Fógra Alt 38 - Trasrian Coisithe i sráidbhaile An Spidéil

Oscailte11 Nol, 2025, 17:00 - 9 Ean, 2026, 17:00

Primary tabs

FÓGRA – Alt 38 den Acht um Trácht ar Bhóithre

Cuireann an fógra seo in iúl go mbeidh comhairliúchán poiblí ann a bhaineann le;

Trasrian coisithe i sráidbhaile an Spidéil

 

Trasrian Coisithe, R336-559 i sráidbhaile an Spidéil

I gcomhréir le hAlt 38 den Acht um Trácht ar Bhóithre 1994, is féidir le Údarás Bóthair, ar mhaithe le sábháilteacht agus le héascaíocht úsáideoirí bóthair, bearta moillithe tráchta a chuir i bhfeidhm ar bhóithre poiblí faoina gcúram.

Tá sé beartaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe Trasrian Coisithe a thógáil ar an láthair seo a leanas:

R336-559 i sráidbhaile an Spidéil, gar de bhunscoil Scoil Éinne

Mar chuid den obair seo, beidh trasrian coisithe ardaithe le cuaillí rabhchán Belisha, lóchrainn atá 6m ar airde, marcanna bóthair, comharthaíocht agus bearta coimhdeacha draenála agus soilse poiblí.

Beidh léaráidí ar fáil ar https://consult.galway.ie/ agus le linn gnáth-uaireanta ofige i rith an tréimhse seo, Dé Luain an 15ú Nollaig go dtí Dé hAoine 9ú Eanáir ag:

  • Oifigí Chomhairle Chontae na Gaillimhe, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

Is féidir aighneachtaí a dhéanamh nó tuairimí a thabhairt i ndáil leis an bhforbairt atá beartaithe i scríbhinn chuig an Innealtóir Feidhmiúcháin Sinsireach, Ceantar Bardasach Chonamara, Oifig Ceantair na Ceathrún Rua, Comhairle Chontae na Gaillimhe nó ar líne ag https://consult.galway.ie/

 

 NOTICE - Section 38 of the Road Traffic Act

This advertisement is to notify of public consultation pertaining to;

Controlled Pedestrian Crossing in the village of An Spidéal.

 

Controlled Pedestrian Crossing, R336-599 in the village of An Spidéal

Under Section 38 of the 1994 Road Traffic Act, a Road Authority may in the interest of the safety and convenience of road users provide such traffic calming works as it considers desirable in respect of a public road in its charge.

Galway County Council proposes to implement a Controlled Zebra Crossing at the following location:


R336-599 in the village of An Spidéal, near Scoil Éinne national school

The works will involve the installation of; a raised table pedestrian crossing with Belisha beacon pole and 6m high lantern, road markings, signage and ancillary drainage and public lighting measures.

Drawings showing the proposed works are available on https://consult.galway.ie/ and may also be inspected during normal working hours from Monday 15th December to Friday 9th January at:

The office of Galway County Council, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

Representation relating to the proposed works may be made in writing to the Senior Executive Engineer, Conamara MD, Galway County Council, An Cheathrú Rua Regional Office, An Cheathrú Rua or electronically via https://consult.galway.ie/

 

Aighneachtaí

Téamaí

active travel
Tuaraimí generálta
road safety
Glac síntiús