Appendix 1: Renewable Energy Strategy
See above submission
Caibidil 2: An Chroístraitéis, an Straitéis Lonnaíochta agus an Straitéis Tithíochta
Caibidil 4: Maireachtáil agus Forbairt Tuaithe
Tithíocht faoin Tuath
A Chara,
Iarraim oraibh gan é seo a athrú ach é a fhágáil faoi mar atá faoi láthair i bPlean Forbartha an Chontae 2015-2021.
Mise le meas,
Sorcha Ní Chonghaile
Caibidil 6: Iompar agus Gluaiseacht
A Chara,
Iarraim leasú ar na nithe seo leanas:
1. Na cosáin a dhéanamh feiliúnach i gceantar Chois Fharraige do dhaoine le mí-chumais / seanóirí, i.e. daoine a úsáideann cathaoir rotha / áiseanna siúil, srl. Tá na cosáin ró-chaol in áiteacha agus in áiteanna eile tá caitheamh le fána iontu, i.e. camber, m.sh. ar an gcasadh isteach chuig Siopa an Phobail, Indreabhán ar an taobh thiar.
2. Na soilse ag Comhar Creidmheasa Cholm Cille, Indreabhán (Pedestrian Lights):
Athraíonn na soilse seo ró-scioptha do dhaoine atá mall ag trasnú an bhóthair. Molaim tuilleadh moille a chur ar athrú na soilse don té atá ag trasnú.
3. Tuigim go dtagann busanna poiblí atá feiliúnach do chathaoir rotha amach as Gaillimh go Ceantar na nOileán / An Cheathrú Rua. Molaim aon scáthláin busanna a chuirfear ar fáil sa gceantar a bheith feiliúnach do dhaoine le mí-chumais.
4. Ba mhór an chuidiú dá mbeadh kerb íseal (dropped kerb) i chuile bhaile i gceantar Chois Fharraige ar dhá thaobh an bhóthair ionas go mbeadh sé feiliúnach do na busanna poiblí nua.
Mise le meas,
Sorcha Ní Chonghaile
Aguisín 1: Straitéis Fuinnneamh In-athnuaite
A Chara,
Iarraim oraibh an ceantar ón Spidéal go dtí na Minna i gCois Fharraige a thógáil amach as an bPlean mar cheantar a bheadh feiliúnach do fhorbairt agus criosú do thuirbíní gaoithe ar na cúiseanna seo leanas:
- I bhfad ró-ghar do thithe cónaithe
- Laghdú ar luach tithe sa gceantar
- Bánú na Gaeltachta
- Fadhbanna Sláinte
Mise le meas,
Sorcha Ní Chonghaile
See above submission
See above submission
See above submission
See above submission