Image of lake with hills in the background

Sainaithníodh Spriocanna, Cuspóirí agus Gníomhartha Straitéiseacha faoi na téamaí seo a leanas chun an Fhís agus an Misean a bhaint amach: 

Rialachas agus Ceannaireacht 

Fuinneamh agus Timpeallacht Thógtha 

Iompar

Pobail agus Fiontar 

An Geilleagar Ciorclach 

Talamhúsáid agus Bonneagar Glas 

Oiriúnú do Riosca Aeráide 

4.1. Rialachas agus Ceannaireacht 

Sprioc Straitéiseach:

Rialachas agus ceannaireacht láidir a chothú chun gníomhú ar son na haeráide a chur chun cinn agus athléimneacht a chinntiú.

Éilíonn rialachas agus ceannaireacht éifeachtach ag leibhéal an Údaráis Áitiúil beartais, rialacháin agus straitéisí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun bealach soiléir i dtreo ár gcuspóirí aeráide a chinntiú. Sa Phlean seo ailíneofar gach seirbhís, beartas agus tionscadal de chuid Comhairle Chontae na Gaillimhe leis an mbeartas Aeráide idirnáisiúnta, náisiúnta agus réigiúnach atá forbartha cheana féin, agus déanfar smaointeoireacht aeráide a phríomhshruthú tuilleadh i gcultúr Comhairle Chontae na Gaillimhe. 
 

Teastaíonn fís agus pleanáil fhadtéarmach chun ceannaireacht i ndáil leis an athrú aeráide a chinntiú, agus ní mór aitheantas a thabhairt don chreat ar a bhfuil obair an Údaráis Áitiúil bunaithe. Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach iarracht a dhéanamh comhoibriú le comhlachtaí poiblí agus páirtithe leasmhara eile chun cur ar chumas earnálacha eile laistigh de Chontae na Gaillimhe a gcuspóirí aeráide a chomhlíonadh. Cuirfimid obair i gcrích d'fhonn a chinntiú go bhfuil na hacmhainní cuí, idir acmhainní daonna agus acmhainní airgeadais, ar fáil chun gníomhú dearfach ar son na haeráide a chumasú agus déanfaimid iarracht a chinntiú go mbainfear an oiread tairbhe agus is féidir as foinsí maoinithe atá ar fáil. 

Úsáid Fuinnimh Comhairle Chontae na Gaillimhe 

Tá Foireann Bainistíochta Fuinnimh ar leith ceaptha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe. Tá Oifigeach Feidhmíochta Fuinnimh i gceannas ar an bhfoireann ildisciplíneach seo agus tá Bainisteoir Fuinnimh agus Bainisteoir Flít ceaptha freisin. Cuireann an fhoireann obair i gcrích chun éifeachtúlachtaí fuinnimh a aithint agus a sheachadadh ar fud oibríochtaí agus fhoirgnimh na Comhairle. Tá an fhoireann Bainistíochta Fuinnimh i mbun Córas Bainistíochta Fuinnimh, a bhfuil ISO 50001 a chomhlíonadh aige, a fhorbairt a thacóidh le tionscadail agus sruthanna maoinithe a aithint chun spriocanna fuinnimh 2030 na Comhairle a chomhlíonadh. Tacaíonn an Biúró Réigiúnach Fuinnimh agus Oifigeach an Bhiúró Fuinnimh áitiúil leis an bhfoireann. 

Iarfheistiú Tithíochta Sóisialta 

Tá gach teach sóisialta nua á fhorbairt de réir an Chaighdeáin Tógála Fuinnimh Nach Mór Neodrach ó Thaobh Fuinnimh, agus tá an stoc tithíochta sóisialta atá ann cheana féin á uasghrádú. In 2021, sheol an Rialtas Clár um Iarfheistiú Éifeachtúlachta Fuinnimh athbhreithnithe deich mbliana d'uasghráduithe tithíochta sóisialta in 2021. Soláthraíonn an clár athbhreithnithe méadú suntasach ar na leibhéil mhaoinithe i gcomhréir le gealltanais Chlár an Rialtais; agus dírítear ar a chinntiú go ndéantar creatlach an tí a uasghrádú, agus go gcuirtear córas téimh atá tíosach ar fhuinneamh ar fáil. Cuireann sé sin ar chumas na n-údarás áitiúil tairbhe a bhaint as clár 'iarfheistithe níos doimhne'. Mar thoradh ar na hoibreacha iarfheistithe, tá coigilteas suntasach á dhéanamh ag tionóntaí na Comhairle agus tá tithe níos compordaí á gcur ar fáil. Leanfaidh an Chomhairle ar aghaidh le hoibreacha iarfheistithe a dhéanamh ar thithíocht shóisialta de réir leithdháiltí maoinithe an Rialtais. Meastar go dtiocfaidh méadú bliantúil ar leibhéil mhaoinithe faoin gclár seo agus go gcuirfear 36,500 teach sóisialta ar fáil go náisiúnta, a bheidh iarfheistithe chuig leibhéal BER B2 nó a chomhionann, faoin mbliain 2030.

Soláthar Poiblí Glas 

Is próiseas é Soláthar Poiblí Glas (SPG) trína ndéanann údaráis phoiblí iarracht earraí, seirbhísí agus oibreacha a sholáthar a bhfuil tionchar laghdaithe acu ar an gcomhshaol i rith a saolré. Faoin bPlean Náisiúnta Gníomhaithe ar son na hAeráide, ní mór go mbeadh critéir ghlasa á gcur san áireamh i ngach soláthar a úsáideann cistí poiblí. Trí ghealltanas maidir le SPG a thabhairt, bainfidh Údaráis Áitiúla agus comhlachtaí poiblí leas as a gcumhacht cheannaigh shuntasach chun cabhrú le haistriú na hÉireann chuig geilleagar agus sochaí atá inbhuanaithe agus neodrach ó thaobh carbóin de a chruthú. Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe i mbun Straitéis Soláthair Phoiblí Ghlais a fhorbairt. 

FEASACHT AGUS OILIÚINT FOIRNE 

I gcomhpháirt leis na CAROnna agus leis an nGrúpa Náisiúnta Oiliúna um Sheirbhísí Údaráis Áitiúil (LASTNG), táthar ag leanúint le hoiliúint um ghníomhú ar son na haeráide a chur i bhfeidhm d'earnáil an údaráis áitiúil trí chéile, lena n-áirítear ionadaithe tofa, chun baill foirne a chumhachtú agus a uasoiliúint chun gníomhú mar cheannairí maidir leis an ngníomhú ar son na haeráide. Ina theannta sin, tá teachtaireachtaí rialta feasachta maidir leis an ngníomhú ar son na haeráide á roinnt trí bhealaí cumarsáide inmheánacha na Comhairle. 

Cuspóirí


Cuspóir GL1

Cleachtais éifeachtacha rialachais agus ceannaireachta a bhunú a éascaíonn cur i bhfeidhm rathúil an phlean.


Cuspóir GL2

Bainistíocht agus tionscadail éifeachtacha fuinnimh a chur i bhfeidhm ar fud shócmhainní Comhairle Chontae na Gaillimhe atá ailínithe le spriocanna 2030 agus le treocht neodrach.


Cuspóir GL3

Gníomhú ar son na haeráide a chomhtháthú i mbeartais, pleananna, straitéisí agus feidhmeanna an údaráis áitiúil. Cinntiú go dtugtar tús áite.


Cuspóir GL4

Gníomhú ar son na haeráide a éascú ar fud an chontae, trí dhul i dteagmháil le páirtithe leasmhara agus le saoránaigh agus comhoibriú leo chun plean gníomhaithe ar son na haeráide de chuid an údaráis áitiúil a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a athbhreithniú, agus trí fhaisnéis agus tacaíocht a chur ar fáil dóibh.

 

Ailíniú SDG  Comhthairbhí


Rialachas Feabhsaithe 


Comhpháirteachas Poiblí 


Slándáil fuinnimh méadaithe 


Soláthar Seirbhísí Feabhsaithe 

 

Sprioc 1. Rialachas agus Ceannaireacht

Cuspóir GL1 Cleachtais éifeachtacha rialachais agus ceannaireachta a bhunú a éascaíonn cur i bhfeidhm rathúil an phlean.
Gníomh Spriocdháta Príomhpháirtí KPI Oiriúnú / Maolú
Gníomh GL 1.1 Leanúint ar aghaidh ag forbairt agus ag tacú leis an nGrúpa Stiúrtha um Ghníomhú ar son na hAeráide, an Fhoireann um Ghníomhú ar son na hAeráide, agus an Fhoireann Fuinnimh laistigh de Comhairle Chontae na Gaillimhe (CCG). Cinntiú go bhfuil dóthain acmhainní ag an Aonad um Ghníomhú ar son na hAeráide. Leanúnach Foireann Bainistíochta CCG Líon na mball foirne atá ann; Cruinnithe ar a scríobhadh miontuairiscí orthu - Grúpa Stiúrtha (Leathbhliantúil), An Fhoireann um Ghníomhú ar son na hAeráide (Ráithiúil), An Fhoireann Fuinnimh (Ráithiúil) An dá rud
Gníomh GL 1.2 Saineolas a fhorbairt laistigh d'Fhoireann Bainistíochta CCG, Grúpa Stiúrtha um Ghníomhú ar son na hAeráide, An Fhoireann um Ghníomhú ar son na hAeráide, An Fhoireann Fuinnimh, Ambasadóirí ar son na hAeráide, Comhaltaí Tofa agus Foireann trí riachtanais oiliúna a aithint agus oiliúint ábhartha a eagrú. Leanúnach Foireann Bainistíochta CCG, Acmhainní Daonna CCG Plean oiliúna bliantúil ullmhaithe agus curtha i gcrích. An dá rud
Gníomh GL 1.3 Pleananna bliantúla um Chur i bhFeidhm an Ghníomhaithe ar son na hAeráide a fhorbairt agus a fhormheas chun tacú le seachadadh an Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide. Leanúnach Foireann Bainistíochta CCG Clár oibre bliantúil forbartha agus curtha i gcrích An dá rud
Cuspóir GL 2 Bainistíocht agus tionscadail éifeachtacha fuinnimh a chur i bhfeidhm ar fud shócmhainní Comhairle Chontae na Gaillimhe atá ailínithe le spriocanna 2030 agus le treocht neodrach.
Gníomh Spriocdháta Príomhpháirtí KPI Oiriúnú / Maolú
Gníomh GL 2.1 Deimhniú Bainistíochta Fuinnimh ISO50001 a fháil agus a chothabháil faoi R4 2024. Córas bainistíochta sonraí a bhunú. Maoiniú leordhóthanach agus acmhainní leordhóthanacha a sholáthar chun an sprioc a bhaint amach maidir le laghdú 51% ar astaíochtaí a bhaineann le fuinneamh, laghdú 51% ar astaíochtaí teirmeacha, agus feabhas 50% ar éifeachtúlacht fuinnimh faoi 2030. 31/12/2024 Foireann Bainistíochta CCG ISO50001 bainte amach. ISO50001 caomhnaithe. Córas bainistíochta sonraí i bhfeidhm. Laghduithe fuinnimh bainte amach i gcomhréir leis an sprioc. Maolú
Gníomh GL 2.2 Clár aisfheistithe bliantúil a fhormheas agus a chur i bhfeidhm d'fhoirgnimh CCG faoi Chlár Treo-Aimsitheora SEAI agus faoin Scéim Deontais Fuinnimh Pobail. Leanúnach Foireann Bainistíochta CCG, Seirbhísí Corparáideacha CCG Coigilt bhliantúil CO2; € deontas faighte; kWh d'fhuinneamh in-athnuaite suiteáilte Maolú
Gníomh GL 2.3 Cur ar chumas na foirne roghanna praiticiúla ísealcharbóin a úsáid chun tabhairt faoi thaisteal gnó trí rothair agus feithiclí leictreacha, carr-roinnt, srl., a sholáthar. Tacú le glacadh uirlisí cianoibre agus comhdhála ar líne chun comaitéireacht agus taisteal gnó a laghdú. Leanúnach Foireann Bainistíochta CCG, Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG Straitéis Bainistíochta Flít a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Maolú
Gníomh GL 2.4 Staidéar féidearthachta a dhéanamh agus roghanna breosla malartacha in-athnuaite a chomhtháthú do fhlít feithiclí Comhairle Chontae na Gaillimhe lena gcinntítear go dtugtar aird chuí ar inbhuanaitheacht breoslaí malartacha foinseacha. 31/12/2025 Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG Críochnú an Mheasúnaithe Maolú
Gníomh GL 2.5 Straitéis Bainistíochta Flít a ullmhú, a fhormheas agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Staidéar ÚÁ, Athshamhlú Iompair agus ag an am céanna a chinntiú go ndéantar critéir inbhuanaitheachta a mheas go cuí le linn próiseas soláthair. Leanúnach Foireann Bainistíochta CCG, Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG Straitéis Bainistíochta Flít a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Maolú
Gníomh GL 2.6 Leanúint leis an gclár chun soilsiú poiblí laistigh de Chontae na Gaillimhe a uasghrádú chuig córais soilsithe atá tíosach ar fhuinneamh agus aird chuí á tabhairt ar thionchar an tsolais ar bhithéagsúlacht. 31/12/2029 Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG Coigilt bhliantúil CO2; 100% soilsiú poiblí LED faoi 2030 Maolú
Gníomh GL 2.7 Leanúint d'aisfheistiú éifeachtúlachta fuinnimh a dhéanamh ar thithíocht shóisialta faoin gClár Iarfheistithe Fuinnimh a fhaigheann tacaíocht ó DHLGH agus aird chuí á tabhairt ar an mbithéagsúlacht agus ar an ngá atá le struchtúir chosanta a chaomhnú go cuí. 31/12/2029 Roinn Tithíochta CCG Líon agus % na dtithe aisfheistith Maolú
Cuspóir GL 3 Gníomhú ar son na haeráide a chomhtháthú i mbeartais, pleananna, straitéisí agus feidhmeanna an údaráis áitiúil. Cinntiú go dtugtar tús áite don chrios dícharbónaithe.
Gníomh Sprioc
dháta
Príomhpháirtí KPI Oiriúnú / Maolú
Gníomh GL 3.1 Tionscnaimh agus feachtais inmheánacha um Ghníomhú ar son na hAeráide a spreagadh agus a éascú, lena n-áirítear caomhnú uisce, bainistiú fuinnimh, cruthú gnáthóige agus bainistiú dramhaíola. Leanúnach Rannóg Comhshaoil CCG Líon na dtionscnamh; Fuinneamh Sábháilte; Laghduithe ar Dhramhaíl; Laghdú ar Úsáid Uisce Maolú
Gníomh GL 3.2 Tacú le forbairt, cur i bhfeidhm agus comhroinnt dea-chleachtais maidir le Soláthar Poiblí Glas (SPG). Straitéis Soláthair Inbhuanaithe Adhmaid agus Straitéis Soláthair Phoiblí Ghlais fhoriomlán a fhorbairt tríd an gClár Cities4Forests. Uirlis mhonatóireachta agus tuairiscithe a fhorbairt lena chinntiú go bhfuil SPG leabaithe i ngach soláthar. 31/12/2025 Foireann Bainistíochta CCG Straitéis SPG Forbartha; Uirlis Monatóireachta agus Tuairiscithe Forbartha Maolú
Gníomh GL 3.3 Fardal bonnlíne a bhunú de na hastaíochtaí carbóin corpraithe a bhaineann leis na hábhair thógála a úsáidtear i dtionscadail Comhairle Chontae na Gaillimhe, amhail bóithre, droichid, srl. Sprioc indéanta a chinneadh chun na hastaíochtaí carbóin corpraithe a laghdú. Bearta a chur i bhfeidhm chun an sprioc a bhaint amach. I gcás inarb indéanta, cuir laghduithe measta féideartha ar astaíochtaí mar thoradh ar an tionscadal san áireamh agus an ríomh á dhéanamh. 31/12/2025 Rannóg Comhshaoil CCG Fardal bonnlíne a bhunú, sprioc a leagan síos agus bearta a aithint chun an sprioc a bhaint amach. Maolú
Gníomh GL 3.4 Ceangal a chur ar thithíocht phoiblí agus ar fhoirgnimh nua prionsabail an ghníomhaithe ar son na haeráide a ionchorprú i dtéarmaí dearaidh, seirbhísí agus áiseanna agus breithniú cúramach á dhéanamh ar rogha ábhar, cineálacha dín (i.e. díonta glasa), caomhnú uisce, leas a bhaint as gnóthachan gréine/tithíocht éighníomhach, soláthar teicneolaíochtaí fuinnimh ísealcharbóin agus in-athnuaite agus bonneagar iompair phoiblí amhail stadanna bus agus scáthláin de réir mar is cuí do scála na forbartha. Ongoing Foireann Bainistíochta CCG Rinneadh athbhreithniú ar gach dearadh le haghaidh gníomhartha féideartha ar son na haeráide An dá rud
Gníomh GL 3.5 Cur i bhfeidhm cuspóirí a bhaineann leis an aeráid a chur chun cinn i bPlean Forbartha an Chontae agus i Straitéis Fuinnimh In-athnuaite na nÚdarás Áitiúil. Leanúnach Rannóg Pleanála CCG Gníomhartha Aeráide CDP agus LARES Dulta Chun Cinn An dá rud
Gníomh GL 3.6 Athbhreithniú a dhéanamh ar dhréachtphleananna inmheánacha agus seachtracha a thagann chun cinn le linn shaolré an Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide agus comhairle a thabhairt maidir le bearta maolaithe agus oiriúnaithe aeráide a chomhtháthú nuair is cuí. Leanúnach Rannóg Comhshaoil CCG Gníomhú ar son na haeráide comhtháite i ngach plean agus beartas nua.  An dá rud
Gníomh GL 3.7 Agus an Plean Gníomhaíochta ar son na hAeráide de chuid Chontae na Gaillimhe seo á chur i bhfeidhm, a chinntiú go gcloítear le Plean Forbartha Contae na Gaillimhe 2022-2028 agus le cuspóirí agus beartais an phlean limistéir áitiúil a bhaineann le bainistíocht chomhshaoil, le Limistéir Chaomhantais reachtúla a chosaint agus a chinntiú go gcomhlíontar bearta sonracha bainistíochta comhshaoil a bhaineann leis an bplean seo.  Beidh Measúnacht Straitéiseach Comhshaoil, Measúnacht Tionchair Timpeallachta, Measúnacht Chuí agus Measúnachtaí Tionchair Éiceolaíochta de réir mar is ábhartha mar bhonn agus mar thaca ag pleananna talamhúsáide agus tionscadail thalamhúsáide a eascraíonn as an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide seo. Cuirfidh Comhairle Chontae na Gaillimhe san áireamh aon mholtaí ábhartha i dTuarascáil an GCC ar Staid ár gComhshaoil 2024, a luaithe a fhoilseofar iad, agus Plean Gníomhaithe na Gaillimhe ar son na hAeráide á chur i bhfeidhm thar a saolré. Breithneoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe aon ghníomhartha, bearta nó moltaí nuashonraithe ábhartha a d'fhéadfadh teacht chun cinn i nuashonruithe ar an bPlean Gníomhaithe Náisiúnta ar son na hAeráide thar shaolré an phlean.  Leanúnach Foireann Bainistíochta CCG   An dá rud
Gníomh GL 3.8 Treoir náisiúnta a lorg ar fhorbairt Buiséid Charbóin agus Cuntasaíocht do ghníomhaíochtaí/cuspóirí i bpleananna GCC chun comhsheasmhacht leis na spriocanna earnála carbóin a chinntiú. Treoir náisiúnta a lorg ar ardú leibhéal na farraige fadtréimhseach il-deich mbliana agus machnamh a dhéanamh mar chuid de phleanáil fhadtéarmach úsáide talún, lena n-áirítear i bhforbairt an chéad atriallta eile den Phlean Forbartha Contae. Leanúnach Rannóg Comhshaoil CCG, Rannóg Pleanála CCG Treoir náisiúnta faighte. Breathnaíodh ar bhuiséid charbóin agus ar ardú leibhéal na farraige i bpleananna ábhartha an GCC. Oiriúnú
Cuspóir GL 4 Gníomhú ar son na haeráide a éascú ar fud an chontae, trí dhul i dteagmháil le páirtithe leasmhara agus le saoránaigh agus comhoibriú leo chun plean gníomhaithe ar son na haeráide de chuid an údaráis áitiúil a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a athbhreithniú, agus trí fhaisnéis agus tacaíocht a chur ar fáil dóibh.
Gníomh Spriocdháta Príomhpháirtí KPI Oiriúnú / Maolú
Gníomh GL 4.1 Líonra páirtithe leasmhara a bhunú agus cumarsáid leanúnach a chinntiú. Comhpháirtíochtaí a chothú agus páirt ghníomhach a ghlacadh i gcomhpháirtíochtaí le húdaráis áitiúla réigiúnacha agus le comhlachtaí poiblí, le hearnálacha fiontraíochta, pobail agus deonacha, le hinstitiúidí tríú leibhéal agus leis an bpobal taighde. An leas is fearr is féidir a bhaint as sruthanna maoinithe féideartha don chontae agus oibriú i gcomhpháirtíocht chun tionscadail agus tionscnaimh um Ghníomhú ar son na hAeráide a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Leanúint de thacú le tionscadail atá ann cheana féin, lena n-áirítear LEAP, CONNECTED, Cities4Forests, srl. Leanúnach Rannóg Comhshaoil CCG Líonra geallsealbhóirí bunaithe; Líon na dtionscadal atá i bhfeidhm An dá rud

4.2 Fuinneamh agus Timpeallacht Thógtha 

Sprioc Straitéiseach

Fuinneamh agus Timpeallacht Thógtha: Aistriú chuig fuinneamh agus foirgnimh ísealcharbóin, athléimneacha agus inbhuanaithe, rud a chuirfidh le folláine ár bpobail. 

An Timpeallacht Thógtha - An timpeallacht thógtha a dhícharbónú trí thacú le feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh agus laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa foirgneamh cónaithe, tráchtála agus poiblí atá tógtha cheana féin agus foirgnimh nua, agus a leithéid a éascú. 

Cuspóirí


Cuspóir EB1

Tacú le forbairt foinsí fuinnimh in-athnuaite, amhail an ghaoth, an ghrian, an taoide agus an bhithmhais in áiteanna oiriúnacha.


Cuspóir EB2

Comhtháthú gníomhaithe ar son na haeráide a chinntiú sa phleanáil spásúil chun cur ar chumas Chontae na Gaillimhe aistriú chuig sochaí.


Cuspóir EB3

Sraoilleáil uirbeach a laghdú agus forbairt dhlúth atá dírithe ar idirthuras a spreagadh agus a uasmhéadaíonn úsáid bonneagair ghlais.

Ailíniú SDG  Comhthairbhí


Bonneagar Feabhsaithe


Rialachas Feabhsaithe


Slándáil fuinnimh méadaithe


Fás eacnamaíoch

 

Sprioc 2. Fuinneamh agus Timpeallacht Thógtha

Cuspóir EB 1 Tacú le forbairt foinsí fuinnimh in-athnuaite, amhail an ghaoth, an ghrian, an taoide agus an bhithmhais in áiteanna oiriúnacha.
Gníomh Spriocdháta Príomhpháirtí KPI Oiriúnú / Maolú
Gníomh EB 1.1 Tacú le taighde agus forbairt fuinnimh in-athnuaite ar scála tráchtála agus pobail agus ag an am céanna abhcóideacht agus tionchar a imirt chun a chinntiú go gcuireann tionscadail den sórt sin comhthairbhí maidir le gníomhú ar son na haeráide chun cinn agus nach sáraíonn siad riachtanais ábhartha maidir le cosaint an chomhshaoil. Leanúnach Rannóg Pleanála CCG MW d'fhuinneamh in-athnuaite sa Chontae Maolú
Gníomh EB 1.2 Staidéar féidearthachta a dhéanamh chun na limistéir agus na foinsí féideartha do théamh bardasach sa chontae a aithint agus a mheas. 31/12/2025 Rannóg Comhshaoil CCG Staidéar Curtha i gCrích Maolú
Cuspóir EB 2 Comhtháthú gníomhaithe ar son na haeráide a chinntiú sa phleanáil spásúil chun cur ar chumas Chontae na Gaillimhe aistriú chuig sochaí ísealcharbóin athléimneach
Gníomh Spriocdháta Príomhpháirtí KPI Oiriúnú / Maolú
Gníomh EB 2.1 Measúnú a dhéanamh ar indéantacht beartais lena gceanglaítear ar iarratais phleanála measúnú a dhéanamh ar na hastaíochtaí carbóin corpraithe a bhaineann leis an bhforbraíocht bheartaithe agus roghanna le haghaidh réitigh nádúrbhunaithe agus feabhsú bithéagsúlachta, trí mhodheolaíocht chaighdeánaithe chomhsheasmhach. 31/12/2025 Rannóg Pleanála CCG Staidéar Curtha i gCrích Maolú
Gníomh EB 2.2 Sonraí cás-staidéir agus treoir maidir le huasghrádú an fhoirgnimh thraidisiúnta a chur in iúl mar eiseamláir, agus cinntiú go gcuirtear treoir chuí ar fáil maidir le luach ailtireachta agus oidhreachta agus speicis chosanta a bhaineann le foirgnimh den sórt sin a chosaint le linn oibreacha uasghrádaithe. 31/12/2025 Rannóg Pleanála CCG Cás-staidéir ar fáil; Clár cumarsáide curtha i bhfeidhm. An dá rud
Cuspóir EB 3 Sraoilleáil uirbeach a laghdú agus forbairt dhlúth atá dírithe ar idirthuras a spreagadh agus a uasmhéadaíonn úsáid bonneagair ghlais.
Gníomh Sprioc
dháta
Príomhpháirtí KPI Oiriúnú / Maolú
Gníomh EB 3.1 Tá soláthar Ionad Cóireála Fuíolluisce poiblí i mbailte agus i sráidbhailte nach ndéantar freastal orthu faoi láthair ríthábhachtach chun fás dlúth agus inbhuanaithe a éascú. Tacú le hUisce Éireann agus leis an rialtas náisiúnta chun láithreacha a chur in ord tosaíochta agus maoiniú a lorg chun na seirbhísí seo a sholáthar. 31/12/2029 Foireann Bainistíochta CCG Líon na mbailte/sráidbhailte ar a bhfreastalaíonn Ionad Cóireála Fuíolluisce poiblí An dá rud
Gníomh EB 3.2 An t-uasghrádú maoine cónaithe agus tráchtála atá ann cheana a spreagadh chun fás dlúth agus athnuachan inbhuanaithe a chur chun cinn agus aird chuí á tabhairt ar an mbithéagsúlacht agus ar an ngá atá le struchtúir chosanta a chaomhnú go cuí. Leanúnach Forbairt Pobail agus Tuaithe CCG Líon na bhfoirgneamh uasghrádaithe An dá rud

4.3 Iompar 

Sprioc Straitéiseach

Iompar: Tacú le réitigh shoghluaisteachta inbhuanaithe a sholáthar agus tairbhe a bhaint astu. 

"Modhanna iompair níos gníomhaí do pháistí chomh fada leis an scoil agus do dhaoine fásta chomh fada leis an ionad oibre. Stop a chur leis an mbéim atá á leagan ar bhóithre agus carranna príobháideacha" - aighneacht ó chomhairliúchán poiblí. 
 

Tá aistriú i dtreo córas iompair níos inbhuanaithe ar cheann de na dúshláin shuntasacha a mbeidh ar shochaí na hÉireann dul i ngleic leis. Baineann thart ar 18% d'astaíochtaí GCT na hÉireann leis an earnáil iompair' tá an figiúr do Chontae na Gaillimhe mórán mar an gcéanna, cothrom le 16%. Tagann príomhfhoinse astaíochtaí GCT na hearnála iompair ó pheitreal agus díosal a dhó in innill dócháin. Tá spleáchas ard ar charranna príobháideacha paisinéirí, atá freagrach as an sciar is mó d'astaíochtaí GCT iompair i gContae na Gaillimhe, sciar astaíochtaí atá cothrom le thart ar 57%. Tá tionchar mór ag an gcaoi a roghnaímid taisteal chun críche oibre, oideachais, siopadóireachta agus fóillíochta, ar astaíochtaí GCT na hÉireann agus Chontae na Gaillimhe.

Tá an Straitéis Náisiúnta Iompair bunaithe ar an gcur chuige Seachain-Aistrigh-Feabhsaigh: an gá atá le taisteal a laghdú nó a sheachaint, aistriú chuig iompar poiblí, siúl agus rothaíocht, agus éifeachtúlacht fuinnimh feithiclí a fheabhsú. Tacóidh na gníomhartha a bhaineann le hiompar laistigh den Phlean seo le daoine chun úsáid a bhaint as roghanna taistil ghníomhaigh agus taistil phoiblí agus cuirfear ar a gcumas an bonneagar luchtaithe feithiclí leictreacha a fhorbairt ar fud an chontae. Ina theannta sin, is féidir le tionscnaimh inbhuanaithe taistil agus sábháilteachta ar bhóithre sábháilteacht na mbóithre a fheabhsú agus cáilíocht an aeir a fheabhsú i mbailte agus sráidbhailte ar fud an chontae. 

Cuspóirí


Cuspóir TR1

Tacú le taisteal gníomhach agus aistriú módach chun soghluaisteacht inbhuanaithe, inrochtana agus shábháilte a chur chun cinn.


Cuspóir TR2

Tacú le forbairt agus úsáid teicneolaíochtaí ísealcharbóin amhail feithiclí leictreacha agus breoslaí ísealcharbóin.

Ailíniú SDG  Comhthairbhí 


Cáilíocht aeir níos fearr agus níos lú truaillithe torain


Sláinte agus folláine níos fearr


Bonneagar Feabhsaithe 


Soghluaisteacht Feabhsaithe

 

Sprioc 3. Iompar

Cuspóir TR 1 Tacú le taisteal gníomhach agus aistriú módach chun soghluaisteacht inbhuanaithe, inrochtana agus shábháilte a chur chun cinn.
Gníomh Sprioc
dháta
Príomhpháirtí KPI Oiriúnú / Maolú
Gníomh TR 1. 1 Múnlú Iompair Iomlán ar fud an chontae a chur i gcrích bunaithe ar chur chuige iompair inbhuanaithe agus taistil níos cliste. Pleananna Iompair Áitiúla a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm do Bhruachbhailte Thuama, Bhaile Átha an Rí, Bhaile Locha Riach, an Ghoirt agus Oirthear na Gaillimhe. Plean Iompair Áitiúil Bhéal Átha na Sluaighe, a glacadh leis, a chur i bhfeidhm. Staidéar Iompair Pobail a dhéanamh d'Áth Cinn, An Clochán, Cinn Mhara, Uachtar Ard, Port Omna agus Maigh Cuilinn. Pleananna Bainistíochta Tráchta a ullmhú. 31/12/2024 Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG Líon na bpleananna a cuireadh i gcrích.  Maolú
Gníomh TR 1. 2 Straitéis Siúlóide agus Rothaíochta an Chontae a fhorbairt. 31/12/2024 Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG Straitéis forbartha Maolú
Gníomh TR 1. 3 Deiseanna a aithint chun an spás bóthair atá ann cheana a ath-leithdháileadh chun taisteal gníomhach a chur chun cinn agus spás poiblí a fheabhsú agus tionscadail ghaolmhara a chur i bhfeidhm. Leanúnach Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG km d'ath-leithdháileadh bóithre a aithníodh agus a cuireadh i bhfeidhm. Maolú
Gníomh TR 1. 4 Oibriú le pobail chun tionscadail a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le taisteal gníomhach, glasbhealach agus iompar poiblí a aithint agus chun tacú le hathrú módach. Leanúnach Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG, Rannóg Comhshaoil CCG, Forbairt Pobail agus Tuaithe CCG Líon na réimsí / tionscadal a aithníodh agus a cuireadh i bhfeidhm Maolú
Gníomh TR 1. 5 Tacú le scéimeanna soghluaisteachta pobail agus iad a chur chun cinn, lena n-áirítear comharscéimeanna rothar, moil shoghluaisteachta, leabharlanna rothar, roinnt carranna pobail EV agus luchtú EV, carr-roinnt, agus tacsaithe pobail. Leanúnach Rannóg Comhshaoil CCG, Foireann Athnuachana Uirbí agus Tuaithe CCG, Forbairt Pobail agus Tuaithe CCG Líon na dtionscadal ar tugadh tacaíocht dóibh/ar forbraíodh iad Maolú
Gníomh TR 1. 6 Trasrianta bóthair, lánaí rothaíochta agus siúlbhealaí nua agus feabhsaithe a dhearadh agus a sheachadadh a thugann tús áite d'úsáideoirí faoi mhíchumas, do choisithe agus do rothaithe. Leanúnach Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG # trasrianta seachadta; líon agus km na lánaí rothar in aghaidh na bliana;  líon agus km na siúlbhealaí in aghaidh na bliana Maolú
Gníomh TR 1. 7 Cothabháil leordhóthanach bóthair a chinntiú d'úsáideoirí taistil ghníomhaigh. Leanúnach Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG Clár cothabhála bliantúil forbartha agus curtha i gcrích.   An dá rud
Gníomh TR 1. 8 Tacú leis an gclár Bealaí Níos Sábháilte chuig Scoileanna agus tionscnamh Sráideanna Scoile, ag cur oideachas agus oiliúint ar fáil ar bhusanna rothaíochta agus ar bhusanna siúil Leanúnach Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG # na scoileanna le bearta curtha i bhfeidhm. Maolú
Gníomh TR 1. 9 Gréasán na nglasbhealaí sa Chontae a leathnú ag bunú nascálacha le bailte agus sráidbhailte i gcomhréir leis an líonra straitéiseach náisiúnta rothaíochta agus riachtanais dea-chleachtais sa Measúnú Straitéiseach Comhshaoil (MSC), sa Tuarascáil Comhshaoil (TC) agus Ráiteas Tionchair Natura (RTN) a ghabhann leis. 31/12/2029 Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG km iomlán an Ghlasbhealaigh Maolú
Gníomh TR 1.10 Measúnú féidearthachta cuimsitheach a dhéanamh, lena n-áirítear cúrsaí sábháilteachta, comhshaoil agus costais, chun timpealláin i stíl na hÍsiltíre a chur i bhfeidhm laistigh de bhonneagar iompair Chomhairle Chontae na Gaillimhe. 31/12/2025 Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG Measúnú curtha i gcrích Maolú
Gníomh TR 1.11 Rannpháirtíocht le soláthraithe iompair phoiblí chun tacú le torthaí feabhsaithe iompair phoiblí lena n-áirítear leathnú seirbhísí busanna agus traenacha tuaithe agus idirnascacht seirbhísí. Tacú le soláthraithe iompair phoiblí meastachán a dhéanamh ar laghduithe ar astaíochtaí mar thoradh ar sheirbhísí poiblí méadaithe. 31/12/2029 Páirtnéirí Éagsúla Líon Rannpháirtíochta Maolú
Cuspóir TR 2 Tacú le forbairt agus úsáid teicneolaíochtaí ísealcharbóin amhail feithiclí leictreacha agus breoslaí ísealcharbóin.
Gníomh Sprioc
dháta
Príomhpháirtí KPI Oiriúnú / Maolú
Gníomh TR 2.1 Oibriú leis an Roinn Bóithre agus Iompair agus le hÚdaráis Áitiúla réigiúnacha/Oifig Réigiúnach um Ghníomhú ar son na hAeráide (ÚÁnna/CARO) chun Straitéis Réigiúnach EV a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Suíomhanna a shainaithint a theastaíonn chun spriocanna náisiúnta ábhartha a bhaint amach agus a chinntiú nach bhfuil aon cheantair ar cúis imní iad. 31/12/2024 Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG Straitéis forbartha agus líon na luchtairí EV a theastaíonn a aithint. Luchtairí suiteáilte ag láithreacha aitheanta. Maolú
Gníomh TR 2.2 Tacú le feidhmiú céimneach an bhonneagair EV sa chontae de réir na straitéise lena n-áirítear iarratais ar chláir ZEVI a chur isteach, bonneagar EV a ionchorprú i ndearadh sráid-dreacha agus EV a éileamh i bhforbairtí nua. Leanúnach Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG Leibhéal clúdaigh luchtairí EV i gcomhréir le Straitéis Maolú

 

4.4  Pobail agus Comhpháirtíocht 

Sprioc Straitéiseach

Pobail agus Comhpháirtíocht: Gníomhú ar son na haeráide a chumhachtú agus tacú léi sa tsochaí trí chéile ar mhaithe le haistriú cóir chuig todhchaí ísealcharbóin agus athléimneach a chinntiú.

Tá ról lárnach ag pobail sna hiarrachtaí atá á ndéanamh dul i ngleic le cailliúint na bithéagsúlachta agus astaíochtaí a laghdú" - aighneacht phoiblí 

aighneacht phoiblí

Sonraítear i bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide Náisiúnta 2023 go gcaithfidh an Rialtas agus saoránaigh na hÉireann teacht le chéile mar chuid de 'conradh sóisialta' neartaithe don ghníomhú ar son na haeráide agus fíor-réitigh ar an athrú aeráide a chomhchruthú, atá fóinteach, cuimsitheach, cothrom agus inrochtana do chách. 
 

Tá gníomhú ar son na haeráide ag fás in earnálacha difriúla de shochaí na hÉireann de réir mar a éiríonn muid níos eolaí ar na rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide. Tá ról ríthábhachtach ag pobail agus comhpháirtíochtaí áitiúla i gcomhthéacs spriocanna astaíochtaí GCT Chontae na Gaillimhe agus cuspóirí an phlean gníomhaithe ar son na haeráide seo a chomhlíonadh. 
 

Tá sé ríthábhachtach deiseanna a chruthú le haghaidh rannpháirtíocht agus comhpháirtíochtaí pobail chun tionscadail agus tionscnaimh nua gníomhaithe ar son na haeráide a mbeidh tionchar acu a fhorbairt. Cuspóir suntasach den phlean gníomhaithe ar son na haeráide seo é feasacht, rannpháirtíocht agus spreagadh an phobail a chruthú chun gníomhú i ndáil leis na dúshláin a bhaineann leis an athrú aeráide. 
 

Tacóidh na gníomhartha pobail agus comhpháirtíochtaí a shainaithnítear sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide seo le rannpháirtíocht an phobail ar bhealach a thacaíonn le foghlaim fhrithpháirteach agus bunófar deiseanna fiúntacha chun bealaí nua a aimsiú chun dul in oiriúint do na dúshláin a bhaineann leis an athrú aeráide agus chun iad a mhaolú. Is é an aidhm atá leis an bplean seo, ní hamháin eolas a roinnt faoi thodhchaí dhóchúil a bhaineann leis an athrú aeráide ach chun pobail a chumasú, a chumhachtú agus tacú leo freisin gníomhú go dearfach ar son an athraithe aeráide ar bhealach atá cuimsitheach, cothrom agus cothromasach. 
 

Trí acmhainní agus túsphointí éagsúla a aithint, tá sé mar aidhm ag gníomhaíochtaí an phobail agus na gcomhpháirtíochtaí eolas agus acmhainn a fhorbairt chun dlús a chur le próisis athraithe trí thacú le pobail, fiontair agus daoine aonair agus iad a chumhachtú chun scileanna nua a fhorbairt agus rochtain a fháil ar na hacmhainní is gá chun páirt a ghlacadh sa ghníomhú ar son na haeráide. 
 

Trí phobail a mhealladh agus a chumhachtú, is féidir tairbhe a bhaint as na deiseanna iomadúla a chruthaíonn aistriú chuig sochaí agus geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de, amhail gairmeacha inbhuanaithe nua, tithe níos teo atá níos tíosaí ar fhuinneamh, roghanna taistil níos fearr, rogha níos inbhuanaithe do thomhaltóirí, pleanáil spásúil chomhtháite, aer agus uisce níos glaine agus timpeallacht níos fearr do na glúnta atá le teacht. 
 

Trí leanúint ar aghaidh le ceannaireacht maidir leis an nGníomhú ar son na hAeráide a léiriú, agus trí oibriú le pobail ar an ngníomhú ar son na haeráide, tá súil ag an gComhairle tairbhe a bhaint as níos mó deiseanna comhoibrithe le pobail ar mhaithe le tacú le hathrú dearfach ar ghnéithe éagsúla de shaol an phobail. 

AN CISTE POBAIL UM GHNÍOMHÚ AR SON NA HAERÁIDE 

Is é aidhm an Chiste Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide tacú le pobail ísealcharbóin agus iad a fhorbairt. Tá an maoiniú seo á chur ar fáil mar chuid den Chlár Náisiúnta Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide, a bhfuil sé mar aidhm aige tacú le tionscadail agus tionscnaimh a éascaíonn an gníomhú ar son na haeráide pobail trí oideachas, acmhainn a fhorbairt agus foghlaim trí ghníomhaíocht. Díreoidh tionscadail phobail atá incháilithe do mhaoiniú ar na cúig théama seo a leanas: 

 

  • Tionscadail Phobail agus Fuinnimh 
  • Taisteal 
  • Bia agus dramhaíl 
  • Siopadóireacht agus athchúrsáil 
  • Gníomhú áitiúil aeráide agus comhshaoil

Tá Oifigeach um Ghníomhú ar son na hAeráide Pobail ceaptha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe chun treoir agus tacaíocht a thabhairt do phobail chun tionscadail agus tionscnamh a fhorbairt.  

Cuspóirí


Cuspóir CP1

Tacú le pobail, fiontair agus daoine aonair rochtain a fháil ar an acmhainn, na scileanna agus an infheistíocht is gá chun dlús a chur le gníomhú.


Cuspóir CP2

Cuimsiú sóisialta agus comhtháthú sóisialta a chothú trí pháirtithe leasmhara éagsúla a mhealladh agus aistriú cóir chuig geilleagar ísealcharbó.

Ailíniú SDG  Comhthairbhí


Rannpháirtíocht shibhialta níos fearr


Fás geilleagrach


Forbairt Scileanna


Oideachas agus feasacht níos fearr

Sprioc 4. Pobail agus Comhpháirtíocht 

Cuspóir CP 1 Tacú le pobail, fiontair agus daoine aonair rochtain a fháil ar an acmhainn, na scileanna agus an infheistíocht is gá chun dlús a chur le gníomhú ar son na haeráide.
Gníomh Sprioc
dháta
Príomh
pháirtí
KPI Oiriúnú / Maolú
Gníomh CP 1. 1 Ciste Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide a riar agus tacú le pobail a dtionscadail a chur i bhfeidhm. Leanúnach Rannóg Comhshaoil CCG Líon agus cineál na dtionscadal a dtugtar tacaíocht dóibh agus a cuireadh chun feidhme An dá rud
Gníomh CP 1. 2 Clár oiliúna, faisnéise agus tacaíochta a bhunú do ghrúpaí pobail/ d'eagraithe imeachtaí pobail maidir le Gníomhú ar son na hAeráide agus Bithéagsúlacht. Clár oiliúna bliantúil a chur i gcrích. 31/12/2024 Rannóg Comhshaoil CCG Féilire bliantúil na ngníomhaíochtaí a forbraíodh ó Eanáir go Nollaig gach bliain. # na ngníomhaíochtaí a cuireadh chun cinn. An dá rud
Gníomh CP 1. 3 Líonra pobal a bhunú chun faisnéis a scaipeadh ó cheantair DZ ar fud na tíre (Tionscadal Nasctha). Smaoinigh ar chatagóirí breise a bhaineann le Gníomhaíocht ar son na hAeráide a chur san áireamh i nGradaim an Chathaoirligh. 31/12/2024 Rannóg Comhshaoil CCG Líon agus Cineál na dTionscadal a Cuireadh i bhFeidhm An dá rud
Gníomh CP 1. 4 Scóráil 'Inbhuanaitheacht agus Athrú Aeráide' a chur san áireamh ar mheasúnuithe deontais ábhartha chun a chinntiú go ndéanfaidh grúpaí pobail/páirtithe leasmhara Maolú agus Oiriúnú Aeráide a mheas agus a ionchorprú ina ngníomhaíochtaí uile arna maoiniú ag deontais. Ongoing Forbairt Pobail agus Tuaithe CCG Maitrís scórála a fhorbairt. An dá rud
Gníomh CP 1. 5 Rannpháirtíocht le 'Clár na gClubanna Glasa' CLG maidir le tionscadail inbhuanaitheachta agus gníomhaithe ar son na haeráide. 31/12/2029 Rannóg Comhshaoil CCG Líon na dtionscadal ar tugadh tacaíocht dóibh An dá rud
Gníomh CP 1. 6 Straitéis Comharthaíochta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ina leagtar béim ar Ghníomhú ar son na hAeráide, oideachas agus daoine a spreagadh ina leith. 31/12/2024 Páirtnéirí Éagsúla Straitéis Comharthaíochta a Fhorbairt. Comharthaíocht in airde. An dá rud
Gníomh CP 1. 7 Tacú le Clár Pobail Fuinnimh Inbhuanaithe SEAI agus le Máistirphleananna Fuinnimh a fhorbairt agus a nuashonrú. Leanúnach Rannóg Comhshaoil CCG Líon na Máistirphleananna Fuinnimh a dtacaítear leo. Maolú
Gníomh CP 1. 8 Imeachtaí ísealcharbóin a spreagadh agus tacú leo, lena n-áirítear imeachtaí seachtracha a dteastaíonn ceadanna CCG uathu. Treoirlínte a fhorbairt d'imeachtaí agus seicliosta le cur san áireamh i gceadúnú imeachtaí. Leanúnach Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG, Rannóg Comhshaoil CCG Treoirlínte agus seicliosta forbartha.  Maolú
Gníomh CP 1. 9 Gníomhú ar son na hAeráide a spreagadh laistigh de chláir na nEalaíon Cruthaitheach agus tacú le tionscadail ábhartha. Leanúnach Forbairt Pobail agus Tuaithe CCG Líon na dtionscadal a cuireadh i bhfeidhm An dá rud
Gníomh CP 1.10 Tacú le gnólachtaí a bheith níos feasaí faoina bhfreagrachtaí agus faoina rioscaí aeráide, chomh maith leis na deiseanna tráchtála a eascraíonn as inbhuanaitheacht agus meon tomhaltóirí atá ag athrú. Tacú le gnólachtaí measúnuithe fuinnimh a dhéanamh agus pleananna inbhuanaitheachta a chur i gcrích. 31/12/2024 LEO Líon na ngnólachtaí a bhaineann leas as tacaíochtaí 'Green for Business' agus 'Deontas Éifeachtúlachta Fuinnimh' de chuid LEO;  Líon na n-imeachtaí oiliúna a cuireadh ar fáil. An dá rud
Gníomh CP 1.11 Cur i bhfeidhm cuspóirí agus gníomhartha a bhaineann leis an aeráid a chur chun cinn sa Straitéis Turasóireachta. Leanúnach Forbairt Pobail agus Tuaithe CCG Tionscnaimh a bhaineann leis an aeráid curtha i bhfeidhm An dá rud
Gníomh CP 1.12 Tacú le tionscnamh na Scoileanna Glasa agus méadú ar líon na scoileanna atá rannpháirteach go gníomhach a éascú Leanúnach Rannóg Comhshaoil CCG Líon na n-idirghabhálacha tacaíochta / Líon na Scoileanna An dá rud
Cuspóir CP 2 Cuimsiú sóisialta agus comhtháthú sóisialta a chothú trí pháirtithe leasmhara éagsúla a mhealladh agus aistriú cóir chuig geilleagar ísealcharbóin a chur chun cinn.
Gníomh Spriocdháta Príomhpháirtí KPI Oiriúnú / Maolú
Gníomh CP 2.1 Maoiniú a lorg go gníomhach trí chlár 'Ciste an Aontais um Aistriú Cóir' agus béim á leagan ar bhearta um Ghníomhú ar son na hAeráide. Leanúnach Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG, Forbairt Pobail agus Tuaithe CCG Méid an mhaoinithe a bronnadh. Líon na dtionscadal a cuireadh i bhfeidhm. An dá rud
Gníomh CP 2.2 Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail nuashonraithe a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm a chinnteoidh go gcuirtear athrú aeráide san áireamh i bhforbairt an Phlean. Leanúnach Forbairt Pobail agus Tuaithe CCG Glacadh leis an bplean. Tuarascálacha bliantúla forbartha. An dá rud

4.5 An Geilleagar Ciorclach 

Sprioc Straitéiseach

An Geilleagar Ciorclach: Geilleagar ciorclach a chur chun cinn agus tacú leis chun dramhaíl a laghdú, acmhainní a chaomhnú agus inbhuanaitheacht a fheabhsú. 

Is tosaíocht don AE agus d'Éirinn é aistriú ó shamhlacha geilleagracha líneacha traidisiúnta go dtí geilleagar níos ciorclaí. Mar thoradh ar mhéadú ar an daonra agus ar rathúnas, tá méadú ag teacht ar thomhaltas acmhainní finideacha an domhain agus tá tionchair chomhshaoil agus aeráide ag a leithéid. Uasmhéadaíonn geilleagar ciorclach an úsáid a bhaintear as acmhainní, táirgí agus sócmhainní, agus íoslaghdaíonn sé tomhaltas acmhainní agus cur amú acmhainní de gach cineál. Tá sé seo i gcodarsnacht leis an gcur chuige traidisiúnta líneach táirgthe atá bunaithe ar tóg-déan-úsáid-diúscair agus tomhaltas, cur chuige nach bhfuil inbhuanaithe. Ní hamháin go gcaomhnóidh aistriú chuig geilleagar ciorclach acmhainní, ach laghdóidh sé tionchair chomhshaoil agus aeráide freisin. Cothóidh sé nuálaíocht agus, ar an gcaoi sin, méadófar iomaíochas agus cruthófar poist nua. Is féidir le gach duine ról a imirt trí rogha a dhéanamh maidir leis an gcaoi a úsáidimid acmhainní agus maidir leis an úsáid a bhainimid astu, agus trí dhramhaíl a athúsáid, a athchúrsáil agus a íoslaghdú mar chuid dár saol laethúil. 

 

Is iad na príomhchuspóirí náisiúnta an méid dramhaíola a tháirgimid a íoslaghdú, luach na n-ábhar atá in úsáid cheana féin a uasmhéadú, agus an oiread athúsáide agus deisithe agus is féidir a dhéanamh. Oibreoidh an Chomhairle chun tacú le spriocanna sa Phlean Náisiúnta Dramhaíola do Gheilleagar Ciorclach 2023-2029 trí ardleibhéil athchúrsála agus athúsáide a chur chun cinn, a spreagadh agus a éascú, agus trí Ionaid Fóntais Poiblí agus líonra d'ionaid fág anseo a chur ar fáil ar fud an Chontae. Chomh maith leis sin, tacóidh an Chomhairle le tionscnaimh éagsúla a bhfuil sé mar aidhm leo dramhaíl a laghdú/a dheisiú agus a athúsáid / tionscnaimh atá dírithe ar an ngeilleagar ciorclach i gcomhpháirt le páirtithe leasmhara agus leanfaidh an Chomhairle ar aghaidh ag comhoibriú leis an Oifig Réigiúnach um Pleanáil Dramhaíola agus le comhlachtaí náisiúnta chun tacú le feachtais atá dírithe ar dhramhaíl a chosc agus feachtais atá dírithe ar an ngeilleagar ciorclach ag leibhéal áitiúil. Leanfaidh an Chomhairle ar aghaidh, mar chuid dá ról mar Rialtóir Dramhaíola, ag obair chun na hiarrachtaí atá a ndéanamh an reachtaíocht dramhaíola a chomhlíonadh. 

 

Braitheann rath an Gheilleagair Chiorclaigh agus na bPolasaithe agus na bPleananna Bainistíochta Acmhainní ar athrú iompraíochta. Mar shochaí agus ina n-aonar, ní mór dúinn a bheith níos eolaí ar na naisc idir ár roghanna agus ár ngníomhaíochtaí laethúla féin, agus an tionchar ar an gcomhshaol. 

Cuspóirí


Cuspóir CE1

Tacú le pobail, gnólachtaí agus daoine aonair giniúint dramhaíola a laghdú agus an méid dramhaíola a athúsáidtear agus a athchúrsáiltear a.


Cuspóir CE2

Cinntiú go ndéantar bainistiú ceart ar dhramhaíl agus go laghdaítear an méid dramhaíola a sheoltar chuig líonadh talún nó a loisctear.

Ailíniú SDG  Comhthairbhí


Rannpháirtíocht shibhialta níos fearr


Sláinte agus folláine níos fearr


Costais laghdaithe


Dramhaíl laghdaithe

 

Sprioc 5. An Geilleagar Ciorclach 

Cuspóir CE 1 Tacú le pobail, gnólachtaí agus daoine aonair giniúint dramhaíola a laghdú agus an méid dramhaíola a athúsáidtear agus a athchúrsáiltear a mhéadú.
Gníomh Spriocdháta Príomhpháirtí KPI Oiriúnú / Maolú
Gníomh CE 1.1 Tacú le tionscnaimh chiorclacha, amhail acmhainní a chosc, a athúsáid, a dheisiú agus a athchúrsáil. Tacú le forbairt fiontar comhoibritheach, faoi úinéireacht an phobail agus comhfhiontair chomhoibríocha eile chun úsáid agus comhroinnt acmhainní níos éifeachtaí a chothú. Leanúnach Rannóg Comhshaoil CCG Líon na dtionscnamh ar tugadh tacaíocht dóibh Maolú
Gníomh CE 1.2 Tionscadal píolótach a chur i bhfeidhm atá dírithe ar thomhaltas cupán caife aonúsáide a laghdú agus é mar aidhm straitéisí rathúla a scálú ina dhiaidh sin ar fud an chontae. Leanúnach Rannóg Comhshaoil CCG Tionscadal píolótach curtha i bhfeidhm Maolú
Gníomh CE 1.3 Tionscnaimh a chur i bhfeidhm chun leanúint ar aghaidh ag laghdú, ag athúsáid agus ag athchúrsáil dramhaíola ar fud an chontae i gcomhpháirtíocht leis an earnáil phríobháideach, m.sh., méadú ar líon na n-araidí athchúrsála poiblí agus ionaid Fóntas Poiblí, méadú ar líon na scairdeán uisce, bailiú teicstíle/gloine leathnaithe. Leanúnach Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG, Rannóg Comhshaoil CCG Líon na dtionscnamh agus cineálacha tionscnaimh ar tugadh tacaíocht dóibh Maolú
Gníomh CE 1.4 Measúnú a dhéanamh ar Phleananna Bainistíochta Dramhaíola Tógála agus Scartála d'fhorbraíochtaí beartaithe chun a chinntiú go n-aithnítear gach sruth dramhaíola féideartha go luath agus bearta cuí curtha i bhfeidhm chun cosc, athúsáid, athchúrsáil agus aisghabháil dramhaíola a chur chun cinn i gcomhréir le grádlathas na réiteach dramhaíola. Leanúnach Rannóg Pleanála CCG # na measúnuithe a rinneadh gach bliain agus comhlíonadh na treorach dea-chleachtais maidir le bainistiú dramhaíola Tógála & Scartála. Maolú
Gníomh CE 1.5 Imscrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go n-athúsáidfí ábhair dhramhaíola ó bhóithre i dtionscadail nua tógála. 31/12/2025 Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG Measúnú féidearthachta curtha i gcrích. Maolú
Cuspóir CE 2 Cinntiú go ndéantar bainistiú ceart ar dhramhaíl agus go laghdaítear an méid dramhaíola a sheoltar chuig líonadh talún nó a loisctear.
Gníomh Spriocdháta Príomhpháirtí KPI Oiriúnú / Maolú
Gníomh CE 2.1 Tacú le feidhmiú céimneach na gcóras bailithe araidí donn leithscartha ar fud an Chontae chun aisghabháil bithmheatáin a éascú i gcomhréir leis an bPlean Náisiúnta Bainistíochta Dramhaíola do Gheilleagar Ciorclach. Leanúnach Rannóg Comhshaoil CCG % na dteaghlach a bhfuil bailiúchán 3 bhosca bruscair acu Maolú
Gníomh CE 2.2 Teaghlaigh nach bhfuil gnáthsheirbhís bailithe dramhaíola i bhfeidhm acu faoi láthair a aithint, agus fáil amach conas a bhainistíonn siad a gcuid dramhaíola. Cigireacht a dhéanamh ar áitribh thráchtála chun comhlíonadh a chinntiú maidir le leithscaradh dramhaíola agus go háirithe dramhbhia. Leanúnach Rannóg Comhshaoil CCG # na dteaghlach a ndearnadh teagmháil leo agus # na dteagmhálacha a raibh seirbhís araidí mar thoradh orthu; # na n-áitreabh tráchtála a ndearnadh teagmháil leo agus # na n-áitreabh tráchtála le córas 3 bhosca bruscair i bhfeidhm le béim ar bhainistiú dramhbhia. Maolú
Gníomh CE 2.3 Cigireachtaí a dhéanamh ar bhailitheoirí dramhaíola ceadaithe agus ar shaoráidí dramhaíola agus ar ghníomhaíochtaí dramhaíola mídhleathacha agus gníomh forfheidhmiúcháin a dhéanamh de réir mar is gá. Leanúnach Rannóg Comhshaoil CCG # bailíochtaithe/ fíoruithe comhlíontacha ar Thuairisceáin Bhliantúla curtha i gcrích; Líon na gcigireachtaí agus na ngníomhaíochtaí forfheidhmithe Maolú

4.6 Talamhúsáid agus Bonneagar Glas

Sprioc Straitéiseach

Talamhúsáid agus An Timpeallacht Nádúrtha: Ár dtimpeallacht nádúrtha a chaomhnú agus a fheabhsú trí chleachtais talamhúsáide inbhuanaithe a chur i bhfeidhm agus a chur chun cinn chun bithéagsúlacht a chosaint agus chun an t-athrú aeráide a chomhrac.  

Tá bithéagsúlacht agus gnáthóga nádúrtha i gContae na Gaillimhe leochaileach d'éifeachtaí an athraithe aeráide, ach tá ról tábhachtach acu freisin maidir le hacmhainn oiriúnaitheach a fhorbairt. Sa dearbhú maidir le héigeandáil athraithe aeráide agus bithéagsúlachta a rinneadh i nDáil Éireann i mí na Bealtaine 2019, aithnítear an phráinn a bhaineann le gníomhú ar na géarchéimeanna domhanda idirnasctha seo. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, bithéagsúlacht agus gnáthóga nádúrtha i gContae na Gaillimhe a chosaint, a athbhunú agus a fheabhsú chun athléimneacht na gcóras nádúrtha agus daonna i leith an athraithe aeráide a mhéadú. 
 

Tá comhdhearcadh ann maidir leis an tuiscint go bhfuil éifeachtaí díreacha agus indíreacha ag an athrú aeráide ar an mbithéagsúlacht, agus gur dócha, faoi dheireadh an 21ú haois, go nglacfar leis mar cheann de na cúiseanna is suntasaí atá le cailliúint na bithéagsúlachta. Is é an aidhm atá leis na gníomhartha sa chuid seo cosaint i gcoinne na n-éifeachtaí seo trí bhithéagsúlacht agus oidhreacht Chontae na Gaillimhe a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, timpeallacht shábháilte agus shláintiúil a chinntiú atá athléimneach i leith éifeachtaí an athraithe aeráide agus trí bhainistiú éifeachtach dramhaíola a chur i bhfeidhm agus tacú lena leithéid. 
 

Ní liosta uileghabhálach é an liosta gníomhartha thíos de gach gníomh pleanáilte aeráide a bhaineann le bithéagsúlacht agus oidhreacht; beidh léargas níos cuimsithí agus níos comhordaithe ar na réimsí seo le fáil sa Phlean Bithéagsúlachta agus sa Phlean Oidhreachta atá le foilsiú amach anseo. 

Cuspóirí


Cuspóir LN1

Tacú le slándáil bia agus táirgeadh bia áitiúil inbhuanaithe agus timpeallacht shábháilte shláintiúil a chinntiú atá athléimneach i leith éifeachtaí an athraithe aeráide.


Cuspóir LN2

Bithéagsúlacht agus oidhreacht Chontae na Gaillimhe a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú.


Cuspóir LN3

Tacú le réitigh nádúrbhunaithe chun an t-athrú aeráide a mhaolú agus oiriúnú dó, chomh maith le tairbhí breise a sholáthar.

 

Ailíniú SDG Comhthairbhí


Slándáil bia méadaithe


Sláinte agus folláine níos fearr

 

Sprioc 6. Úsáid Talún agus an Timpeallacht Nádúrtha 

Cuspóir LN 1 Tacú le slándáil bia agus táirgeadh bia áitiúil inbhuanaithe agus timpeallacht shábháilte shláintiúil a chinntiú atá athléimneach i leith éifeachtaí an athraithe aeráide.Spriocdháta
Gníomh Sprioc
dháta
Príomhpháirtí KPI Oiriúnú / Maolú
Gníomh LN 1.1 Tacú le feirmeoirí san aistriú i dtreo cleachtais talmhaíochta ísealcharbóin atá seasmhach ó thaobh na haeráide de. Oibriú le gníomhaireachtaí ábhartha chun straitéis chomhtháite feasachta/aistrithe eolais a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm d'earnálacha na talmhaíochta agus an bhia. Tacar uirlisí agus clár oiliúna a fhorbairt le haghaidh rannpháirtíochta le linn gnáthchuairteanna feirme. Leanúnach Gníomhaireachtaí Seachtracha Straitéis Feasachta agus Tacar Uirlisí forbartha. Líon Rannpháirtíochta le Feirmeoirí agus le Táirgeoirí Bia. Astaíochtaí Talmhaíochta (tonaí in aghaidh an heicteáir) An dá rud
Gníomh LN 1.2 Oibriú le hIonad Nuálaíochta BIA chun tacú le gníomhú ar son na haeráide in earnáil an bhia agus na talmhaíochta. Leanúnach Rannóg Comhshaoil CCG, Forbairt Pobail agus Tuaithe CCG Astaíochtaí Talmhaíochta (tonaí in aghaidh an heicteáir) An dá rud
Gníomh LN 1.3 Cáilíocht an uisce agus an aeir a chosaint trí chigireachtaí a dhéanamh ar chórais chóireála fuíolluisce tí, ceadúnais scaoilte, feirmeacha agus soláthraithe breosla de réir riachtanas náisiúnta agus de réir mar is gá. Tacú le bearta feabhsúcháin agus maolaithe atá ag teastáil chun stádas maith nó ardchaighdeán uisce a choinneáil nó a bhaint amach sa chontae lena n-áirítear réitigh nádúrbhunaithe nuair is féidir. Leanúnach Rannóg Comhshaoil CCG Líon na gcigireachtaí a cuireadh i gcrích An dá rud
Cuspóir LN 2 Bithéagsúlacht agus oidhreacht Chontae na Gaillimhe a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú.
Gníomh Sprioc
dháta
Príomhpháirtí KPI Oiriúnú / Maolú
Gníomh LN 2.1 Réimsí tosaíochta a aithint atá oiriúnach don timpeallacht ghlactha d'athchóiriú gnáthóige, d'fheabhsú fiadhúlra agus do chosaint gnáthóige ar mhaithe le tairbhí carbóin agus bithéagsúlachta. Oibriú le páirtithe leasmhara lena n-áirítear úinéirí talún chun deiseanna a aithint chun athchóiriú gnáthóige agus tírdhreach atá oiriúnach don timpeallacht ghlactha a sheachadadh. 31/12/2025 Rannóg Pleanála CCG Ha aitheanta le haghaidh cosanta / athchóirithe; ha cosanta/athchóirithe An dá rud
Gníomh LN 2.2 Iniúchadh a dhéanamh ar thalamh na n-údarás áitiúil, suirbhéanna éiceolaíochta/gnáthóige a dhéanamh agus aird a tharraingt ar limistéir atá i mbaol (agus limistéir atá faoi bhláth nó atá ag cur seirbhísí um cheapadh ar fáil) agus iad siúd atá oiriúnach d'athchóiriú agus do stóráil charbóin fheabhsaithe, chomh maith le conairí fiadhúlra ar féidir iad a chosaint trí phleananna reachtúla a aithint. 31/12/2025 Rannóg Pleanála CCG Ha aitheanta le haghaidh cosanta / athchóirithe; ha cosanta/athchóirithe An dá rud
Gníomh LN 2.3 Suirbhé ar chumhdach crann a dhéanamh agus beartas bainistíochta crann a cheapadh agus a ghlacadh a aithníonn na seirbhísí éiceachórais a sholáthraíonn gnáthóg coillearnaí atá ann cheana féin agus a fhéachann le gnáthóga den sórt sin a choinneáil agus tacú leo. 31/12/2025 Rannóg Pleanála CCG Suirbhé curtha i gcrích; Glacadh leis an mbeartas. An dá rud
Gníomh LN 2.4 Plean laghdaithe lotnaidicídí agus luibhicídí a chur i bhfeidhm do Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Leanúnach Rannóg Pleanála CCG % laghdú úsáid lotnaidicídí An dá rud
Gníomh LN 2.5 Tionscnamh caomhnaithe pailneoirí ar fud an chontae a chur i bhfeidhm, gnáthóga a thacaíonn le pailneoir a chruthú agus a chothabháil bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is déanaí. 31/12/2025 Rannóg Pleanála CCG Plean Contae cruthaithe agus curtha i bhfeidhm. Líon na suíomhanna san áireamh. Gníomhartha a taifeadadh le NBDC/AIPP An dá rud
Gníomh LN 2.6 Plean Gníomhaithe nuashonraithe Oidhreachta agus Bithéagsúlachta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun bithéagsúlacht áitiúil a chosaint agus a fheabhsú, agus a chinntiú go gcuirtear athrú aeráide san áireamh i bhforbairt an phlean agus go soláthraíonn an plean sin comhthairbhí cuí don bhithéagsúlacht agus d'oiriúnacht agus athléimneacht an athraithe aeráide.  31/12/2024 Rannóg Pleanála CCG Plean forbartha agus glactha. Tuarascáil bhliantúil curtha i gcrích. An dá rud
Gníomh LN 2.7 Tacú le tionscadail eolaíochta saoránach chun díriú ar speicis agus gnáthóga atá íogair ó thaobh na haeráide de Leanúnach Rannóg Pleanála CCG Líon na dtionscadal eolaíochta saoránach ar tugadh tacaíocht dóibh An dá rud
Cuspóir LN 3 Tacú le réitigh nádúrbhunaithe chun an t-athrú aeráide a mhaolú agus oiriúnú dó, chomh maith le tairbhí breise a sholáthar.
Gníomh Spriocdháta Príomhpháirtí KPI Oiriúnú / Maolú
Gníomh LN 3.1 Cinntiú go dtugann gach tionscadal faoi stiúir ÚÁ réitigh nádúrbhunaithe faoi deara lena n-áirítear tógáil don bhithéagsúlacht de réir mar is cuí. Leanúnach Rannóg Comhshaoil CCG, Rannóg Pleanála CCG Líon agus cur síos ar na mbearta NBS a cuireadh chun feidhme in aghaidh na bliana An dá rud

4.7 Oiriúnú do Riosca Aeráide 

Sprioc Straitéiseach

Oiriúnú do Riosca Aeráide: Athléimneacht aeráide a fheabhsú trí bhearta oiriúnaithe réamhghníomhacha chun folláine agus bonneagar ár bpobail a chosaint. 

Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag obair go gníomhach ar gach gné den bhainistíocht riosca i gcás tuilte. San áireamh anseo tá gníomhartha a bhreithníonn riosca i gcás tuillte a eascraíonn as an athrú aeráide trí bheartais forbartha, comhoibriú le hOifig na nOibreacha Poiblí (ONP) mar an ghníomhaireacht stáit ceannais i ndáil le bainistíocht riosca i gcás tuilte in Éirinn mar chuid de thionscadail chosanta ar thuilte, miontionscadail chosanta ar thuilte dá chuid féin a chur i gcrích, réitigh nádúrbhunaithe a úsáid chun rioscaí i gcás tuilte a bhainistiú, pleananna freagartha éigeandála tuilte a ghníomhachtú, agus bonneagar a atógáil i ndiaidh teagmhas adhaimsire. Ó tharla nach bhfuil a fhios againn cén cinéal aimsire a bheidh ann amach anseo, is é an aidhm atá leis an bPlean seo a chinntiú go mbeidh Comhairle Chontae na Gaillimhe freagrúil agus athléimneach chomh fada is a bhaineann le riachtanais ár bpobal. 

 

Tríd an Measúnú Riosca ar an Athrú Aeráide a rinneadh fad is a bhí an Plean seo á fhorbairt, is léir go mbeidh leibhéil níos airde frasaíochta agus tuilte féideartha mar thoradh ar an athrú aeráide atá 'tarlaithe' cheana féin, agus go mbeidh níos mó seans ann go mbeidh tréimhsí fada triomaigh ann sna blianta amach romhainn. Trí cheantair agus pobail leochaileacha a aithint, oibreoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe chun na huasghráduithe agus na tionscadail riachtanacha a chur ar fáil chun a chinntiú go mbeidh gach pobal athléimneach chomh fada is a bhaineann leis na bagairtí seo. 

CUSPÓIRÍ


CUSPÓIR AD1

Athléimneacht agus acmhainn oiriúnaitheach an údaráis áitiúil agus an phobail áitiúil a mhéadú i leith thionchair reatha agus réamh-mheasta an athraithe aeráide.


CUSPÓIR AD2

Freagairt Éigeandála iomchuí chomhordaithe leis na hacmhainní cuí a chinntiú le linn éigeandálaí agus imeachtaí a bhaineann leis an aeráid.

 

Ailíniú SDG Comhthairbhí


Rialachas Feabhsaithe


Rannpháirtíocht shibhialta níos fearr


Soláthar seirbhísí níos fearr


Ionchuimsiú Sóisialta

 

Sprioc 7. Oiriúnú do Riosca Aeráide 

Cuspóir AD 1 Athléimneacht agus acmhainn oiriúnaitheach an údaráis áitiúil agus an phobail áitiúil a mhéadú i leith thionchair reatha agus réamh-mheasta an athraithe aeráide.
Gníomh Spriocdháta Príomhpháirtí KPI Oiriúnú / Maolú
Gníomh AD 1.1 Comhoibriú le hOifig na nOibreacha Poiblí chun measúnú a dhéanamh ar thionchair dóchúla an athraithe aeráide lena n-áirítear ardú ar leibhéal na farraige agus creimeadh cósta ar an timpeallacht thógtha. Tús áite a thabhairt do réimsí measúnaithe breise agus maoiniú/tacaíocht a lorg chun an riosca a mhaolú. Cabhrú le CARO le clár a fhorbairt de bhonneagar ríthábhachtach, de chórais agus de shócmhainní atá i mbaol ó imeachtaí aeráide atá ann cheana agus atá tuartha. 31/12/2025 Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG, Rannóg Comhshaoil CCG Measúnú críochnaithe. Clár forbartha. Oiriúnú
Gníomh AD 1.2 Comhoibriú le heagraíochtaí Rialtais chun bearta caipitil a sholáthar do réimsí tosaíochta aitheanta ina gcuimsítear réitigh nádúrbhunaithe, bithéagsúlacht agus feabhsú cháilíocht an uisce. Leanúnach Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG, Rannóg Comhshaoil CCG Maoiniú faighte. Limistéir faoi chosaint. Oiriúnú
Gníomh AD 1.3 Cinntiú go n-ionchorpraítear Pleananna Oiriúnaithe Earnála um Bainistíocht Riosca i gCás Tuilte agus Athrú Aeráide i bpleanáil spásúil an Chontae, ag féachaint go cuí don ghá atá le réitigh nádúrbhunaithe agus Córais Draenála Uirbeacha Inbhuanaithe (SuDS) a chur chun cinn, agus íogaireachtaí comhshaoil ag na láithreacha sin. Leanúnach Rannóg Pleanála CCG Glacadh CDP/LAPanna Oiriúnú
Gníomh AD 1.4 Straitéisí bliantúla um Oiriúnú Aeráide do Bhóithre Réigiúnacha agus Áitiúla a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Leanúnach Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG Straitéisí bliantúla forbartha agus curtha i bhfeidhm. Oiriúnú
Gníomh AD 1.5 Bearta oibríochtúla atá riachtanach chun bonneagar/trealamh criticiúil a chosaint ar imeachtaí aeráide a aithint agus a chur i bhfeidhm, agus aon chláir chothabhála/uasghrádaithe is gá a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar riosca aeráide. Leanúnach Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG Bearta oibríochtúla aitheanta agus clár bliantúil curtha i bhfeidhm. Oiriúnú
Action AD 1.6 Promote and encourage community involvement in the retrofit of SuDS in existing developments, maintaining community rain gardens, discourage hard paving in gardens and retrofit raingardens / water butt installations. Leanúnach Páirtnéirí Éagsúla Líon na dtionscnamh bolscaireachta (postálacha meán sóisialta, ailt, etc.) agus imeachtaí rannpháirtíochta in aghaidh na bliana. An dá rud
Gníomh AD 1.7 Oibriú leis an OOP agus le páirtithe leasmhara eile chun Mionscéimeanna agus Mórscéimeanna um Chosaint ar Thuilte agus um Thuiledíonadh ar fud an chontae a thacaíonn le Réitigh Nádúrbhunaithe chun cur le líon na gcomhthairbhí a aithint agus tacú leo. Leanúnach Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG Líon na dtionscadal a cuireadh i gcrích. Maoiniú caite. Oiriúnú
Gníomh AD 1.8 Tacú le scéimeanna grúpa uisce príobháideacha chun foinsí uisce óil atá leochaileach don athrú aeráide a aithint agus chun cosaint foinse nó foinsí malartacha a fhorbairt chun cainníocht uisce agus leibhéil cháilíochta a choinneáil 31/12/2024 Seirbhísí Uisce CCG Líon na GWS a fuair tacaíocht. Oiriúnú
Cuspóir AD 2 Freagairt Éigeandála iomchuí chomhordaithe leis na hacmhainní cuí a chinntiú le linn éigeandálaí agus imeachtaí a bhaineann leis an aeráid.
Gníomh Spriocdháta Príomhpháirtí KPI Oiriúnú / Maolú
Gníomh AD 2.1 Athbhreithniú a dhéanamh ar an bPlean Móréigeandála agus ar phleananna bainistíochta riosca ábhartha eile chun a chinntiú go n-ionchorpraítear faisnéis riosca aeráide atá cothrom le dáta 31/12/2025 Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG Pleananna Nuashonraithe. An dá rud
Gníomh AD 2.2 Pleananna teagmhasacha a aithint le haghaidh imeachtaí aeráide a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar bhonneagar criticiúil, agus iarmhairtí móra agus/nó tionchar cascáideach ar sheirbhísí eile mar thoradh ar chliseadh. Plean straitéiseach bainistíochta falscaí a ullmhú do cheantair ardriosca. Cumarsáid shoiléir a chur ar fáil do phobail. 31/12/2025 Seirbhísí Éigeandála CCG, Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG Pleananna teagmhasacha forbartha. Oiriúnú
Gníomh AD 2.3 Athbhreithniú a dhéanamh ar pholasaithe teocht íseal (sneachta & sioc) ar fud an chontae do bhóithre agus do chosáin. 31/12/2025 Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG Polasaithe athbhreithnithe. Oiriúnú
Gníomh AD 2.4 Tionchar imeachtaí adhaimsire a ghabháil trí chórais taifeadta agus bainistíochta teagmhas atá ann cheana a chomhtháthú, lena n-áirítear WIRE agus SWEMS, oiliúint a dhéanamh agus teagmhais a thaifeadadh. Leanúnach Páirtnéirí Éagsúla WIRE agus SWEMS comhtháite Oiriúnú