Léarscáil Deiridh 2025 - Cánach Talún Criosaithe Cónaithe

Dúnta31 Ean, 2025, 09:00 - 1 Aib, 2025, 23:59

Primary tabs

Comhairle Chontae na Gaillimhe

Galway County Council

Foilsiú Léarscáil Deiridh 2025 um Cháin Talún atá Criosaithe mar Thalamh Cónaithe  agus deis chun iarratais athchriosaithe a dhéanamh ar an Léarscáil Deiridh do 2025.

 

Tá cóip den léarscáil-dheireadh 2025, a ullmhaíodh de réir Alt 653C, arna leasú ag Alt 653M den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997, foilsithe ag https://consult.galway.ie agus ar fáil lena n-iniúchadh le linn ghnáthuaireanta oifige in oifigí Pleanála Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh.

 

Ullmhaíodh an léarscáil-dheireadh 2025 chun críocha sainaithint a dhéanamh ar thalamh a chomhlíonann na critéir iomchuí agus atá le bheith faoi réir na cánach talún criosaithe cónaithe.

 

Is tagairt í talamh lena ndéantar na critéir ábhartha a chomhlíonadh do thalamh—

(a) atá san áireamh i bplean forbartha, de réir alt 10(2)(a) d’Acht, 2000, nó plean ceantair áitiúil, de réir alt 19(2)(a) d’Acht, 2000, atá criosaithe—

(i) chun críocha úsáide cónaithe amháin nó go príomha, nó

(ii) do mheascán úsáidí, lena n-áirítear úsáid chónaithe,

 

(b) ina bhfuil sé réasúnach a mheas go bhféadfadh rochtain a bheith ag an talamh, nó go bhfuil baint aige, le bonneagar agus áiseanna poiblí, lena n-áirítear bóithre agus cosáin, soilsiú poiblí, draenáil shéarach bréan, draenáil uisce dromchla agus soláthar uisce, is gá chun áiteanna cónaithe a fhorbairt agus a bhfuil acmhainn seirbhíse dóthanach ar fáil d’fhorbairt den sórt sin, agus

 

(c) ina bhfuil sé réasúnach a mheas nach ndéantar difear dó, ó thaobh a riocht fisiciúil, le nithe ar bhealach leordhóthanach chun soláthar áiteanna cónaithe a chosc, lena n-áirítear éilliú nó láithreacht fothrach seandálaíochta nó stairiúla is eol, ach nach talamh é—

 

(i) lena ndéantar tagairt dó i mír (a)(i) agus, ag féachaint d’fhorbairt amháin (de réir bhrí Acht, 2000) nach forbairt nár údaraíodh í (de réir bhrí Acht, 2000), atá in úsáid mar áitribh, ina bhfuil trádáil nó gairm á seoladh, atá faoi dhliteanas rátaí tráchtála, a bhfuil sé réasúnach a mheas go bhfuiltear á úsáid chun seirbhísí a sholáthar do chónaitheoirí ceantair chónaithe cóngaracha,

 

(ii) lena ndéantar tagairt dó i mír (a)(ii), mura bhfuil sé réasúnach a mheas go bhfuil an talamh neamhshealbhaithe nó díomhaoin,

 

(iia) nach mbeadh a bhforbairt de réir na nithe seo a leanas—

(I) i gcás ina ndéantar an talamh a chriosú i bplean forbartha, an bonn céimnithe ar dá réir a bheidh forbairt talún le tarlú faoin bplean, mar a shonraítear sa chroístraitéis atá ar áireamh sa phlean sin de réir alt 10(2A (d) d’Acht 2000, nó

(II) i gcás ina ndéantar an talamh a chriosú i bplean limistéir áitiúil, an cuspóir, i gcomhréir le cuspóirí agus croístraitéis an phlean forbartha don limistéar a n-ullmhaítear an plean limistéir áitiúil ina leith, talamh a fhorbairt ar bhonn céimnithe, a áirítear sa phlean limistéir áitiúil de réir alt 19 (2) d’Acht 2000, ar an dáta a mbeidh comhlíonadh na gcritéar san alt seo á measúnú,

 

(iii) ina bhfuil sé réasúnach a mheas go bhfuil sé riachtanach, nó go bhfuil sé lárnach, le haghaidh áitithe ag—

 

(I) bonneagar agus saoráidí sóisialta, pobail nó rialtais, lena n-áirítear bonneagar agus saoráidí a úsáidtear chun críocha riaracháin phoiblí nó chun oideachas nó cúram sláinte a sholáthar,

                (II) saoráidí agus bonneagar iompair,

                (III) bonneagar agus saoráidí fuinnimh,

                (IV) bonneagar agus saoráidí teileachumarsáide,

                (V) bonneagar agus saoráidí uisce agus fuíolluisce,

                (VI) bainistíocht dramhaíola agus bonneagar diúscartha, nó

                (VII) bonneagar fóillíochta, lena n-áirítear saoráidí spóirt agus clóis súgartha,

 

(iv) atá faoi réir sonrú reachtúil a d’fhéadfadh cosc a chur ar fhorbairt, nó

(v) ar a bhfuil an tobhach ar láithreáin tréigthe iníoctha de réir an Achta um Láithreáin Tréigthe, 1990.

 

 

Is é 192.89 heicteár iomlán na talún i scóip an RZLT i gContae na Gaillimhe (Léarscáil Deiridh 2025 - Cánach Talún Criosaithe Cónaithe)

 

Iarratais ar Athchriosú

I gcás ina sainaithnítear talamh ar an léarscáil deiridh do 2025, a foilsíodh an 31 Eanáir 2025, mar thalamh atá faoi réir na cánach ar thalamh atá criosaithe mar thalamh cónaithe, féadfaidh duine ón 1 Feabhra 2025 go dtí an 1 Aibreán 2025, ar leis an duine sin an talamh réamhluaite, aighneacht a dhéanamh chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe ag iarraidh go ndéanfaí athrú ar chriosú na talún sin. Ba cheart go n-áireofaí in aon aighneacht den sórt sin fianaise ar úinéireacht, cúiseanna mionsonraithe le haon iarratas ar athchriosú, lena bhféadfaí leanúint de ghníomhaíocht eacnamaíoch leanúnach a áireamh, mar aon le léarscáil ar scála 1:1,000 (uirbeach) nó 1:2,500 (tuaithe) ina sainaithneofar go soiléir an píosa talún ábhartha.

 

Féadfar aighneachtaí maidir le hiarratais athchriosaithe ar an léarscáil deiridh do 2025 a dhéanamh mar seo a leanas:

 

  • I scríbhinn agus a sheoladh chuig: “RZLT”, An Rannóg Pleanála, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh, H91H6KX

 

tráth nach déanaí ná an 1 Aibreán 2025.

 

Maidir le haon iarratais athchriosaithe dá leithéid a gheofar i scríbhinn faoin 1 Aibreán 2025 seachas gnéithe den sórt sin d’aighneacht a d’fhéadfadh a bheith ina sonraí pearsanta, foilseofar iad ar shuíomh Gréasáin Chomhairle Chontae na Gaillimhe laistigh den tréimhse reachtúil ábhartha.  Eiseoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe litir admhála faoin 30 Aibreán chuig an úinéir talún faoi iarratais athchriosaithe ina mbeidh sonraí faoi stair phleanála na talún le déanaí. Is féidir an litir admhála seo a úsáid chun tacú le héileamh ar dhíolúine ón gcáin a eascraíonn i leith na talún is ábhar don iarratas don bhliain 2025. Ní mór an t-éileamh seo a dhéanamh i dtuairisceán cánach bliantúil 2025 faoi thalamh atá criosaithe mar thalamh cónaithe, agus ní mór é a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Ioncaim ar nó roimh an 23 Bealtaine 2025. Féach ar www.revenue.ie chun sonraí a fháil

 

Déanfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe gach iarratas ar athchriosú a mheas ag féachaint do phleanáil cheart agus d’fhorbairt inbhuanaithe an cheantair.

 

Téamaí

Planning
Glac síntiús