Straitéis Forbartha Eacnamaíochta Chomhpháirteach na Gaillimhe

Oscailte8 Aib, 2026, 16:00 - 5 Bea, 2026, 17:00

Tá Grant Thornton ag tacú le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Comhairle Contae na Gaillimhe chun Comhstraitéis Forbartha Eacnamaíochta a ullmhú le bheith mar threoir d'fhás na Gaillimhe sa todhchaí, go gearrthéarmach, go meántéarmach agus go fadtéarmach.

Cuirtear deis thábhachtach ar fáil leis an straitéis seo chun comhfhís eacnamaíochta do Chathair agus do Chontae na Gaillimhe a shainmhíniú, chun láidreachtaí faoi seach na gceantar sin a aithint agus chun tacú lena bhforbairt mar réigiún eacnamaíoch atá nasctha agus comhtháite.

Sa straitéis seo, sainaithneofar earnálacha tosaíochta, riachtanais ó thaobh bonneagair de, deiseanna infheistíochta agus na dálaí is mó a theastaíonn chun tacú le fiontraíocht a fhás, le poist a chruthú, le tallann a mhealladh agus le forbairt chothrom a dhéanamh sa réigiún.

Tugtar deis duit, leis an suirbhé gearr seo, arna cheapadh agus arna bhainistiú ag Grant Thornton, do thuairimí faoi gheilleagar na Gaillimhe a roinnt – lena n-áirítear na láidreachtaí agus na dúshláin a bhaineann leis agus na tacaí a theastaíonn chun fás sa todhchaí a bhaint amach.

Cabhróidh do chuid aiseolais linn an straitéis a mhúnlú agus cinnteoidh sé go léireoidh an straitéis an taithí agus na tosaíochtaí atá ag daoine i ndáiríre.

Tá meas againn ar do phríobháideachas. Beidh na freagraí go léir gan ainm agus ní thuairisceofar iad ach amháin i bhfoirm chomhiomlán.

Más mian leat breis ionchuir a chur ar fáil nó gné ar bith den suirbhé a phléigh, déan teagmháil le:christine.patton@ie.gt.com

Straitéis Forbartha Eacnamaíochta Chomhpháirteach na Gaillimhe - Suirbhé Gnó  - https://eu.sprw.ai/stt-ZVifW

 

Straitéis Forbartha Eacnamaíochta Chomhpháirteach na Gaillimhe - Suirbhé Chónaitheoir - https://eu.sprw.ai/stt-1qh7j