AN tACHT UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT, 2000 (ARNA LEASÚ)
NA RIALACHÁIN UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT, 2001 (ARNA LEASÚ)
FÓGRA I dTACA LE hATHRÚ BEARTAITHE UIMH.1 AR PHLEAN FORBARTHA CHONTAE NA GAILLIMHE 2022 – 2028
Tugtar fógra leis seo, de bhun Alt 13 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú), go bhfuil Comhairle Chontae na Gaillimhe, arb í Údarás Pleanála Chontae na Gaillimhe í, tar éis Athrú Beartaithe (Athrú Beartaithe Uimh.1) ar Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022 – 2028 a ullmhú.
An cúis atá le hAthrú Beartaithe Uimh.1 ná freagairt do ‘An Creat Náisiúnta Pleanála: An Chéad Athbhreithniú’ agus ‘Treoirlínte Alt 28 maidir le Cur i bhFeidhm an Chreata Náisiúnta Pleanála – Riachtanais Fáis Tithíochta’ agus ceartú a dhéanamh ar earráid i léarscáil chriosaithe úsáid talún d’Órán Mór.
Cuimsíonn an tAthrú Beartaithe na gnéithe seo a leanas:
Athrú Beartaithe Uimh.1:
Cuid A: Athbhreithniú agus uasdátú ar an Straitéis Tithíochta, agus ar an Measúnú ar Éileamh agus Riachtanas Tithíochta, atá i bPlean Forbartha Chontae na Gaillimhe cheana féin mar aon le huasdátú gaolmhar ar an bPlean Forbartha Contae.
Cuid B: Uasdátú ar Chuspóirí Beartais agus ar reacaireacht sa Phlean Forbartha Contae a leagfaidh béim athnuaite ar thailte cónaithe Céim 2 sa Chontae.
Cuid C: Leasú ar earráid i léarscáil chriosaithe úsáid talún d’Órán Mór.
Beidh na cáipéisí a bhaineann leis an Athrú Beartaithe, mar aon leis na tuarascálacha agus na cinntí gaolmhara a ghabhann leo, i.e. an Tuarascáil Scagthástála um Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta, an Tuarascáil Scagthástála um Measúnacht Chuí agus an Tuarascáil um Measúnacht Straitéiseach ar Phriacail Tuile, ar fáil lena n-iniúchadh ón Luan, an 24 Samhain 2025 go dtí 12pm meán lae Dé Máirt, an 23 Nollaig 2025, an dá lá sin san áireamh, ag na suíomhanna seo a leanas:
An Oifig Pleanála, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh, H91 H6KX (Luan go hAoine 9am-4pm); nó
Oifigí Ceantair Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus ag gach Leabharlann Bhrainse i gcaitheamh gnáthuaireanta oscailte.
Féadfar aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn i leith Athrú Beartaithe Uimh.1 a sheoladh chuig an Údarás Pleanála i gcaitheamh na tréimhse ón 24 Samhain 2025 go dtí 12pm meán lae ar an 23 Nollaig 2025.
Ba chóir go mbeadh ‘Athrú Beartaithe Uimh.1 ar Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028’ scríofa go soiléir ar aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn agus caithfear iad a chur isteach:
I scríbhinn agus an seoladh seo ar an gclúdach litreach:
‘Athrú Beartaithe Uimh.1 ar Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028’, An tAonad um Beartas i dtaca le Pleanáil chun Cinn, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh, H91 H6KX.
Maidir le haighneacht a dhéanamh nó tuairim a thabhairt, tabhair an méid seo a leanas faoi deara le do thoil:
Déanfar aighneachtaí nó tabharfar tuairimí trí aon mheán amháin agus ba cheart go mbeadh an méid seo a leanas san áireamh:
Ainm iomlán agus seoladh/seoladh ríomhphoist an duine atá ag déanamh na haighneachta nó ag tabhairt na tuairime
Sonraí na heagraíochta /an ghrúpa pobail nó na cuideachta a bhfuil tú ag déanamh ionadaíocht uirthi más ábhartha
Foilseofar gach aighneacht/tuairim ar thairseach chomhairliúcháin na Comhairle tar éis eagarthóireacht a dhéanamh chun cloí leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR). Ina theannta sin, beidh na haighneachtaí i dTuarascáil reachtúil an Phríomhfheidhmeannaigh a chuirfear i láthair na Comhairle ar fad agus a bheidh ar fáil ar líne.
Cinntigh, le do thoil, nach mbeidh faisnéis chráiteach, clúmhillteach ná rúnda i d’aighneacht, lena n-áirítear sonraí pearsanta tríú páirtí gan chead. Coimeádann Comhairle Chontae na Gaillimhe an ceart aon aighneacht nach gcloíonn leis an riachtanas seo a fholú. Coinneofar aon sonraí pearsanta faoi rún.
Foilseofar gach aighneacht nó tuairim maidir leis an Athrú Beartaithe a sheolfar chuig an Údarás Pleanála go dtí 12pm meán lae ar an 23 Nollaig 2025, ar thairseach chomhairliúcháin na Comhairle laistigh de 10 lá oibre tar éis don Chomhairle iad a fháil agus measfar iad sula ndéanfar an tAthrú Beartaithe.
Ba chóir a thabhairt faoi deara nach féidir aighneachtaí a mheas ach amháin má bhaineann siad le gné den athrú beartaithe agus ní mheasfar aon aighneacht nach mbaineann leis an athrú beartaithe.
NÍ GHLACFAR LE hAIGHNEACHTAÍ DÉANACHA
SEISIÚN ‘BUAIL ISTEACH’ DE CHUID AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN PHOIBLÍ
Tugann Comhairle Chontae na Gaillimhe cuireadh duit freastal ar sheisiún ‘buail isteach’ de chuid an chomhairliúcháin phoiblí ar Athrú Beartaithe Uimh.1 a bheidh ar siúl:
Déardaoin, an 4 Nollaig 2025 ó 12pm go dtí 5pm in Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh, H91 H6KX
SEIMINEÁR GRÉASÁIN DE CHUID AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN PHOIBLÍ
Ina theannta sin, reáchtálfar seimineár gréasáin poiblí Dé Céadaoin, an 10 Nollaig 2025 ó 6pm go dtí 7pm
Athrú Beartaithe Uimh.1 ar Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028
Primary tabs
COMHAIRLE CHONTAE NA GAILLIMHE
GALWAY COUNTY COUNCIL
AN tACHT UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT, 2000 (ARNA LEASÚ)
NA RIALACHÁIN UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT, 2001 (ARNA LEASÚ)
FÓGRA I dTACA LE hATHRÚ BEARTAITHE UIMH.1 AR PHLEAN FORBARTHA CHONTAE NA GAILLIMHE 2022 – 2028
Tugtar fógra leis seo, de bhun Alt 13 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú), go bhfuil Comhairle Chontae na Gaillimhe, arb í Údarás Pleanála Chontae na Gaillimhe í, tar éis Athrú Beartaithe (Athrú Beartaithe Uimh.1) ar Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022 – 2028 a ullmhú.
An cúis atá le hAthrú Beartaithe Uimh.1 ná freagairt do ‘An Creat Náisiúnta Pleanála: An Chéad Athbhreithniú’ agus ‘Treoirlínte Alt 28 maidir le Cur i bhFeidhm an Chreata Náisiúnta Pleanála – Riachtanais Fáis Tithíochta’ agus ceartú a dhéanamh ar earráid i léarscáil chriosaithe úsáid talún d’Órán Mór.
Cuimsíonn an tAthrú Beartaithe na gnéithe seo a leanas:
Athrú Beartaithe Uimh.1:
Cuid A: Athbhreithniú agus uasdátú ar an Straitéis Tithíochta, agus ar an Measúnú ar Éileamh agus Riachtanas Tithíochta, atá i bPlean Forbartha Chontae na Gaillimhe cheana féin mar aon le huasdátú gaolmhar ar an bPlean Forbartha Contae.
Cuid B: Uasdátú ar Chuspóirí Beartais agus ar reacaireacht sa Phlean Forbartha Contae a leagfaidh béim athnuaite ar thailte cónaithe Céim 2 sa Chontae.
Cuid C: Leasú ar earráid i léarscáil chriosaithe úsáid talún d’Órán Mór.
Beidh na cáipéisí a bhaineann leis an Athrú Beartaithe, mar aon leis na tuarascálacha agus na cinntí gaolmhara a ghabhann leo, i.e. an Tuarascáil Scagthástála um Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta, an Tuarascáil Scagthástála um Measúnacht Chuí agus an Tuarascáil um Measúnacht Straitéiseach ar Phriacail Tuile, ar fáil lena n-iniúchadh ón Luan, an 24 Samhain 2025 go dtí 12pm meán lae Dé Máirt, an 23 Nollaig 2025, an dá lá sin san áireamh, ag na suíomhanna seo a leanas:
Féadfar aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn i leith Athrú Beartaithe Uimh.1 a sheoladh chuig an Údarás Pleanála i gcaitheamh na tréimhse ón 24 Samhain 2025 go dtí 12pm meán lae ar an 23 Nollaig 2025.
Ba chóir go mbeadh ‘Athrú Beartaithe Uimh.1 ar Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028’ scríofa go soiléir ar aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn agus caithfear iad a chur isteach:
Ar líne ach cuairt a thabhairt ar https://consult.galway.ie/
Seolta tríd an ríomhphost chuig forwardplanning@galwaycoco.ie
I scríbhinn agus an seoladh seo ar an gclúdach litreach:
‘Athrú Beartaithe Uimh.1 ar Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028’, An tAonad um Beartas i dtaca le Pleanáil chun Cinn, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh, H91 H6KX.
Maidir le haighneacht a dhéanamh nó tuairim a thabhairt, tabhair an méid seo a leanas faoi deara le do thoil:
Déanfar aighneachtaí nó tabharfar tuairimí trí aon mheán amháin agus ba cheart go mbeadh an méid seo a leanas san áireamh:
Foilseofar gach aighneacht/tuairim ar thairseach chomhairliúcháin na Comhairle tar éis eagarthóireacht a dhéanamh chun cloí leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR). Ina theannta sin, beidh na haighneachtaí i dTuarascáil reachtúil an Phríomhfheidhmeannaigh a chuirfear i láthair na Comhairle ar fad agus a bheidh ar fáil ar líne.
Cinntigh, le do thoil, nach mbeidh faisnéis chráiteach, clúmhillteach ná rúnda i d’aighneacht, lena n-áirítear sonraí pearsanta tríú páirtí gan chead. Coimeádann Comhairle Chontae na Gaillimhe an ceart aon aighneacht nach gcloíonn leis an riachtanas seo a fholú. Coinneofar aon sonraí pearsanta faoi rún.
Foilseofar gach aighneacht nó tuairim maidir leis an Athrú Beartaithe a sheolfar chuig an Údarás Pleanála go dtí 12pm meán lae ar an 23 Nollaig 2025, ar thairseach chomhairliúcháin na Comhairle laistigh de 10 lá oibre tar éis don Chomhairle iad a fháil agus measfar iad sula ndéanfar an tAthrú Beartaithe.
Ba chóir a thabhairt faoi deara nach féidir aighneachtaí a mheas ach amháin má bhaineann siad le gné den athrú beartaithe agus ní mheasfar aon aighneacht nach mbaineann leis an athrú beartaithe.
NÍ GHLACFAR LE hAIGHNEACHTAÍ DÉANACHA
SEISIÚN ‘BUAIL ISTEACH’ DE CHUID AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN PHOIBLÍ
Tugann Comhairle Chontae na Gaillimhe cuireadh duit freastal ar sheisiún ‘buail isteach’ de chuid an chomhairliúcháin phoiblí ar Athrú Beartaithe Uimh.1 a bheidh ar siúl:
Déardaoin, an 4 Nollaig 2025 ó 12pm go dtí 5pm in Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh, H91 H6KX
SEIMINEÁR GRÉASÁIN DE CHUID AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN PHOIBLÍ
Ina theannta sin, reáchtálfar seimineár gréasáin poiblí Dé Céadaoin, an 10 Nollaig 2025 ó 6pm go dtí 7pm
Tá sonraí clárúcháin don seimineár gréasáin ar fáil anseo: https://us06web.zoom.us/webinar/register/WN_DEw54CI9Q1WHKw2TJJFPwg
Sínithe:
L. Hanrahan,
Stiúrthóir Seirbhísí, Forbairt agus Pleanáil Eacnamaíochta
Roinn
Aighneachtaí
Téamaí
Ábhair