6. Cur i bhFeidhm agus Tuairisciú

Image of cottage on island

6.1. Pleanáil don chur i bhfeidhm  

Is í Comhairle Chontae na Gaillimhe a chuirfidh an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide i bhfeidhm. Cuireadh struchtúr rialachais nua i bhfeidhm in 2022 lena n-áirítear Grúpa Stiúrtha um Ghníomhú ar son na hAeráide, An Fhoireann um Ghníomhú ar son na hAeráide agus An Fhoireann Fuinnimh. Tá 28 ball páirteach sna foirne éagsúla. Is é ról an Ghrúpa Stiúrtha um Ghníomhú ar son na hAeráide gníomhú ar son na haeráide a phríomhshruthú i ngníomhaíochtaí Comhairle Chontae na Gaillimhe.  

 

Bunaíodh Aonad um Ghníomhú ar son na hAeráide in 2023. Páirteach san fhoireann seo tá Comhordaitheoir um Ghníomhú ar son na hAeráide, Oifigeach um Ghníomhú ar son na hAeráide, Oifigeach Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide agus Oifigeach Fuinnimh. Is é ról na foirne seo monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ghníomhartha an Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide agus tuairisciú agus meastóireacht an Phlean a chomhordú, nuair a bheidh sé faofa ag na Comhaltaí Tofa. Chomh maith leis sin, beidh an tAonad ag feidhmiú mar phointe teagmhála don phobal ar mian leo foghlaim faoin ngníomhú ar son na haeráide atá ar siúl sa Chontae.  

  

Oibreoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe i gcomhar agus i gcomhpháirt le raon príomhpháirtithe leasmhara chun tacú le seachadadh an Phlean seo. I measc na bpríomhpháirtithe leasmhara seo, ach níl siad teoranta dóibh, tá – na húdaráis áitiúla chomharsanacha, Grúpa Náisiúnta Oiliúna Sheirbhísí na nÚdarás Áitiúil, Tionól Réigiúnach, Gníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil, an Ghníomhaireacht Bainistíochta Cathrach agus Contae, Líonra Rannpháirtíochta Pobail, Aoisbhá Éireann agus Comhairle na nÓg. D'fhéadfadh na comhpháirtíochtaí seo deiseanna a chruthú chun comhoibriú le grúpaí eile ar thionscadail, tairbhe a bhaint as foghlaim chomhroinnte, tacaíocht theicniúil agus deiseanna maoinithe a ghiaráil fad is atá gníomhaíochtaí sa Phlean á gcur i bhfeidhm.  

  

Is léir freisin gur dúshlán trasteorann é an t-athrú aeráide; ní stopann sé ag teorainneacha polaitiúla agus geografacha. Dá réir sin, tá cur chuige réigiúnach comhaontaithe ag na húdaráis áitiúla ar Chósta an Atlantaigh Thuaidh CARO, trínar féidir leo comhoibriú go dlúth lena chéile chun na Pleananna Gníomhaithe ar son na hAeráide a chur i bhfeidhm.  

  

Nuair a bheidh an Plean faofa, forbrófar Plean/Achoimre Feidhmithe do gach gníomh, ina leagfar amach go mion conas a chuirfear an gníomh i gcrích, lena n-áirítear an roinn fhreagrach agus scálaí ama. Ailíneoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe uainiú na n-eatramh tuairiscithe feidhmithe inmheánacha le huainiú na gceanglas tuairiscithe earnála ar dhul chun cinn.  

6.2.  Maoiniú agus Comhpháirtíochtaí 

Chun dea-shampla a thabhairt agus chun an t-aistriú chuig sochaí atá neodrach ó thaobh na haeráide a chur chun cinn, beidh rochtain ar mhaoiniú leordhóthanach do thionscadail um ghníomhú ar son na haeráide ag teastáil ó Comhairle Chontae na Gaillimhe chun a spriocanna do 2030 agus 2050 a chomhlíonadh. Is féidir le húdaráis áitiúla rochtain a fháil ar chineálacha éagsúla maoinithe amhail deontais rialtais, cistí Eorpacha, infheistíocht san earnáil phríobháideach agus cómhaoiniú pobail. Aithnítear, cé go bhféadfadh glaonna nua maoinithe spriocdhírithe ar an ngníomhú ar son na haeráide a bheith ar fáil amach anseo, go dtabharfaidh comhlachtaí maoinithe atá bunaithe cheana féin leibhéal na sruthanna maoinithe isteach nó go méadóidh siad leibhéal na sruthanna maoinithe do chatagóirí atá dírithe ar an ngníomhú ar son na haeráide. Leanfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe ar aghaidh ag díriú ar dheiseanna maoinithe nua agus reatha ó chomhlachtaí Eorpacha agus Náisiúnta araon atá ailínithe lena cuspóirí maidir leis an ngníomhú ar son na haeráide.  

  

Gné shuntasach eile de na hiarrachtaí a dhéanfar chun teacht ar réitigh ísealcharbóin don earnáil é comhpháirtíochtaí. Tá ról á imirt ag an earnáil phríobháideach cheana féin i ndáil leis an gCuspóir Náisiúnta Aeráide a bhaint amach agus is féidir leis an gcineál seo comhoibrithe feabhas breise a chur ar acmhainní na hearnála chun tacú le laghduithe 51% ar gháis cheaptha teasa na hÉireann a bhaint amach faoi 2030 agus a bheith neodrach ó thaobh na haeráide de tráth nach déanaí ná 2050. Tá buntáistí ag baint freisin leis an earnáil rialtais áitiúil a bheith ag obair i gcomhpháirt leis an earnáil Tríú Leibhéal. Is féidir leis an earnáil Tríú Leibhéal saineolas taighde agus forbartha a chur ar fáil chun cabhrú le húdaráis áitiúla agus réitigh nuálacha a chur i bhfeidhm chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun oiriúnú don athrú aeráide. Chomh maith leis sin, d'fhéadfadh na comhpháirtíochtaí sin cabhrú le húdaráis áitiúla rochtain a fháil ar dheiseanna maoinithe do thionscadail agus tionscnaimh um ghníomhú ar son na haeráide. Spreagfaidh agus éascóidh Comhairle Chontae na Gaillimhe comhoibriú leis an earnáil phríobháideach agus leis an earnáil Tríú Leibhéal nuair is féidir.  

6.3. Monatóireacht agus Tuairisciú    

Leanfar le feidhmíocht Comhairle Chontae na Gaillimhe maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus laghduithe astaíochtaí a bhaineann le bonneagar agus sócmhainní na Comhairle, mar atá forordaithe ag oibleagáidí aeráide náisiúnta, a rianú tríd an gcóras seanbhunaithe Monatóireachta agus Tuairiscithe (M&R) arna bhainistiú ag Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI).  

  

Maidir le gníomhartha lasmuigh de seo, ceann de na bealaí tuairiscithe a úsáideann Comhairle Chontae na Gaillimhe chun eolas maidir le dul chun cinn ar ghníomhartha a roinnt é Príomhtháscairí Feidhmíochta Earnála (PTFanna). Cuireann sé seo bonn eolais ar fáil d'fheidhmíocht na hearnála rialtais áitiúil maidir leis an ngníomhú ar son na haeráide. Tuairisceoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe go bliantúil ar a feidhmíocht maidir leis an ngníomhú ar son na haeráide trí PTFanna (mar atá leagtha amach i gCuid 6.2) chun bonn eolais a chur ar fáil d'fheidhmíocht na hearnála rialtais áitiúil maidir le gníomhú ar son na haeráide, mar chuid de Straitéis DECA 2030 an rialtais áitiúil. 
 

Príomhbhreithniú don earnáil rialtais áitiúil maidir leis an ról neartaithe seo a bhaineann leis an ngníomhú ar son na haeráide é cuntasacht, agus go háirithe an cumas rianú, tomhas agus tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le gníomhú éifeachtach ar son na haeráide a dhéanamh ag leibhéal an údaráis áitiúil agus ag an leibhéal earnálach araon. Sa chomhthéacs seo, beidh ról suntasach ag PTFanna go leanúnach.   

 

Bailíonn na CAROnna, in éineacht leis an nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (LGMA), sonraí ar bhonn bliantúil a bhaineann le raon téamaí lena n-áirítear:  

  • Acmhainní um Ghníomhú ar son na hAeráide;  
  • Oiliúint um Ghníomhú ar son na hAeráide d'fhoireann na n-údarás áitiúil agus do chomhaltaí tofa;  
  • Gníomhartha curtha i gcrích;  
  • Tacaíocht fiontraíochta i réimse an ghníomhaithe ar son na haeráide;  
  • Éifeachtúlacht fuinnimh;  
  • Laghduithe ar astaíochtaí;  
  • Bearta taistil ghníomhaigh; agus  
  • Freagairt adhaimsire.  

  

Leanfaidh an earnáil le PTFanna a chur san áireamh de réir a chéile agus cuirfidh Comhairle Chontae na Gaillimhe faisnéis ábhartha ar fáil de réir mar is gá, chun cabhrú le béim a leagan ar dhul chun cinn na hearnála rialtais áitiúil maidir leis an ngníomhú ar son na haeráide.  


Le cinntiú, go gcuirfear an plean seo i bhfeidhm go tráthúil, úsáidfear córas rianaithe inmheánach chun monatóireachta a dhéanamh ar a chur chun feidhme, rud a chuirfidh ar chumas ranna agus rannóg an dul chun cinn atá déanta acu a thuairisciú le hais na ngníomhartha a bhfuil siad i gceannas orthu. Is í Fhoireann Ghníomhaíochta ar son na hAeráide a bhainisteoidh an córas tuairiscithe seo agus cuirfidh an fhoireann gach faisnéis a thuairiscítear le chéile ar mhaithe lena measúnú agus lena tuairisciú.  

 

Tuairisceofar gach dul chun cinn don Fhoireann Ard-Bhainistíochta agus do Choiste na mBeartas Straitéiseach agus déanfaidh siad athbhreithniú air, ar bhonn ráithiúil. Cuirfear dul chun cinn in iúl do chomhaltaí tofa na Comhairle ar bhonn bliantúil. Ina theannta sin, más ábhartha, tuairisceofar an dul chun cinn a dhéantar maidir le príomhghníomhartha trí na modhanna éagsúla atá ar fáil don Chomhairle, mar shampla, tríd an Tuarascáil Bhainistíochta Mhíosúil, Coistí na mBeartas Straitéiseach, suíomh idirlín agus meáin shóisialta Chomhairle Chontae na Gaillimhe, chun trédhearcacht a mhéadú agus chun comhoibriú a chothú.
 

Déanfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe, de réir chuid 3(w) de Chairt na nÚdarás Áitiúil um Ghníomhú ar son na hAeráide, tuairisciú go ráithiúil/go bliantúil don Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar dhul chun cinn maidir leis an ngníomhú ar son na haeráide ag leibhéal áitiúil mar chuid den chuspóir náisiúnta aeráide. Déanfar an dul chun cinn maidir le gach gníomh a thuairisciú trí uirlis tuairiscithe a d'fhorbair CARO.