Image of windmills against the aurora lights

1.1.  Cuspóir an Phlean Um Ghníomhú ar son na hAeráide 

Aithníodh an tAthrú Aeráide mar an dúshlán domhanda is práinní dár linne. Tá sé de dhualgas níos mó ar rialtais náisiúnta agus áitiúla gníomhaíocht uaillmhianach a dhéanamh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa is cúis leis an athrú aeráide (maolú) a laghdú agus athléimneacht i leith tionchair agus rioscaí an athraithe aeráide a mhéadú (oiriúnú). 

D'ullmhaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024-2029 seo, chun dea-chleachtas i ngníomhú ar son na haeráide a sheachadadh agus chun tacú leis, ag an leibhéal áitiúil. Ullmhaíodh an Plean seo de réir Threoirlínte Phlean Gníomhaithe na nÚdarás Áitiúil ar son na hAeráide, a d'fhoilsigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide i Márta 2023. Tá sé ailínithe le Cuspóir Aeráide Náisiúnta foriomlán an Rialtais, a fhéachann leis an aistriú chuig geilleagar atá athléimneach ó thaobh na haeráide de, atá saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta de, atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus atá neodrach ó thaobh na haeráide de a shaothrú agus a bhaint amach tráth nach déanaí ná deireadh 2050. 

Tá sé seo leagtha amach san Acht um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, a leagann amach uaillmhian aeráide na hÉireann atá ceangailteach ó thaobh dlí de, chun laghdú 51% ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2030. Cuirfidh sé seo an tír ar chonair chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi dheireadh 2050. Agus an Plean á ullmhú, chuir Comhairle Chontae na Gaillimhe reachtaíocht agus beartas ábhartha eile san áireamh chomh maith leis an measúnú riosca ar athrú aeráide agus an measúnú ar astaíochtaí bonnlíne, atá san áireamh mar chuid den Phlean seo.  

Ceanglaítear leis an Acht ar gach údarás áitiúil in Éirinn Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide cúig bliana a ullmhú ina leagtar amach bealach soiléir i dtreo astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ar an leibhéal áitiúil trí bhearta maolaithe a chur i bhfeidhm agus an riosca do phobail ón athrú aeráide a laghdú trí bhearta oiriúnaithe.  

  • Baineann Maolú ar an Athrú Aeráide le hathrú a dhéanamh ar an gcaoi a mhairimid, a bhogaimid, a ídímid agus a mhonaraímid, chun táirgeadh gás ceaptha teasa díobhálach a laghdú agus/nó deireadh a chur leis, áirítear ann freisin an chaoi is fearr a n-úsáidimid ár dtalamh; agus 
  • Tagraíonn Oiriúnú don Athrú Aeráide do dhéileáil le tionchair an athraithe aeráide agus baineann sé le gníomhartha praiticiúla a dhéanamh chun rioscaí a bhainistiú, pobail a chosaint agus athléimneacht an gheilleagair a neartú (e.g., ó thuilte, ardú ar leibhéal na farraige etc). 

Beidh sé dúshlánach na spriocanna seo a bhaint amach agus beidh athruithe ó bhonn ag teastáil i gcuid mhór de shaol na hÉireann. Agus muid ag tabhairt faoin dúshlán sin, feabhsóimid sláinte, leas agus slándáil ár ndaoine, agus ag an am céanna beidh muid ag cosaint ár gcomhshaol agus ag soláthar deiseanna nua.  

Ní cáipéis neamhspleách é seo; déanfar a spriocanna agus a cuspóirí a ionchorprú i bpleananna agus i mbeartais Comhairle Chontae na Gaillimhe amach anseo chun a chinntiú go mbeidh an t-athrú aeráide chun tosaigh ina soláthar seirbhíse. Tacaíonn raon pleananna eile, lena n-áirítear Plean Corparáideach na Comhairle agus Plean Forbartha Contae na Comhairle, leis an Dréachtphlean Gníomhaithe ar son na hAeráide seo freisin.  

Leanfaidh an Chomhairle freisin lena hiarrachtaí tionscadail uaillmhianacha um ghníomhú ar son na haeráide a chur i bhfeidhm, rud a chuirfidh ar chumas na bpobal áitiúil a bheith faoi bhláth agus oibriú i dtreo fíor-réitigh atá fóinteach, cuimsitheach, cothrom agus inrochtana do chách, agus ar an gcaoi sin tús áite a thabhairt d'aistriú cóir. Tá sé sin riachtanach chun a chinntiú gur féidir na tairbhí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann le gníomhú ar son na haeráide a bhaint amach go hiomlán. 

1.2. An Creat um Ghníomhú ar son na hAeráide

Is príomhionstraim é Plean Gníomhaithe na n-Údarás Áitiúil ar son na hAeráide chun na naisc idir beartas aeráide náisiúnta agus idirnáisiúnta agus seachadadh éifeachtach gnímh ar son na haeráide ag an leibhéal áitiúil agus pobail a neartú, trí ghníomhaíocht aeráide atá bunaithe ar áit. Is é an luach intreach a bhaineann le plean gníomhaithe na n-údarás áitiúil ar son na haeráide ná go bhfuil ról suntasach aige maidir le tiomantas na hearnála rialtais áitiúil a threisiú chun gníomhú ar son na haeráide ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal náisiúnta.  

Le linn a ullmhúcháin agus a chur i bhfeidhm, tugann an Plean seo deis do pháirtithe leasmhara criticiúla a thabhairt le chéile ar fud na bpobal agus na ngnólachtaí chun fís a chruthú do thodhchaí aeráidneodrach. Is iad na prionsabail threoracha atá mar bhonn agus mar thaca ag an bplean ná gur chóir go mbeadh sé Uaillmhianach, Dírithe ar Ghníomhaíocht, Bunaithe ar Fhianaise, Rannpháirteach agus Trédhearcach. 

Cuireann an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide córas ar fáil chun gníomhartha um oiriúnú aeráide agus um mhaolú aeráide araon a thabhairt le chéile chun cabhrú le gníomh dearfach ar son na haeráide agus torthaí dearfacha ar son na haeráide a chur chun cinn ar fud an údaráis áitiúil agus a limistéir riaracháin. Chun ailíniú a chinntiú idir gníomhartha féideartha ar an talamh agus an fhís atá ag an bPlean a sheachadadh, socraítear gníomhartha laistigh de struchtúr sainithe, ina gcuimsítear: 

  1. Fís uileghabhálach a léiríonn an dearcadh comhroinnte maidir le todhchaí atá athléimneach ó thaobh na haeráide de agus atá aeráidneodrach do Chontae na Gaillimhe. 
  2. Plean Misin a labhraíonn go praiticiúil le bunchuspóir an údaráis áitiúil maidir le gníomh éifeachtach ar son na haeráide a sheachadadh i gContae na Gaillimhe. 
  3. Spriocanna Straitéiseacha lena leagtar amach an comhthéacs do na gníomhartha aeráide agus lena mbunaítear socrú struchtúrtha nó téamach gníomhartha. 
  4. Cuspóirí a thacaíonn le seachadadh na spriocanna straitéiseacha agus béim chuí na ngníomhaíochtaí á leagan ag an am céanna. 
  5. Gníomhartha atá sonrach, réalaíoch, dírithe ar ghníomhaíocht, faoi cheangal ama agus intomhaiste, lena léirítear méadú ar ghníomh uaillmhianach ar son na haeráide ar an leibhéal áitiúil. 

1.3. Rialachas Comhshaoil

Tá ról lárnach ag rialachas comhshaoil maidir lenár n-éiceachórais agus ár n-acmhainní nádúrtha a chosaint. Cinntíonn Comhairle Chontae na Gaillimhe go ndéantar a cuid beartas, rialachán agus cinntí maidir leis an gcomhshaol le hinbhuanaitheacht san áireamh, ag cothromú riachtanais a pobal le cosaint an chomhshaoil. 

Is meicníochtaí tábhachtacha iad na próisis um Mheasúnacht Straitéiseach Comhshaoil (MSC) agus um Mheasúnacht Chuí (MC) chun a chinntiú go ndéantar breithnithe maidir le cosaint an chomhshaoil agus bainistiú caomhnaithe an dúlra a chomhtháthú i bhforbairt agus i gcur i bhfeidhm Phlean Gníomhaithe na n-Údarás Áitiúil ar son na hAeráide.

Treoir an AE maidir le Measúnacht Straitéiseach Comhshaoil (MSC)

Tá Plean Gníomhaithe na nÚdarás Áitiúil ar son na hAeráide faoi réir chomhlíonadh na Treorach MSC (Treoir 2001/42/CE) maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol. Is é MSC an próiseas trína gceanglaítear breithnithe comhshaoil a chomhtháthú go hiomlán in ullmhú pleananna agus clár arna bhforbairt ag údaráis phoiblí, sula nglacfar leo. Is é MSC an mheastóireacht fhoirmiúil agus chórasach ar na héifeachtaí suntasacha is dócha a bheadh ag aon phlean nó clár ar an gcomhshaol a chur i bhfeidhm. 

Tugann Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnú Comhshaoil ar Phleananna agus Cláir Áirithe) 2004 (I.R. Uimh. 435 de 2004), arna leasú ag I.R. Uimh. 200 de 2011, éifeacht do thrasuí na Treorach MSC i ndlí na hÉireann. 

Chun críocha chomhlíonadh na Treorach MSC, ceanglaítear ar gach údarás áitiúil, mar an 't-údarás inniúil' measúnú comhshaoil a dhéanamh ar na héifeachtaí suntasacha is dócha a bheadh ag cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta aeráide ar an gcomhshaol de réir fhorálacha na rialachán thuasluaite. Tá tuarascáil MSC ag gabháil leis an bPlean seo.

Treoir an AE um Ghnáthóga - Measúnacht Chuí

Tá Plean Gníomhaithe na nÚdarás Áitiúil ar son na hAeráide faoi réir Measúnacht Chuí freisin faoi Airteagal 6(3) de Threoir an AE um Ghnáthóga (Treoir 92/43/CEE) chun a chinneadh an dócha go mbeidh éifeachtaí suntasacha ag a chur i bhfeidhm ar aon láithreáin Natura 2000. Ní fhéadfaidh údaráis áitiúla, mar na 'húdaráis inniúla' fhorordaithe, an Plean a ghlacadh ach amháin tar éis dóibh a fháil amach nach mbeidh tionchar suntasach aige ar shláine láithreáin Natura 2000 as féin, nó i gcomhar le pleananna nó tionscadail eile. 

Soláthraíonn an treoir cosaint dhlíthiúil do ghnáthóga agus do speicis a bhfuil tábhacht Eorpach leo trí líonra Natura 2000 a bhunú. Áirítear ar líonra Natura 2000 láithreáin atá ainmnithe mar Limistéir Chaomhantais Speisialta (SACanna) faoin Treoir um Ghnáthóga agus Limistéir faoi Chosaint Speisialta (SPAnna) atá ainmnithe faoi Threoir an AE um Éin (Treoir 79/409/CEE, arna leasú le Treoir 2009/147/CE).

1.4. Deiseanna Gníomhaíochta ar son na hAeráide 

Mar thoradh ar chur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide, beidh infheistíochtaí nua ann a sholáthróidh comhthairbhí éagsúla, amhail folláine agus cáilíocht saoil níos fearr, agus deiseanna nua gnó agus fostaíochta a d'fhéadfadh a bheith ann. 

Tacóidh sé seo le cuspóirí eile de chuid Comhairle Chontae na Gaillimhe, amhail: 

Níl an liosta seo uileghabhálach agus tá iliomad comhthairbhí breise ann a d'fhéadfadh teacht as cur i bhfeidhm éifeachtach an Phlean. 

1.5. Próifíl Chontae na Gaillimhe

I bhfianaise mhéid agus ghnéithe geografacha an Chontae, chomh maith le sócmhainní agus freagrachtaí bonneagair Comhairle Chontae na Gaillimhe, tá tionchar diúltach an athraithe aeráide ina riosca suntasach do chónaitheoirí, don gheilleagar, don chomhshaol, agus do sheachadadh seirbhísí rialtais áitiúil amach anseo. 

Mar sin, tá sé ríthábhachtach cur lenár mbearta oiriúnaithe aeráide agus maolaithe aeráide i gcur chuige pleanáilte agus comhordaithe ar fud an chontae. 

Tá Gaillimh ar an dara contae is mó in Éirinn a bhfuil achar beagnach 6,149 ciliméadar cearnach aige, agus tá cósta ag síneadh go beagnach 2,000 ciliméadar. Sa bhliain 2016, thaifead an Phríomh-Oifig Staidrimh daonra de bheagnach 180,000 duine i gContae na Gaillimhe taobh amuigh de Chathair na Gaillimhe. Roinneann an contae teorainn le Maigh Eo ó thuaidh, leis an gClár ó dheas agus le Ros Comáin agus Uíbh Fhailí ar an taobh thoir agus le Tiobraid Árann soir ó dheas. I measc na dteorainneacha nádúrtha eile tá Cuan na Gaillimhe ar an taobh thiar chomh maith le Sionainn agus Loch Deirgeirt ar an taobh thoir agus ar an taobh thoir theas faoi seach. Tá tírdhreach éagsúil nádúrtha sa chontae a chuimsíonn gnéithe cosúil le ceantar sléibhtiúil Chonamara siar ó Abhainn na Gaillimhe, tailte talmhaíochta torthúla ar an taobh thoir agus limistéar aolchloiche níos éagsúla ó dheas. Tagann na tréithe topagrafacha seo le chéile chun a suíomh tírdhreacha den scoth agus éagsúil a thabhairt do Ghaillimh. 

Tá gréasán suntasach lonnaíochtaí ar scálaí éagsúla agus an daonra Gaeltachta is mó in Éirinn, arb ionann é agus thart ar 49.7% de dhaonra náisiúnta na Gaeltachta mar a thaifead an Phríomh-Oifig Staidrimh in 2016. Sainaithnítear sa Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Eacnamaíochta (SRSE) limistéar cathrach nua lena n-áirítear Cathair na Gaillimhe ina hiomláine agus lonnaíochtaí Bhaile Chláir, Bhearna agus Órán Mór. Tá Béal Átha na Sluaighe agus Tuaim ainmnithe mar Phríomhbhailte agus aithnítear Baile Átha an Rí mar cheantar a bhfuil Acmhainneacht Straitéiseach aige. I measc na mbailte suntasacha eile tá an Clochán ar an gcósta thiar agus Baile Locha Riach, Port Omna agus an Gort soir ó Loch Coirib. Tá ceithre phríomhoileán a bhfuil cónaí ann freisin, Inis Móir, Inis Oírr, Inis Meáin agus Inis Bó Finne. Tá gréasán mótarbhealaí soir ón gcontae (M6 agus M17/M18) ag Gaillimh anois chomh maith le seirbhís iarnróid ó Ghaillimh go Baile Átha Cliath agus Luimneach. 

Léirítear i léaráid 1.1 príomhshonraí déimeagrafacha a bhaineann le daonáireamh 2016. Áirítear leis tagairt don daonra iomlán, áit a bhfuil cónaí ar dhaoine, áit ina bhfuil siad ag obair agus líon na ndaoine a bhfuil cónaí orthu sa teach. Déanfar é seo a nuashonrú le sonraí daonáirimh 2021 sula nglacfar leis an bPlean.

Fíor 1.1: Príomhshonraí Déimeagrafacha do Chomhairle Chontae na Gaillimhe ó Dhaonáireamh 2022

1.6. Scóip Comhairle Chontae na Gaillimhe maidir le Gníomhú ar son na hAeráide 

Is príomhspreagthóirí iad na húdaráis áitiúla chun beartas aeráide a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil. 

Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe freagrach as éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, thar a sócmhainní agus a bonneagar féin, i gcomhréir leis an sprioc 51% atá leagtha síos go dtí 2030 agus an chonair i dtreo sprioc na haeráidneodrachta faoi 2050. 

Leagtar amach sa Phlean seo freisin an ról níos leithne atá againn maidir le tionchar a imirt ar dhaoine eile agus iad a éascú chun a gcuid spriocanna agus uaillmhianta féin a bhaint amach. Cé go mbeidh an Plean Gníomhaíochta ar son na hAeráide uaillmhianach chun ár ról ceannaireachta a léiriú, ní chuimseofar sa phlean gníomhartha nach dtagann laistigh de shainchúram agus rialachas Comhairle Chontae na Gaillimhe. Tá achoimre ar ár ról leagtha amach i dTábla 1.

1.7. Gníomhú ar son na hAeráide ag Comhairle Chontae na Gaillimhe go dtí seo 

Tá bearta oiriúnaithe agus maolaithe curtha i gcrích ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ag leibhéil áitiúla agus ag leibhéal an phobail agus tá sé i gceist aici dlús a chur leis an obair sin leis an Phlean. Tá sé seo sa bhreis ar an iliomad gníomhartha aeráide tábhachtacha atá á stiúradh ag pobail agus gnólachtaí áitiúla ar fud an chontae. Áirítear le gníomhartha den sórt sin: 

  • Úsáid Fuinnimh Inmheánach Comhairle Chontae na Gaillimhe: Bhaineamar amach an sprioc Éifeachtúlachta Fuinnimh 33% faoi 2020 trí uasghrádú a dhéanamh ar an gcóras soilsithe poiblí, trí bhearta éifeachtúlachta a chur i bhfeidhm, trí fhoirgnimh a iarfheistiú agus trí chórais fuinnimh in-athnuaite a shuiteáil. 
  • Aistriú Cóir: Faoi mhí na Nollag 2023, beidh 284 aonad dár stoc tithíochta sóisialta iarfheistithe, arb ionann é agus thart ar 10% den stoc iomlán. Áiríodh leis an obair seo córais téimh breoslaí iontaise a bhaint agus teaschaidéil agus painéil ghréine a shuiteáil. Mar thoradh air sin, tá méadú tagtha ar chompord agus ar bhillí fuinnimh laghdaithe agus laghdú measta de 475 tona d'astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh na bliana. 
  • Taisteal Gníomhach: Cuireadh roinnt tionscadal maidir le Taisteal Gníomhach i bhfeidhm lena n-áirítear lánaí rothaíochta, tionscadail um chosáin a fheabhsú, bearta sábháilteachta ar bhóithre coisithe, idirghabháil luais, tacaíocht leis an gclár Bealaí Sábháilte chun na Scoile agus tionscadail maidir le droichead coise a fhorbairt. 
  • Tacaíochtaí Pobail: Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag tacú le 10 bpobal Máistirphleananna Fuinnimh a fhorbairt. Osclaíodh Ciste Deiseanna Aeráide in 2021 a chuir maoiniú ar fáil do 17 dtionscadal pobail, lena n-áirítear uasghrádú ar chórais soilsithe do chlubanna spóirt, uasghrádú ar chreatlacha tógála, scáthláin rothar pobail a shuiteáil, áiseanna athchúrsála agus gairdíní pobail. Leathnófar é seo tríd an gCiste Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide agus táimid ag súil go n-osclófar é go luath le ciste €750,000 do thograí pobail. 
  • Táimid páirteach go gníomhach i roinnt tionscadal lena n-áirítear: 
    • Tionscadal CONNECTED – Is í Ollscoil na Gaillimhe a chomhordaíonn an tionscadal seo de Chrios Dícharbónaithe Réigiún an Iarthuaiscirt agus tacaíonn go leor comhpháirtithe eile leis, lena n-áirítear grúpaí pobail áitiúla sna criosanna dícharbónaithe sa réigiún. Is iad na haidhmeanna ná uirlis rannpháirtíochta, idirphlé agus ionchuir dícharbónaithe chomh maith le huirlis feachtais gníomhaíochta ísealcharbóin a fhorbairt, treoir a fhorbairt chun ionchur ó phobail imeallaithe, cás-staidéir eiseamláireacha a chinntiú agus oiliúint a chur ar fáil.  
    • GFÁF - Gníomhaireachtaí Fuinnimh Áitiúla sna Réigiúin Fhorimeallacha - Tionscadal LIFE a bhfuil sé mar aidhm aige "seirbhísí athchóirithe tí comhtháite" a chruthú i dTuaisceart agus in Iarthar na hÉireann, lena n-áirítear ceann a fhreastalóidh ar phobail imeallacha in iarthar an chontae, Oileáin Árann san áireamh.  
    • Is comhshaothar é Clár Foraoise Comhpháirtíochta na Gaillimhe idir TU an Atlantaigh, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Wood Connects agus Cities4Forests. Is tionscnamh é clár Foraoisí Comhpháirtíochta Cities4Forests a fhéachann le naisc a bhunú a rachaidh chun tairbhe an dá thaobh idir bardais na hEorpa agus pobail foraoise trópaiceacha ar fud an domhain. Áirítear leis an toradh a bhfuiltear ag súil leis ón tionscadal Straitéis Soláthair Phoiblí Ghlais ar ardleibhéal do Comhairle Chontae na Gaillimhe agus acmhainn mhéadaithe chun táirgí adhmaid a aimsiú ar bhealach inbhuanaithe. 
Cás-Staidéar: Soilsiú Poiblí 

Bainistíonn Comhairle Chontae na Gaillimhe líonra de níos mó ná 12,300 soilse poiblí. Trí chlár fairsing uasghrádaithe, mhéadaigh % na soilsithe LED ardéifeachtúlachta ó 35% i mí Eanáir 2022 go 57% i mí an Mheithimh 2023. Mar thoradh air sin, beidh laghdú measta de 286 tona d'astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh na bliana. 

Leanfar le huasghráduithe ar shoilsiú poiblí faoin gclár Electric Skyline agus tá sé mar aidhm ag an Tionscadal Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh maidir le Soilsiú Poiblí (TNÉFSP) agus Comhairle Chontae na Gaillimhe soilsiú LED ardéifeachtúlachta 100% a bhaint amach faoi 2030. Tabharfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe aird chuí ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag solas ar bhithéagsúlacht agus na cláir seo á bpleanáil. 

1.8. Tacú le hAistriú Cóir do Chontae na Gaillimhe

Is coincheap é aistriú cóir a bhfuil sé mar aidhm leis a áirithiú go mbeidh an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin cóir agus cothrom do na geallsealbhóirí uile, go háirithe dóibh siúd is leochailí nó is mó a ndéanann na hathruithe difear dóibh. Is gné lárnach den Phlean seo é tacú le haistriú cóir, ón ráiteas misin ardleibhéil go dtí na gníomhartha sonracha. D'fhéadfadh poist nua, scileanna nua, deiseanna nua infheistíochta, agus an deis geilleagar níos táirgiúla agus níos athléimní a chruthú a bheith i gceist le haistriú cóir.  

I measc na bpríomhghníomhaíochtaí a áirítear sa phlean a thacóidh le haistriú cóir tá iarfheistiú an stoic tithíochta sóisialta, athléimneacht i leith éifeachtaí an athraithe aeráide a mhéadú, rochtain ar iompar poiblí agus taisteal gníomhach agus tacaíocht do phobail i réigiúin imeallacha a fheabhsú. Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe tiomanta d'oibriú le comhpháirtithe agus le pobail chun tacú le haistriú cóir. 

Tá sé aitheanta go bhfuil tionchar ag an aistriú amach ó bhreoslaí iontaise ar réigiún an Láir Tíre, Ceantar Bardasach Bhéal Átha na Sluaighe, lena n-áirítear Ceantar Bardasach Bhéal Átha na Sluaighe, agus deireadh á chur le baint móna do ghiniúint cumhachta. Bunaíodh Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir chun cabhrú leis na réimsí sin ar sainaithníodh go raibh tionchar acu orthu. Is é tosaíocht an chiste fostaíocht a shaothrú tríd an ngeilleagar áitiúil a éagsúlú, tailte portaigh díghrádaithe a athbhunú agus sócmhainní oidhreachta tionsclaíocha a athghiniúint agus roghanna soghluaisteachta cliste agus inbhuanaithe a fhorbairt. Cuirfidh an Clár €169 milliún d'infheistíocht ar fáil don réigiún sa tréimhse go dtí 2030. Oibreoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe leis na comhlachtaí maoinithe chun an tarraingt anuas maoinithe i gCeantar Bardasach Bhéal Átha na Sluaighe a uasmhéadú. 

Agus an t-athrú sin á dhéanamh, is gá bogadh thar na buntuiscintí nár oibrigh dúinn go dtí seo agus oibriú le chéile ar mhaithe le sraith luachanna éagsúla a chuirfidh ar ár gcumas geilleagar sóisialta inbhuanaithe agus sochaí atá thar a bheith eiticiúil agus cuimsitheach a thógáil.

Óráid Oirnithe Mhichíl D. Uí Uigínn