Part 8 LA09/21 - Development of 31 no. houses at Coill Bhruachláin, Gort Uí Lochlainn, Moycullen, Co. Galway

Dúnta14 Bea, 2021, 9:00am - 23 Mei, 2021, 4:51pm

Primary tabs

Na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú)

Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú) - Cuid 8
Iarrthóir: Comhairle Contae na Gaillimhe

Seola Suímh: Coill Bhruachláin, Gort Uí Lochlainn

Bailte Fearainn: Coill Bhruachláin, Gort Uí Lochlainn, Maigh Cuilinn


De bhua na gceanglas thuas, tugtar fógra leis seo go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe 31 teach cónaithe nua a thógáil a bheidh comhdhéanta de 27 teach cónaithe dhá stór dhá sheomra agus 4 theach cónaithe dhá stór trí sheomra. Áirítear sna tograí acomhal nua leis an mbóthar L-1320 atá ann cheana, an t-ionad ‘fág anseo’, an CCTV agus páirceáil lena mbaineann a athlonnú; an limistéar rochtana agus páirceála leis an gclós súgartha atá ann cheana a athlonnú; obair leis an suíomh a ghlanadh, tírdhreachú crua & bog, bóithre, cosáin/rian rothaíochta, cóireálacha teorainn, soilse poiblí, páirceáil, ceangail nua leis na seirbhísí atá ann agus gach obair forbartha eile a bhaineann leis an suíomh.


Tugadh faoi phróiseas Scagadh Measúnachta Tionchair Timpeallachta i ndáil leis an bhforbairt atá beartaithe, agus tá cinneadh déanta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe nach mbeidh tionchar suntasach ag an scéim ar an timpeallacht, agus dá bhrí sin nach bhfuil Measúnacht Tionchair Timpeallachta de dhíth. Is féidir le duine ar bith, laistigh de 4 seachtaine ó dháta an fhógra seo, iarratas a dhéanamh leis an mBord Pleanála ar chinneadh i dtaobh scagadh maidir le cibé an dócha go mbeidh nó nach mbeidh tionchair shuntasacha ag an bhforbairt ar an timpeallacht.


Tugadh faoi scagadh 'Measúnacht Chuí' le linn Chéim 1 don fhorbairt bheartaithe agus tá cinneadh déanta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe nach bhfuil 'Measúnacht Chuí' Céim 2 [Ráiteas Tionchair Natura] de dhíth. Tá cinneadh faighte ón mBord Pleanála (tag cáis. ABP-307007-20) maidir le scagadh do Mheasúnú Cuí, de bhun Airteagal 250(3)(b) de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001-2020. Tá treoir tugtha ag an mBord don údarás áitiúil gan Ráiteas Tionchair Natura a ullmhú maidir leis an bhforbairt bheartaithe de réir tag BD-006142-20 Treoir ón mBord.


Beidh Pleananna agus sonraí na forbartha beartaithe ar fáil lena n-iniúchadh, nó lena gceannach ar tháille nach mó ná an costas réasúnach a bhainfeadh lena gcóipeáil, le linn gnáthuaireanta oifige (Luan go hAoine, 9.00 a.m. go dtí 4.00 p.m. gan laethanta Saoire Bainc agus Saoire Phoiblí san áireamh agus faoi réir socraithe rochtana bainistithe mar gheall ar bhearta rialuithe Covid 19) ar feadh tréimhse 4 seachtainí ar a laghad ón Aoine an 14 Bealtaine 2021 go dtí Dé hAoine an 11 Meitheamh 2021, ag an suíomh seo a leanas:

  • Oifigí Chomhairle Chontae na Gaillimhe, An Rannóg Pleanála (Cuntar Poiblí), Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh H91 H6KX.

Is féidir aighneacht nó breithniúcháin a dhéanamh i scríbhinn maidir leis an bhforbairt bheartaithe, ina bpléitear pleanáil chuí agus forbairt inmharthana sa limistéar ina mbeidh an fhorbairt lonnaithe agus sin a chur chuig: Rúnaí an Chontae, Comhairle Chontae na Gaillimhe Uimh Bosca PO. 27, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh, H91 H6KX (nó is féidir ríomhphost a sheoladh chuig planning@galwaycoco.ie planning@galwaycoco.ie) le bheith istigh tráth nach déanaí ná Dé hAoine an 25 Meitheamh 2021.

Téamaí

General Submission
Plans

Ábhair

Glac síntiús