fa-printPriontáil
Baile
Uimhir Thagarta Uathúil: 
GLW-C10-863
Stádas: 
Submitted
Aighneacht: 
Aighneacht - An Cheathrú Rua
Údar: 
Pobal Rua
Comhairliúchán: 
Plean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028
Dáta a cuireadh isteach: 
30.07.2021 - 13:23

Tuairim

11.1 An Cheathrú Rua Small Growth Village
Caibidil: 
Imleabhar 2 » Sráidbhailte Beagfháis » 11.1 An Cheathrú Rua Sráidbhaile Beagfháis

Dréacht Phlean Forbartha na Gaillimhe 2022-2028 
Aighneacht ó Oifigeach Pleanála Teanga na Ceathrún Rua

1.    Moltar go bhforbrófar An Cheathrú Rua mar lárionad  seirbhísí do Ghaeltacht Chonamara agus go mbeidh sráidbhaile na Ceathrún Rua mar an príomh-shráidbhaile i nGaeltacht Chonamara agus mar lárionad seirbhísí don Ghaeltacht.

2.    Moltar go dtabharfaí tús áite don infreastruchtúr glas agus gorm, i gcomhthéacs a tábhacht i gcúrsaí turasóireachta, i gcúrsaí  timpeallachta agus i gcomhthéacs folláine an phobail. 

3.    Moltar go dtabharfaí an t-aitheantas agus an tacaíocht cuí do thograí cosúil le Bealach Slí Chonamara, Bealaí Rothaíochtaí i gConamara Theas agus áiseanna siúlóide don phobal.

Sínithe:  

30 Iúil 2021
Majella Ní Chríocháin, Oifigeach Pleanála Teanga na Ceathrún Rua, 
Pobal Rua [Redacted: Personal Information]
 

Documents Attached: 
Níl