Dhréacht-Phlean Ceantair Áitiúil Bhéal Átha na Sluaighe 2022-2028

Dúnta21 D.F., 2021, 3:00pm - 3 Nol, 2021, 11:59pm

Primary tabs

Fógra faoi fhoilsiú Dhréacht-Phlean Ceantair Áitiúil
Bhéal Átha na Sluaighe 2022-2028

 

Tugtar fógra leis seo gur ullmhaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe de bhun Alt 20 den Acht Pleanála agus Forbartha 2000 (arna leasú), Airteagal 14 A-E de na Rialacháin um Pleanáil & Forbairt (Measúnú Straitéiseach Comhshaoil), 2004 (arna leasú), Airteagal 6 de Threoir an AE maidir le Gnáthóga (92/43/CEE) agus an Treoir um Éin (79/409/CEE) arna leasú, agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha), 2011 (I.R. 477), Dréacht-Phlean Ceantair Áitiúil (PCÁ), Plean d’Iompar Áitiúil (PIÁ), Tuarascáil Chomhshaoil um Measúnú Straitéiseach Comhshaoil (MSC), Measúnú Cuí (MC) do Thuarascáil Tionchair Nádúir Chéim 2 agus Measúnú Straitéiseach ar Riosca Tuilte (MSRT) do Bhéal Átha na Sluaighe freisin.

Seimineár Gréasáin Comhairliúcháin Phoiblí

Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin leanúnach le haghaidh Dhréacht-Phlean Ceantair Áitiúil Bhéal Átha na Sluaighe 2022-2028, bhí Comhairle Chontae na Gaillimhe ag reáchtáil Seimineár Gréasáin Poiblí:

  • 17 Samhain 2021 6:00pm – 7:00pm

Bhí fáilte roimh chách freastal ar an seimineár gréasáin seo. Soláthraíodh forbhreathnú ar Dhréachtphlean Ceantair Áitiúil Ballinasloe 2022-2028 agus treoir maidir le conas aighneacht a dhéanamh.

 

Féach ar Dhréacht-PCÁ Bhéal Átha na Sluaighe 2022 – 2028

Beidh an Dréacht-PCÁ chomh maith leis na tuarascálacha a ghabhfaidh leis ar fáil lena n-iniúchadh ag na suíomhanna seo a leanas:

  • https://consult.galway.ie/ga
  • An Oifig Pleanála, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh H91 H6KX (Dé Luain go dtí Dé hAoine 9am – 4pm)
  • Leabharlann Bhéal Átha na Sluaighe, Sráid an Chumainn, Béal Átha na Sluaighe (Dé Máirt 11.00am – 1.00pm & 2.00pm – 8.00pm, Dé Céadaoin go dtí Dé Sathairn 11.00am – 1.00pm & 2.00pm – 5.00pm)
  • Oifig Ceantair Bhéal Átha na Sluaighe, Oifigí Cathartha, Béal Átha na Sluaighe H53 A7K7 (Dé Luain go dtí Dé hAoine 9.10am – 5.00pm)

Tabharfar aird ar aighneachtaí nó barúlacha i scríbhinn maidir leis an Dréacht-PCÁ, an Dréacht-PIÁ, an Tuarascáil Chomhshaoil um MSC, an MC do Thuarascáil Tionchair Nádúir agus an Measúnú Straitéiseach ar Riosca Tuilte (MSRT) do Bhéal Átha na Sluaighe a dhéanfar don Údarás Pleanála le linn na tréimhse sin sula nglacfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe an Plean.  Fáiltítear freisin roimh aighneachtaí nó barúlacha ó leanaí, nó ó ghrúpaí nó ó chumainn a dhéanann ionadaíocht do leasanna leanaí.

forumAighneachtaí

Ba cheart aighneachtaí a dhéanamh nó barúlacha a thabhairt i scríbhinn agus iad a sheoladh chuig:

Ar líne 

ar líne ach cuairt a thabhairt ar https://consult.galway.ie/ga

Tríd an ríomhphost

nó iad a sheoladh tríd an ríomhphost chuig forwardplanning@galwaycoco.ie.

I scríbhinn

Seol i scríbhinn chuig:  ‘Plean Ceantair Áitiúil Bhéal Átha na Sluaighe’, An Rannán um Pleanáil Chun Cinn, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Cnoc na Radharc, Gaillimh

 

 

Is é Dé hAoine, an 3 Nollaig 2021 ag 4pm an Dáta Deiridh le haghaidh Aighneachtaí nó Barúlacha. 

Ní ghlacfar le haighneachtaí déanacha.

Ná seol d’aighneacht/do bharúil ach trí mheán amháin, ceachtar acu i scríbhinn nó go leictreonach.
 

Tabhair faoi deara an méid seo a leanas maidir le haighneacht nó barúil a dhéanamh:

  • Tá leanaí nó grúpaí agus cumainn a dhéanann ionadaíocht do leasanna leanaí i dteideal aighneachtaí nó barúlacha a chur isteach maidir le cuspóirí beartais chun straitéis fhoriomlán a sheachadadh do phleanáil cheart agus d’fhorbairt inbhuanaithe limistéar an PCÁ.

  • Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise (SF) (arna leasú). Tabhair faoi deara go bhfoilseofar gach aighneacht a gheofar ar líne de réir cheanglais an Achta Phleanála.

    Ba cheart duit a chinntiú nach gcuirtear aon fhaisnéis chráiteach, leabhlach nó rúnda, lena n-áirítear faisnéis rúnda a bhaineann le tríú páirtí (nár thoiligh an tríú páirtí ina leith, go sainráite, nó go hintuigthe sna himthosca, go bhféadfaí a nochtadh) isteach i d’aighneacht. Forchoimeádann an tÚdarás Pleanála an ceart chun aon aighneacht nó cuid di nach gcomhlíonann an riachtanas seo a leasú. Tabhair faoi deara go bhfoilseofar an aighneacht ina hiomláine.

  • Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi réir fhorálacha an Achta um Chosaint Sonraí (arna leasú) agus an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). D’fhonn cabhrú linn Cosaint Sonraí agus RGCS a chomhlíonadh, cuir d’ainm agus do shonraí teagmhála san áireamh (agus más ábhartha, sonraí aon eagraíochta, grúpa pobail nó cuideachta srl. a ndéanann tú ionadaíocht dó) ar bhileog ar leithligh ó ábhar d’aighneachta/do barúla. Tá an phróiseáil seo ar do shonraí pearsanta dleathach faoi Airteagal 6 (1)(e) de na rialacháin RGCS. Tá Beartas Cosanta Sonraí na Comhairle ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle.

  • Tabhair faoi deara de réir Alt 19 den Acht Pleanála agus Forbartha (Leasú), 2018 go bhfoilseofar gach aighneacht bhailí a gheobhaidh an Chomhairle ar shuíomh gréasáin Chomhairle Chontae na Gaillimhe laistigh de 10 lá oibre tar éis don Chomhairle í a fháil. Is próiseas oscailte agus poiblí é an próiseas pleanála agus dá bhrí sin, beidh d’aighneacht (go páirteach nó go hiomlán) ar fáil lena feiceáil ar líne ag https://consult.galway.ie/ga. Tabharfar aird ar gach barúil nó aighneacht a gheofar le linn na tréimhse ama thuas sula ndéanfar Plean Ceantair Áitiúil Bhéal Átha na Sluaighe 2022-2028.

    Tá cóipeanna crua den Dréacht-PCÁ agus na cáipéisí a ghabhann leis ar fáil le ceannach ón Rannán Pleanála.

Brústocaireacht

Cuid bhunriachtanach den phróiseas daonlathach is ea an bhrústocaireacht. Cuireann sé ar chumas saoránach agus eagraíochtaí nó éascaíonn sé dóibh a dtuairimí a thabhairt ar bheartas poiblí agus ar sheirbhísí poiblí amhail criosú úsáide talún do pholaiteoirí agus do sheirbhísigh phoiblí (ainmnithe Oifigigh Phoiblí). Má tá baint agat leis an mbrústocaireacht, b’fhéidir go mbeidh ort:

  • Clárú ar shuíomh gréasáin an Chláir Bhrústocaireachta a choinníonn an Coimisiún um Chaighdeáin: www.lobbying.ie/ga/
  • Faisnéis a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoi do ghníomhaíochtaí brústocaireachta trí huaire sa bhliain.

Bailítear an fhaisnéis phearsanta (sonraí) a bhailítear le linn an phróisis chomhairliúcháin (a d’fhéadfadh bailiú sonraí pearsanta íogaire a áireamh) d’fhonn aighneachtaí a fháil agus chun déileáil leo agus tá aon sonraí a bhailítear faoi réir ráiteas príobháideachta Chomhairle Chontae na Gaillimhe atá ar fáil ag http://www.galway.ie/ga/seirbhisi/chomhairle/priobhaideacht/
 

Téamaí

Fís agus Comhthéacs Straitéiseach
Comhlíonadh na Croístraitéise
An tAthrú Aeráide
Lár an Bhaile agus Athghiniúint
Forbairt Áiteanna Cónaithe
Forbairt Gheilleagrach agus Fiontar
Turasóireacht
Saoráidí Pobail
An Oidhreacht Thógtha
Iompar agus Gluaiseacht
Criosú Úsáide Talún
Eile
Glac síntiús