Image of houses on Aran Island

CÉARD É CRIOS DÍCHARBÓNAITHE? 

Is ceantar roghnaithe é Crios Dícharbónaithe (CD) ina n-oibríonn údaráis áitiúla agus pobail le chéile chun an méid carbóin a tháirgeann a ngníomhaíochtaí laethúla a laghdú. Trí bhealaí a chuardach laistigh den phobal chun maireachtáil agus oibriú ar bhealach níos inbhuanaithe, is féidir leis na criosanna seo a úsáid chun teacht ar réitigh áitiúla ar fhadhbanna domhanda, amhail astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, cáilíocht an aeir a fheabhsú, fuinneamh a shábháil agus dramhaíl a laghdú. 
 

Is é an príomhchuspóir atá le Crios Dícharbónaithe teacht ar bhealaí nuálacha ach indéanta chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ón gceantar a laghdú 51% faoin mbliain 2030, bunaithe ar leibhéil 2018, i gcomhréir leis an gCuspóir Aeráide Náisiúnta. Beidh Plean gach crios bunaithe ar thréithe an cheantair, ar an tairbhe don phobal áitiúil, agus ar an gcaoi ar féidir leis na gnéithe seo oibriú le chéile chun astaíochtaí ceaptha teasa ón gcrios a laghdú nó a bhaint. 
 

Trí na criosanna seo a chruthú ar fud na tíre, is féidir cuir chuige agus tionscadail éagsúla a thástáil agus a thabhairt chun foirfeachta, rud a chuireann ar chumas pobal na smaointe seo a chur i bhfeidhm bunaithe ar a gcuid riachtanas féin. 

CÉN FÁTH A BHFUIL AN TIONSCADAL 'CRIOS DÍCHARBÓNAITHE' AG TARLÚ?

Faoin bPlean Gníomhú ar son na hAeráide Náisiúnta 2019, ní mór do gach údarás áitiúil sa tír Crios Dícharbónaithe a phleanáil. Ina theannta sin, mar chuid den Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, ceanglaítear ar gach údarás áitiúil Plean Gníomhaithe Aeráide a chur i dtoll a chéile. Soiléiríodh sna Treoirlínte do Phleananna Gníomhaithe ar son na hAeráide na nÚdarás Áitiúil a foilsíodh in 2023 go gcaithfear Criosanna Dícharbónaithe a chur san áireamh anois i ngach Plean Gníomhú ar son na hAeráide de chuid na n-údarás áitiúil. 

Cén fáth ar roghnaíodh Oileáin Árann? 

D'fhonn cáiliú mar Chriosanna Dícharbónaithe, ní mór go mbeadh saintréithe áirithe ag na ceantair roghnaithe a d'fhéadfadh gníomhú ar son na haeráide in earnálacha éagsúla. Roghnaíodh Oileáin Árann mar Chrios Dícharbónaithe de bhrí gur measadh go raibh an ceantar seo; 1) réidh chun tacú leis an ngníomhú ar son na haeráide, 2) go raibh braistint phobail láidir ann, agus 3) gur ceantar uathúil atá ann lena mbaineann ionchuir agus aschuir intomhaiste. 
 

Mar Chrios Dícharbónaithe, tá go leor féidearthachtaí ag baint le Oileáin Árann freisin chun tionscadail aeráide nua a bhunú ann agus chun tionscadail aeráide atá bunaithe ann cheana a fhorbairt, mar aon le deiseanna chun dul i ngleic le go leor saincheisteanna. D'fhéadfaí, mar shampla, díriú ar shlándáil agus inbhuanaitheacht fuinnimh trí bonneagar fuinnimh nua, amhail uasghráduithe ar an líonra leictreachais agus trí éifeachtúlacht agus teas in-athnuaite a fheabhsú i bhfoirgnimh san earnáil chónaithe agus tráchtála. Chomh maith leis sin, tá deiseanna ann lorg carbóin na hearnála turasóireachta a laghdú tríd an gcóras iompair chuig agus ó na hoileáin a dhícharbónú. 

An Fhís don Chrios Dícharbónaithe 

Pléadh Fís do Chrios Dícharbónaithe Oileáin Árann le páirtithe leasmhara áitiúla i rith ceardlainne a reáchtáladh ar Inis Mór i mí Dheireadh Fómhair 2023 agus sainaithníodh na téamaí seo a leanas. Déanfar tuilleadh forbartha orthu seo de réir mar a chuirfear Plean an Chreasa Dícharbónaithe i bhfeidhm. 

  1. Fuinneamh neamhspleách, fuinneamh faoi úinéireacht an phobail a ghiniúint. 

  1. Deireadh curtha le bochtaineacht bhreosla agus tithe compordacha, dea-inslithe ag gach duine. Gach teach rangaithe mar theach B2 (ar a laghad) le foinse teasa dícharbónaithe. 

  1. Iompar inbhuanaithe chuig na hoileáin agus mórthimpeall ar na hoileáin 

  1. Leibhéal dramhaíola íseal 

  1. Neodrach ó thaobh carbóin de

5.1 Crios Dícharbónaithe Oileáin Árann 

RÉAMHRÁ

Chun an sprioc maidir le laghdú 51% ar astaíochtaí carbóin a bhaint amach faoi 2030, ní mór dúinn eolas a bhailiú faoin méid seo a leanas ar dtús; 1) na hastaíochtaí reatha sa chrios dícharbónaithe, 2) na gníomhaíochtaí is cúis leo, agus 3) cuspóir na ngníomhaíochtaí sin. 
 

Sa chuid seo dírimid ar ghnéithe éagsúla lena n-áirítear miondealú ar an daonra agus patrúin taistil, cineálacha foirgneamh agus córas téimh sa cheantar. Tugann sé seo léargas mionsonraithe dúinn chomh fada is a bhaineann le heolas a bhailiú faoi iompar daoine faoi láthair, gníomhaíochtaí agus bonneagar ionas gur féidir linn cinneadh a dhéanamh faoin mbealach is fearr chun réitigh a fhorbairt le chéile atá curtha in oiriúint d'Oileáin Árann agus do gach duine atá ina gcónaí, ag obair agus ag taisteal ann.

Figiúr 5.1: Léarscáil de Chrios Dícharbónaithe Oileáin Árann 

 

5.2 Próifíl d'Oileáin Árann 

Páirteach in Oileáin Árann tá grúpa de thrí oileán ag béal Chuan na Gaillimhe, atá suite amach ó chósta thiar na hÉireann, agus tá achar iomlán Oileáin Árann cothrom le thart ar 46 km2. Ón taobh thiar go dtí an taobh thoir, is iad Oileáin Árann / Inis Mór, an t-oileán is mó; Inis Meáin, an dara hoileán is mó; agus Inis Oírr.  
 

Tá an daonra cothrom le 1,347 (amhail 2022) agus tá an ceantar ainmnithe mar Ghaeltacht oifigiúil. Níl an oiread céanna béime á leagan ar thionscail thraidisiúnta an oileáin - feirmeoireacht agus talmhaíocht - na laethanta seo, seachas sin táthar ag díriú ar an earnáil turasóireachta, go háirithe de bhrí go bíonn turasóirí ag triall ar an oileán ó cheann ceann na bliana anois. Tá go leor cónaitheoirí ar na hoileáin fostaithe sa tionscal turasóireachta, agus bíonn idir 270,000 agus 300,000 turasóir ag triall ar na hoileáin gach bliain. Is ar thuras lae a bhíonn formhór na dturasóirí. 
 

Tá seirbhísí farantóireachta do phaisinéirí á gcur ar fáil i rith na bliana ó Ros an Mhíl i gContae na Gaillimhe, agus tá seirbhís bus ar fáil ó Chathair na Gaillimhe. Tá seirbhís lasta throim á cur ar fáil ó Chuan na Gaillimhe cúpla uair sa tseachtain. Tá báid farantóireachta séasúracha ar fáil freisin ó Chathair na Gaillimhe agus Dúlainn i gContae an Chláir. Tá aersheirbhís á cur ar fáil ag Aer Arann Islands ó Indreabhán chomh fada le hAerfort Inis Mór, agus tá seirbhís bus ar fáil ó Chathair na Gaillimhe. Faigheann go leor cuairteoirí rothair ar cíos chun taisteal mórthimpeall ar an oileán.  
 

Tá stádas Natura 2000 ag Oileáin Árann, agus tá 75% dá limistéar talún ainmnithe mar Limistéir Chaomhantais Speisialta. 

PRÍOMHTHEAGMHÁLAITHE AGUS PÁIRTITHE LEASMHARA FAOI LÁTHAIR 

Tá rannpháirtíocht páirtithe leasmhara riachtanach chun pleananna an Chreasa Dícharbónaithe a fhorbairt. Moltar i dTreoirlínte Náisiúnta Phleananna Gníomhaithe ar son na hAeráide na nÚdarás Áitiúil rannpháirtíocht luath agus leanúnach páirtithe leasmhara i rith an tionscadail. Lena chois sin, tarraingítear aird sa treoir, ar an bpointe nach bhfuil "an fheidhm rialaithe ná an chumhacht ag an Údarás Áitiúil tionchar díreach a imirt ar na laghduithe fuinnimh agus astaíochtaí go léir laistigh de theorainneacha cheantar an Chreasa Dícharbónaithe". Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach deis a thabhairt do raon leathan earnálacha agus páirtithe leasmhara páirt a ghlacadh i bpróiseas an Chreasa Dícharbónaithe agus chun gníomhartha a shainaithint agus chun dlús a chur le forbairt agus cur chun feidhme an Phlean. 
 

Chun próiseas cothrom agus cóir a chinntiú i bhforbairt agus i bhfeidhmiú, chuir Comhairle Chontae na Gaillimhe tús leis an bpróiseas chun deis rannpháirtíochta a thabhairt do pháirtithe leasmhara ón gceantar áitiúil agus chuir foireann na Comhairle Contae obair i gcrích le Comharchumann Fuinnimh Oileáin Árann Teoranta (CFOAT), comharchumann fuinnimh faoi úinéireacht an phobail, na trí Chomharchumann áitiúla, saoráidí oideachais, gnólachtaí áitiúla agus daoine aonair i bhforbairt an Phlean seo. Leanfar leis an bpróiseas seo agus neartófar é mar chuid den Phlean seo. 
 

Is idirghabhálaithe tábhachtacha iad Comharchumann Fuinnimh Oileáin Árann Teoranta (CFOAT) agus na trí Chomharchumann áitiúla leis an bpobal trí chéile. 

Cás-staidéar

(foinse: https://climateconnected.ie/case-studies/) 

Is comharchumann fuinnimh faoi úinéireacht an phobail é Comharchumann Fuinnimh Oileáin Árainn Teo (CFOAT) a dhéanann ionadaíocht ar 3 Oileán Árann: Árann, Inis Meáin agus Inis Oírr. Tá cead ag gach cónaitheoir ballraíocht saoil a bhaint amach le haghaidh €100. Is comharchumann neamhbhrabúis atá ann agus baineann an pobal tairbhe as na buntáistí ar fad. Is é an aidhm atá le CFOAT a chinntiú nach bhfuil breoslaí iontaise in úsáid ar na 3 oileán agus go bhfuil úsáid á baint as fuinneamh glas a ghintear ar na hoileáin agus go bhfuil sé faoi úinéireacht an chomharchumainn. San áireamh ina dtionscadal tá tithe agus foirgnimh a uasghrádú agus a iarfheistiú; tús a chur le carranna agus busanna leictreacha a úsáid; teaghlaigh a spreagadh chun teaschaidéil, painéil fhótavoltacha agus stóráil ceallraí a shuiteáil; leictreachas a ghiniúint sa cheantar áitiúil; oibriú mar chomhpháirtithe ar roinnt tionscadal taighde atá á maoiniú ag an Aontas Eorpach; Mol Taighde Fuinnimh a bhunú ar Oileáin Árann; deiseanna fostaíochta nua a chruthú i réimse an fhuinnimh; Turais Fuinnimh a reáchtáil ar na hoileáin.
 

Trí CFOAT a bhunú mar chomharchumann in 2012, chuir sé tús lena chuid oibre trí pháirt a ghlacadh i scéimeanna Deontais Pobail Fuinnimh Níos Fearr SEAI An Clár Deontais Fuinnimh Pobail anois). Ó 2012 i leith, tá iarfheistiú a bhaineann le fuinneamh curtha i gcrích ag 50% de na tithe agus ag go leor de na foirgnimh phobail ar na hoileáin. 
 

Tá roinnt foirgneamh ar an oileán ag feidhmiú go hiomlán saor ó bhreosla iontaise anois.  
 

Cuireadh tús leis an ngrúpscéim in 2011 agus ní raibh ach trí charr leictreacha ar fáil, agus anois tá breis is 15 charr leictreacha ar Árainn. Is feithiclí athláimhe iad go leor díobh seo a bhfuil raon laghdaithe acu. Níl aon fhadhb ag baint leis seo ar an oileán de bhrí go bhfuil na hachair taistil sách gar i gcomparáid leis na hachair taistil ar an mórthír: Níl Árainn, an t-oileán is mó, ach 17km ar fad. 

Tá teaschaidéil agus painéil fhótavoltacha in úsáid in thart ar 100 foirgneamh ar na hoileáin anois, rud a chiallaíonn go n-úsáideann siad i bhfad níos lú breosla iontaise chun spásanna agus uisce a théamh. Úsáideann teaschaidéil leictreachas a d'fhéadfadh a bheith níos costasaí. É sin ráite, cabhraíonn na painéil PV lena chinntiú go laghdaítear an gá atá le leictreachas ón eangach a úsáid.
 

Faoi láthair, tá CFOAT páirteach i dtrí thionscadal atá maoinithe ag an Aontas Eorpach (H2020 agus InterReg): SEAFUEL agus HUGE mar shampla. Ciallaíonn sé seo go bhfuil sé in ann triúr daoine áitiúla a fhostú anois (ní mar chuid de scéim rialtais), duine amháin lánaimseartha, i bpoist inbhuanaitheachta ardoilte. Is éacht ollmhór é seo i gceantar ina bhfuil go leor fostaíochta séasúraí agus turasóireachta. Bhain dúshlán a bhí le sárú i rith na laethanta tosaigh le rochtain ar luathairgeadas chun cabhrú le costais bhunaithe agus riaracháin. Chuir struchtúr an chomharchumainn ar chumas na mball táille bheag (€100 do bhallraíocht saoil sa chomharchumann) a íoc chun ár mbunú a mhaoiniú. Chiallaigh sé sin go raibh airgead i gcuntas bainc an chomharchumainn a chabhraigh le taifead airgeadais a bhunú a thug deis dúinn iasachtaí idirlinne a fháil nuair a bhí siad ag teastáil. Bhaineamar tairbhe as seirbhísí Clann Credo inár gcláir iarfheistithe toisc gur íocadh deontais SEAI go cúlghabhálach agus chiallaigh sé sin gur éirí linn maoiniú a bhí ag teastáil a íoc. 

Astaíochtaí laistigh de Chrios Dícharbónaithe Oileáin Árann 

Is bealach é Fardal Astaíochtaí Bonnlíne (BEI) chun léargas a thabhairt ar an méid gás ceaptha teasa atá á scaoileadh faoi láthair i limistéar ar leith. Cuirtear san áireamh foinsí astaíochtaí chomh maith le húsáid leictreachais agus bainistiú dramhaíola agus cabhraíonn sé sin chun na gníomhartha atá le déanamh sna criosanna dícharbónaithe a threorú. Forbraíodh an Fardal Astaíochtaí Bonnlíne trí úsáid a bhaint as modheolaíochtaí ó threoirlínte náisiúnta do Phleananna Gníomhaithe ar son na hAeráide na n-Údarás Áitiúil. 
 

Ceanglaíodh ar BEI do Chriosanna Dícharbónaithe go náisiúnta bonnlíne 2018 nó na sonraí is gaire atá ar fáil a úsáid. Trí shonraí astaíochtaí 2030 a chur i gcomparáid le bonnlíne 2018, beifear in ann an dul chun cinn a rinneadh a fheiceáil agus rath na ngníomhaíochtaí aeráide ar fud an chreasa a thomhas. 
 

Tá an BEI bunaithe ar fhoinsí sonraí éagsúla chun astaíochtaí in earnálacha éagsúla a ríomh. Rinneadh measúnú ar an earnáil Chónaithe, Neamhchónaithe agus Iompair trí úsáid a bhaint as sonraí ó Máistirphlean Fuinnimh (EMP) 2018 d'Árainn agus Inis Meáin, chomh maith le EMP 2020 d'Inis Oírr. Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe an-bhuíoch do Chomharchumann Fuinnimh Oileáin Árann Teoranta (CFOAT), agus don Chomharchumann áitiúil a d'fhorbair na pleananna seo de bhrí gur chabhraigh siad go mór le BEI a fhorbairt. 
 

Léirítear sa ghrafaic thíos miondealú ar astaíochtaí de réir earnála agus tá figiúirí na Gaillimhe agus na figiúirí Náisiúnta curtha san áireamh chun críche comparáide. Tá na hastaíochtaí iomlána GCT do Chrios Dícharbónaithe Oileáin Árann do 2018 cothrom le thart ar 16 ktCO2e. Is iad seo a leanas príomhfhoinsí na n-astaíochtaí GCT laistigh den cheantar: talmhaíocht (35%), iompar (34%) agus cónaithe (13%).  

 Scair torthaí BEI an Chrios Dícharbónaithe de réir catagóire

Fíor 5.2: Scair torthaí BEI an Chrios Dícharbónaithe de réir catagóire

Tábla 4: Astuithe Iompair an Chrios Dícharbónú

 

Fíor 5.3: Oileáin Árann DZ: Fo-earnálacha Iompair

 

Astaíochtaí Iompair 

Bhain 34% d'astaíochtaí an chreasa le hearnáil Iompair Oileáin Árann. Is í seo an dara hearnáil astaithe is mó i ndiaidh na hearnála talmhaíochta. Chun críche comparáide, tá an earnáil Iompair freagrach as 15% de na hastaíochtaí iomlána ag leibhéal an chontae agus 19% ag leibhéal an stáit. 
 

Laistigh den earnáil, is í an fho-earnáil astaithe is airde astaíochtaí Muirí (níl san áireamh anseo ach báid farantóireachta). Ainneoin go bhfuil Feithiclí Leictreacha ar Oileáin Árann, níl ach líon an-bheag feithiclí dá leithéid ann agus tá siad freagrach as níos lú ná 0.1% d'astaíochtaí san earnáil iompair.
 

Chun dul chomh fada le hOileáin Árann, caithfidh cónaitheoirí agus cuairteoirí taisteal ar bhád farantóireachta nó eitleán. Nuair a bhíonn daoine ar an oileán, is iad mionbhusanna agus rothair atá á gcur ar fáil mar chóras iompair phoiblí. Chomh maith leis sin, tá feithiclí príobháideacha ag cónaitheoirí, agus meastar go bhfuil 449 carr príobháideach idir na trí oileán. 

Astaíochtaí Cónaithe 

San áireamh san earnáil Chónaithe tá astaíochtaí ó ghníomhaíochtaí teaghlaigh lena n-áirítear téamh spáis agus uisce, chomh maith le hídiú leictreachais. Tá 783 aonad tithíochta ar fad sa Chrios Dícharbónaithe, líon beag aonad tithíochta sóisialta ina measc. Laistigh den Chrios Dícharbónaithe, bhain 75% d'astaíochtaí na hEarnála Cónaithe le téamh spáis agus uisce agus bhain 25% de na hastaíochtaí le hídiú leictreachais. Pointe tábhachtach gan réiteach nach mór don Earnáil Chónaithe díriú air é an clúdach teoranta BER. Tá na sonraí seo úsáideach chun eolas a bhailiú faoi na tithe nach mór iad a iarfheistiú agus chun teacht ar thuiscint níos fearr ar astaíochtaí san earnáil seo. Cabhróidh an tionscadal nasctha dhigitigh atá ar siúl ar Inis Mór faoi láthair le dul chun cinn a dhéanamh i ndáil leis an bpointe seo. 

Talmhaíocht agus Talamhúsáid, Athrú Talamhúsáide agus Foraoiseacht (LULUCF) 

Is ó bheostoc is mó a thagann astaíochtaí na hearnála talmhaíochta ar Oileáin Árann. Roinneadh an earnáil beostoic mar seo a leanas - eallach, a tháirgeann 71% d'astaíochtaí na hearnála, agus caoirigh, a tháirgeann 2% breise. Chomh maith leis sin, tomhaiseadh astaíochtaí ó ghabhair agus bhí na hastaíochtaí sin cothrom le tona breise amháin de CO2e.
  

Go traidisiúnta, bhí ról suntasach ag an talmhaíocht i saol cultúrtha agus geilleagrach Oileáin Árann. Mar gheall ar nádúr na bhfeirmeacha oileáin, is iondúil go mbíonn feirmeacha aonair beag agus ní mór neart oibre a dhéanamh chun tairbhe a bhaint astu.  
 

De réir shonraí Dhaonáireamh Talmhaíochta 2020, tá 1,553 bó agus 253 caora ar Oileáin Árann. Tá gabhair ar na hoileáin freisin. Tá 2,460 heicteár á shaothrú ar an oileán, agus tá meánmhéid na ngabháltas cothrom le 12.2 acra, ar aon dul le feirmeacha níos lú a fhaightear i bpobail na n-oileán go traidisiúnta. 
 

Tá go leor feirmeoirí ar na hoileáin páirteach i dtionscadal Caomhnú Árann, clár comhpháirtíochta a bhfuil feirmeoirí na n-oileán, an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (RCOG), an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS), Teagasc agus Fáilte Éireann páirteach ann, tionscadal arna chómhaoiniú ag an RTBM agus ag an AE. Is é an aidhm atá leis an tionscadal gnáthóg tosaíochta ar Oileáin Árann a chosaint agus a athbhunú agus tacaíonn foireann an tionscadail le cleachtais feirmeoireachta inbhuanaithe. Ós rud é go bhfuil cleachtais áitiúla feirmeoireachta agus talamhúsáide an-inbhuanaithe cheana féin, d'fhéadfadh deiseanna teoranta a bheith ann chun astaíochtaí a laghdú lasmuigh de thionscadal Caomhnú Árann.  

Dramhaíl 

Tá clár bailithe agus athchúrsála dramhaíola bunaithe ag Athchúrsáil Árann, Comharchumann ar Oileáin Árann, clár a bhfuil gradam buaite aige. Mar chuid den tionscadal athchúrsála, burláiltear ábhar tirim in-athchúrsáilte agus seoltar go Gaillimh é; múirínítear bia agus ábhar orgánach; brúitear gloine chun í a úsáid mar chumascán le haghaidh coincréite, déantar adhmad a stialladh agus cuirtear isteach leis an múirín é, agus stóráiltear earraí builc, amhail seanfhuinneoga, chun iad a athúsáid i seideanna talmhaíochta agus gairdín. Ní féidir thart ar 20% den dramhaíl a phróiseáil i saoráidí laistigh den Chrios Dícharbónaithe agus seoltar an dramhaíl sin chuig an mórthír, agus déileáiltear léi i monarcha dramhaíl go fuinneamh. Tagann formhór na n-astaíochtaí dramhaíola ón dramhaíl a sheoltar chuig monarcha dramhaíl go fuinneamh lasmuigh den oileán, astaíochtaí atá cothrom le thart ar 55% de na hastaíochtaí earnála. Tagann na hastaíochtaí eile ó dhramhaíl a phróiseáiltear ar na hoileáin san ionad athchúrsála (31%) agus astaíochtaí a bhaineann le próiseáil fuíolluisce agus fuíolluisce (14%).  

 

Cuspóir 6.1 Astaíochtaí carbóin a laghdú agus forbairt inbhuanaithe ar Oileáin Árann a chur chun cinn trí raon beart a chur i bhfeidhm agus tacú leo a laghdóidh astaíochtaí gás ceaptha teasa, a mhéadóidh éifeachtúlacht fuinnimh, agus a chuirfidh úsáid foinsí fuinnimh in-athnuaite chun cinn, agus é mar aidhm lorg carbóin na n-oileán a laghdú. Tá sé i gceist go mbeidh an Crios Dícharbónaithe dírithe ar raon beart maolaithe agus oiriúnaithe aeráide agus bithéagsúlachta i ngach limistéar riaracháin údaráis áitiúil agus go gcabhróidh sé le tionscadail a shainaithint a chabhróidh chun an cuspóir aeráide náisiúnta a chomhlíonadh.

Tús Áite a Thabhairt do Ghníomhartha Aeráide 

Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe páirteach cheana féin i roinnt tionscadal a bhaineann leis an nGníomhú ar son na hAeráide ar Oileáin Árann, lena n-áirítear: 

Athchúrsáil Árann – Bailiú agus Athchúrsáil/Athúsáid Dramhaíola 

 

Mar chuid den phróiseas Rannpháirtíochta le Páirtithe Leasmhara, forbraíodh liosta de na gníomhartha aeráide a d'fhéadfaí a fhorbairt sa Chrios Dícharbónaithe mar chuid den Cheardlann Phobail. Roinneadh na gníomhartha seo sa Chomhairliúchán ar Líne agus iarradh ar fhreagróirí a ngníomhaíochtaí ardtosaíochta a roghnú as na réimsí seo a leanas - fuinnimh, iompar, pobal, geilleagar agus timpeallacht nádúrtha. Leagtar amach san fhigiúr thíos na trí phríomhghníomh do gach réimse, agus líon na bhfreagróirí a roghnaigh na gníomhartha sin. 

  • Deireadh curtha le bochtaineacht bhreosla agus tithe compordacha, dea-inslithe a chur ar fáil do gach duine. Gach teach rangaithe mar theach B2 (ar a laghad) le foinse teasa dícharbónaithe - compord a fheabhsú, astaíochtaí a laghdú agus airgead a shábháil. 
  • Fuinneamh neamhspleách, fuinneamh faoi úinéireacht an phobail a ghiniúint. 
  • Iompar a dhícharbónú ar na hoileáin agus chuig na hoileáin 

5.3 Clár Deiseanna agus Gníomhartha 

Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe páirteach cheana féin i roinnt tionscadal a bhaineann leis an nGníomhú ar son na hAeráide ar Oileáin Árann, lena n-áirítear: 

 

Comharchumann Athchúrsáil Árann – Bailiú agus Athchúrsáil/Athúsáid Dramhaíola 
 

An Tionscadal CONNECTED – Tionscadal Chrios Dícharbónaithe Réigiún an Iarthuaiscirt seo a bhfuil sé mar aidhm leis uirlis rannpháirtíochta, idirphlé agus rannpháirtíochta dícharbónaithe a fhorbairt.  
 

LEAP - Gníomhaireachtaí Fuinnimh Áitiúla i Réigiúin Fhorimeallacha - Tionscadal LIFE a bhfuil sé mar aidhm leis "seirbhísí athchóirithe tí comhtháite" a chur ar fáil i dTuaisceart agus in Iarthar na hÉireann. 
 

Chomh maith leis sin, aithníodh deiseanna dícharbónaithe sna Máistirphleananna Fuinnimh a d'ullmhaigh na pobail áitiúla, lena n-áirítear Máistirphlean Fuinnimh (EMP) 2018 d'Árainn agus Inis Meáin agus EMP 2020 d'Inis Oírr. 
 

Rinneadh athbhreithniú ar na tionscadail seo agus bunaíodh na Cuspóirí agus na Gníomhartha seo a leanas i gcomhar leis an bpobal áitiúil. 

Cuspóirí


Cuspóir D1

Cuspóir D 1 Astaíochtaí carbóin a laghdú agus forbairt inbhuanaithe ar Oileáin Árann agus é mar aidhm dea-chleachtas i ngníomh aeráide a aithint.

Ailíniú SDG Comhthairbhí


Fás geilleagrach


Slándáil fuinnimh méadaithe

Crios Dícharbónaithe

Cuspóir DZ 1 Astaíochtaí carbóin a laghdú agus forbairt inbhuanaithe ar Oileáin Árann agus é mar aidhm dea-chleachtas i ngníomh aeráide a aithint.
Gníomh Spriocdháta Príomhpháirtí KPI Oiriúnú / Maolú
Gníomh DZ 1.1 Grúpa páirtithe leasmhara a bhunú laistigh den Chrios Dícharbónaithe, ag obair le heagraíochtaí pobail seanbhunaithe atá ag Gníomhú ar son na hAeráide cheana féin, agus rannpháirtíocht agus comhoibriú leanúnach a chinntiú. Fís a Fhorbairt do na hOileáin 31/12/2024 CFOAT Grúpa páirtithe leasmhara bunaithe. Líon na gcruinnithe le miontuairiscí in aghaidh na bliana. An dá rud
Gníomh DZ 1.2 Maoiniú a lorg chun an tithíocht shóisialta ar fad laistigh den Chrios Dícharbónaithe a aisfheistiú. 31/12/2029 Roinn Tithíochta CCG Líon na dtithe aisfheistithe Maolú
Gníomh DZ 1.3 Forbairt cur chuige grúpa a éascú agus tacú leo
le haghaidh measúnuithe fuinnimh cónaithe agus tráchtála, aisfheistiú, téamh in-athnuaite, agus suiteáil gréine laistigh agus lasmuigh den Chrios Dícharbónaithe. Tacú le Gníomhaireacht Fuinnimh an Iarthar (GFI).
Leanúnach Rannóg Comhshaoil CCG, CFOAT Líon na dtithe agus na bhfoirgneamh a aisfheistíodh. Maolú
Gníomh DZ 1.4 Tacú le hUisce Éireann astaíochtaí bonnlíne a bhaineann le seachadadh agus cóireáil uisce a aithint, measúnú ar astaíochtaí bonnlíne a nuashonrú agus deiseanna a aithint chun astaíochtaí gaolmhara a laghdú. Measúnú a dhéanamh ar rioscaí a bhaineann le coinníollacha triomaigh. Leanúnach UISCE Éireann Astaíochtaí ríofa. Measúnú bonnlíne tugtha cothrom le dáta. % laghdú astaíochtaí. An dá rud
Gníomh DZ 1.5 Tuiscint ar astaíochtaí a bhaineann le talmhaíocht agus LULUCF a fheabhsú agus measúnú ar astaíochtaí bonnlíne a thabhairt cothrom le dáta. (Tabhair faoi deara: Tá roinnt de na sonraí astaíochta a bhaineann le talmhaíocht agus LULUCF sa Chrios Dícharbónaithe bunaithe ar mheáin náisiúnta. D'fhéadfadh na hastaíochtaí féin a bheith níos ísle mar gheall ar nádúr na gcleachtas feirmeoireachta sa réigiún seo).  31/12/2024 Rannóg Comhshaoil CCG Astaíochtaí ríofa. Measúnú bonnlíne tugtha cothrom le dáta. Maolú
Gníomh DZ 1.6 Measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé scairdeáin uisce óil poiblí a sholáthar ar na trí oileán. 31/12/2024 Rannóg Comhshaoil CCG Measúnú curtha i gcrích. Scairdeáin uisce óil curtha ar fáil. Maolú
Gníomh DZ 1.7 Oibriú leis an bpobal áitiúil chun tionscadail fhéideartha a aithint chun tacú le taisteal gníomhach, lena n-áirítear 'leabharlanna rothar', 'scáthláin rothar', áiseanna luchtaithe, bearta sábháilteachta, agus maoiniú a lorg lena gcur i bhfeidhm. Leanúnach Rannóg Bonneagair agus Oibríochtaí CCG, Rannóg Comhshaoil CCG Tionscadail fhéideartha aitheanta. Líon agus cineál na dtionscadal a cuireadh i bhfeidhm. Maolú
Gníomh DZ 1.8 Iniúchadh a dhéanamh ar dheiseanna chun scéimeanna roinnte carranna leictreacha a fhorbairt agus luchtairí leictreacha (iniompartha) a chur ar fáil ag Calafort Farantóireachta Ros a' Mhíl agus aerfort Chonamara. 31/12/2025 Rannóg Comhshaoil CCG Measúnú féidearthachta curtha i gcrích. Líon agus cineál na dtionscadal a cuireadh i bhfeidhm. Maolú
Gníomh DZ 1.9 Tacú le háiseanna cuí fuinnimh pobail a aithint agus a fhorbairt. A fhiosrú an féidir feirm ghréine faoi úinéireacht an phobail a fhorbairt as an láithreán líonta neamhúsáidte atá ar na hoileáin.  Leanúnach CFOAT Tionscadail indéanta aitheanta. Tionscadail indéanta curtha i bhfeidhm. Maolú
Gníomh DZ 1.10 Tacú le tionscadail taighde agus le hiarratais ar mhaoiniú náisiúnta / AE a bhaineann le roghanna malartacha astaíochtaí ísle le haghaidh taisteal farantóireachta agus aeir. Leanúnach Rannóg Comhshaoil CCG % laghdú ar astaíochtaí ó thaisteal farantóireachta agus aeir Maolú
Gníomh DZ 1.11 Tacú le deiseanna cuí a bhaineann le Roghanna Micreangaí le Stóráil Ceallraí a aithint agus a fhorbairt. Leanúnach Páirtnéirí Éagsúla Líon agus cineál tionscadail a cuireadh i bhfeidhm Maolú
Gníomh DZ 1.12 Bacainní ar astaíochtaí a laghdú laistigh den Chrios Dícharbónaithe a aithint agus cuspóirí beartais cuí a aithint a bhaineann le giniúint fuinnimh in-athnuaite laistigh den Chrios Dícharbónaithe lena mbreithniú sa chéad leagan eile de Phlean Forbartha an Chontae 31/12/2024 Rannóg Comhshaoil CCG, Rannóg Pleanála CCG Cuspóirí beartais aitheanta. Cuspóir beartais san áireamh sa CDP Maolú
Gníomh DZ 1.13 Imscrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht an tseirbhís bus poiblí a mhéadú 31/12/2024 Páirtnéirí Éagsúla Líon laethanta na seirbhíse bus Maolú
Gníomh DZ 1.14 Imscrúdú a dhéanamh ar indéantacht múiríniú/Díleá Anaeróbach ar Inis Meáin agus Inis Oírr 31/12/2025 Rannóg Comhshaoil CCG % laghdú ar dhramhaíl chuig líonadh talún Maolú

Gníomh DZ 1.15 a chinntiú go dtagann siad le cuspóirí caomhantais Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta (SAC) Inis Mór, SAC Inis Meáin, SAC Inis Oírr agus Limistéir faoi Chosaint Speisialta (SPA) Inis Mór 

Leanúnach Rannóg Pleanála CCG Gach togra pleanála seiceáilte le haghaidh ailíniú le cuspóirí caomhnaithe Maolú
*Actions GL3.2, GL4.1, GL2.5, EB2.2, EB3.1, CP1.2, CP1.6, CP1.5, CP1.7, CP1.1, CP1.3, CP1.10, CP1.12, CP1.11, CE1.1,  CE1.2, CE 1.3, AD1.2, AD1.5, AD1.1 also relate to the Decarbonisation Zone