Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag tabhairt faoi chomhairliúchán poiblí ar cheamaraí slándála TCI a chur ar fáil.
Tá suiteáil na gceamaraí slándála TCI á cur i bhfeidhm againn chun bruscar agus dumpáil neamhdhleathach a chosc ag na suíomhanna Ionaid Fág Anseoseo a leanas-
·Suíomh 1. - Baile Átha an Rí, Carrchlós Poiblí 53.296624, -8.749841
·Suíomh 2. - An Creagán, Bothár Thuama 53.473056, -8.514559
·Suíomh 3. - Béal Átha an Sluaighe, Faiche na Aonaigh 53.330774, -8.225557
Is é an t-aon chuspóir atá leis na ceamaraí slándála TCI ná bruscar agus dumpáil neamhdhleathach a chosc agus an tAcht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997 agus an tAcht um Bainistiú Dramhaíola, 1996 a fhorfheidhmiú. Leis an tionscnamh seo, cloífear leis na Cóid Chleachtais um Fheidhmiú TCI chun Cionta Bruscair agus Dramhaíola a Chosc, a Bhrath agus a Ionchúiseamh.
Is cuid thábhachtach den phróiseas seo é bhur n-aiseolas, agus táimid ag tnúth le cloisteáil uaibh. Breithneofar gach aighneacht sula gcuirfear na Ceamaraí Slándála TCI i bhfeidhm.
Tabhair faoi deara, le do toil, go bhfuil comhairliuchan poibli maidir le suiteail TCI deanta cheana fein do na laithreain i Ionaid Fág Anseoseo a leanas
Carrchlós Poiblí Fhearann an Pháláis (Ionad Fóillíochta Thuama), Carrchlós poiblí, Bóthar an Stáisiúin, Baile Locha Riach, Bóthar Chionn Inse, An Gort agus Carrchlós poiblí, An Cheathrú Rua.
Aighneachtaí/Breathnóireachtaí:
Tugann Comhairle Chontae na Gaillimhe cuireadh leis seo d’aon pháirtithe leasmhara aighneachtaí nó breathnóireachtaí a dhéanamh maidir leis an tsuiteáil agus an úsáid atá molta i leith na gceamaraí slándála TCI ag na suíomhanna thuas go leictreonach ar an láithreán gréasáin nó i scríbhinn chuig an Rannóg Comhshaoil idir an 21 Lúnasa 2026 go dtí an 4 Meán Fómhair 2026. (an dá dháta san áireamh). Is é 4.30pm, Dé hAoine, an 4 Meán Fómhair 2026 an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí.
Ní mór aird a thabhairt ar an méid seo a leanas má tá sé beartaithe agat aighneacht nó breathnóireacht a dhéanamh:-
Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi réir fhorálacha an Achta um Chosaint Sonraí (arna leasú) agus an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Chun cabhrú linn ceanglais Cosanta Sonraí agus RGCS a chomhlíonadh soláthair d’ainm agus do shonraí teagmhála(agus más cuí, sonraí aon eagraíochta, grúpa pobail nó cuideachta etc., a bhfuil tú ag déanamh ionadaíochta air/uirthi), ar bhileog ar leith le d’aighneacht/le do bhreathnóireacht.Tá an phróiseáil seo ar do chuid sonraí pearsanta dlíthiúil faoi Airteagal 6 (1)(e) de na Rialacháin Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Tá an Beartas Cosanta Sonraí Comhshaoil le fáil ar láithreán gréasáin na Comhairle.
Is féidir aighneachtaí nó breathnóireachtaí a dhéanamh ar na bealaí seo a leanas:
(a) I scríbhinn chuig: An Rannóg Comhshaoil, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Halla an Chontae, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh, H91 H6KX (Ba cheart ‘Feidhmiú Ceamaraí Slándála TCI’ a scríobh ar an gcomhfhreagras).
Installation of CCTV for the prevention of litter and illegal dumping at Bringbank sites
Cluaisíní príomha
Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag tabhairt faoi chomhairliúchán poiblí ar cheamaraí slándála TCI a chur ar fáil.
Tá suiteáil na gceamaraí slándála TCI á cur i bhfeidhm againn chun bruscar agus dumpáil neamhdhleathach a chosc ag na suíomhanna Ionaid Fág Anseo seo a leanas-
· Suíomh 1. - Baile Átha an Rí, Carrchlós Poiblí 53.296624, -8.749841
· Suíomh 2. - An Creagán, Bothár Thuama 53.473056, -8.514559
· Suíomh 3. - Béal Átha an Sluaighe, Faiche na Aonaigh 53.330774, -8.225557
· Suíomh 4. – Beal Atha an Sluaighe, Carrchlós Poiblí 53.328827, -8.219202
· Suíomh 5 – Maigh Cuilinn 53.336658, -9.181954
· Suíomh 6 – Tíne 53.153100, -8.378588
· Suíomh 7 – An Spidéal 53.242721, -9.306946
· Suíomh 8 – Port Omna, Carrchlós Poiblí 53.090168, -8.221924
· Suíomh 9 – Órán Mór, Carrchlós Poiblí 53.266692, -8.930200
Is é an t-aon chuspóir atá leis na ceamaraí slándála TCI ná bruscar agus dumpáil neamhdhleathach a chosc agus an tAcht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997 agus an tAcht um Bainistiú Dramhaíola, 1996 a fhorfheidhmiú. Leis an tionscnamh seo, cloífear leis na Cóid Chleachtais um Fheidhmiú TCI chun Cionta Bruscair agus Dramhaíola a Chosc, a Bhrath agus a Ionchúiseamh.
Is cuid thábhachtach den phróiseas seo é bhur n-aiseolas, agus táimid ag tnúth le cloisteáil uaibh. Breithneofar gach aighneacht sula gcuirfear na Ceamaraí Slándála TCI i bhfeidhm.
Tabhair faoi deara, le do toil, go bhfuil comhairliuchan poibli maidir le suiteail TCI deanta cheana fein do na laithreain i Ionaid Fág Anseo seo a leanas
Carrchlós Poiblí Fhearann an Pháláis (Ionad Fóillíochta Thuama), Carrchlós poiblí, Bóthar an Stáisiúin, Baile Locha Riach, Bóthar Chionn Inse, An Gort agus Carrchlós poiblí, An Cheathrú Rua.
Aighneachtaí/Breathnóireachtaí:
Tugann Comhairle Chontae na Gaillimhe cuireadh leis seo d’aon pháirtithe leasmhara aighneachtaí nó breathnóireachtaí a dhéanamh maidir leis an tsuiteáil agus an úsáid atá molta i leith na gceamaraí slándála TCI ag na suíomhanna thuas go leictreonach ar an láithreán gréasáin nó i scríbhinn chuig an Rannóg Comhshaoil idir an 21 Lúnasa 2026 go dtí an 4 Meán Fómhair 2026. (an dá dháta san áireamh). Is é 4.30pm, Dé hAoine, an 4 Meán Fómhair 2026 an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí.
Ní mór aird a thabhairt ar an méid seo a leanas má tá sé beartaithe agat aighneacht nó breathnóireacht a dhéanamh:-
Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi réir fhorálacha an Achta um Chosaint Sonraí (arna leasú) agus an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Chun cabhrú linn ceanglais Cosanta Sonraí agus RGCS a chomhlíonadh soláthair d’ainm agus do shonraí teagmhála (agus más cuí, sonraí aon eagraíochta, grúpa pobail nó cuideachta etc., a bhfuil tú ag déanamh ionadaíochta air/uirthi), ar bhileog ar leith le d’aighneacht/le do bhreathnóireacht. Tá an phróiseáil seo ar do chuid sonraí pearsanta dlíthiúil faoi Airteagal 6 (1)(e) de na Rialacháin Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Tá an Beartas Cosanta Sonraí Comhshaoil le fáil ar láithreán gréasáin na Comhairle.
Is féidir aighneachtaí nó breathnóireachtaí a dhéanamh ar na bealaí seo a leanas:
(a) I scríbhinn chuig: An Rannóg Comhshaoil, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Halla an Chontae, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh, H91 H6KX (Ba cheart ‘Feidhmiú Ceamaraí Slándála TCI’ a scríobh ar an gcomhfhreagras).
nó
(b) I bhformáid leictreonach ar an láithreán gréasáin tiomnaithe ag https://consult.galway.ie
Is é 4.30pm, Dé hAoine, an 4 Meán Fómhair 2026 an spriocdháta le haghaidh na n-aighneachtaí uile.
Ná déan d’aighneacht ach ar aon bhealach amháin i.e., cóip chrua nó ar an láithreán gréasáin.
E. Ruane, Stiúrthóir Seirbhísí
Roinn
Aighneachtaí
Themes
Tagairtí
Deais