Safe Routes to School- Scoil na bhForbacha

Open6 Feb, 2026, 12:00 - 20 Feb, 2026, 12:00

Primary tabs

Scoil na bhForbacha

 

Alt 38

COMHAIRLIÚCHÁN POIBLÍ

Eanáir 2026

 

Faoi Alt 38 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994, féadfaidh Údarás Bóithre, ar mhaithe le sábháilteacht agus áis úsáideoirí bóthair, cibé bearta maolaithe tráchta is inmhianaithe leo a sholáthar i leith bóithre poiblí faoina gcúram.

Tá sé mar aidhm ag Comhairle Chontae na Gaillimhe i gcomhar leis an Údarás Náisiúnta Iompair agus le Scoileanna Glasa An Taisce, Scéim Bealaí Sábháilte chun na Scoile (BSS) a sholáthar do Scoil na bhForbacha.

Is féidir tograí dearaidh do Scoil na bhForbacha a achoimriú mar seo a leanas:

  • Trasrian coisithe ar bhord ardaithe le comharthaíocht a chruthú ar an R336 díreach os comhair na scoile.
  • Trasrian coisithe ar bhord ardaithe le comharthaíocht a chruthú ar an R336 láimh leis an stáisiún breosla/in aice leis an Montessori.
  • Teannadh acomhail agus trasrianta neamhrialaithe boird ardaithe a sholáthar ag roinnt bealaí isteach feadh an R336, lena n-áirítear bealach isteach na scoile, eastát Dhún Éibhir agus acomhal L1322 (Bóthar Chnocán an Bhodaigh) mar a aibhsítear sna líníochtaí.
  • Úsáid a bhaint as comharthaíocht Bealaí Sábháilte chun na Scoile, as marcanna bóthair agus as mullaird pinn luaidhe chun aird a dhíriú ar chrios na scoile.

Léirítear tograí dearaidh do Scoil na bhForbacha sa líníocht atá ceangailte leis an gcomhairliúchán seo.

Iarrtar ar an bpobal féachaint ar an ábhar ar líne, agus féadfar aighneachtaí i ndáil leis an scéim atá beartaithe a dhéanamh i scríbhinn chuig an Rannóg Taistil Ghníomhaigh ach ceann den dá rogha seo a leanas a úsáid:

  • I scríbhinn chuig an bhFoireann Taistil Ghníomhaigh, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh, H91 H6KX nó,
  • Go leictreonach trí https://consult.galway.ie/.

Is é an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí ná Dé hAoine, an 20 Feabhra 2026 ar 12:00pm.

 

Scoil na bhForbacha

 

Section 38

PUBLIC CONSULTATION

Feb 2026

 

Under Section 38 of the 1994 Road Traffic Act, a Road Authority may in the interest of the safety and convenience of road users provide such traffic calming works as it considers desirable in respect of a public road in its charge.

Galway County Council in conjunction with The National Transport Authority and An Taisce Green Schools aims to provide a Safe Routes to School Scheme (SRTS) for Scoil Na bhForbacha.

Design proposals for Scoil Na bhForbacha can be summarised as follows:

  • Introduction of a raised table signalised pedestrian crossing on R336 directly opposite the school.
  • Introduction of a raised table signalised pedestrian crossing on R336 within the vicinity of the filling station/ adjacent to the Montessori.
  • Junction tightening and provision of raised table uncontrolled crossings at a number of entrances along R336 including the entrance to the school, Dun Elbhir estate and L1322 junction (Knockanavoddy Road) as highlighted in the drawings.
  • Highlighting the school zone by use of Safe Routes to School signage, road markings and pencil bollards.

Design proposals for Scoil Na bhForbacha are illustrated in the drawing attached to this consultation.

The public are invited to view the online material, and representations in relation to the proposed scheme may be made in writing to the Active Travel Section through the following two options only:

  • In writing to the Active Travel Team, Galway County Council, Aras an Chontae, Prospect Hill, Galway, H91 H6KX or,
  • Electronically via https://consult.galway.ie/.

The deadline for submissions is Friday 20th February 2026 at 12:00pm.

Submissions

Themes

active travel
road safety
General Comments
Subscribe