4. Ár nGníomhartha Aeráide
Sainaithníodh Spriocanna, Cuspóirí agus Gníomhartha Straitéiseacha faoi na téamaí seo a leanas chun an Fhís agus an Misean a bhaint amach:
Rialachas agus Ceannaireacht
Fuinneamh agus Timpeallacht Thógtha
Iompar
Pobail agus Fiontar
An Geilleagar Ciorclach
Talamhúsáid agus Bonneagar Glas
Oiriúnú do Riosca Aeráide
4.1. Rialachas agus Ceannaireacht
Sprioc Straitéiseach:
Rialachas agus ceannaireacht láidir a chothú chun gníomhú ar son na haeráide a chur chun cinn agus athléimneacht a chinntiú.
Éilíonn rialachas agus ceannaireacht éifeachtach ag leibhéal an Údaráis Áitiúil beartais, rialacháin agus straitéisí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun bealach soiléir i dtreo ár gcuspóirí aeráide a chinntiú. Sa Phlean seo ailíneofar gach seirbhís, beartas agus tionscadal de chuid Comhairle Chontae na Gaillimhe leis an mbeartas Aeráide idirnáisiúnta, náisiúnta agus réigiúnach atá forbartha cheana féin, agus déanfar smaointeoireacht aeráide a phríomhshruthú tuilleadh i gcultúr Comhairle Chontae na Gaillimhe.
Teastaíonn fís agus pleanáil fhadtéarmach chun ceannaireacht i ndáil leis an athrú aeráide a chinntiú, agus ní mór aitheantas a thabhairt don chreat ar a bhfuil obair an Údaráis Áitiúil bunaithe. Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach iarracht a dhéanamh comhoibriú le comhlachtaí poiblí agus páirtithe leasmhara eile chun cur ar chumas earnálacha eile laistigh de Chontae na Gaillimhe a gcuspóirí aeráide a chomhlíonadh. Cuirfimid obair i gcrích d'fhonn a chinntiú go bhfuil na hacmhainní cuí, idir acmhainní daonna agus acmhainní airgeadais, ar fáil chun gníomhú dearfach ar son na haeráide a chumasú agus déanfaimid iarracht a chinntiú go mbainfear an oiread tairbhe agus is féidir as foinsí maoinithe atá ar fáil.
Úsáid Fuinnimh Comhairle Chontae na Gaillimhe
Tá Foireann Bainistíochta Fuinnimh ar leith ceaptha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe. Tá Oifigeach Feidhmíochta Fuinnimh i gceannas ar an bhfoireann ildisciplíneach seo agus tá Bainisteoir Fuinnimh agus Bainisteoir Flít ceaptha freisin. Cuireann an fhoireann obair i gcrích chun éifeachtúlachtaí fuinnimh a aithint agus a sheachadadh ar fud oibríochtaí agus fhoirgnimh na Comhairle. Tá an fhoireann Bainistíochta Fuinnimh i mbun Córas Bainistíochta Fuinnimh, a bhfuil ISO 50001 a chomhlíonadh aige, a fhorbairt a thacóidh le tionscadail agus sruthanna maoinithe a aithint chun spriocanna fuinnimh 2030 na Comhairle a chomhlíonadh. Tacaíonn an Biúró Réigiúnach Fuinnimh agus Oifigeach an Bhiúró Fuinnimh áitiúil leis an bhfoireann.
Iarfheistiú Tithíochta Sóisialta
Tá gach teach sóisialta nua á fhorbairt de réir an Chaighdeáin Tógála Fuinnimh Nach Mór Neodrach ó Thaobh Fuinnimh, agus tá an stoc tithíochta sóisialta atá ann cheana féin á uasghrádú. In 2021, sheol an Rialtas Clár um Iarfheistiú Éifeachtúlachta Fuinnimh athbhreithnithe deich mbliana d'uasghráduithe tithíochta sóisialta in 2021. Soláthraíonn an clár athbhreithnithe méadú suntasach ar na leibhéil mhaoinithe i gcomhréir le gealltanais Chlár an Rialtais; agus dírítear ar a chinntiú go ndéantar creatlach an tí a uasghrádú, agus go gcuirtear córas téimh atá tíosach ar fhuinneamh ar fáil. Cuireann sé sin ar chumas na n-údarás áitiúil tairbhe a bhaint as clár 'iarfheistithe níos doimhne'. Mar thoradh ar na hoibreacha iarfheistithe, tá coigilteas suntasach á dhéanamh ag tionóntaí na Comhairle agus tá tithe níos compordaí á gcur ar fáil. Leanfaidh an Chomhairle ar aghaidh le hoibreacha iarfheistithe a dhéanamh ar thithíocht shóisialta de réir leithdháiltí maoinithe an Rialtais. Meastar go dtiocfaidh méadú bliantúil ar leibhéil mhaoinithe faoin gclár seo agus go gcuirfear 36,500 teach sóisialta ar fáil go náisiúnta, a bheidh iarfheistithe chuig leibhéal BER B2 nó a chomhionann, faoin mbliain 2030.
Soláthar Poiblí Glas
Is próiseas é Soláthar Poiblí Glas (SPG) trína ndéanann údaráis phoiblí iarracht earraí, seirbhísí agus oibreacha a sholáthar a bhfuil tionchar laghdaithe acu ar an gcomhshaol i rith a saolré. Faoin bPlean Náisiúnta Gníomhaithe ar son na hAeráide, ní mór go mbeadh critéir ghlasa á gcur san áireamh i ngach soláthar a úsáideann cistí poiblí. Trí ghealltanas maidir le SPG a thabhairt, bainfidh Údaráis Áitiúla agus comhlachtaí poiblí leas as a gcumhacht cheannaigh shuntasach chun cabhrú le haistriú na hÉireann chuig geilleagar agus sochaí atá inbhuanaithe agus neodrach ó thaobh carbóin de a chruthú. Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe i mbun Straitéis Soláthair Phoiblí Ghlais a fhorbairt.
FEASACHT AGUS OILIÚINT FOIRNE
I gcomhpháirt leis na CAROnna agus leis an nGrúpa Náisiúnta Oiliúna um Sheirbhísí Údaráis Áitiúil (LASTNG), táthar ag leanúint le hoiliúint um ghníomhú ar son na haeráide a chur i bhfeidhm d'earnáil an údaráis áitiúil trí chéile, lena n-áirítear ionadaithe tofa, chun baill foirne a chumhachtú agus a uasoiliúint chun gníomhú mar cheannairí maidir leis an ngníomhú ar son na haeráide. Ina theannta sin, tá teachtaireachtaí rialta feasachta maidir leis an ngníomhú ar son na haeráide á roinnt trí bhealaí cumarsáide inmheánacha na Comhairle.
Cuspóirí | |||
---|---|---|---|
Cleachtais éifeachtacha rialachais agus ceannaireachta a bhunú a éascaíonn cur i bhfeidhm rathúil an Phlean. |
Bainistíocht agus tionscadail éifeachtacha fuinnimh a chur i bhfeidhm ar fud shócmhainní Comhairle Chontae na Gaillimhe atá ailínithe le spriocanna 2030 agus le treocht neodrach. |
Gníomhú ar son na haeráide a chomhtháthú i mbeartais, pleananna, straitéisí agus feidhmeanna an údaráis áitiúil. Cinntiú go dtugtar tús áite. |
Gníomhú ar son na haeráide a éascú ar fud an chontae, trí dhul i dteagmháil le páirtithe leasmhara agus le saoránaigh agus comhoibriú leo chun Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide de chuid an Údaráis Áitiúil a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a athbhreithniú, agus trí fhaisnéis agus tacaíocht a chur ar fáil dóibh. |
Ailíniú SDG | Comhthairbhí |
---|---|
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
|
Sprioc 1. Rialachas agus Ceannaireacht
Cuspóir GL1 Cleachtais éifeachtacha rialachais agus ceannaireachta a bhunú a éascaíonn cur i bhfeidhm rathúil an Phlean. | ||||
---|---|---|---|---|
Gníomh | Spriocdháta | Príomhpháirtí | KPI | Oiriúnú / Maolú |
Gníomh GL 1.1 Leanúint ar aghaidh ag forbairt agus ag tacú leis an nGrúpa Stiúrtha um Ghníomhú ar son na hAeráide, an Fhoireann um Ghníomhú ar son na hAeráide, agus an Fhoireann Fuinnimh laistigh de Comhairle Chontae na Gaillimhe (CCG). Cinntiú go bhfuil dóthain acmhainní ag an Aonad um Ghníomhú ar son na hAeráide. | Leanúnach | Foireann Bainistíochta CCG | Líon na mball foirne atá ann; Cruinnithe ar a scríobhadh miontuairiscí orthu - Grúpa Stiúrtha (Leathbhliantúil), An Fhoireann um Ghníomhú ar son na hAeráide (Ráithiúil), An Fhoireann Fuinnimh (Ráithiúil) | An dá rud |
Gníomh GL 1.2 Saineolas a fhorbairt laistigh d'Fhoireann Bainistíochta CCG, Grúpa Stiúrtha um Ghníomhú ar son na hAeráide, An Fhoireann um Ghníomhú ar son na hAeráide, An Fhoireann Fuinnimh, Ambasadóirí ar son na hAeráide, Comhaltaí Tofa agus Foireann trí riachtanais oiliúna a aithint agus oiliúint ábhartha a eagrú. | Leanúnach | Foireann Bainistíochta CCG, Acmhainní Daonna CCG | Plean oiliúna bliantúil ullmhaithe agus curtha i gcrích. | An dá rud |
Gníomh GL 1.3 Pleananna bliantúla um Chur i bhFeidhm an Ghníomhaithe ar son na hAeráide a fhorbairt agus a fhormheas chun tacú le seachadadh an Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide. | Leanúnach | Foireann Bainistíochta CCG | Clár oibre bliantúil forbartha agus curtha i gcrích | An dá rud |
Cuspóir GL 2 Bainistíocht agus tionscadail éifeachtacha fuinnimh a chur i bhfeidhm ar fud shócmhainní Comhairle Chontae na Gaillimhe atá ailínithe le spriocanna 2030 agus le treocht neodrach. | ||||
---|---|---|---|---|
Gníomh | Spriocdháta | Príomhpháirtí | KPI | Oiriúnú / Maolú |
Gníomh GL 2.1 Deimhniú Bainistíochta Fuinnimh ISO50001 a fháil agus a chothabháil faoi R4 2024. Córas bainistíochta sonraí a bhunú. Maoiniú leordhóthanach agus acmhainní leordhóthanacha a sholáthar chun an sprioc a bhaint amach maidir le laghdú 51% ar astaíochtaí a bhaineann le fuinneamh, laghdú 51% ar astaíochtaí teirmeacha, agus feabhas 50% ar éifeachtúlacht fuinnimh faoi 2030. | 31/12/2024 | Foireann Bainistíochta CCG | ISO50001 bainte amach. ISO50001 caomhnaithe. Córas bainistíochta sonraí i bhfeidhm. Laghduithe fuinnimh bainte amach i gcomhréir leis an sprioc. | Maolú |
Gníomh GL 2.2 Clár aisfheistithe bliantúil a fhormheas agus a chur i bhfeidhm d'fhoirgnimh CCG faoi Chlár Treo-Aimsitheora SEAI agus faoin Scéim Deontais Fuinnimh Pobail. | Leanúnach | Foireann Bainistíochta CCG, Seirbhísí Corparáideacha CCG | Coigilt bhliantúil CO2; € deontas faighte; kWh d'fhuinneamh in-athnuaite suiteáilte | Maolú |
Gníomh GL 2.3 Cur ar chumas na foirne roghanna praiticiúla ísealcharbóin a úsáid chun tabhairt faoi thaisteal gnó trí rothair agus feithiclí leictreacha, carr-roinnt, srl., a sholáthar. Tacú le glacadh uirlisí cianoibre agus comhdhála ar líne chun comaitéireacht agus taisteal gnó a laghdú. | Leanúnach | Foireann Bainistíochta CCG, Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG | Straitéis Bainistíochta Flít a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. | Maolú |
Gníomh GL 2.4 Staidéar féidearthachta a dhéanamh agus roghanna breosla malartacha in-athnuaite a chomhtháthú do fhlít feithiclí Comhairle Chontae na Gaillimhe lena gcinntítear go dtugtar aird chuí ar inbhuanaitheacht breoslaí malartacha foinseacha. | 31/12/2025 | Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG | Críochnú an Mheasúnaithe | Maolú |
Gníomh GL 2.5 Straitéis Bainistíochta Flít a ullmhú, a fhormheas agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Staidéar ÚÁ, Athshamhlú Iompair agus ag an am céanna a chinntiú go ndéantar critéir inbhuanaitheachta a mheas go cuí le linn próiseas soláthair. | Leanúnach | Foireann Bainistíochta CCG, Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG | Straitéis Bainistíochta Flít a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. | Maolú |
Gníomh GL 2.6 Leanúint leis an gclár chun soilsiú poiblí laistigh de Chontae na Gaillimhe a uasghrádú chuig córais soilsithe atá tíosach ar fhuinneamh agus aird chuí á tabhairt ar thionchar an tsolais ar bhithéagsúlacht. | 31/12/2029 | Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG | Coigilt bhliantúil CO2; 100% soilsiú poiblí LED faoi 2030 | Maolú |
Gníomh GL 2.7 Leanúint d'aisfheistiú éifeachtúlachta fuinnimh a dhéanamh ar thithíocht shóisialta faoin gClár Iarfheistithe Fuinnimh a fhaigheann tacaíocht ó DHLGH agus aird chuí á tabhairt ar an mbithéagsúlacht agus ar an ngá atá le struchtúir chosanta a chaomhnú go cuí. | 31/12/2029 | Roinn Tithíochta CCG | Líon agus % na dtithe aisfheistith | Maolú |
Cuspóir GL 3 Gníomhú ar son na haeráide a chomhtháthú i mbeartais, pleananna, straitéisí agus feidhmeanna an údaráis áitiúil. Cinntiú go dtugtar tús áite don chrios dícharbónaithe. | ||||
---|---|---|---|---|
Gníomh |
Sprioc dháta |
Príomhpháirtí | KPI | Oiriúnú / Maolú |
Gníomh GL 3.1 Tionscnaimh agus feachtais inmheánacha um Ghníomhú ar son na hAeráide a spreagadh agus a éascú, lena n-áirítear caomhnú uisce, bainistiú fuinnimh, cruthú gnáthóige agus bainistiú dramhaíola. | Leanúnach | Rannóg Comhshaoil CCG | Líon na dtionscnamh; Fuinneamh Sábháilte; Laghduithe ar Dhramhaíl; Laghdú ar Úsáid Uisce | Maolú |
Gníomh GL 3.2 Tacú le forbairt, cur i bhfeidhm agus comhroinnt dea-chleachtais maidir le Soláthar Poiblí Glas (SPG). Straitéis Soláthair Inbhuanaithe Adhmaid agus Straitéis Soláthair Phoiblí Ghlais fhoriomlán a fhorbairt tríd an gClár Cities4Forests. Uirlis mhonatóireachta agus tuairiscithe a fhorbairt lena chinntiú go bhfuil SPG leabaithe i ngach soláthar. | 31/12/2025 | Foireann Bainistíochta CCG | Straitéis SPG Forbartha; Uirlis Monatóireachta agus Tuairiscithe Forbartha | Maolú |
Gníomh GL 3.3 Fardal bonnlíne a bhunú de na hastaíochtaí carbóin corpraithe a bhaineann leis na hábhair thógála a úsáidtear i dtionscadail Comhairle Chontae na Gaillimhe, amhail bóithre, droichid, srl. Sprioc indéanta a chinneadh chun na hastaíochtaí carbóin corpraithe a laghdú. Bearta a chur i bhfeidhm chun an sprioc a bhaint amach. I gcás inarb indéanta, cuir laghduithe measta féideartha ar astaíochtaí mar thoradh ar an tionscadal san áireamh agus an ríomh á dhéanamh. | 31/12/2025 | Rannóg Comhshaoil CCG | Fardal bonnlíne a bhunú, sprioc a leagan síos agus bearta a aithint chun an sprioc a bhaint amach. | Maolú |
Gníomh GL 3.4 Ceangal a chur ar thithíocht phoiblí agus ar fhoirgnimh nua prionsabail an ghníomhaithe ar son na haeráide a ionchorprú i dtéarmaí dearaidh, seirbhísí agus áiseanna agus breithniú cúramach á dhéanamh ar rogha ábhar, cineálacha dín (i.e. díonta glasa), caomhnú uisce, leas a bhaint as gnóthachan gréine/tithíocht éighníomhach, soláthar teicneolaíochtaí fuinnimh ísealcharbóin agus in-athnuaite agus bonneagar iompair phoiblí amhail stadanna bus agus scáthláin de réir mar is cuí do scála na forbartha. | Ongoing | Foireann Bainistíochta CCG | Rinneadh athbhreithniú ar gach dearadh le haghaidh gníomhartha féideartha ar son na haeráide | An dá rud |
Gníomh GL 3.5 Cur i bhfeidhm cuspóirí a bhaineann leis an aeráid a chur chun cinn i bPlean Forbartha an Chontae agus i Straitéis Fuinnimh In-athnuaite na nÚdarás Áitiúil. | Leanúnach | Rannóg Pleanála CCG | Gníomhartha Aeráide CDP agus LARES Dulta Chun Cinn | An dá rud |
Gníomh GL 3.6 Athbhreithniú a dhéanamh ar dhréachtphleananna inmheánacha agus seachtracha a thagann chun cinn le linn shaolré an Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide agus comhairle a thabhairt maidir le bearta maolaithe agus oiriúnaithe aeráide a chomhtháthú nuair is cuí. | Leanúnach | Rannóg Comhshaoil CCG | Gníomhú ar son na haeráide comhtháite i ngach plean agus beartas nua. | An dá rud |
Gníomh GL 3.7 Agus an Plean Gníomhaíochta ar son na hAeráide de chuid Chontae na Gaillimhe seo á chur i bhfeidhm, a chinntiú go gcloítear le Plean Forbartha Contae na Gaillimhe 2022-2028 agus le cuspóirí agus beartais an phlean limistéir áitiúil a bhaineann le bainistíocht chomhshaoil, le Limistéir Chaomhantais reachtúla a chosaint agus a chinntiú go gcomhlíontar bearta sonracha bainistíochta comhshaoil a bhaineann leis an bPlean seo. Beidh Measúnacht Straitéiseach Comhshaoil, Measúnacht Tionchair Timpeallachta, Measúnacht Chuí agus Measúnachtaí Tionchair Éiceolaíochta de réir mar is ábhartha mar bhonn agus mar thaca ag pleananna talamhúsáide agus tionscadail thalamhúsáide a eascraíonn as an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide seo. Cuirfidh Comhairle Chontae na Gaillimhe san áireamh aon mholtaí ábhartha i dTuarascáil an GCC ar Staid ár gComhshaoil 2024, a luaithe a fhoilseofar iad, agus Plean Gníomhaithe na Gaillimhe ar son na hAeráide á chur i bhfeidhm thar a saolré. Breithneoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe aon ghníomhartha, bearta nó moltaí nuashonraithe ábhartha a d'fhéadfadh teacht chun cinn i nuashonruithe ar an bPlean Gníomhaithe Náisiúnta ar son na hAeráide thar shaolré an Phlean. | Leanúnach | Foireann Bainistíochta CCG | An dá rud | |
Gníomh GL 3.8 Treoir náisiúnta a lorg ar fhorbairt Buiséid Charbóin agus Cuntasaíocht do ghníomhaíochtaí/cuspóirí i bpleananna GCC chun comhsheasmhacht leis na spriocanna earnála carbóin a chinntiú. Treoir náisiúnta a lorg ar ardú leibhéal na farraige fadtréimhseach il-deich mbliana agus machnamh a dhéanamh mar chuid de phleanáil fhadtéarmach úsáide talún, lena n-áirítear i bhforbairt an chéad atriallta eile den Phlean Forbartha Contae. | Leanúnach | Rannóg Comhshaoil CCG, Rannóg Pleanála CCG | Treoir náisiúnta faighte. Breathnaíodh ar bhuiséid charbóin agus ar ardú leibhéal na farraige i bpleananna ábhartha an GCC. | Oiriúnú |
Cuspóir GL 4 Gníomhú ar son na haeráide a éascú ar fud an chontae, trí dhul i dteagmháil le páirtithe leasmhara agus le saoránaigh agus comhoibriú leo chun Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide de chuid an Údaráis Áitiúil a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a athbhreithniú, agus trí fhaisnéis agus tacaíocht a chur ar fáil dóibh. | ||||
---|---|---|---|---|
Gníomh | Spriocdháta | Príomhpháirtí | KPI | Oiriúnú / Maolú |
Gníomh GL 4.1 Líonra páirtithe leasmhara a bhunú agus cumarsáid leanúnach a chinntiú. Comhpháirtíochtaí a chothú agus páirt ghníomhach a ghlacadh i gcomhpháirtíochtaí le húdaráis áitiúla réigiúnacha agus le comhlachtaí poiblí, le hearnálacha fiontraíochta, pobail agus deonacha, le hinstitiúidí tríú leibhéal agus leis an bpobal taighde. An leas is fearr is féidir a bhaint as sruthanna maoinithe féideartha don chontae agus oibriú i gcomhpháirtíocht chun tionscadail agus tionscnaimh um Ghníomhú ar son na hAeráide a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Leanúint de thacú le tionscadail atá ann cheana féin, lena n-áirítear LEAP, CONNECTED, Cities4Forests, srl. | Leanúnach | Rannóg Comhshaoil CCG | Líonra geallsealbhóirí bunaithe; Líon na dtionscadal atá i bhfeidhm | An dá rud |
4.2 Fuinneamh agus Timpeallacht Thógtha
Sprioc Straitéiseach
Fuinneamh agus Timpeallacht Thógtha: Aistriú chuig fuinneamh agus foirgnimh ísealcharbóin, athléimneacha agus inbhuanaithe, rud a chuirfidh le folláine ár bpobail.
An Timpeallacht Thógtha - An timpeallacht thógtha a dhícharbónú trí thacú le feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh agus laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa foirgneamh cónaithe, tráchtála agus poiblí atá tógtha cheana féin agus foirgnimh nua, agus a leithéid a éascú.
Cuspóirí | ||
---|---|---|
Tacú le forbairt foinsí fuinnimh in-athnuaite, amhail an ghaoth amach ón gcósta amháin, an ghrian, an taoide agus an bhithmhais in áiteanna oiriúnacha. |
Comhtháthú gníomhaithe ar son na haeráide a chinntiú sa phleanáil spásúil chun cur ar chumas Chontae na Gaillimhe aistriú chuig sochaí. |
Sraoilleáil uirbeach a laghdú agus forbairt dhlúth atá dírithe ar idirthuras a spreagadh agus a uasmhéadaíonn úsáid bonneagair ghlais. |
Ailíniú SDG | Comhthairbhí |
---|---|
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
|
Sprioc 2. Fuinneamh agus Timpeallacht Thógtha
Cuspóir EB 1 Tacú le forbairt foinsí fuinnimh in-athnuaite, amhail an ghaoth amach ón gcósta amháin, an ghrian, an taoide agus an bhithmhais in áiteanna oiriúnacha. | ||||
---|---|---|---|---|
Gníomh | Spriocdháta | Príomhpháirtí | KPI | Oiriúnú / Maolú |
Gníomh EB 1.1 Tacú le taighde agus forbairt fuinnimh in-athnuaite ar scála tráchtála agus pobail agus ag an am céanna abhcóideacht agus tionchar a imirt chun a chinntiú go gcuireann tionscadail den sórt sin comhthairbhí maidir le gníomhú ar son na haeráide chun cinn agus nach sáraíonn siad riachtanais ábhartha maidir le cosaint an chomhshaoil. | Leanúnach | Rannóg Pleanála CCG | MW d'fhuinneamh in-athnuaite sa Chontae | Maolú |
Gníomh EB 1.2 Staidéar féidearthachta a dhéanamh chun na limistéir agus na foinsí féideartha do théamh bardasach sa chontae a aithint agus a mheas. | 31/12/2025 | Rannóg Comhshaoil CCG | Staidéar Curtha i gCrích | Maolú |
Cuspóir EB 2 Comhtháthú gníomhaithe ar son na haeráide a chinntiú sa phleanáil spásúil chun cur ar chumas Chontae na Gaillimhe aistriú chuig sochaí ísealcharbóin athléimneach | ||||
---|---|---|---|---|
Gníomh | Spriocdháta | Príomhpháirtí | KPI | Oiriúnú / Maolú |
Gníomh EB 2.1 Measúnú a dhéanamh ar indéantacht beartais lena gceanglaítear ar iarratais phleanála measúnú a dhéanamh ar na hastaíochtaí carbóin corpraithe a bhaineann leis an bhforbraíocht bheartaithe agus roghanna le haghaidh réitigh nádúrbhunaithe agus feabhsú bithéagsúlachta, trí mhodheolaíocht chaighdeánaithe chomhsheasmhach. | 31/12/2025 | Rannóg Pleanála CCG | Staidéar Curtha i gCrích | Maolú |
Gníomh EB 2.2 Sonraí cás-staidéir agus treoir maidir le huasghrádú an fhoirgnimh thraidisiúnta a chur in iúl mar eiseamláir, agus cinntiú go gcuirtear treoir chuí ar fáil maidir le luach ailtireachta agus oidhreachta agus speicis chosanta a bhaineann le foirgnimh den sórt sin a chosaint le linn oibreacha uasghrádaithe. | 31/12/2025 | Rannóg Pleanála CCG | Cás-staidéir ar fáil; Clár cumarsáide curtha i bhfeidhm. | An dá rud |
Cuspóir EB 3 Sraoilleáil uirbeach a laghdú agus forbairt dhlúth atá dírithe ar idirthuras a spreagadh agus a uasmhéadaíonn úsáid bonneagair ghlais. | ||||
---|---|---|---|---|
Gníomh |
Sprioc dháta |
Príomhpháirtí | KPI | Oiriúnú / Maolú |
Gníomh EB 3.1 Tá soláthar Ionad Cóireála Fuíolluisce poiblí i mbailte agus i sráidbhailte nach ndéantar freastal orthu faoi láthair ríthábhachtach chun fás dlúth agus inbhuanaithe a éascú. Tacú le hUisce Éireann agus leis an rialtas náisiúnta chun láithreacha a chur in ord tosaíochta agus maoiniú a lorg chun na seirbhísí seo a sholáthar. | 31/12/2029 | Foireann Bainistíochta CCG | Líon na mbailte/sráidbhailte ar a bhfreastalaíonn Ionad Cóireála Fuíolluisce poiblí | An dá rud |
Gníomh EB 3.2 An t-uasghrádú maoine cónaithe agus tráchtála atá ann cheana a spreagadh chun fás dlúth agus athnuachan inbhuanaithe a chur chun cinn agus aird chuí á tabhairt ar an mbithéagsúlacht agus ar an ngá atá le struchtúir chosanta a chaomhnú go cuí. | Leanúnach | Forbairt Pobail agus Tuaithe CCG | Líon na bhfoirgneamh uasghrádaithe | An dá rud |
4.3 Iompar
Sprioc Straitéiseach
Iompar: Tacú le réitigh shoghluaisteachta inbhuanaithe a sholáthar agus tairbhe a bhaint astu.
"Modhanna iompair níos gníomhaí do pháistí chomh fada leis an scoil agus do dhaoine fásta chomh fada leis an ionad oibre. Stop a chur leis an mbéim atá á leagan ar bhóithre agus carranna príobháideacha" - aighneacht ó chomhairliúchán poiblí.
Tá aistriú i dtreo córas iompair níos inbhuanaithe ar cheann de na dúshláin shuntasacha a mbeidh ar shochaí na hÉireann dul i ngleic leis. Baineann thart ar 18% d'astaíochtaí GCT na hÉireann leis an earnáil iompair' tá an figiúr do Chontae na Gaillimhe mórán mar an gcéanna, cothrom le 16%. Tagann príomhfhoinse astaíochtaí GCT na hearnála iompair ó pheitreal agus díosal a dhó in innill dócháin. Tá spleáchas ard ar charranna príobháideacha paisinéirí, atá freagrach as an sciar is mó d'astaíochtaí GCT iompair i gContae na Gaillimhe, sciar astaíochtaí atá cothrom le thart ar 57%. Tá tionchar mór ag an gcaoi a roghnaímid taisteal chun críche oibre, oideachais, siopadóireachta agus fóillíochta, ar astaíochtaí GCT na hÉireann agus Chontae na Gaillimhe.
Tá an Straitéis Náisiúnta Iompair bunaithe ar an gcur chuige Seachain-Aistrigh-Feabhsaigh: an gá atá le taisteal a laghdú nó a sheachaint, aistriú chuig iompar poiblí, siúl agus rothaíocht, agus éifeachtúlacht fuinnimh feithiclí a fheabhsú. Tacóidh na gníomhartha a bhaineann le hiompar laistigh den Phlean seo le daoine chun úsáid a bhaint as roghanna taistil ghníomhaigh agus taistil phoiblí agus cuirfear ar a gcumas an bonneagar luchtaithe feithiclí leictreacha a fhorbairt ar fud an chontae. Ina theannta sin, is féidir le tionscnaimh inbhuanaithe taistil agus sábháilteachta ar bhóithre sábháilteacht na mbóithre a fheabhsú agus cáilíocht an aeir a fheabhsú i mbailte agus sráidbhailte ar fud an chontae.
Cuspóirí | |
---|---|
Tacú le taisteal gníomhach agus aistriú módach chun soghluaisteacht inbhuanaithe, inrochtana agus shábháilte a chur chun cinn. |
Tacú le forbairt agus úsáid teicneolaíochtaí ísealcharbóin amhail feithiclí leictreacha agus breoslaí ísealcharbóin. |
Ailíniú SDG | Comhthairbhí |
---|---|
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
|
Sprioc 3. Iompar
Cuspóir TR 1 Tacú le taisteal gníomhach agus aistriú módach chun soghluaisteacht inbhuanaithe, inrochtana agus shábháilte a chur chun cinn. | ||||
---|---|---|---|---|
Gníomh |
Sprioc dháta |
Príomhpháirtí | KPI | Oiriúnú / Maolú |
Gníomh TR 1.1 Múnlú Iompair Iomlán ar fud an chontae a chur i gcrích bunaithe ar chur chuige iompair inbhuanaithe agus taistil níos cliste. Pleananna Iompair Áitiúla a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm do Bhruachbhailte Thuama, Bhaile Átha an Rí, Bhaile Locha Riach, an Ghoirt agus Oirthear na Gaillimhe. Plean Iompair Áitiúil Bhéal Átha na Sluaighe, a glacadh leis, a chur i bhfeidhm. Staidéar Iompair Pobail a dhéanamh d'Áth Cinn, An Clochán, Cinn Mhara, Uachtar Ard, Port Omna agus Maigh Cuilinn. Pleananna Bainistíochta Tráchta a ullmhú. | 31/12/2024 | Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG | Líon na bpleananna a cuireadh i gcrích. | Maolú |
Gníomh TR 1.2 Straitéis Siúlóide agus Rothaíochta an Chontae a fhorbairt. | 31/12/2024 | Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG | Straitéis forbartha | Maolú |
Gníomh TR 1.3 Deiseanna a aithint chun an spás bóthair atá ann cheana a ath-leithdháileadh chun taisteal gníomhach a chur chun cinn agus spás poiblí a fheabhsú agus tionscadail ghaolmhara a chur i bhfeidhm. | Leanúnach | Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG | km d'ath-leithdháileadh bóithre a aithníodh agus a cuireadh i bhfeidhm. | Maolú |
Gníomh TR 1.4 Oibriú le pobail chun tionscadail a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le taisteal gníomhach, glasbhealach agus iompar poiblí a aithint agus chun tacú le hathrú módach. | Leanúnach | Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG, Rannóg Comhshaoil CCG, Forbairt Pobail agus Tuaithe CCG | Líon na réimsí / tionscadal a aithníodh agus a cuireadh i bhfeidhm | Maolú |
Gníomh TR 1.5 Tacú le scéimeanna soghluaisteachta pobail agus iad a chur chun cinn, lena n-áirítear comharscéimeanna rothar, moil shoghluaisteachta, leabharlanna rothar, roinnt carranna pobail EV agus luchtú EV, carr-roinnt, agus tacsaithe pobail. | Leanúnach | Rannóg Comhshaoil CCG, Foireann Athnuachana Uirbí agus Tuaithe CCG, Forbairt Pobail agus Tuaithe CCG | Líon na dtionscadal ar tugadh tacaíocht dóibh/ar forbraíodh iad | Maolú |
Gníomh TR 1.6 Trasrianta bóthair, lánaí rothaíochta agus siúlbhealaí nua agus feabhsaithe a dhearadh agus a sheachadadh a thugann tús áite d'úsáideoirí faoi mhíchumas, do choisithe agus do rothaithe. | Leanúnach | Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG | # trasrianta seachadta; líon agus km na lánaí rothar in aghaidh na bliana; líon agus km na siúlbhealaí in aghaidh na bliana | Maolú |
Gníomh TR 1.7 Cothabháil leordhóthanach bóthair a chinntiú d'úsáideoirí taistil ghníomhaigh. | Leanúnach | Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG | Clár cothabhála bliantúil forbartha agus curtha i gcrích. | An dá rud |
Gníomh TR 1.8 Tacú leis an gclár Bealaí Níos Sábháilte chuig Scoileanna agus tionscnamh Sráideanna Scoile, ag cur oideachas agus oiliúint ar fáil ar bhusanna rothaíochta agus ar bhusanna siúil. Iniúchtaí Insiúltachta agus Iniúchtaí Inrothaitheachta a rinne Scoileanna Glasa agus dreamanna eile a úsáid chun féidearthacht iarrataí infreastruchtúir a fhiosrú. Comhoibriú le Foireann Taistil na Scoileanna Glasa chun tacú le Tionscnaimh Taistil Ghníomhaigh lena n-áirítear feachtais 'cosc ar réchasadh' agus scéimeanna Páirceáil agus Siúl. | Leanúnach | Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG | # na scoileanna le bearta curtha i bhfeidhm. | Maolú |
Gníomh TR 1.9 Gréasán na nglasbhealaí sa Chontae a leathnú ag bunú nascálacha le bailte agus sráidbhailte i gcomhréir leis an líonra straitéiseach náisiúnta rothaíochta agus riachtanais dea-chleachtais sa Measúnú Straitéiseach Comhshaoil (MSC), sa Tuarascáil Comhshaoil (TC) agus Ráiteas Tionchair Natura (RTN) a ghabhann leis. | 31/12/2029 | Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG | km iomlán an Ghlasbhealaigh | Maolú |
Gníomh TR 1.10 Measúnú féidearthachta cuimsitheach a dhéanamh, lena n-áirítear cúrsaí sábháilteachta, comhshaoil agus costais, chun timpealláin i stíl na hÍsiltíre a chur i bhfeidhm laistigh de bhonneagar iompair Chomhairle Chontae na Gaillimhe. | 31/12/2025 | Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG | Measúnú curtha i gcrích | Maolú |
Gníomh TR 1.11 Rannpháirtíocht le soláthraithe iompair phoiblí chun tacú le torthaí feabhsaithe iompair phoiblí lena n-áirítear leathnú seirbhísí busanna agus traenacha tuaithe agus idirnascacht seirbhísí. Tacú le soláthraithe iompair phoiblí meastachán a dhéanamh ar laghduithe ar astaíochtaí mar thoradh ar sheirbhísí poiblí méadaithe. | 31/12/2029 | Páirtnéirí Éagsúla | Líon Rannpháirtíochta | Maolú |
Cuspóir TR 2 Tacú le forbairt agus úsáid teicneolaíochtaí ísealcharbóin amhail feithiclí leictreacha agus breoslaí ísealcharbóin. | ||||
---|---|---|---|---|
Gníomh |
Sprioc dháta |
Príomhpháirtí | KPI | Oiriúnú / Maolú |
Gníomh TR 2.1 Oibriú leis an Roinn Bóithre agus Iompair agus le hÚdaráis Áitiúla réigiúnacha/Oifig Réigiúnach um Ghníomhú ar son na hAeráide (ÚÁnna/CARO) chun Straitéis Réigiúnach EV a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Suíomhanna a shainaithint a theastaíonn chun spriocanna náisiúnta ábhartha a bhaint amach agus a chinntiú nach bhfuil aon cheantair ar cúis imní iad. | 31/12/2024 | Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG | Straitéis forbartha agus líon na luchtairí EV a theastaíonn a aithint. Luchtairí suiteáilte ag láithreacha aitheanta. | Maolú |
Gníomh TR 2.2 Tacú le feidhmiú céimneach an bhonneagair EV sa chontae de réir na straitéise lena n-áirítear iarratais ar chláir ZEVI a chur isteach, bonneagar EV a ionchorprú i ndearadh sráid-dreacha agus EV a éileamh i bhforbairtí nua. | Leanúnach | Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG | Leibhéal clúdaigh luchtairí EV i gcomhréir le Straitéis | Maolú |
4.4 Pobail agus Comhpháirtíocht
Sprioc Straitéiseach
Pobail agus Comhpháirtíocht: Gníomhú ar son na haeráide a chumhachtú agus tacú léi sa tsochaí trí chéile ar mhaithe le haistriú cóir chuig todhchaí ísealcharbóin agus athléimneach a chinntiú.
Tá ról lárnach ag pobail sna hiarrachtaí atá á ndéanamh dul i ngleic le cailliúint na bithéagsúlachta agus astaíochtaí a laghdú" - aighneacht phoiblí
aighneacht phoiblí
Sonraítear i bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide Náisiúnta 2023 go gcaithfidh an Rialtas agus saoránaigh na hÉireann teacht le chéile mar chuid de 'conradh sóisialta' neartaithe don ghníomhú ar son na haeráide agus fíor-réitigh ar an athrú aeráide a chomhchruthú, atá fóinteach, cuimsitheach, cothrom agus inrochtana do chách.
Tá gníomhú ar son na haeráide ag fás in earnálacha difriúla de shochaí na hÉireann de réir mar a éiríonn muid níos eolaí ar na rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide. Tá ról ríthábhachtach ag pobail agus comhpháirtíochtaí áitiúla i gcomhthéacs spriocanna astaíochtaí GCT Chontae na Gaillimhe agus cuspóirí an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide seo a chomhlíonadh.
Tá sé ríthábhachtach deiseanna a chruthú le haghaidh rannpháirtíocht agus comhpháirtíochtaí pobail chun tionscadail agus tionscnaimh nua gníomhaithe ar son na haeráide a mbeidh tionchar acu a fhorbairt. Cuspóir suntasach den Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide seo é feasacht, rannpháirtíocht agus spreagadh an phobail a chruthú chun gníomhú i ndáil leis na dúshláin a bhaineann leis an athrú aeráide.
Tacóidh na gníomhartha pobail agus comhpháirtíochtaí a shainaithnítear sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide seo le rannpháirtíocht an phobail ar bhealach a thacaíonn le foghlaim fhrithpháirteach agus bunófar deiseanna fiúntacha chun bealaí nua a aimsiú chun dul in oiriúint do na dúshláin a bhaineann leis an athrú aeráide agus chun iad a mhaolú. Is é an aidhm atá leis an bPlean seo, ní hamháin eolas a roinnt faoi thodhchaí dhóchúil a bhaineann leis an athrú aeráide ach chun pobail a chumasú, a chumhachtú agus tacú leo freisin gníomhú go dearfach ar son an athraithe aeráide ar bhealach atá cuimsitheach, cothrom agus cothromasach.
Trí acmhainní agus túsphointí éagsúla a aithint, tá sé mar aidhm ag gníomhaíochtaí an phobail agus na gcomhpháirtíochtaí eolas agus acmhainn a fhorbairt chun dlús a chur le próisis athraithe trí thacú le pobail, fiontair agus daoine aonair agus iad a chumhachtú chun scileanna nua a fhorbairt agus rochtain a fháil ar na hacmhainní is gá chun páirt a ghlacadh sa ghníomhú ar son na haeráide.
Trí phobail a mhealladh agus a chumhachtú, is féidir tairbhe a bhaint as na deiseanna iomadúla a chruthaíonn aistriú chuig sochaí agus geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de, amhail gairmeacha inbhuanaithe nua, tithe níos teo atá níos tíosaí ar fhuinneamh, roghanna taistil níos fearr, rogha níos inbhuanaithe do thomhaltóirí, pleanáil spásúil chomhtháite, aer agus uisce níos glaine agus timpeallacht níos fearr do na glúnta atá le teacht.
Trí leanúint ar aghaidh le ceannaireacht maidir leis an nGníomhú ar son na hAeráide a léiriú, agus trí oibriú le pobail ar an ngníomhú ar son na haeráide, tá súil ag an gComhairle tairbhe a bhaint as níos mó deiseanna comhoibrithe le pobail ar mhaithe le tacú le hathrú dearfach ar ghnéithe éagsúla de shaol an phobail.
AN CISTE POBAIL UM GHNÍOMHÚ AR SON NA HAERÁIDE
Is é aidhm an Chiste Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide tacú le pobail ísealcharbóin agus iad a fhorbairt. Tá an maoiniú seo á chur ar fáil mar chuid den Chlár Náisiúnta Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide, a bhfuil sé mar aidhm aige tacú le tionscadail agus tionscnaimh a éascaíonn an gníomhú ar son na haeráide pobail trí oideachas, acmhainn a fhorbairt agus foghlaim trí ghníomhaíocht. Díreoidh tionscadail phobail atá incháilithe do mhaoiniú ar na cúig théama seo a leanas:
- Tionscadail Phobail agus Fuinnimh
- Taisteal
- Bia agus dramhaíl
- Siopadóireacht agus athchúrsáil
- Gníomhú áitiúil aeráide agus comhshaoil
Tá Oifigeach um Ghníomhú ar son na hAeráide Pobail ceaptha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe chun treoir agus tacaíocht a thabhairt do phobail chun tionscadail agus tionscnamh a fhorbairt.
Cuspóirí | |
---|---|
Tacú le pobail, fiontair agus daoine aonair rochtain a fháil ar an acmhainn, na scileanna agus an infheistíocht is gá chun dlús a chur le gníomhú. |
Cuimsiú sóisialta agus comhtháthú sóisialta a chothú trí pháirtithe leasmhara éagsúla a mhealladh agus aistriú cóir chuig geilleagar ísealcharbó. |
Ailíniú SDG | Comhthairbhí |
---|---|
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
|
Sprioc 4. Pobail agus Comhpháirtíocht
Cuspóir CP 1 Tacú le pobail, fiontair agus daoine aonair rochtain a fháil ar an acmhainn, na scileanna agus an infheistíocht is gá chun dlús a chur le gníomhú ar son na haeráide. | ||||
---|---|---|---|---|
Gníomh |
Sprioc dháta |
Príomh pháirtí |
KPI | Oiriúnú / Maolú |
Gníomh CP 1.1 Tacú le Gníomhaíocht Phobail i réimsí na dtionscadal fuinnimh pobail, an taistil, na siopadóireachta agus na hathchúrsála, na gníomhaíochta ar son na haeráide agus an bhia agus na dramhaíola, gairdíní pobail san áireamh. Ciste Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide a riar agus tacú le pobail a dtionscadail a chur i bhfeidhm. | Leanúnach | Rannóg Comhshaoil CCG | Líon agus cineál na dtionscadal a dtugtar tacaíocht dóibh agus a cuireadh chun feidhme | An dá rud |
Gníomh CP 1.2 Clár oiliúna, faisnéise agus tacaíochta a bhunú do dhaoine aonair, ghrúpaí pobail agus d'eagraithe imeachtaí pobail maidir le Gníomhú ar son na hAeráide agus Bithéagsúlacht. A chinntiú go gcuirtear san áireamh sa chlár, riachtanais daoine faoi mhíchumas, ghrúpaí leochaileacha agus riachtanais siúd atá i mbaol ón athrú aeráide. Clár oiliúna bliantúil a chur i gcrích. | 31/12/2024 | Rannóg Comhshaoil CCG | Féilire bliantúil na ngníomhaíochtaí a forbraíodh ó Eanáir go Nollaig gach bliain. # na ngníomhaíochtaí a cuireadh chun cinn. | An dá rud |
Gníomh CP 1.3 Líonra pobal a bhunú chun faisnéis a scaipeadh ó cheantair DZ ar fud na tíre (Tionscadal NASCTHA). Obair i gcomhpháirtíocht leis an Líonra Rannpháirtíochta Poiblí chun gníomhaíocht ar son na haeráide a spreagadh sa phobal agus chun tacú léi sa phobal. Smaoinigh ar chatagóirí breise a bhaineann le Gníomhaíocht ar son na hAeráide a chur san áireamh i nGradaim an Chathaoirligh. | 31/12/2024 | Rannóg Comhshaoil CCG | Líon agus Cineál na dTionscadal a Cuireadh i bhFeidhm | An dá rud |
Gníomh CP 1. 4 Scóráil 'Inbhuanaitheacht agus Athrú Aeráide' a chur san áireamh ar mheasúnuithe deontais ábhartha chun a chinntiú go ndéanfaidh grúpaí pobail/páirtithe leasmhara Maolú agus Oiriúnú Aeráide a mheas agus a ionchorprú ina ngníomhaíochtaí uile arna maoiniú ag deontais. | Ongoing | Forbairt Pobail agus Tuaithe CCG | Maitrís scórála a fhorbairt. | An dá rud |
Gníomh CP 1. 5 Rannpháirtíocht le 'Clár na gClubanna Glasa' CLG maidir le tionscadail inbhuanaitheachta agus gníomhaithe ar son na haeráide. | 31/12/2029 | Rannóg Comhshaoil CCG | Líon na dtionscadal ar tugadh tacaíocht dóibh | An dá rud |
Gníomh CP 1. 6 Straitéis Comharthaíochta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ina leagtar béim ar Ghníomhú ar son na hAeráide, oideachas agus daoine a spreagadh ina leith. | 31/12/2024 | Páirtnéirí Éagsúla | Straitéis Comharthaíochta a Fhorbairt. Comharthaíocht in airde. | An dá rud |
Gníomh CP 1. 7 Tacú le Clár Pobail Fuinnimh Inbhuanaithe SEAI agus le Máistirphleananna Fuinnimh a fhorbairt agus a nuashonrú. | Leanúnach | Rannóg Comhshaoil CCG | Líon na Máistirphleananna Fuinnimh a dtacaítear leo. | Maolú |
Gníomh CP 1. 8 Imeachtaí ísealcharbóin a spreagadh agus tacú leo, lena n-áirítear imeachtaí seachtracha a dteastaíonn ceadanna CCG uathu. Treoirlínte a fhorbairt d'imeachtaí agus seicliosta le cur san áireamh i gceadúnú imeachtaí. | Leanúnach | Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG, Rannóg Comhshaoil CCG | Treoirlínte agus seicliosta forbartha. | Maolú |
Gníomh CP 1. 9 Gníomhú ar son na hAeráide a spreagadh laistigh de chláir na nEalaíon Cruthaitheach agus tacú le tionscadail ábhartha. | Leanúnach | Forbairt Pobail agus Tuaithe CCG | Líon na dtionscadal a cuireadh i bhfeidhm | An dá rud |
Gníomh CP 1.10 Tacú le gnólachtaí a bheith níos feasaí faoina bhfreagrachtaí agus faoina rioscaí aeráide, chomh maith leis na deiseanna tráchtála a eascraíonn as inbhuanaitheacht agus meon tomhaltóirí atá ag athrú. Tacú le gnólachtaí measúnuithe fuinnimh a dhéanamh agus pleananna inbhuanaitheachta a chur i gcrích. | 31/12/2024 | LEO | Líon na ngnólachtaí a bhaineann leas as tacaíochtaí 'Green for Business' agus 'Deontas Éifeachtúlachta Fuinnimh' de chuid LEO; Líon na n-imeachtaí oiliúna a cuireadh ar fáil. | An dá rud |
Gníomh CP 1.11 Cur i bhfeidhm cuspóirí agus gníomhartha a bhaineann leis an aeráid a chur chun cinn sa Straitéis Turasóireachta. | Leanúnach | Forbairt Pobail agus Tuaithe CCG | Tionscnaimh a bhaineann leis an aeráid curtha i bhfeidhm | An dá rud |
Gníomh CP 1.12 Tacú le tionscnamh na Scoileanna Glasa agus méadú ar líon na scoileanna atá rannpháirteach go gníomhach a éascú | Leanúnach | Rannóg Comhshaoil CCG | Líon na n-idirghabhálacha tacaíochta / Líon na Scoileanna | An dá rud |
Cuspóir CP 2 Cuimsiú sóisialta agus comhtháthú sóisialta a chothú trí pháirtithe leasmhara éagsúla a mhealladh agus aistriú cóir chuig geilleagar ísealcharbóin a chur chun cinn. | ||||
---|---|---|---|---|
Gníomh | Spriocdháta | Príomhpháirtí | KPI | Oiriúnú / Maolú |
Gníomh CP 2.1 Maoiniú a lorg go gníomhach trí chlár 'Ciste an Aontais um Aistriú Cóir' agus béim á leagan ar bhearta um Ghníomhú ar son na hAeráide. | Leanúnach | Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG, Forbairt Pobail agus Tuaithe CCG | Méid an mhaoinithe a bronnadh. Líon na dtionscadal a cuireadh i bhfeidhm. | An dá rud |
Gníomh CP 2.2 Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail nuashonraithe a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm a chinnteoidh go gcuirtear athrú aeráide san áireamh i bhforbairt an Phlean. | Leanúnach | Forbairt Pobail agus Tuaithe CCG | Glacadh leis an bplean. Tuarascálacha bliantúla forbartha. | An dá rud |
4.5 An Geilleagar Ciorclach
Sprioc Straitéiseach
An Geilleagar Ciorclach: Geilleagar ciorclach a chur chun cinn agus tacú leis chun dramhaíl a laghdú, acmhainní a chaomhnú agus inbhuanaitheacht a fheabhsú.
Is tosaíocht don AE agus d'Éirinn é aistriú ó shamhlacha geilleagracha líneacha traidisiúnta go dtí geilleagar níos ciorclaí. Mar thoradh ar mhéadú ar an daonra agus ar rathúnas, tá méadú ag teacht ar thomhaltas acmhainní finideacha an domhain agus tá tionchair chomhshaoil agus aeráide ag a leithéid. Uasmhéadaíonn geilleagar ciorclach an úsáid a bhaintear as acmhainní, táirgí agus sócmhainní, agus íoslaghdaíonn sé tomhaltas acmhainní agus cur amú acmhainní de gach cineál. Tá sé seo i gcodarsnacht leis an gcur chuige traidisiúnta líneach táirgthe atá bunaithe ar tóg-déan-úsáid-diúscair agus tomhaltas, cur chuige nach bhfuil inbhuanaithe. Ní hamháin go gcaomhnóidh aistriú chuig geilleagar ciorclach acmhainní, ach laghdóidh sé tionchair chomhshaoil agus aeráide freisin. Cothóidh sé nuálaíocht agus, ar an gcaoi sin, méadófar iomaíochas agus cruthófar poist nua. Is féidir le gach duine ról a imirt trí rogha a dhéanamh maidir leis an gcaoi a úsáidimid acmhainní agus maidir leis an úsáid a bhainimid astu, agus trí dhramhaíl a athúsáid, a athchúrsáil agus a íoslaghdú mar chuid dár saol laethúil.
Is iad na príomhchuspóirí náisiúnta an méid dramhaíola a tháirgimid a íoslaghdú, luach na n-ábhar atá in úsáid cheana féin a uasmhéadú, agus an oiread athúsáide agus deisithe agus is féidir a dhéanamh. Oibreoidh an Chomhairle chun tacú le spriocanna sa Phlean Náisiúnta Dramhaíola do Gheilleagar Ciorclach 2023-2029 trí ardleibhéil athchúrsála agus athúsáide a chur chun cinn, a spreagadh agus a éascú, agus trí Ionaid Fóntais Poiblí agus líonra d'ionaid fág anseo a chur ar fáil ar fud an Chontae. Chomh maith leis sin, tacóidh an Chomhairle le tionscnaimh éagsúla a bhfuil sé mar aidhm leo dramhaíl a laghdú/a dheisiú agus a athúsáid / tionscnaimh atá dírithe ar an ngeilleagar ciorclach i gcomhpháirt le páirtithe leasmhara agus leanfaidh an Chomhairle ar aghaidh ag comhoibriú leis an Oifig Réigiúnach um Pleanáil Dramhaíola agus le comhlachtaí náisiúnta chun tacú le feachtais atá dírithe ar dhramhaíl a chosc agus feachtais atá dírithe ar an ngeilleagar ciorclach ag leibhéal áitiúil. Leanfaidh an Chomhairle ar aghaidh, mar chuid dá ról mar Rialtóir Dramhaíola, ag obair chun na hiarrachtaí atá a ndéanamh an reachtaíocht dramhaíola a chomhlíonadh.
Braitheann rath an Gheilleagair Chiorclaigh agus na bPolasaithe agus na bPleananna Bainistíochta Acmhainní ar athrú iompraíochta. Mar shochaí agus ina n-aonar, ní mór dúinn a bheith níos eolaí ar na naisc idir ár roghanna agus ár ngníomhaíochtaí laethúla féin, agus an tionchar ar an gcomhshaol.
Cuspóirí | |
---|---|
Tacú le pobail, gnólachtaí agus daoine aonair giniúint dramhaíola a laghdú agus an méid dramhaíola a athúsáidtear agus a athchúrsáiltear a. |
Cinntiú go ndéantar bainistiú ceart ar dhramhaíl agus go laghdaítear an méid dramhaíola a sheoltar chuig líonadh talún nó a loisctear. |
Ailíniú SDG | Comhthairbhí |
---|---|
|
|
Sprioc 5. An Geilleagar Ciorclach
Cuspóir CE 1 Tacú le pobail, gnólachtaí agus daoine aonair giniúint dramhaíola a laghdú agus an méid dramhaíola a athúsáidtear agus a athchúrsáiltear a mhéadú. | ||||
---|---|---|---|---|
Gníomh | Spriocdháta | Príomhpháirtí | KPI | Oiriúnú / Maolú |
Gníomh CE 1.1 Tacú le tionscnaimh chiorclacha, amhail acmhainní a chosc, a athúsáid, a dheisiú agus a athchúrsáil. Tacú le forbairt fiontar comhoibritheach, faoi úinéireacht an phobail agus comhfhiontair chomhoibríocha eile chun úsáid agus comhroinnt acmhainní níos éifeachtaí a chothú. | Leanúnach | Rannóg Comhshaoil CCG | Líon na dtionscnamh ar tugadh tacaíocht dóibh | Maolú |
Gníomh CE 1.2 Tionscadal píolótach a chur i bhfeidhm atá dírithe ar thomhaltas cupán caife aonúsáide a laghdú agus é mar aidhm straitéisí rathúla a scálú ina dhiaidh sin ar fud an chontae. | Leanúnach | Rannóg Comhshaoil CCG | Tionscadal píolótach curtha i bhfeidhm | Maolú |
Gníomh CE 1.3 Tionscnaimh a chur i bhfeidhm chun leanúint ar aghaidh ag laghdú, ag athúsáid agus ag athchúrsáil dramhaíola ar fud an chontae i gcomhpháirtíocht leis an earnáil phríobháideach, m.sh., méadú ar líon na n-araidí athchúrsála poiblí agus ionaid Fóntas Poiblí, méadú ar líon na scairdeán uisce, bailiú teicstíle/gloine leathnaithe. | Leanúnach | Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG, Rannóg Comhshaoil CCG | Líon na dtionscnamh agus cineálacha tionscnaimh ar tugadh tacaíocht dóibh | Maolú |
Gníomh CE 1.4 Measúnú a dhéanamh ar Phleananna Bainistíochta Dramhaíola Tógála agus Scartála d'fhorbraíochtaí beartaithe chun a chinntiú go n-aithnítear gach sruth dramhaíola féideartha go luath agus bearta cuí curtha i bhfeidhm chun cosc, athúsáid, athchúrsáil agus aisghabháil dramhaíola a chur chun cinn i gcomhréir le grádlathas na réiteach dramhaíola. | Leanúnach | Rannóg Pleanála CCG | # na measúnuithe a rinneadh gach bliain agus comhlíonadh na treorach dea-chleachtais maidir le bainistiú dramhaíola Tógála & Scartála. | Maolú |
Gníomh CE 1.5 Imscrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go n-athúsáidfí ábhair dhramhaíola ó bhóithre i dtionscadail nua tógála. | 31/12/2025 | Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG | Measúnú féidearthachta curtha i gcrích. | Maolú |
Cuspóir CE 2 Cinntiú go ndéantar bainistiú ceart ar dhramhaíl agus go laghdaítear an méid dramhaíola a sheoltar chuig líonadh talún nó a loisctear. | ||||
---|---|---|---|---|
Gníomh | Spriocdháta | Príomhpháirtí | KPI | Oiriúnú / Maolú |
Gníomh CE 2.1 Tacú le feidhmiú céimneach na gcóras bailithe araidí donn leithscartha ar fud an Chontae chun aisghabháil bithmheatáin a éascú i gcomhréir leis an bPlean Náisiúnta Bainistíochta Dramhaíola do Gheilleagar Ciorclach. | Leanúnach | Rannóg Comhshaoil CCG | % na dteaghlach a bhfuil bailiúchán 3 bhosca bruscair acu | Maolú |
Gníomh CE 2.2 Teaghlaigh nach bhfuil gnáthsheirbhís bailithe dramhaíola i bhfeidhm acu faoi láthair a aithint, agus fáil amach conas a bhainistíonn siad a gcuid dramhaíola. Cigireacht a dhéanamh ar áitribh thráchtála chun comhlíonadh a chinntiú maidir le leithscaradh dramhaíola agus go háirithe dramhbhia. | Leanúnach | Rannóg Comhshaoil CCG | # na dteaghlach a ndearnadh teagmháil leo agus # na dteagmhálacha a raibh seirbhís araidí mar thoradh orthu; # na n-áitreabh tráchtála a ndearnadh teagmháil leo agus # na n-áitreabh tráchtála le córas 3 bhosca bruscair i bhfeidhm le béim ar bhainistiú dramhbhia. | Maolú |
Gníomh CE 2.3 Cigireachtaí a dhéanamh ar bhailitheoirí dramhaíola ceadaithe agus ar shaoráidí dramhaíola agus ar ghníomhaíochtaí dramhaíola mídhleathacha agus gníomh forfheidhmiúcháin a dhéanamh de réir mar is gá. | Leanúnach | Rannóg Comhshaoil CCG | # bailíochtaithe/ fíoruithe comhlíontacha ar Thuairisceáin Bhliantúla curtha i gcrích; Líon na gcigireachtaí agus na ngníomhaíochtaí forfheidhmithe | Maolú |
4.6 Talamhúsáid agus Bonneagar Glas
Sprioc Straitéiseach
Talamhúsáid agus An Timpeallacht Nádúrtha: Ár dtimpeallacht nádúrtha a chaomhnú agus a fheabhsú trí chleachtais talamhúsáide inbhuanaithe a chur i bhfeidhm agus a chur chun cinn chun bithéagsúlacht a chosaint agus chun an t-athrú aeráide a chomhrac.
Tá bithéagsúlacht agus gnáthóga nádúrtha i gContae na Gaillimhe leochaileach d'éifeachtaí an athraithe aeráide, ach tá ról tábhachtach acu freisin maidir le hacmhainn oiriúnaitheach a fhorbairt. Sa dearbhú maidir le héigeandáil athraithe aeráide agus bithéagsúlachta a rinneadh i nDáil Éireann i mí na Bealtaine 2019, aithnítear an phráinn a bhaineann le gníomhú ar na géarchéimeanna domhanda idirnasctha seo. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, bithéagsúlacht agus gnáthóga nádúrtha i gContae na Gaillimhe a chosaint, a athbhunú agus a fheabhsú chun athléimneacht na gcóras nádúrtha agus daonna i leith an athraithe aeráide a mhéadú.
Tá comhdhearcadh ann maidir leis an tuiscint go bhfuil éifeachtaí díreacha agus indíreacha ag an athrú aeráide ar an mbithéagsúlacht, agus gur dócha, faoi dheireadh an 21ú haois, go nglacfar leis mar cheann de na cúiseanna is suntasaí atá le cailliúint na bithéagsúlachta. Is é an aidhm atá leis na gníomhartha sa chuid seo cosaint i gcoinne na n-éifeachtaí seo trí bhithéagsúlacht agus oidhreacht Chontae na Gaillimhe a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, timpeallacht shábháilte agus shláintiúil a chinntiú atá athléimneach i leith éifeachtaí an athraithe aeráide agus trí bhainistiú éifeachtach dramhaíola a chur i bhfeidhm agus tacú lena leithéid.
Ní liosta uileghabhálach é an liosta gníomhartha thíos de gach gníomh pleanáilte aeráide a bhaineann le bithéagsúlacht agus oidhreacht; beidh léargas níos cuimsithí agus níos comhordaithe ar na réimsí seo le fáil sa Phlean Bithéagsúlachta agus sa Phlean Oidhreachta atá le foilsiú amach anseo.
Cuspóirí | ||
---|---|---|
Tacú le slándáil bia agus táirgeadh bia áitiúil inbhuanaithe agus timpeallacht shábháilte shláintiúil a chinntiú atá athléimneach i leith éifeachtaí an athraithe aeráide. |
Bithéagsúlacht agus oidhreacht Chontae na Gaillimhe a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú. |
Tacú le réitigh nádúrbhunaithe chun an t-athrú aeráide a mhaolú agus oiriúnú dó, chomh maith le tairbhí breise a sholáthar. |
Ailíniú SDG | Comhthairbhí |
---|---|
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
|
Sprioc 6. Úsáid Talún agus an Timpeallacht Nádúrtha
Cuspóir LN 1 Tacú le slándáil bia agus táirgeadh bia áitiúil inbhuanaithe agus timpeallacht shábháilte shláintiúil a chinntiú atá athléimneach i leith éifeachtaí an athraithe aeráide.Spriocdháta | ||||
---|---|---|---|---|
Gníomh |
Sprioc dháta |
Príomhpháirtí | KPI | Oiriúnú / Maolú |
Gníomh LN 1.1 Tacú le feirmeoirí san aistriú i dtreo cleachtais talmhaíochta ísealcharbóin atá seasmhach ó thaobh na haeráide de lena n-áirítear cleachtais feirmeoireachta nuálacha amhail riascshaothrú. Oibriú le gníomhaireachtaí ábhartha chun straitéis chomhtháite feasachta/aistrithe eolais a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm d'earnálacha na talmhaíochta agus an bhia. Tacar uirlisí agus clár oiliúna a fhorbairt le haghaidh rannpháirtíochta le linn gnáthchuairteanna feirme. | Leanúnach | Gníomhaireachtaí Seachtracha | Straitéis Feasachta agus Tacar Uirlisí forbartha. Líon Rannpháirtíochta le Feirmeoirí agus le Táirgeoirí Bia. Astaíochtaí Talmhaíochta (tonaí in aghaidh an heicteáir) | An dá rud |
Gníomh LN 1.2 Oibriú le hIonad Nuálaíochta BIA chun tacú le gníomhú ar son na haeráide in earnáil an bhia agus na talmhaíochta. | Leanúnach | Rannóg Comhshaoil CCG, Forbairt Pobail agus Tuaithe CCG | Astaíochtaí Talmhaíochta (tonaí in aghaidh an heicteáir) | An dá rud |
Gníomh LN 1.3 Cáilíocht an uisce agus an aeir a chosaint trí chigireachtaí a dhéanamh ar chórais chóireála fuíolluisce tí, ceadúnais scaoilte, feirmeacha agus soláthraithe breosla de réir riachtanas náisiúnta agus de réir mar is gá. Tacú le bearta feabhsúcháin agus maolaithe atá ag teastáil chun stádas maith nó ardchaighdeán uisce a choinneáil nó a bhaint amach sa chontae lena n-áirítear réitigh nádúrbhunaithe nuair is féidir. | Leanúnach | Rannóg Comhshaoil CCG | Líon na gcigireachtaí a cuireadh i gcrích | An dá rud |
Cuspóir LN 2 Bithéagsúlacht agus oidhreacht Chontae na Gaillimhe a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú. | ||||
---|---|---|---|---|
Gníomh |
Sprioc dháta |
Príomhpháirtí | KPI | Oiriúnú / Maolú |
Gníomh LN 2.1 Réimsí tosaíochta a aithint atá oiriúnach don timpeallacht ghlactha d'athchóiriú gnáthóige, d'fheabhsú fiadhúlra agus do chosaint gnáthóige ar mhaithe le tairbhí carbóin agus bithéagsúlachta. Oibriú le páirtithe leasmhara lena n-áirítear úinéirí talún chun deiseanna a aithint chun athchóiriú gnáthóige agus tírdhreach atá oiriúnach don timpeallacht ghlactha a sheachadadh. | 31/12/2025 | Rannóg Pleanála CCG | Líon na heicteár aitheanta le haghaidh cosanta / athchóirithe; líon na heicteár cosanta/athchóirithe | An dá rud |
Gníomh LN 2.2 Iniúchadh a dhéanamh ar thalamh agus ar fhoirgnimh na n-údarás áitiúil, suirbhéanna éiceolaíochta/gnáthóige a dhéanamh agus aird a tharraingt ar limistéir atá i mbaol (agus limistéir atá faoi bhláth nó atá ag cur seirbhísí um cheapadh ar fáil) agus iad siúd atá oiriúnach d'athchóiriú agus do stóráil charbóin fheabhsaithe, nó chun críocha an phobail, chomh maith le conairí fiadhúlra ar féidir iad a chosaint trí phleananna reachtúla a aithint. | 31/12/2025 | Rannóg Pleanála CCG | Líon na heicteár aitheanta le haghaidh cosanta / athchóirithe; líon na heicteár cosanta/athchóirithe | An dá rud |
Gníomh LN 2.3 Suirbhé ar chumhdach crann a dhéanamh agus beartas bainistíochta crann a cheapadh agus a ghlacadh a aithníonn na seirbhísí éiceachórais a sholáthraíonn gnáthóg coillearnaí fálta sceach atá ann cheana féin agus a fhéachann le gnáthóga den sórt sin a choinneáil agus tacú leo. | 31/12/2025 | Rannóg Pleanála CCG | Suirbhé curtha i gcrích; Glacadh leis an mbeartas. | An dá rud |
Gníomh LN 2.4 Plean laghdaithe lotnaidicídí agus luibhicídí a chur i bhfeidhm do Chomhairle Chontae na Gaillimhe. | Leanúnach | Rannóg Pleanála CCG | % laghdú úsáid lotnaidicídí | An dá rud |
Gníomh LN 2.5 Tionscnamh caomhnaithe pailneoirí ar fud an chontae a chur i bhfeidhm, gnáthóga a thacaíonn le pailneoir a chruthú agus a chothabháil bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is déanaí. | 31/12/2025 | Rannóg Pleanála CCG | Plean Contae cruthaithe agus curtha i bhfeidhm. Líon na suíomhanna san áireamh. Gníomhartha a taifeadadh le NBDC/AIPP | An dá rud |
Gníomh LN 2.6 Plean Gníomhaithe nuashonraithe Oidhreachta agus Bithéagsúlachta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun bithéagsúlacht áitiúil a chosaint agus a fheabhsú, agus a chinntiú go gcuirtear athrú aeráide san áireamh i bhforbairt an phlean agus go soláthraíonn an plean sin comhthairbhí cuí don bhithéagsúlacht agus d'oiriúnacht agus athléimneacht an athraithe aeráide. | 31/12/2024 | Rannóg Pleanála CCG | Plean forbartha agus glactha. Tuarascáil bhliantúil curtha i gcrích. | An dá rud |
Gníomh LN 2.7 Tacú le tionscadail eolaíochta saoránach chun díriú ar speicis agus gnáthóga atá íogair ó thaobh na haeráide de | Leanúnach | Rannóg Pleanála CCG | Líon na dtionscadal eolaíochta saoránach ar tugadh tacaíocht dóibh | An dá rud |
Cuspóir LN 3 Tacú le réitigh nádúrbhunaithe chun an t-athrú aeráide a mhaolú agus oiriúnú dó, chomh maith le tairbhí breise a sholáthar. | ||||
---|---|---|---|---|
Gníomh | Spriocdháta | Príomhpháirtí | KPI | Oiriúnú / Maolú |
Gníomh LN 3.1 Cinntiú go dtugann gach tionscadal faoi stiúir ÚÁ réitigh nádúrbhunaithe faoi deara lena n-áirítear tógáil don bhithéagsúlacht de réir mar is cuí. | Leanúnach | Rannóg Comhshaoil CCG, Rannóg Pleanála CCG | Líon agus cur síos ar na mbearta NBS a cuireadh chun feidhme in aghaidh na bliana | An dá rud |
4.7 Oiriúnú do Riosca Aeráide
Sprioc Straitéiseach
Oiriúnú do Riosca Aeráide: Athléimneacht aeráide a fheabhsú trí bhearta oiriúnaithe réamhghníomhacha chun folláine agus bonneagar ár bpobail a chosaint.
Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag obair go gníomhach ar gach gné den bhainistíocht riosca i gcás tuilte. San áireamh anseo tá gníomhartha a bhreithníonn riosca i gcás tuillte a eascraíonn as an athrú aeráide trí bheartais forbartha, comhoibriú le hOifig na nOibreacha Poiblí (ONP) mar an ghníomhaireacht stáit ceannais i ndáil le bainistíocht riosca i gcás tuilte in Éirinn mar chuid de thionscadail chosanta ar thuilte, miontionscadail chosanta ar thuilte dá chuid féin a chur i gcrích, réitigh nádúrbhunaithe a úsáid chun rioscaí i gcás tuilte a bhainistiú, pleananna freagartha éigeandála tuilte a ghníomhachtú, agus bonneagar a atógáil i ndiaidh teagmhas adhaimsire. Ó tharla nach bhfuil a fhios againn cén cinéal aimsire a bheidh ann amach anseo, is é an aidhm atá leis an bPlean seo a chinntiú go mbeidh Comhairle Chontae na Gaillimhe freagrúil agus athléimneach chomh fada is a bhaineann le riachtanais ár bpobal.
Tríd an Measúnú Riosca ar an Athrú Aeráide a rinneadh fad is a bhí an Plean seo á fhorbairt, is léir go mbeidh leibhéil níos airde frasaíochta agus tuilte féideartha mar thoradh ar an athrú aeráide atá 'tarlaithe' cheana féin, agus go mbeidh níos mó seans ann go mbeidh tréimhsí fada triomaigh ann sna blianta amach romhainn. Trí cheantair agus pobail leochaileacha a aithint, oibreoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe chun na huasghráduithe agus na tionscadail riachtanacha a chur ar fáil chun a chinntiú go mbeidh gach pobal athléimneach chomh fada is a bhaineann leis na bagairtí seo. Déanfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe a dícheall a chinntiú go bhfanann socruithe monatóireachta agus líonraí oiriúnach don fheidhm, ionas go bhféadfadh cinnteoirí amhail foirne pleanála éigeandála de chuid na nÚdarás Áitiúil nó foirne réamhaisnéise tuile de chuid Met Éireann, foirne réamhaisnéise aerthruaillithe EPA, etc. iad a úsáid faoi réir comhaontuithe comhroinnte sonraí.
CUSPÓIRÍ | |
---|---|
Athléimneacht agus acmhainn oiriúnaitheach an údaráis áitiúil agus an phobail áitiúil a mhéadú i leith thionchair reatha agus réamh-mheasta an athraithe aeráide. |
Freagairt Éigeandála iomchuí chomhordaithe leis na hacmhainní cuí a chinntiú le linn éigeandálaí agus imeachtaí a bhaineann leis an aeráid. |
Ailíniú SDG | Comhthairbhí |
---|---|
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
|
Sprioc 7. Oiriúnú do Riosca Aeráide
Cuspóir AD 1 Athléimneacht agus acmhainn oiriúnaitheach an údaráis áitiúil agus an phobail áitiúil a mhéadú i leith thionchair reatha agus réamh-mheasta an athraithe aeráide. | ||||
---|---|---|---|---|
Gníomh | Spriocdháta | Príomhpháirtí | KPI | Oiriúnú / Maolú |
Gníomh AD 1.1 Comhoibriú le hOifig na nOibreacha Poiblí agus páirtithe leasmhara eile chun measúnú a dhéanamh ar tionchair dhóchúla a bheidh ag an athrú aeráide, rudaí ar nós ardú ar leibhéal na farraige, creimeadh cósta agus tuilte, ar an timpeallacht thógtha agus ar láithreáin oidhreachta. Tús áite a thabhairt do réimsí measúnaithe breise agus maoiniú/tacaíocht a lorg chun an riosca a mhaolú. Cabhrú le CARO le clár a fhorbairt de bhonneagar ríthábhachtach, de chórais agus de shócmhainní atá i mbaol ó imeachtaí aeráide atá ann cheana agus atá tuartha. | 31/12/2025 | Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG, Rannóg Comhshaoil CCG | Measúnú críochnaithe. Clár forbartha. Limistéir ar tugadh tosaíocht dóibh. Maoiniú a Iarradh. Tionscadail a cuireadh i bhfeidhm. | Oiriúnú |
Gníomh AD 1.2 Comhoibriú le heagraíochtaí Rialtais chun bearta caipitil a sholáthar do réimsí tosaíochta aitheanta ina gcuimsítear réitigh nádúrbhunaithe, bithéagsúlacht agus feabhsú cháilíocht an uisce. | Leanúnach | Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG, Rannóg Comhshaoil CCG | Maoiniú faighte. Limistéir faoi chosaint. | Oiriúnú |
Gníomh AD 1.3 Cinntiú go n-ionchorpraítear Pleananna Oiriúnaithe Earnála um Bainistíocht Riosca i gCás Tuilte agus Athrú Aeráide i bpleanáil spásúil an Chontae, ag féachaint go cuí don ghá atá le réitigh nádúrbhunaithe agus Córais Draenála Uirbeacha Inbhuanaithe (SuDS) a chur chun cinn, agus íogaireachtaí comhshaoil ag na láithreacha sin. Déanfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe pleanáil spásúlachta ildeichbhliantúil fhadtéarmach ar thuilte agus ar ardú ar leibhéal na farraige chun eolas a dhéanamh do straitéis lonnaíochta agus lorgóidh sí comhairle ón OOP. | Leanúnach | Rannóg Pleanála CCG | Glacadh CDP/LAPanna | Oiriúnú |
Gníomh AD 1.4 Straitéisí bliantúla um Oiriúnú Aeráide do Bhóithre Réigiúnacha agus Áitiúla a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. | Leanúnach | Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG | Straitéisí bliantúla forbartha agus curtha i bhfeidhm. | Oiriúnú |
Gníomh AD 1.5 Bearta oibríochtúla atá riachtanach chun bonneagar/trealamh criticiúil a chosaint ar imeachtaí aeráide a aithint agus a chur i bhfeidhm, agus aon chláir chothabhála/uasghrádaithe is gá a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar riosca aeráide. | Leanúnach | Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG | Bearta oibríochtúla aitheanta agus clár bliantúil curtha i bhfeidhm. | Oiriúnú |
Action AD 1.6 Promote and encourage community involvement in the retrofit of SuDS in existing developments, maintaining community rain gardens, discourage hard paving in gardens and retrofit raingardens / water butt installations. | Leanúnach | Páirtnéirí Éagsúla | Líon na dtionscnamh bolscaireachta (postálacha meán sóisialta, ailt, etc.) agus imeachtaí rannpháirtíochta in aghaidh na bliana. | An dá rud |
Gníomh AD 1.7 Oibriú leis an OOP agus le páirtithe leasmhara eile chun Mionscéimeanna agus Mórscéimeanna um Chosaint ar Thuilte agus um Thuiledíonadh ar fud an chontae a thacaíonn le Réitigh Nádúrbhunaithe chun cur le líon na gcomhthairbhí a aithint agus tacú leo. | Leanúnach | Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG | Líon na dtionscadal a cuireadh i gcrích. Maoiniú caite. | Oiriúnú |
Gníomh AD 1.8 Tacú le scéimeanna grúpa uisce príobháideacha chun foinsí uisce óil atá leochaileach don athrú aeráide a aithint agus chun cosaint foinse nó foinsí malartacha a fhorbairt chun cainníocht uisce agus leibhéil cháilíochta a choinneáil | 31/12/2024 | Seirbhísí Uisce CCG | Líon na GWS a fuair tacaíocht. | Oiriúnú |
Cuspóir AD 2 Freagairt Éigeandála iomchuí chomhordaithe leis na hacmhainní cuí a chinntiú le linn éigeandálaí agus imeachtaí a bhaineann leis an aeráid. | ||||
---|---|---|---|---|
Gníomh | Spriocdháta | Príomhpháirtí | KPI | Oiriúnú / Maolú |
Gníomh AD 2.1 Athbhreithniú a dhéanamh ar an bPlean Móréigeandála agus ar phleananna bainistíochta riosca ábhartha eile chun a chinntiú go n-ionchorpraítear faisnéis riosca aeráide atá cothrom le dáta | 31/12/2025 | Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG | Pleananna Nuashonraithe. | An dá rud |
Gníomh AD 2.2 Pleananna teagmhasacha a aithint le haghaidh imeachtaí aeráide a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar bhonneagar criticiúil, agus iarmhairtí móra agus/nó tionchar cascáideach ar sheirbhísí eile mar thoradh ar chliseadh. Plean straitéiseach bainistíochta falscaí a ullmhú do cheantair ardriosca. Cumarsáid shoiléir a chur ar fáil do phobail. | 31/12/2025 | Seirbhísí Éigeandála CCG, Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG | Pleananna teagmhasacha forbartha. | Oiriúnú |
Gníomh AD 2.3 Athbhreithniú a dhéanamh ar pholasaithe teocht íseal (sneachta & sioc) ar fud an chontae do bhóithre agus do chosáin. | 31/12/2025 | Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG | Polasaithe athbhreithnithe. | Oiriúnú |
Gníomh AD 2.4 Tionchar imeachtaí adhaimsire a ghabháil trí chórais taifeadta agus bainistíochta teagmhas atá ann cheana a chomhtháthú, lena n-áirítear WIRE agus SWEMS, oiliúint a dhéanamh agus teagmhais a thaifeadadh. | Leanúnach | Páirtnéirí Éagsúla | WIRE agus SWEMS comhtháite | Oiriúnú |