Garraí na Gaoithe, Baile Chláir, Céimeanna 2 & 3

Dúnta24 Fea, 2025, 10:00 - 17 Már, 2025, 17:00

Tá 44 teach san iomlán a chuimsionn 2 Theach le 2 sheomra leapa, 27 Teach le 3 sheomra leapa. agus 15 Theach le 4 sheomra leapa i nGarrai na Gaoithe, Baile Chláir, Co. na Gaillimhe á gcur ar fail le diol ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ag an bhforbairt chónaithe thuas faoi Acht na dTithe Inacmhainne 2021 agus na Rialacháin Ghaolmhara um Thithiocht Inacmhainne.

Uim.

Cineál Tí

Teorainn Ollioncam Teaghlaigh

Luach Margaidh

Íosphraghas Ceannaigh

Uasphraghas Ceannaigh

2

2 Sheomra Leapa i lár Sraith Tithe

€68,400.00

€320,000.00

€245,000.00

€304,000.00

6

3 Sheomra Leapa i lár Sraith Tithe

€77,377.50

€362,000.00

€287,000.00

€343,900.00

12

3 Sheomra Leapa ag Deireadh Sraith Tithe

€78,553.13

€367,500.00

€292,500.00

€349,125.00

8

3 Sheomra Leapa Teach Leathscoite

€79,515.00

€372,000.00

€297,000.00

€353,400.00

1

3 Sheomra Leapa Teach Scoite

€89,775.00

€420,000.00

€345,000.00

€399,000.00

12

4 Sheomra Leapa ag Deireadh Sraith Tithe

€94,050.00

€440,000.00

€365,000.00

€418,000.00

3

4 Sheomra Leapa Teach Scoite

€99,393.75

€465,000.00

€390,000.00

€441,750.00

Léigh go cúramach na Ceisteanna Coitianta, Seicliosta an Doiciméid agus an Beartas Measúnaithe Ioncaim a ghabhann leis seo chun cabhrú le d’incháilitheacht a chinneadh agus le d’iarratas a chomhlíonadh.


Ní mór gach ceist ar an bhfoirm iarratais seo a fhreagairt agus, nuair a shonraítear é, ní mór doiciméid tacaíochta a sholáthar. Ní dhéanfar foirmeacha neamhiomlána ná foirmeacha nach bhfuil na doiciméid chuí ceangailte leo a phróiseáil. 

Má tá fiosrúchán ar bith agat faoin scéim, seol ríomhphost chuig affordablehousing@galwaycoco.ie

Beidh ort cuntas a chlárú le hArdán Comhairliúcháin Chomhairle Chontae na Gaillimhe, tá an cnaipe clárúcháin le fáil ag barr an scáileáin seo ar dheis. Gheobhaidh tú ríomhphost clárúcháin agus beidh ort na treoracha sa ríomhphost a leanúint chun do chuntas a ghníomhachtú. Tabhair faoi deara: d’fhéadfadh an ríomhphost seo a bheith i d’Fhillteán Turscair/Dramhphoist

Cliceáil “AN CHÉAD LEATHANACH EILE” thíos chun d’iarratas a thosú. 

Nuair a bheidh d’iarratas comhlánaithe agat agus réamhamharc déanta agat air, déan cinnte “CUIR ISTEACH” a chliceáil nó ní bhfaighimid d’iarratas.

Tar éis duit an fhoirm a chur isteach, gheobhaidh tú ríomhphost ina ndearbhófar go bhfuil d’iarratas curtha isteach. 

Ní bhronnfar dáta agus stampa ama ar d’iarratas ach amháin nuair a chuireann tú iarratas COMHLÁNAITHE isteach.


 

The closing date has passed and submissions are no longer being accepted.