Plean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028

Dúnta20 Bea, 2021, 9:00am - 30 Iúil, 2021, 4:30pm

Primary tabs

English version

Céim 2 – Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh ar Aighneachtaí Poiblí 

Is féidir Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh ar Aighneachtaí a fuarthas ar an Dréachtphlean a fheiceáil anseo. Déanann an Tuarascáil achoimre ar na haighneachtaí a fuarthas agus tugtar breac-chuntas ann ar Fhreagraí agus ar Mholtaí an Phríomhfheidhmeannaigh ar na saincheisteanna a ardaíodh le linn an 2ú Céim den Chomhairliúchán Poiblí a tionóladh ón 20ú Bealtaine 2021 go 30 Iúil 2021. Scaipeadh Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh ar Chomhaltaí Tofa Chomhairle Chontae na Gaillimhe dá mbreithniú.

 

De réir Alt 12(1)(b) d’Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú), tá Dréachtphlean Forbartha Contae na Gaillimhe 2022 – 2028 forbartha ag Comhairle Contae na Gaillimhe a bheidh ar taispeáint go poiblí agus ar fáil le haghaidh comhairliúchán poiblí ón 20 Bealtaine 2020 go dtí an 30 Iúil 2021 (an dá dháta san áireamh) ag na suíomhanna seo a leanas:

  • https://consult.galway.ie/
  • An Oifig Pleanála, Áras on Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh (caithfear coinne a dhéanamh i rith gnáthuaireanta oscailte de réir Threoirlínte Covid-19)
  • Gach leabharlann brainse sa Chontae i rith gnáthuaireanta oscailte agus faoi réir shrianta Covid-19 atá i bhfeidhm ag an am

 

I dteannta leis an Dréachtphlean tá Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta a ullmhaíodh de réir na Rialachán um Phleanáil & Forbairt (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) 2004, Measúnacht Oiriúnach, de bhun Airteagal 6 (3) agus Airteagal 4 den Treoir maidir le Gnáthóga 92/43/CEE agus Measúnacht Straitéiseach Riosca i gcás Tuilte a ullmhaíodh de réir Threoirlínte an Chórais Pleanála agus Bainistíochta Riosca i gcás Tuilte 2009. Tá Ráiteas Scríofa le fáil in Imleabhar 1 agus tá Pleananna Lonnaíochta le fáil in Imleabhar 2 den Dréachtphlean.

Seimineáir Ghreasáin maidir leis an gComhairliúchán Poiblí

Mar chuid den phróiseas leanúnach comhairliúcháin do Dhréachtphlean Forbartha Contae na Gaillimhe 2022-2028 reáchtáil Comhairle Contae na Gaillimhe dhá Sheimineár Poiblí maidir le Dréachtphlean Forbartha Contae na Gaillimhe:

  • An 30 Meitheamh 2021 11:00am - 12:00pm
  • An 01 Iúil 2021 7:00pm - 8:00pm

Bhí na seimineáir ghréasáin seo oscailte do chách, agus thug siad forléargas ar an Dréachtphlean Forbartha Contae agus treoir ar conas aighneacht a dhéanamh.

Thaifead Comhairle Contae na Gaillimhe na seimineáir ghréasáin seo. Tá an seimineár gréasáin ón 1 Iúil 2021 ar fáil le feiceáil ar an láithreán gréasáin chun críocha faisnéise. Cliceáil ar an nasc thíos chun an Seimineár Gréasáin seo maidir le  Comhairliúchán Poiblí a fheiceáil.

Níor taifeadadh aon sonraí pearsanta le linn an tseimineáir ghréasáin seo. Is féidir an cur i láthair a fheiceáil freisin trí chliceáil ar an nasc thíos.

Íoslódáil Cur i láthair an tSeimineáir Ghréasáin [PDF 13.5MB]
 

forumGlac páirt

Tugann Comhairle Contae na Gaillimhe cuireadh leis seo d’aon pháirtithe leasmhara aighneachtaí nó breathnóireachtaí a dhéanamh maidir le Dréachtphlean Forbartha Contae na Gaillimhe 2022- 2028, i scríbhinn / go leictreonach tríd an láithreán gréasáin, chuig an Údarás Pleanála idir an 20 Bealtaine 2021 agus Dé hAoine, an 30 Iúil 2021 (an dá dháta san áireamh). 

Tabhair d'aigneacht

Is féidir aighneachtaí nó breathnóireachtaí a dhéanamh ar na bealaí seo a leanas:

I bhformáid leictreonach

Anseo, i bhformáid leictreonach tríd an láithreán gréasáin speisialta ag https://consult.galway.ie

 

 


I scríbhinn

Seol i scríbhinn chuig: An Rannóg Pleanála, Comhairle Contae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh. (Ba cheart ‘Dréachtphlean Forbartha Contae na Gaillimhe 2022-2028’ a scríobh ar an gcomhfhreagras)

 

Seol aighneacht ar aghaidh ar bhealach amháin i.e. cóip chrua nó ar an láithreán gréasáin.

Ní ghlacfar le haighneachtaí i ndiaidh 4.30pm, Dé hAoine, an 30 Iúil 2021.

Ní mór aird a thabhairt ar an méid seo a leanas má tá sé beartaithe agat aighneacht nó breathnóireacht a dhéanamh: -

  • Tá leanaí nó grúpaí agus cumainn a bhfuil ionadaíocht á déanamh acu ar leasa leanaí i dteideal aighneachtaí nó breathnóireachtaí a dhéanamh maidir le cuspóirí beartais chun straitéis fhoriomlán a sholáthar le haghaidh pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe cheantar an phlean forbartha;

  • Tá Comhairle Contae na Gaillimhe faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise (SF) (arna leasú). Tabhair faoi deara go bhfoilseofar gach aighneacht a fhaightear ar líne de réir cheanglais an Achta Pleanála. Ba cheart duit a chinntiú nach bhfuil aon fhaisnéis chráiteach, chlúmhillteach nó rúnda, lena n-áirítear faisnéis rúnda a bhaineann le tríú páirtí (nach bhfuil toiliú tugtha ag an tríú páirtí, go sainráite, nó go hintuigthe sna himthosca, dá nochtadh) le fáil i d’aighneacht. Coimeádann an tÚdarás Pleanála an ceart aon aighneacht nó cuid d’aighneacht nach gcomhlíonann an ceanglas seo a cheilt. Tabhair faoi deara go bhfoilseofar an aighneacht iomlán;

  • Tá Comhairle Contae na Gaillimhe faoi réir fhorálacha an Achta um Chosaint Sonraí (arna leasú) agus an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Chun cabhrú linn ceanglais Cosanta Sonraí agus RGCS a chomhlíonadh soláthair d’ainm agus do shonraí teagmhála (agus más cuí, sonraí aon eagraíochta, grúpa pobail nó cuideachta etc., a bhfuil tú ag déanamh ionadaíochta air/uirthi), ar bhileog ar leith le d’aighneacht/ le do bhreathnóireacht. Tá an phróiseáil seo ar do chuid sonraí pearsanta dlíthiúil faoi Airteagal 6 (1) (e) de na Rialacháin Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Tá Beartas Cosanta Sonraí na Comhairle le fáil ar láithreán gréasáin na Comhairle.

  • Tabhair faoi deara, de réir Alt 19 d’Acht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú), 2018 go bhfoilseofar gach aighneacht bhailí a fhaigheann an Chomhairle ar láithreán gréasáin Chomhairle Contae na Gaillimhe laistigh de 10 lá oibre óna leithéid a bheith faighte ag an gComhairle. Is próiseas oscailte agus poiblí é an próiseas pleanála agus, dá réir sin, beidh d’aighneacht (cuid den aighneacht nó an aighneacht iomlán) le fáil ar líne ag https://consult.galway.ie/.  Breithneofar gach breathnóireacht nó aighneacht a fhaightear i rith na tréimhse ama thuasluaite sula gcuirfear Plean Forbartha Contae na Gaillimhe 2022-2028 i dtoll a chéile.

Is féidir cóipeanna crua den Dréachtphlean agus de na doiciméid ghaolmhara a cheannach ón Rannóg Pleanála.

Brústocaireacht

Is cuid riachtanach den phróiseas daonlathach é brústocaireacht. Cuireann sé ar chumas saoránach agus eagraíochtaí tuairimí a fhorbairt maidir le beartas poiblí agus seirbhísí poiblí cosúil le criosú talamhúsáide a bhfuil polaiteoirí agus seirbhísigh phoiblí ar an eolas faoi (Oifigigh Phoiblí ainmnithe). Má tá aon bhaint agat le brústocaireacht, b’fhéidir go mbeadh ort an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Clárú ar láithreán gréasáin an Chláir Brústocaireachta atá á chothabháil ag an gCoimisiún um Chaighdeáin: www.lobbying.ie
  • Faisnéis a roinnt leis an gCoimisiún um Chaighdeáin maidir le do ghníomhaíochtaí brústocaireachta trí huaire sa bhliain.
  • Tá tuilleadh faisnéise le fáil ag www.lobbying.ie.

Tá an fhaisnéis phearsanta (na sonraí) a bhailítear i rith an phróisis chomhairliúcháin (d’fhéadfadh go mbeadh bailiú sonraí pearsanta íogaire i gceist) á bailiú chun críche glacadh le haighneachtaí agus déileáil leo agus tá aon sonraí a bhailítear faoi réir ráiteas príobháideachais Chomhairle Contae na Gaillimhe atá le fáil ag http://www.galway.ie/en/services/yourcouncil/privacystatement/

Clár ábhair

Baile
Glac síntiús