Fógra maidir le Dréacht-Treoir ón Aire Maidir le hAlt 31 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (Leasaithe) - Plean Ceantair Áitiúil Bhaile Átha An RÍ 2024 –2030

Dúnta29 Fea, 2024, 9:00am - 14 Már, 2024, 4:00pm

Primary tabs

DRÉACHT-TREOIR MAIDIR LE hALT 31

DEN ACHT UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT 2000 (arna leasú)

Plean Cheantar Áitiúil Bhaile Átha an Rí 2024-2030

Tá Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh ar fáil anois

Ba iad Comhaltaí Tofa Cheantar Bardasach Bhaile Átha an Rí/Órán Mór a cheap Plean Cheantar Áitiúil Bhaile Átha an Rí 2024-2030 go foirmiúil ar an 9 Eanáir 2024.

Mar a éilítear faoi Ailt 31AO(5) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) d'eisigh an tÚdarás Pleanála fógra chuig Oifig an Rialtóir Pleanála (OPR) maidir le glacadh an Phlean.  Chuir an Príomhfheidhmeannach an OPR ar an eolas freisin faoi chinneadh an Údaráis gan cloí le moltaí áirithe a rinneadh i dtuarascáil ábhartha an OPR, mar aon leis na cúiseanna a bhí le cinneadh an Údaráis.

Ar an 19 lá d’Fheabhra 2024 d’eisigh an tAire Stáit do Rialtas Áitiúil agus Pleanála ‘Fógra go bhfuil sé ar intinn Treoir a Eisiúint’ chuig an Údarás Pleanála faoi Alt 31 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) (‘an tAcht’). Baineann an Dréacht-Treoir le criosú cúig fhearann talún ar an mbaile. Moltar do pháirtithe leasmhara nach mbeidh éifeacht ag na hábhair seo, de réir Alt 31(6) den Acht, d'ainneoin iad a bheith san áireamh sa Phlean arna ghlacadh ag an gComhairle agus atá ag feitheamh ar eisiúint Threoir Dheiridh an Aire.

Leagtar amach na nithe seo a leanas sa Dréacht-Treoir:

(i). Na cuspóirí criosaithe seo a leanas agus an téacs gaolmhar a chur ar ais i gcomhréir le moladh Thuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh ar na hathruithe ábhartha, agus na hathruithe ábhartha seo a leanas a scrios ón bPlean Limistéir Áitiúil ar glacadh leis:

  • Athruithe ábhartha MA 46, MA 47 agus MA 49 – .i. na tailte ábhartha a chur ar ais sa chaoi go mbeidh siad Lasmuigh de Theorainn na Lonnaíochta ó Chéim Chónaithe 1 faoi mar atá i nDréachtphlean an Limistéir Áitiúil;
  • Athrú ábhartha MA 51 – .i. na tailte ábhartha a chur ar ais sa chaoi sa chaoi go mbeidh siad Lasmuigh de Theorainn na Lonnaíochta ó Chéim Chónaithe 2 de réir an Dréachtphlean Limistéir Áitiúil;
  • Athrú ábhartha MA 60 - na tailte ábhartha a chur ar ais go Talmhaíocht ó Chéim Chónaithe 2 de réir an Dréachtphlean Limistéir Áitiúil;
  • Athruithe ábhartha MA 50 agus MA 59 – na tailte ábhartha a chur ar ais go Spás Oscailte/Caitheamh Aimsire & Taitneamhacht ó Chéim Chónaithe 2,
  •  Athrú ábhartha MA 48 – na tailte ábhartha a aistriú go Lasmuigh de Theorainn na Lonnaíochta ó Áit Chónaithe Reatha de réir an Dréachtphlean Limistéir Áitiúil.

RÁITEAS AR CHÚISEANNA

I. Áirítear sa Phlean Limistéir Áitiúil faoi mar a ghlacadh leis, athruithe ábhartha ón Dréachtphlean Limistéir Áitiúil, a chriosaíonn talamh cónaithe breise os cionn a bhfuil ag teastáil don bhaile ag féachaint do spriocanna fáis Bhaile Átha an Rí faoi chroístraitéis Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028 (an ‘Plean Forbartha Contae’). Tá na hathruithe ábhartha seo ag teacht le Cuspóir CS 1 de Phlean Forbartha an Chontae chun na spriocanna maidir le fás daonra agus soláthair tithíochta atá leagtha amach sa chroístraitéis agus san ordlathas lonnaíochta a chinntiú, agus Cuspóir CS 3 chun tacú le agus chun bainistiú a dhéanamh ar fhorbairt inbhuanaithe féinchothaithe na lonnaíochtaí go léir ar bhealach pleanáilte, mar aon le fás daonra agus forbairt bonneagair eacnamaíoch, fhisiciúil agus shóisialta.

Tá na hathruithe ábhartha seo suite i láithreacha forimeallacha agus/nó neamhsheicheamhacha agus/nó atá gan seirbhísí agus atá lasmuigh go hiomlán nó go páirteach de theorainn na Príomh-Oifige Staidrimh. Spreagfadh na hathruithe ábhartha ina n-aonar agus go carnach, patrún forbartha i láithreacha ar leith a théann de léim thar limistéir fhairsing de thailte eile atá suite níos lárnaí agus nach bhfuil forbartha, agus a bhfuil bonneagar neamhleor acu lena n-áirítear easpa nasc cosáin leis an mbaile agus, i gcás MA 46, 47, 49 , 50 agus 51, nach bhfuil naisc acu le séarachas poiblí. Spreagfadh na hathruithe ábhartha mar sin ina n-aonar agus go carnach patrún forbartha i láithreacha ar leith nach mbeidh ag teacht le RPO 3.1 agus RPO 3.2 den Straitéis Spásúil agus Eacnamaíoch Réigiúnach d’fhás dlúth ná le cuspóirí Phlean Forbartha an Chontae chun fás dlúth a bhaint amach trí thithe nua a chur ar fáil i gceantair uirbeacha laistigh na lonnaíochtaí reatha (Cuspóir CS2), agus forbairt tailte nach bhfuil aon naisc acu le lár an bhaile nó an tsráidbhaile a dhíspreagadh (Cuspóir CGR 1), dlúthfhás inbhuanaithe agus patrúin lonnaíochta a spreagadh chun athléimneacht aeráide a chinntiú agus cruthú dé-ocsaíde charbóin agus astaíochtaí ceaptha teasa a laghdú (Cuspóir CS 8), agus ní thugann siad aird ar chuspóir ná ar aidhmeanna maidir le cur chuige seicheamhach i leith forbartha sna Treoirlínte d’Úaráis Aitiúla maidir le Pleananna Forbartha (2022) a eisíodh faoi alt 28 den Acht.

 

II. Níl an Plean Limistéir Áitiúil ceaptha ar bhealach atá comhsheasmhach le moltaí Oifig an Rialtóra Pleanála faoi alt 31 AO den Acht, agus níor cuireadh i bhfeidhm iad.

III. I bhfianaise na n-ábhar atá leagtha amach ag I thuas, creideann an tAire go bhfuil an Plean Ceantair Áitiúil mar atá ceaptha ar neamhréir le cuspóirí Phlean Forbartha an cheantair, rud a cheanglaíonn an tAcht.

IV Níl an Plean Ceantair Áitiúil mar atá ceaptha ag teacht le cuspóirí an RSES contrártha d'alt 19(2) agus alt 27(1) den Acht.

V. Creideann an tAire go bhfuil an Plean Ceantair Áitiúil mar atá ceaptha ar neamhréir le Cuspóir 33 den Beartas Náisiúnta den Chreat Pleanála Náisiúnta.

VI. Creideann an tAire nach gcuireann an Plean Ceantair Áitiúil straitéis foriomlán ar fáil maidir le pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe an limistéir.

VII. Ní chomhlíonann an Plean Ceantair Áitiúil ceanglais an Achta.

Dréacht-Treoir - Comhairliúchán Poiblí Foirmiúil:

De réir ceanglais Alt 31(7) an Achta, cuirfidh an tÚdarás Pleanála tús le tréimhse chomhairliúcháin phoiblí ar Fhógra an Aire a bhfuil sé ar intinn aige Treoir a Eisiúint’ ar feadh tréimhse 2 sheachtain idir an 29 Feabhra 2024 agus 14 Márta 2024 agus na dátaí sin san áireamh, féadfar cóip de Dhréacht-Treoir ón Aire a iniúchadh sna láithreacha seo a leanas:

  • Ar an suíomh seo - féach ar na naisc faoi ábhair ar thaobh na láimhe deise den leathanach seo.
  • Ag oifigí na Comhairle seo a leanas le linn gnáthuaireanta oifige (9am-4pm, Luan go hAoine):
    • Oifigí pleanála Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh, H91H6KX

Aighneachtaí nó Tuairimí i scríbhinn maidir leis an Dréacht-Treoir:

Féadfar aighneacht nó tuairimí i scríbhinn, maidir leis an Dréacht-Treoir, a dhéanamh (trí mheán amháin) chuig an gComhairle idir an 29/02/2024 agus an 14/03/2024 mar seo a leanas:

  • Ar líne ar Thairseach Chomhairliúcháin Poiblí na Comhairle:http://consult.galway.ie; nó
  • Trí ríomhphost chuig forwardplanning@galwaycoco.ie
  • I scríbhinn agus é a mharcáil “Dréacht-Treoir do phlean Limistéir Áitiúil Bhaile Átha an Rí 2024-2030”, An Rannóg Pleanála Chun Cinn, An Roinn Pleanála, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh, H91H6KX.

Ní mór ainm iomlán agus seoladh an duine/na ndaoine atá ag déanamh na haighneachta a bheith san áireamh i dtuairimí nó aighneachtaí agus, nuair is cuí, an comhlacht nó an eagraíocht a bhfuil ionadaíocht á déanamh aige/aici/acu uirthi. Ní ghlacfar le tuairimí/aighneachtaí déanacha.

 

 

Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh

 

Tar éis don tréimhse chomhairliúcháin phoiblí 2 sheachtain dul in éag agus tráth nach déanaí ná 4 seachtaine ina dhiaidh sin, ní mór Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh a ullmhú faoi na haighneachtaí/tuairimí a gheofar le linn na tréimhse sin. Ní mór an Tuarascáil sin a chur ar fáil ansin d’Oifig an Rialtóra Pleanála, do na Comhaltaí Tofa agus don Aire Rialtais Áitiúil agus Pleanála.

 

Tabhair faoi deara go ndéanfar tuairimí nó aighneachtaí a fhoilsiú ar shuíomh Gréasáin na Comhairle agus in oifigí Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus go mbeidh siad mar chuid de Thuarascáil reachtúil an Phríomhfheidhmeannaigh a fhoilseofar ina dhiaidh sin ar shuíomh Gréasáin Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Féadfar na sonraí lena n-áirítear ainmneacha na ndaoine atá ag déanamh aighneachta a roinnt le Ranna ábhartha na Comhairle agus an Rialtais nó lena ngníomhairí a bhfuil baint acu leis an bpróiseas agus féadfaidh siad a bheith mar chuid de thuarascálacha a bhaineann le haon Treoir a eisiúint.

Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi réir fhorálacha an Achta um Chosaint Sonraí (arna leasú) agus an Rialacháin Ghinearálta um Chosaint Sonraí (RGCS). Chun cabhrú linn na ceanglais um Chosaint Sonraí agus RGCS a chomhlíonadh, cuir d’ainm agus do shonraí teagmhála (agus nuair is cuí, sonraí aon eagraíochta, grúpa pobail nó cuideachta srl. a ndéanann tú ionadaíocht ar a son), ar bhileog ar leith le d’ábhar d’aighneachta/do thuairime. Tá an phróiseáil seo a dhéantar ar do shonraí pearsanta dleathach faoi Airteagal 6(1)(e) de rialacháin RGCS. Tá Beartas um Chosaint Sonraí na Comhairle ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Comhairle.

Tabhair faoi deara de réir Alt 19 den Acht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú), 2018, go bhfoilseofar gach aighneacht bhailí a fhaigheann an Chomhairle ar shuíomh Gréasáin Chomhairle Chontae na Gaillimhe laistigh de 10 lá oibre tar éis don Chomhairle iad a fháil. Is próiseas oscailte poiblí é an próiseas pleanála agus mar sin beidh d’aighneacht (go páirteach nó go hiomlán) ar fáil.

 

Arna shíniú ag Liam Hanrahan

Stiúrthóir Seirbhíse

Forbairt Gheilleagrach agus Pleanáil

Téamaí

Planning
Glac síntiús