Is éard atá san Athrú Aeráide ná an dúshlán sóisialta geilleagrach timpeallachta is sainiúla lenár linne. Tá an Rialtas Áitiúil sainaitheanta mar ghníomhaire ríthábhachtach ó thaobh ceannaireacht a chur ar fáil i réimse an athraithe aeráide ar leibhéal pobalbhunaithe áitiúil. Tá cúram leagtha ar Údaráis Áitiúla treisiú le tacaíocht agus acmhainní a sholáthar d'fhonn gníomhú go héifeachtach ar son na haeráide ón mbonn aníos. Síníodh an cur chuige seo ina dhlí aeráide lena gceanglaítear ar gach Údarás Áitiúil sa tír ceannaireacht a thabhairt maidir leis an Athrú Aeráide ar leibhéal an chontae. Tá sé beartaithe go mbeidh an cheannaireacht á soláthar fé threoir plean, is é sin le rá, trí Phlean Gníomhaithe an Údaráis Áitiúil ar son na hAeráide (LACAP).

Ar an mbonn náisiúnta, beidh na Pleananna LACAP so ina mbunuirlisí lena neartófar na ceangail idir na leibhéil áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta den bheartas aeráide. Is gá go n-éireoidh leis na pleananna seachadadh a dhéanamh ar ghníomh pobalbhunaithe áitiúil ar son na haeráide trí bhíthin na mbeart aeráide a bheidh bunaithe ar áit agus ar fhianaise. Is pleananna reachtúla 5 bliana iad na Pleananna LACAP agus áireofar leo gníomhartha maolúcháin agus oiriúnúcháin lena gcuirfear bealaí ar fáil sa deireadh chun sochaí dhícharbónaithe a bhaint amach. Tá na Pleananna LACAP le glacadh ag a gcuid Ball Tofa sa bhliain 2024 agus mairfidh an Plean go ceann 5 bliana.

Beidh Comhairle Contae na Gaillimhe freagrach le linn na tréimhse seo as feabhas a chur le díonacht ó thaobh na haeráide de, méadú a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus laghdú a chur ar astaíochtaí na ngás ceaptha teasa, sna sócmhainní, sna seirbhísí agus sa bhonneagar dá cuid féin, rudaí a mbeidh an Chomhairle cuntasach go hiomlán fúthu. Is gá, áfach, do Chomhairle Contae na Gaillimhe feidhm réamhghníomhach a bhaint freisin as a cúram leathan ó thaobh tionchar a imirt ar earnálacha eile, chomh maith le comhordú, éascaíocht agus abhcóideacht a dhéanamh ina dtaobh - mar a bheartaítear sa ghrafaic thíos - chun a gcuid spriocanna agus uaillmhianta aeráide féin a bhaint amach.

Fíor 1 Ról Chomhairle Chontae na Gaillimhe (Foinse: Treoirlínte Phlean Gníomhaíochta Aeráide na nÚdarás Áitiúil, 2023)

Adaptation

Full Accountability

Delivering on climate action in areas within own remit: including local authority’s own buildings, infrastructure, systems, operations and staff.

Targets/Metrics

Influence

Influence sectors and communities on climate action
Direct: Procurement / supply chains and staff protocols.
Regulatory: Decision making on planning and development, waste, byelaws, application of standards.
Broad: Through the provision of services across the range of functions, prioritisaton, channelling investment etc.

Co-ordinate & Facilitate

Coordinate efforts between different stakeholders e.g.
Decarbonisation Zones and Facilitate through the identification of funding, use of regulatory levers.
Collaborate and engage in partnerships on climate action.

Advocate

Creating the local vision, communication, awareness raising, promotion, capacity building.

Key Performance Indicators

Mitigation

 

Léirítear sa phlean so anois uaillmhian Chomhairle Contae na Gaillimhe maidir leis an athrú aeráide. Is éard atá san uaillmhian so ar bhonn inmheánach ná spriocanna na Comhairle a bhaint amach ó thaobh astaíochtaí agus éifeachtúlachta fuinnimh. Is iad san ná laghdú 51% ar astaíochtaí agus feabhsú 50% ar éifeachtúlacht fuinnimh fén mbliain 2030. Féachann an tÚdarás Áitiúil ar bhonn seachtrach le tionchar a imirt, abhcóideacht agus éascaíocht a dhéanamh ó thaobh na n-uaillmhianta gníomhaithe ar son na haeráide sa phobal áitiúil.

Tá an plean roinnte ina chodanna éagsúla.

Cuid 1 | Réamhrá 

Cuirtear buneolas ar fáil maidir leis an bpróiseas chun plean a dhéanamh, agus cuimsiú agus uaillmhian an LACAP a chur i gcomhthéacs le hais na spriocanna náisiúnta a bhíonn ceangailteach de réir dlí.

Cuid 2 agus 3 | Forbhreathnú ar an Athrú Aeráide

Cuirtear buneolas ar fáil maidir leis na sonraí de na hastaíochtaí bonnlíne a úsáidtear chun an plean a mhúnlú agus forléargas ar an Measúnú Priacail ar an Athrú Aeráide a ullmhaítear i gcomhair an LACAP. Tá feidhm bainte as an ndá cheann acu chun an próiseas déanta plean a mhúnlú, agus na dúshláin, a gcaithfidh an contae aghaidh a thabhairt orthu ó thaobh na spriocanna náisiúnta astaíochtaí a shroisint, a chur i gcomhthéacs.

Cuid 4 | Ár nGníomhartha Aeráide

Ábhar an phlean, ina léirítear spriocanna,  cuspóirí straitéiseacha agus gníomhartha.  Beidh na gníomhartha sonrach, gníomhdhírithe, ambhunaithe agus intomhaiste (SMART/SICRU).

Cuid 5| Crios um Dhícharbónú Oileáin Árann

Mar atá ina cheanglas, tá Crios um Dhícharbónú (DZ) ar áireamh sa phlean freisin. Is é an limistéar atá sainaitheanta i Contae na Gaillimhe ná Crios um Dhícharbónú Oileáin Árann. Tá an tsainaithint déanta ar an DZ go príomha ar mhaithe le gníomh aeráide a sheachadadh chun bealaí a chur ar fáil d'fhonn gnóthachtáil a dhéanamh maidir le sprioc an laghdaithe astaíochta náisiúnta 51% fén mbliain 2030 agus sprioc an gheilleagair a bheith saor ó astaíochtaí fé dheireadh na bliana 2050 (i bhfianaise na bliana bonnlíne 2018). Baileofar na foghlaimí sa DZ maidir leis an dtaithí ón bhfíorshaol agus na dúshláin ón bhfíorshaol chun na spriocanna so a shroisint ar fud na n-earnálacha go léir. Tá an cur chuige áitbhunaithe sonrach so ag féachaint le  cothú an chomhair leathain ag páirtithe leasmhara chun beartais shaincheaptha a chruthú d'fhonn an gníomhú ar son na haeráide a sheachadadh.

Cuid 6 | Cur i nGníomh

Is éard a bheidh i gcumas earnáil na n-údarás áitiúil chun feidhmíocht ar an ngníomhú ar son na haeráide a thaispeáint ná comhchuid ríthábhachtach ó thaobh léiriú rathúil a dhéanamh i dtaobh an mbeidh an earnáil ag tabhairt ceannaireachta le dea-shampla agus i dtaobh conas mar a bheidh an earnáil ag tabhairt ceannaireachta le dea-shampla, agus cad é an cion feidhme a bheidh á chomhlíonadh acu sna spriocanna náisiúnta um athrú aeráide. Léirítear sa chuid seo trí cinn d'eochairghníomhaíochtaí nach foláir do GCC a bhreithniú nuair a ghlactar le plean: pleanáil chun an plean a chur i ngníomh; dul chun cinn a rianú trí Phríomhtháscairí Feidhmíochta (PTF/KPI) chomh maith le ceangla – is é sin, conas mar a chuirfear é i ngníomh agus conas mar a dhéanfar faireachán air – i ndáil leis na gcreat so.

Mar atá ina cheanglas, deineadh Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (SEA) agus Measúnacht Chuí (AA) ar LACAP Chontae na Gaillimhe 2024-2029.  Tá an maolú mar atá ina cheanglas de réir na measúnachta timpeallachta snaidhmthe isteach sa phlean LACAP seo.

Fís agus Misean an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 

Ráiteas na Físe

Faoin mbliain 2050, beidh Contae na Gaillimhe Athléimneach ó thaobh na hAeráide de, Saibhir ó thaobh na Bithéagsúlachta de, Inbhuanaithe ó thaobh an Chomhshaoil de agus Neodrach ó thaobh Carbóin de.

Ráiteas Misin

Athrú claochlaitheach agus gníomhú intomhaiste ar son na haeráide a sheachadadh agus a chumasú ar fud ár gcontae agus laistigh dár n-eagraíocht féin, ag cinntiú aistriú cóir chuig todhchaí atá neodrach ó thaobh carbóin de agus athléimneach ó thaobh na haeráide de.