Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag tabhairt faoi chomhairliúchán poiblí ar cheamaraí slándála TCI a chur ar fáil.
Tá suiteáil na gceamaraí slándála TCI á cur i bhfeidhm againn chun bruscar agus dumpáil neamhdhleathach a chosc ag na suíomhanna bainc buidéal seo a leanas-
Suíomh 2. Carrchlós poiblí, Bóthar an Stáisiúin, Baile Locha Riach -53°12'03.0”T 8°33'54.1”I
Suíomh 3. Bóthar Chionn Inse, An Gort - 53°04'13.4”T 8°49'06.2”I
Suíomh 4. Carrchlós, An Cheathrú Rua - 53°15'35.8”T 9°36'33.5”I
Is é an t-aon chuspóir atá leis na ceamaraí slándála TCI ná bruscar agus dumpáil neamhdhleathach a chosc agus an tAcht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997 agus an tAcht um Bainistiú Dramhaíola, 1996 a fhorfheidhmiú. Leis an tionscnamh seo, cloífear leis na Cóid Chleachtais um Fheidhmiú TCI chun Cionta Bruscair agus Dramhaíola a Chosc, a Bhrath agus a Ionchúiseamh.
Is cuid thábhachtach den phróiseas seo é bhur n-aiseolas, agus táimid ag tnúth le cloisteáil uaibh. Breithneofar gach aighneacht sula gcuirfear na Ceamaraí Slándála TCI i bhfeidhm.
Aighneachtaí/Breathnóireachtaí:
Tugann Comhairle Chontae na Gaillimhe cuireadh leis seo d’aon pháirtithe leasmhara aighneachtaí nó breathnóireachtaí a dhéanamh maidir leis an tsuiteáil agus an úsáid atá molta i leith na gceamaraí slándála TCI ag na suíomhanna thuas go leictreonach ar an láithreán gréasáin nó i scríbhinn chuig an Rannóg Comhshaoil idir an 17 Eanáir 2025 go dtí an 7 Feabhra (an dá dháta san áireamh). Is é 4.30pm, Dé hAoine, an 7 Feabhra 2025 an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí.
Ní mór aird a thabhairt ar an méid seo a leanas má tá sé beartaithe agat aighneacht nó breathnóireacht a dhéanamh:-
Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi réir fhorálacha an Achta um Chosaint Sonraí (arna leasú) agus an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Chun cabhrú linn ceanglais Cosanta Sonraí agus RGCS a chomhlíonadh soláthair d’ainm agus do shonraí teagmhála(agus más cuí, sonraí aon eagraíochta, grúpa pobail nó cuideachta etc., a bhfuil tú ag déanamh ionadaíochta air/uirthi), ar bhileog ar leith le d’aighneacht/le do bhreathnóireacht.Tá an phróiseáil seo ar do chuid sonraí pearsanta dlíthiúil faoi Airteagal 6 (1)(e) de na Rialacháin Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Tá an Beartas Cosanta Sonraí Comhshaoil le fáil ar láithreán gréasáin na Comhairle.
Is féidir aighneachtaí nó breathnóireachtaí a dhéanamh ar na bealaí seo a leanas:
(a) I scríbhinn chuig: An Rannóg Comhshaoil, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Halla an Chontae, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh, H91 H6KX (Ba cheart ‘Feidhmiú Ceamaraí Slándála TCI’ a scríobh ar an gcomhfhreagras).
Installation of CCTV for the prevention of litter and illegal dumping at Bottle Bank sites
Primary tabs
Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag tabhairt faoi chomhairliúchán poiblí ar cheamaraí slándála TCI a chur ar fáil.
Tá suiteáil na gceamaraí slándála TCI á cur i bhfeidhm againn chun bruscar agus dumpáil neamhdhleathach a chosc ag na suíomhanna bainc buidéal seo a leanas-
Is é an t-aon chuspóir atá leis na ceamaraí slándála TCI ná bruscar agus dumpáil neamhdhleathach a chosc agus an tAcht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997 agus an tAcht um Bainistiú Dramhaíola, 1996 a fhorfheidhmiú. Leis an tionscnamh seo, cloífear leis na Cóid Chleachtais um Fheidhmiú TCI chun Cionta Bruscair agus Dramhaíola a Chosc, a Bhrath agus a Ionchúiseamh.
Is cuid thábhachtach den phróiseas seo é bhur n-aiseolas, agus táimid ag tnúth le cloisteáil uaibh. Breithneofar gach aighneacht sula gcuirfear na Ceamaraí Slándála TCI i bhfeidhm.
Aighneachtaí/Breathnóireachtaí:
Tugann Comhairle Chontae na Gaillimhe cuireadh leis seo d’aon pháirtithe leasmhara aighneachtaí nó breathnóireachtaí a dhéanamh maidir leis an tsuiteáil agus an úsáid atá molta i leith na gceamaraí slándála TCI ag na suíomhanna thuas go leictreonach ar an láithreán gréasáin nó i scríbhinn chuig an Rannóg Comhshaoil idir an 17 Eanáir 2025 go dtí an 7 Feabhra (an dá dháta san áireamh). Is é 4.30pm, Dé hAoine, an 7 Feabhra 2025 an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí.
Ní mór aird a thabhairt ar an méid seo a leanas má tá sé beartaithe agat aighneacht nó breathnóireacht a dhéanamh:-
Is féidir aighneachtaí nó breathnóireachtaí a dhéanamh ar na bealaí seo a leanas:
(a) I scríbhinn chuig: An Rannóg Comhshaoil, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Halla an Chontae, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh, H91 H6KX (Ba cheart ‘Feidhmiú Ceamaraí Slándála TCI’ a scríobh ar an gcomhfhreagras).
nó
(b) I bhformáid leictreonach ar an láithreán gréasáin tiomnaithe ag https://consult.galway.ie
Is é 4.30pm, Dé hAoine, an 7 Feabhra 2025 an spriocdháta le haghaidh na n-aighneachtaí uile.
Ná déan d’aighneacht ach ar aon bhealach amháin i.e., cóip chrua nó ar an láithreán gréasáin.
J. Carroll, Stiúrthóir Seirbhísí
Roinn
Téamaí