Dréachtphlean Gníomhaithe ar son na hAeráide an Údarás Áitiúil Comhairle Chontae na Gaillimhe

Dúnta10 Sam, 2023, 10:00am - 22 Nol, 2023, 4:00pm

Primary tabs

 PDF

Home page cover image

Fógra faoi Ullmhú Dhréachtphlean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2024-2029 Chomhairle Chontae na Gaillimhe

 

De bhun Alt 16 den Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, tá Dréachtphlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide 2024-2029 ullmhaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe.

Leagtar amach i nDréachtphlean conas a chuirfidh an t-údarás áitiúil réimse bearta maolaithe, oiriúnaithe agus bearta eile um ghníomhú ar son na haeráide chun cinn ar mhaithe le cuidiú le haghaidh a thabhairt ar na hoibleagáidí náisiúnta aeráide agus ar Chuspóir Aeráide náisiúnta foriomlán an Rialtais, tráth nach déanaí ná deireadh 2050, ar an aistriú chuig geilleagar atá seasmhach ó thaobh na haeráide, ag a bhfuil saibhreas bithéagsúlachta, atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus atá neodrach ó thaobh na haeráide de.

Gabhann Tuarascáil Chomhshaoil leis an Dréachtphlean a ullmhaíodh i gcomhréir le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Timpeallachta ar Phleananna Áirithe agus ar Chláir Áirithe), 2004 (I.R. 435 de 2004, arna leasú ag I.R. 200 de 2011) le haghaidh Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (SEA) agus Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí (AA) do Thuarascáil Tionchair Natura, de bhun Airteagal 6 den Treoir maidir le Gnáthóga (92/43/CEE).

Léirigh do Thuarim

  • Dúnadh an tréimhse chomhairliúcháin phoiblí aon mhí le haghaidh an Dréachtphlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide ar an 11 Nollaig 2023. Fanfaidh an tréimhse sé seachtaine comhairliúcháin phoiblí do an Tuarascáil Chomhshaoil Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (SEA) agus an Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí (AA) oscailte go dtí an 22 Nollaig 2023. Tugtar cuireadh leis seo d’aighneachtaí nó do bhreathnóireacht ar an Tuarascáil Chomhshaoil Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (SEA) nó an Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí (AA) do Thuarascáil Tionchair Natura  i scríbhinn ó chomhlachtaí reachtúla, an pobal agus aon pháirtithe leasmhara.

Is féidir aighneachtaí a dhéanamh mar seo a leanas:

  • Ar líne trí https://consult.galway.ie/ Nó
  •  I scríbhinn chuig An tAonad um Ghníomhú ar son na hAeráide, Comhairle Chontae   na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh, H91 H6KX agus ‘Dréachtphlean um Ghníomhú ar son na hAeráide Chomhairle Chontae na Gaillmhe’ a mharcáil orthu.

Is féidir d’aighneachtaí nó do bhreathnóireacht a dhéanamh maidir leis an Tuarascáil Chomhshaoil Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (SEA) agus an Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí (AA) do Thuarascáil Tionchair Natura ó Dé hAoine an 10ú Samhain go dtí Dé hAoine an 22 Nollaig 2023 ag 16:00.

Tabhair faoi deara an méid seo a leanas:

  • Iarrtar ort d’aighneacht a dhéanamh ar bhealach amháin, i.e. tríd an tairseach ar líne nó i gcruachóip.
  • Ní ghlacfar le hiarratais a sheoltar ar aghaidh ar ríomhphost.
  • Ba cheart aighneachtaí nó gnéithe d’aighneachtaí a bhaineann leis na Tuarascálacha Timpeallachta (Tuarascáil Mheasúnachta Straitéisí Timpeallachta agus/nó Tuarascáil Tionchair Natura) a mharcáil go soiléir mar amhlaidh.
  • Tabhair an méid seo a leanas faoi deara, le do thoil, maidir le haighneacht nó breathnóireacht a dhéanamh: Tá leanaí nó grúpaí nó comhlachais a dhéanann ionadaíocht do leasanna leanaí i dteideal, agus tugtar spreagadh dóibh, aighneachtaí nó breathnóireacht a dhéanamh faoin Dréachtphlean um Ghníomhú ar son na hAeráide.
  • Ba cheart go gcuirfí san áireamh in aighneachtaí/mbreathnóireacht d’ainm agus do sheoladh, léarscáil (má theastaíonn sé ar mhaithe le cuspóirí aitheantais) agus, sa chás gur cuí, sonraí faoi aon eagraíocht, grúpa pobail nó cuideachta etc. a ndéanann tú ionadaíocht dóibh.
  • Ba cheart duit a chinntiú nach bhfuil aon fhaisnéis chráiteach, chlúmhillteach nó rúnda i d’aighneacht a bhaineann le tríú páirtí (nár thoiligh an tríú páirtí go sainráite, nó go hintuigthe faoi na cúinsí dá nochtadh). Tá an ceart ar cosaint ag Comhairle Chontae na Gaillimhe aon aighneacht nó cuid di a chur ar ceal nach sásaíonn an riachtanas seo.
  • D’fhonn cuidiú linn an reachtaíocht um Chosaint Sonraí agus RGCS a chomhlíonadh, iarrtar ort d’ainm agus do shonraí teagmhála (agus, sa chás gur cuí, sonraí faoi aon eagraíocht, grúpa pobail nó cuideachta etc. a ndéanann tú ionadaíocht dóibh) a chur ar fáil ar bhileog ar leithligh ó ábhar d’aighneachta/do bhreathnóireachta. Tá próiseáil seo do shonraí pearsanta dleathach faoi Airteagal 6 (1) (e) den Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (an RGCS). Tá Beartas um Chosaint Sonraí na Comhairle ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle.
  • Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise (SF) (arna leasú).
  • Déantar an fhaisnéis phearsanta (sonraí) a bailíodh i rith an phróisis comhairliúcháin (a mb’fhéidir go mbeidh sonraí pearsanta íogaire a bhailiú i gceist leis) a bhailiú ar mhaithe le haighneachtaí a fháil agus déileáil leo agus bíonn aon sonraí a bhailítear faoi réir ráiteas príobháideachais Chomhairle Chontae na Gaillimhe, ar féidir teacht air ag www.galway.ie/ga/seirbhisi/chomhairle/sonraí