I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar di le hAlt 9 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2004 (Uimh. 44 de 2004), arna leasú agus ar mhaithe le sábháilteacht an phobail, tugann Comhairle Chontae na Gaillimhe fógra leis seo go bhfuil sé beartaithe aici Fodhlíthe maidir le Luasteorainneacha Speisialta a dhéanamh i leith bóithre áirithe laistigh de limistéar riaracháin Chontae na Gaillimhe.
Beidh cóipeanna de Dhréacht-Fhodhlíthe Chontae na Gaillimhe um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha Speisialta) Uimh. 1 & Uimh. 2 2024, lena n-áirítear léarscáil de na suíomhanna lena mbaineann, ar fáil lena n-iniúchadh ag an bpobal le linn gnáthuaire oifige ón Aoine, an 11 Deireadh Fómhair 2024 go dtí an Aoine, an 15 Samhain 2024, sna suíomhanna seo a leanas:
An tAonad Bonneagair & Oibríochtaí, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh,
Oifig Cheantar Bardasach Thuama, an tSráid Ard, Tuaim,
Oifig Cheantar Bardasach Bhaile Locha Riach, Sráid na Beairice, Baile Locha Riach,
Oifig Cheantar Chonamara Thuaidh, Sráid an Mhargaidh, an Clochán,
Oifig Áitiúil, Conamara Theas, An Cheathrú Rua,
Oifig Cheantar Bardasach Bhéal Átha na Sluaighe, na hOifigí Cathartha, Béal Átha na Sluaighe,
Oifig Cheantar Bardasach Bhaile Átha an Rí-Órán Mór, Sráid na Seaneaglaise, Baile Átha an Rí,
Oifig Cheantar an Ghoirt, Sráid Crowe, an Gort.
Is féidir cóipeanna den fhógra seo agus de na dréacht-fhodhlíthe a léamh ar láithreán gréasáin Chomhairle Chontae na Gaillimhe ag www.gaillimh.ie.
Féadfar agóidí nó aighneachtaí i leith na bhfodhlíthe seo a dhéanamh i scríbhinn chuig an Stiúrthóir Seirbhísí, an tAonad Bonneagair agus Oibríochtaí, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh nó ar ríomhphost chuig roads@galwaycoco.ie, tráth nach déanaí ná 4 p.m. ar an Aoine, an 15 Samhain 2024.
Dréacht-Fhodhlíthe Chontae Na Gaillimhe Um Thrácht Ar Bhóithre (Luasteorainneacha Speisialta) Uimh.1 & Uimh. 2 2024
Primary tabs
Dréacht-Fhodhlíthe Chontae Na Gaillimhe Um Thrácht Ar Bhóithre
(Luasteorainneacha Speisialta) Uimh.1 & Uimh. 2 2024
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar di le hAlt 9 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2004 (Uimh. 44 de 2004), arna leasú agus ar mhaithe le sábháilteacht an phobail, tugann Comhairle Chontae na Gaillimhe fógra leis seo go bhfuil sé beartaithe aici Fodhlíthe maidir le Luasteorainneacha Speisialta a dhéanamh i leith bóithre áirithe laistigh de limistéar riaracháin Chontae na Gaillimhe.
Beidh cóipeanna de Dhréacht-Fhodhlíthe Chontae na Gaillimhe um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha Speisialta) Uimh. 1 & Uimh. 2 2024, lena n-áirítear léarscáil de na suíomhanna lena mbaineann, ar fáil lena n-iniúchadh ag an bpobal le linn gnáthuaire oifige ón Aoine, an 11 Deireadh Fómhair 2024 go dtí an Aoine, an 15 Samhain 2024, sna suíomhanna seo a leanas:
Is féidir cóipeanna den fhógra seo agus de na dréacht-fhodhlíthe a léamh ar láithreán gréasáin Chomhairle Chontae na Gaillimhe ag www.gaillimh.ie.
Féadfar agóidí nó aighneachtaí i leith na bhfodhlíthe seo a dhéanamh i scríbhinn chuig an Stiúrthóir Seirbhísí, an tAonad Bonneagair agus Oibríochtaí, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh nó ar ríomhphost chuig roads@galwaycoco.ie, tráth nach déanaí ná 4 p.m. ar an Aoine, an 15 Samhain 2024.
Roinn
Aighneachtaí
Téamaí
Ábhair
Deais