Aighneacht maidir le Dréachtphlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-28
A chara,
Is mian liom aighneacht a chur faoi do bhráid ar son Cumann Forbartha Chois Fharraige maidir le Dréachtphlean an Chontae 2022-28.
Eagraíocht phobail seanbhunaithe isea Cumann Forbartha Chois Fharraige a dhéanann ionadaíocht agus abhchóidíocht ar son an phobail sa gceantar idir Abhann an Spidéil agus Abhann Cruimlinne. Socraíodh ar na moltaí atá san aighneacht a chur ag an gComhairle Chontae tar éis dul i gcomhairle leis an bpobal, ar a bhfuil an Cumann Forbartha ag freastal, agus leis na comhairleoirí contae áitiúla do Chonamara Theas.
Bheinn buíoch ach admháil a chur chugainn go bhfuair tú an aighneacht in am.