CATHAOIRLEACH

LIAM CARROLL

Image of Liam Carroll

Is treoirphlean é an chéad Dréachtphlean Gníomhaíthe ar son na hAeráide de chuid Comhairle Chontae na Gaillimhe do thodhchaí inbhuanaithe sheasmhach do Chontae na Gaillimhe. Leagtar amach sa dréachtphlean 95 gníomh aeráide i réimsí an rialachais agus na ceannaireachta, an fhuinnimh, na timpeallachta tógtha, an iompair, na bpobal agus na gcomhpháirtíochtaí agus na timpeallachta nádúrtha. Aithnítear sa phlean gur freagracht chomhchoiteann é gníomhú ar son na haeráide a théann i bhfeidhm ar gach gné dár saol agus a mbeidh comhlachtaí poiblí, daoine aonair, pobail agus gnólachtaí páirteach ann ar fud an chontae. 
 

Tá gealltanas tugtha ag Éirinn a cion féin a dhéanamh sna hiarrachtaí domhanda chun stop a chur leis an athrú aeráide agus, ar an gcaoi sin, leas a bhaint as na deiseanna agus an luach saothair a thiocfaidh as gluaiseacht go tapa chuig sochaí ísealcharbóin. Tríd an bPlean Gníomhaíochta Aeráide seo, tá a treochlár do 2024 – 2029 á leagan amach ag Comhairle Chontae na Gaillimhe a chuirfidh ar ár gcumas tacú leis an ngealltanas sin. 
 

Agus muid ag tabhairt faoin aistear bunathraitheach seo, aithnímid na dúshláin ar leith atá roimh earnálacha éagsúla. Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe tiomanta a chinntiú go mbeidh deis ag gach cónaitheoir páirt a ghlacadh sna gníomhartha bunathraitheacha seo agus tairbhe a bhaint astu. Is gairm chun gnímh agus gealltanas dóchais é an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide. Léiríonn sé ár ndiongbháilteacht chomhchoiteann chun ár dtimpeallacht a chosaint, tacú lenár bpobail, agus todhchaí rathúil agus inbhuanaithe a chinntiú.

PHRIOMFEIDHMEANNACH

LIAM CONNEALLY

Mar Phríomhfheidhmeannach ar Comhairle Chontae na Gaillimhe, tá áthas orm ár nDréachtphlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 go 2029 a thabhairt isteach a cruthaíodh i gcomhar le páirtithe leasmhara lena n-áirítear daoine óga, ionadaithe pobail agus poiblí, gnólachtaí áitiúla, comhlachtaí poiblí, agus ár bhfoireann féin. Bhí a n-ionchur luachmhar lárnach i múnlú na straitéisí atá sonraithe sa doiciméad seo. Ba mhaith linn aitheantas a thabhairt freisin don tacaíocht shuntasach a thug an Oifig Réigiúnach um Ghníomhaíocht Aeráide agus Cumann na mBainisteoirí Cathrach agus Contae i bhforbairt an dréachtphlean. 
 

Leagtar amach sa dréachtphlean an fhís atá againn maidir le geilleagar atá seasmhach ó thaobh na haeráide de, atá saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta de agus atá inbhuanaithe, fís a chabhróidh le todhchaí shábháilte a chinntiú dóibh siúd go léir a chónaíonn, a oibríonn agus a thugann cuairt ar ár gcontae. Leagtar amach ann an chaoi a n-oibreoidh an Chomhairle chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú tuilleadh agus éifeachtúlachtaí fuinnimh a fheabhsú ina foirgnimh agus ina hoibríochtaí féin agus na rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide a laghdú ag an am céanna. Déanfaidh baill foirne thiomnaithe ar fud na heagraíochta monatóireacht ar dhul chun cinn an phlean agus beidh siad freagrach don bhFoireann Bainistíochta, don Choiste um Beartas Straitéiseach um Ghníomhú ar son na hAeráide agus Bithéagsúlachta agus d'Ionadaithe Tofa agus treoróidh na grúpaí sin iad. 
 

Cuirfidh bearta agus tionscnaimh spriocdhírithe laghdaithe astaíochtaí i gCrios Dícharbónaithe Oileáin Árann leis an obair mhór atá ar bun cheana féin ag an bpobal áitiúil. Roinnfear na ceachtanna a foghlaimíodh anseo agus i gCriosanna Dícharbónaithe eile ar fud na tíre le pobail eile. Tacóidh an Chomhairle le grúpaí áitiúla gníomhaíochtaí comhchosúla a chur chun feidhme trí chláir amhail an Ciste Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide. 
 

Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe maidir lena gníomhartha aeráide a chur chun cinn, tá sé ríthábhachtach go leanfaimid orainn ag léiriú ceannaireachta sa cheantar agus ag cur leis na gníomhartha sin sna blianta amach romhainn. Is gá iarracht a dhéanamh chun na gealltanais sin a chur i gcrích, ach in éineacht le muintir Chontae na Gaillimhe, beimid in ann cabhrú le hathrú dearfach a bhrú chun cinn anois agus amach anseo.