlean Cheantar Áitiúil Bhaile Locha Riach 2024-2030

Oscailte15 Aib, 2024, 9:00am - 13 Bea, 2024, 4:00pm

Primary tabs

FÓGRA FAOI ATHRUITHE ÁBHARTHA BEARTAITHE AR DHRÉACHTPHLEAN CHEANTAR ÁITIÚIL BHAILE LOCHA RIACH

2024-2030 de réir:

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 arna leasú

Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001, arna leasú

Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) 2004, arna leasú

 

Tugtar fógra leis seo go bhfuil cinneadh déanta ag Comhaltaí Cheantar Bardasach Bhaile Locha Riach, tar éis dóibh Dréachtphlean Cheantar Áitiúil Bhaile Locha Riach 2024-2030 agus Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh maidir leis na haighneachtaí a fuarthas a bhreithniú, de réir Alt 20 3(e) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú, go leasófar an Dréachtphlean Limistéir Áitiúil. Is ionann na leasuithe atá molta agus athruithe ábhartha ar Dhréachtphlean Cheantar Áitiúil Bhaile Locha Riach 2024-2030.

 

De réir Alt 20 3(f) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú), tá scagadh déanta ag Comhairle Contae na Gaillimhe ar na hAthruithe Ábhartha atá Molta maidir leis an ngá atá le Measúnú Straitéiseach Comhshaoil (MSC) agus Measúnacht Chuí a dhéanamh agus tá cinneadh déanta aici: Gur gá Measúnú Straitéiseach Comhshaoil, a dhéanamh maidir le hAthruithe Ábhartha atá Molta; agus níl Measúnacht Chuí de Chéim 2 riachtanach i gcás aon Athrú Ábhartha atá Molta.

 

Beidh cóip de na hAthruithe Ábhartha molta ar Dhréachtphlean Cheantar Áitiúil Bhaile Locha Riach 2024-2030, Cinntí Scagtha na Measúnachta Straitéisí Comhshaoil (SEA) agus Cinntí Scagtha na Measúnachta Cuí (AA) de réir Alt 20 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú, agus doiciméid ghaolmhara SEA agus AA (lena n-áirítear faisnéis ar na hiarmhairtí suntasacha dóchúla ar an gcomhshaol ó chur i bhfeidhm na n-Athruithe Ábhartha molta atá san áireamh i dTuarascáil Chomhshaoil SEA ar Athruithe Ábhartha Molta) ar fáil le taispeáint go poiblí agus féadfar iad a iniúchadh ó Dé Luain an 15 Aibreán 2024 go 4.00pm Dé Luain an 13 Bealtaine 2024 agus an dá lá sin san áireamh le linn gnáthuaireanta oscailte ag na láithreacha seo a leanas:

  • https://consult.galway.ie/
  • An Oifig Pleanála, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh, H91 H6KX (ó Luan go hAoine 9am-4pm)
  • Leabharlann Bhaile Locha Riach, Sráid na hEaglaise, Baile Locha Riach H62 EV61 (Dé Máirt/An Déardaoin/Dé hAoine 10.30am – 1.00 pm & 2.00pm – 6.00 pm; Dé Céadaoin 10.30 am – 1.00 pm & 2.00 pm – 7.00 pm; 

Dé Sathairn 10.30 am – 1.00 pm & 2.00 pm – 5.00 pm; (dúnta Dé Domhnaigh & Dé Luain)

  • Oifig Cheantar Bhaile Locha Riach, Sráid na Beairice, Baile Locha Riach H62 K065 (Luan go hAoine 9.00rn -1.00in & 2.00 – 5.00 in.

 

Iarrtar aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn ón bpobal agus ó pháirtithe leasmhara eile maidir leis na hAthruithe Ábhartha molta ar Dhréachtphlean Cheantar Áitiúil Bhaile Locha Riach 2024-2030, agus cinntí an SEA agus cinntí AA de réir Alt 20 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú, agus na doiciméid ghaolmhara SEA agus AA (lena n-áirítear faisnéis ar an tionchar suntasach dóchúil ar an gcomhshaol de bharr chur i bhfeidhm na n-athruithe ábhartha molta atá san áireamh i dTuarascáil Timpeallachta SEA ar Athruithe Ábhartha Molta). Ní mór ainm iomlán agus seoladh an duine nó an chomhlachta nó na gníomhaireachta ábhartha atá ag déanamh Athruithe Ábhartha a lua in aighneachtaí nó tuairimí scríofa agus ba chóir iad a mharcáil go soiléir mar “Athruithe Ábhartha Molta ar Dhréachtphlean Cheantar Áitiúil Bhaile Locha Riach 2024-2030”, agus ba chóir an t-ábhar molta ábhartha a lua agus uimhir/uimhreacha tagartha an athraithe/na n-athruithe (a thosaíonn le ‘MA’ nó ‘AA’). 

Is féidir aighneachtaí a dhéanamh laistigh den tréimhse thuas agus roimh 4.00pm Dé Luain an 13 Bealtaine 2024. Ba cheart go mbeadh aighneachtaí nó tuairimí scríofa marcáilte go soiléir ‘Athruithe Ábhartha Molta ar Dhréachtphlean Cheantar Áitiúil Bhaile Locha Riach 2024-2030’ agus ní mór iad a chur isteach:

Ar líne

Ar líne trí chuairt a thabhairt ar https://consult.galway.ie/

Trí ríomhphost:

Trí ríomhphost a sheoladh chuig forwardplanning@galwaycoco.ie  

Trí Scríobh

trí scríbhinn a sheoladh chuig:

'Athruithe Ábhartha Molta ar Dhréachtphlean Cheantar Áitiúil Bhaile Locha Riach' An Rannóg um Pleanáil Chun Cinn , Comhairle Chontae na Gaillimhe, Cnoc na Radharc, Gaillimh.

 

Is é Dé Luain an 13 Bealtaine 2024 ag 4.00pm an dáta deiridh le haghaidh Aighneachtaí/Tuairimí.

 

---------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------

Ní ghlacfar le haighneachtaí déanacha.

Bheimis buíoch díot ach d’aighneacht nó do thuairim a sheoladh trí mheán amháin, is é sin go leictreonach nó i gcóip chrua.

 

Maidir le haighneacht nó tuairim a chur isteach, tabhair ar aird le do thoil:

Tá páistí nó grúpaí agus cumainn a dhéanann ionadaíocht do leasanna páistí i dteideal aighneachtaí nó tuairimí a dhéanamh maidir le cuspóirí beartais chun straitéis fhoriomlán a cheapadh maidir le pleanáil chuí a dhéanamh i limistéar an Phlean Limistéir Áitiúil agus forbairt inbhuanaithe a dhéanamh ann.

Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise (arna leasú). Tabhair do d’aird le do thoil go bhfoilseofar ar líne gach aighneacht a gheofar, de réir cheanglais an Achta Pleanála.

Ba cheart duit féachaint chuige nach n-áireofar san aighneacht uait aon fhaisnéis chráiteach, aon fhaisnéis chlúmhillteach ná aon fhaisnéis faoi rún, lena n-áirítear faisnéis faoi rún a bhaineann le tríú páirtí (nár thoiligh an tríú páirtí, go sainráite nó go hintuigthe sna cúinsí, lena nochtadh). Coimeádann an tÚdarás Pleanála chuige féin an ceart chun faisnéis a chur i bhfolach in aon aighneacht nó cuid d’aighneacht nach gcomhlíonann an ceanglas sin. Tabhair do d’aire le do thoil go bhfoilseofar an aighneacht ina hiomláine; tá Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi réir fhorálacha an Achta um Chosaint Sonraí (arna leasú) agus an Rialacháin Ghinearálta um Chosaint Sonraí (RGCS). Chun cabhrú linn an tAcht um Chosaint Sonraí agus RGCS a chomhlíonadh, bíodh d’ainm agus do shonraí teagmhála (agus, nuair is cuí sin, sonraí aon eagraíochta, aon ghrúpa pobail nó aon chuideachta etc., a ndéanann tú ionadaíocht dó nó di), ar bhileog ar leithligh a bheidh ag gabháil leis an aighneacht nó an tuairim uait. Tá an phróiseáil sin ar do shonraí pearsanta dleathach faoi Airteagal 6(1)(e) den Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí. Tá Beartas Cosanta Sonraí na Comhairle ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle.

Tabhair do d’aire gurb amhlaidh, de réir Alt 19 den Acht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú), 2019, go bhfoilseofar gach aighneacht bhailí a gheobhaidh an Chomhairle ar shuíomh gréasáin Chomhairle Chontae na Gaillimhe laistigh de 10 lá oibre ón uair a gheobhaidh an Chomhairle í. Is próiseas oscailte, poiblí é an próiseas pleanála agus dá bhrí sin beidh d’aighneacht (nó cuid di) le feiceáil ar líne ag https://consult.galway.ie/ga. Cuirfear san áireamh gach tuairim nó aighneacht a gheofar le linn na tréimhse ama thuas sula ndéanfar Plean Limistéir Áitiúil Bhaile Locha Riach 2024-2030.

Tá cóipeanna crua den Dréachtphlean Limistéir Áitiúil agus de na doiciméid ghaolmhara ar fáil le ceannach ón Rannóg Pleanála.

Brústocaireacht

 

Is cuid riachtanach den phróiseas daonlathach í an bhrústocaireacht. Cuireann an bhrústocaireacht ar a gcumas do shaoránaigh agus eagraíochtaí a dtuairimí ar bheartas poiblí agus ar sheirbhísí poiblí, amhail criosú i ndáil le talamhúsáid, a chur in iúl do pholaiteoirí agus d’fhostaithe sa tseirbhís phoiblí (Oifigigh Phoiblí ainmnithe) nó déanann sí é sin a éascú. Má bhíonn tú i mbun brústocaireachta, b’fhéidir go mbeidh ort:

 

Clárú ar shuíomh gréasáin an Chláir Brústocaireachta atá á reáchtáil ag an gCoimisiún um Chaighdeáin: www.lobbying.ie

 

Faisnéis a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoi do ghníomhaíochtaí brústocaireachta trí huaire sa bhliain. Téigh chuig www.lobbying.ie le haghaidh tuilleadh eolais.

 

An fhaisnéis phearsanta (sonraí) a bhailítear le linn an phróisis comhairliúcháin (a bhféadfadh sonraí pearsanta íogaire a bheith san áireamh léi), bailítear í chun críche aighneachtaí a fháil agus déileáil leo agus tá aon sonraí a bhailítear faoi réir ráiteas príobháideachta Chomhairle Chontae na Gaillimhe, ráiteas atá ar fáil ag https://www.galway.ie/ga/seirbhisi/chomhairle/raiteaspriobhaideacht/

Téamaí

Planning
Glac síntiús