Fearann na hEascrach, Cullairbaun, Baile Átha an Rí, Contae na Gaillmhe - Céim 1

Le teacht21 Bea, 2026, 10:00 - 11 Mei, 2026, 17:00

==

Fearann na hEascrach, Cullairbaun, Baile Átha an Rí, Contae na Gaillmhe - Céim 1
Is ábhar mórtais é do Comhairle Chontae na Gaillimhe go bhfuil 33 teach nua le díol ag Fearann na hEascrach, Cullairbaun, Baile Átha an Rí, Contae na Gaillimhe. Tá 33 teach nua i gCéim 1 den fhorbairt úsáide measctha seo á gcur ar fáil lena ndíol le tacaíocht ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus i gcomhpháirtíocht le Haven Developments trí na socruithe ceannaigh inacmhainne faoin Acht um Thithíocht Inacmhainne, 2021 agus na rialacháin lena mbaineann.

Uím.

Cineál tí Teorainn Ollioncam Teaghlaigh Luach Margaidh Íosphraghas Ceannaigh Uasphraghas Ceannaigh

13

3 sheomra leapa i lár sraith tithe

€77,625

€425,000

€345,000

€403,750

10

3 sheomra leapa ag deireadh sraith tithe

€79,875

€435,000

€355,000

€413,250

7 3 sheomra leapa teach leathscoite €82,125 €445,000 €365,000 €422,750
2 3 sheomra leapa ag deireadh sraith tithe €83,250 €450,000 €370,000 €427,500
1 4 sheomra leapa ag deireadh sraith tithe €88,875 €475,000 €395,000 €451,250

Léigh go cúramach na Ceisteanna Coitianta, Seicliosta an Doiciméid agus an Beartas Measúnaithe Ioncaim a ghabhann leis seo chun cabhrú le d’incháilitheacht a chinneadh agus le d’iarratas a chomhlíonadh.

 


Ní mór gach ceist ar an bhfoirm iarratais seo a fhreagairt agus, i gcás inar sonraítear é, ní mór doiciméid tacaíochta a sholáthar. Measfar iarratais neamhiomlána nó iarratais nach bhfuil na doiciméid chuí ag gabháil leo a bheith neamhiomlán agus ní fhéadfar iad a phróiseáil. Féadfaidh tú do stampa ama/phoist a chailleadh agus beidh ort iarratas a dhéanamh arís leis an doiciméadacht riachtanach go léir.

Má tá fiosrúchán ar bith agat faoin scéim, seol ríomhphost chuig affordablehousing@galwaycoco.ie

Beidh ort cuntas a chlárú le hArdán Comhairliúcháin Chomhairle Chontae na Gaillimhe, tá an cnaipe clárúcháin le fáil ag barr an scáileáin seo ar dheis. Gheobhaidh tú ríomhphost clárúcháin agus beidh ort na treoracha sa ríomhphost a leanúint chun do chuntas a ghníomhachtú. Tabhair faoi deara: d’fhéadfadh an ríomhphost seo a bheith i d’Fhillteán Turscair/Dramhphoist

Ná húsáid ach gléas amháin agus iarratas á chur isteach agat mar ní cheadaíonn an córas ach logáil isteach amháin.

Cliceáil “AN CHÉAD LEATHANACH EILE” thíos chun d’iarratas a thosú. 

Nuair a bheidh d’iarratas comhlánaithe agat agus réamhamharc déanta agat air, déan cinnte “CUIR ISTEACH” a chliceáil nó ní bhfaighimid d’iarratas.

Tar éis duit an fhoirm a chur isteach, gheobhaidh tú ríomhphost ina ndearbhófar go bhfuil d’iarratas curtha isteach. 

Ní bhronnfar dáta agus stampa ama ar d’iarratas ach amháin nuair a chuireann tú iarratas COMHLÁNAITHE isteach.

Léigh go cúramach na Ceisteanna Coitianta, Seicliosta an Doiciméid agus an Beartas Measúnaithe Ioncaim a ghabhann leis seo chun cabhrú le d’incháilitheacht a chinneadh agus le d’iarratas a chomhlíonadh.

 
This application process will open in due course.