11.1 An Cheathrú Rua Small Growth Village

Uimhir Thagarta Uathúil: 
GLW-C10-863
Stádas: 
Submitted
Údar: 
Pobal Rua

11.1 An Cheathrú Rua Small Growth Village

Dréacht Phlean Forbartha na Gaillimhe 2022-2028 
Aighneacht ó Oifigeach Pleanála Teanga na Ceathrún Rua

1.    Moltar go bhforbrófar An Cheathrú Rua mar lárionad  seirbhísí do Ghaeltacht Chonamara agus go mbeidh sráidbhaile na Ceathrún Rua mar an príomh-shráidbhaile i nGaeltacht Chonamara agus mar lárionad seirbhísí don Ghaeltacht.

2.    Moltar go dtabharfaí tús áite don infreastruchtúr glas agus gorm, i gcomhthéacs a tábhacht i gcúrsaí turasóireachta, i gcúrsaí  timpeallachta agus i gcomhthéacs folláine an phobail. 

3.    Moltar go dtabharfaí an t-aitheantas agus an tacaíocht cuí do thograí cosúil le Bealach Slí Chonamara, Bealaí Rothaíochtaí i gConamara Theas agus áiseanna siúlóide don phobal.

Sínithe:  

30 Iúil 2021
Majella Ní Chríocháin, Oifigeach Pleanála Teanga na Ceathrún Rua, 
Pobal Rua [Redacted: Personal Information]