Cáin Talún Criosaithe Cónaithe

Dúnta1 Bea, 2023, 12:00am - 1 Mei, 2023, 11:59pm

Ní bheidh Léarscáil Fhorlíontach Cánach Talún Criosaithe Cónaithe á fhoilsiú ag Comhairle Chontae na Gaillimhe

Áirítear ar léarscáileanna forlíontacha Cánach Talún Criosaithe Cónaithe talamh breise a sainaithníodh mar thalamh atá laistigh de raon feidhme na cánach, de bhreis ar an talamh atá san áireamh cheana féin ar dhréacht-léarscáileanna a foilsíodh an 1 Samhain, 2022. I gcás nach bhfuil aon talamh breise sainaitheanta mar thalamh laistigh den scóip, ní cheanglaítear ar Comhairle Chontae na Gaillimhe léarscáil fhorlíontach a fhoilsiú de réir Alt 653F den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997.

Is féidir talamh breise a shainaithint lena chur ar an léarscáil fhorlíontach mar gheall ar athruithe ar chriosú nó infheistíocht i seirbhísí. Féadfar talamh a aithníodh trí aighneachtaí a rinneadh ar an dréacht-léarscáil nó a bhfuil aithne ag an údarás áitiúil air ar bhealach eile a chomhlíonann na critéir don cháin a áireamh freisin.  Toisc nár chomhlíon aon talamh breise na critéir seo, níl léarscáil fhorlíontach á fhoilsiú ag Comhairle Chontae na Gaillimhe.