3. Gníomhú ar son na hAeráide Fianaisebhunaithe

Island in lake with mountains in the background
3.1.  Rannpháirtíocht Páirtithe Leasmhara 

Is gné ríthábhachtach d'aon Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide é rannpháirtíocht páirtithe leasmhara, gné a chinntíonn go léirítear sa Phlean riachtanais, leasanna agus luachanna na ndaoine a ndéanann an t-aistriú chuig sochaí ísealcharbóin agus aeráidseasmhach difear dóibh nó a bhfuil baint acu leis. 

Tugadh faoi chlár suntasach bunaithe ar Rannpháirtíocht le Páirtithe Leasmhara in Earrach agus Samhradh na bliana 2023. Forbraíodh Tuairisc Achomair ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide chun feidhmiú mar bhonn fianaise agus mar uirlis rannpháirtíochta. 

San áireamh sa Chlár um Rannpháirtíocht le Páirtithe Leasmhara bhí: 

  • ceardlanna earnála náisiúnta,  

  • ceardlanna roinne inmheánach,  

  • cruinnithe agus ceardlann maidir leis na gcrios dícharbónaithe,  

  • seastáin agus láithreoireachtaí ag féilte áitiúla agus ag imeachtaí earnála,  

  • suirbhéanna poiblí,

  • Tionól an Aosa Óig faoin Aeráid agus comhdhálacha eile 

Chomh maith leis sin, tá Comhairle Chontae na Gaillimhe páirteach i struchtúir agus cuir chuige rannpháirtíochta poiblí atá bunaithe cheana féin atá ag feidhmiú ón mbun aníos, atá dírithe ar an bpobal áitiúil agus ar thorthaí lena n-áirítear Líonraí Rannpháirtíochta Pobail (LRP), Bailte Slachtmhara, Pobail Fuinnimh Inmharthana (PFInna) agus cuireadh san áireamh freisin raon clár agus tionscnamh agus pobal eile trí na líonraí seo. 

Éilíonn saoránacht ghníomhach an toil agus an deis chun páirt a ghlacadh ag gach leibhéal agus i ngach slí - feidhmiú mar shaighead; seachas sprioc

An tUachtarán Micheál D Ó hUigínn

Fuarthas breis is 200 mír aiseolais ó dhaoine aonair agus ó ghrúpaí pobail trí mhodhanna rannpháirtíochta éagsúla. San áireamh anseo bhí 177 freagra ar an Suirbhé Aeráide, Bithéagsúlachta agus Oidhreachta, tuairiscí agus aighneachtaí ceardlainne ó ghrúpaí cosúil le Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann, An Taisce, Cairde Éanlaith Éireann, Grúpaí Bailte Slachtmhara, Pobail Fuinnimh Inmharthana, Páirtí Glas na Gaillimhe, Feachtas Rothaíochta na Gaillimhe, LAWPRO, An Chomhairle Oidhreachta agus Cónaidhm Náisiúnta na nGrúpscéimeanna Uisce. Gné riachtanach d'fhorbairt na ndréachtghníomhartha ba ea na haighneachtaí agus tuairiscí. 

Tá eolas maidir le roinnt torthaí tábhachtacha ón Suirbhé Aeráide, Bithéagsúlachta agus Oidhreachta le fáil thíos: 

  • Shíl 80% de fhreagróirí an tsuirbhé go bhfuil sé tábhachtach spriocanna agus amlínte uaillmhianacha a leagan amach sa Phlean.
  • Ba iad seo a leanas na réimsí ardtosaíochta a aithníodh i gcomhthéacs fhorbairt an Phlean:
    • Iompar inbhuanaithe
    • Fuinneamh in-athnuaite
    • Éifeachtúlacht fuinnimh
    • Cosaint uisce
  • Thug 91.5% de na freagróirí le fios gur mhaith leo éifeachtúlacht fuinnimh a dtithe nó a ngnólachtaí a fheabhsú agus tuairiscíodh gurb é an costas an bac is mó.
  • Thug freagróirí le fios go gcabhródh feabhsuithe sna réimsí seo a leanas leo tairbhe a bhaint as modhanna taistil níos inbhuanaithe:
    • Córas iompair phoiblí feabhsaithe
    • Lánaí rothar/cosáin feabhsaithe,
    • Sábháilteacht feabhsaithe
    • Níos mó pointí luchtaithe d'Fheithiclí Leictreacha

3.1.1. Rannpháirtíocht leis an Aos Óg 

Chun ár n-uaillmhian aeráide a bhaint amach, ní mór don Rialtas agus do mhuintir na hÉireann teacht le chéile mar chuid de chonradh sóisialta neartaithe maidir leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun fíor-réitigh ar na dúshláin sin a chomhchruthú”

Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023

Is dúshlán domhanda é an t-athrú aeráide a mbeidh tionchair shuntasacha fhadtéarmacha aige, agus is cuid d'oidhreacht daoine óga iarmhairtí na gcinntí a dhéantar inniu. Trí rannpháirtíocht daoine óga sa phleanáil aeráide cinnteofar go mbeidh a leasanna agus folláine amach anseo á gcur san áireamh mar ghné lárnach d'fhorbairt an Phlean. Is féidir le daoine óga athrú dearfach ina bpobail a spreagadh.

CÁS-STAIDÉAR – Tionól an Aosa Óig faoin Aeráid

I nGaillimh, cuireadh go mór lenár gcumas dul i mbun rannpháirtíochta leis an aos óg tríd an obair atá á déanamh mar chuid de SAUTI-Youth (Aos Óg na Tansáine agus na hÉireann Ag Obair le Chéile ar mhaithe leis an gCuntasacht Inbhuanaithe), tionscnamh atá á chómhaoiniú ag an Aontas Eorpach, World Vision Ireland, Obair d'Ógra Éireann na Gaillimhe agus World Vision Tanzania. Is tionscnamh é atá á stiúradh ag an aos óg arb é an aidhm atá leis monatóireacht a dhéanamh ar ghealltanais an rialtais áitiúil maidir leis an ngníomhú ar son na haeráide, i nGaillimh agus in Tanga (An Tansáin). Sealbhaíonn daoine óga scileanna chun monatóireacht a dhéanamh ar ghealltanais agus ar chaiteachas a rialtais áitiúil maidir leis an ngníomhú ar son na haeráide. Cuirtear ar chumas an aosa óig dul i mbun rannpháirtíochta le húdaráis áitiúla d'fhonn a chinntiú go gcuirtear guthanna daoine óga san áireamh nuair a bhíonn cinntí á ndéanamh a mbeidh tionchar acu ar a saol amach anseo.

I gcomhar le Tionscadal don Aos Óg SAUTI agus Obair d'Ógra Éireann na Gaillimhe, tionóladh Tionól an Aosa Óige faoin Aeráid i mBaile Átha an Rí ar an 19 Aibreán 2023. Bhí an Tionól ar cheann de na chéad imeachtaí dá leithéid a reáchtáladh ag leibhéal áitiúil in Éirinn. D'fhreastail 57 mac léinn ó 13 scoil ar fud an chontae ar an imeacht.  

Tionól an Aosa Óig faoin Aeráid, Aibreán 2023

Spás ba ea an t-imeacht nuálach seo do dhaoine óga ó mheánscoileanna agus eagraíochtaí don aos óg sa chontae teacht le chéile chun plé a dhéanamh ar shaincheist a bhfuil tionchar níos suntasaí aici ar ár bpláinéad de réir a chéile. Roinneadh eolas maidir le beartais, tionscadail agus taighde atá á dhéanamh i gContae na Gaillimhe chun dul i ngleic leis an nGéarchéim Aeráide agus Bithéagsúlachta leis na rannpháirtithe. Spreagadh iad chun athrú dearfach a thionscnamh trína scoil agus/nó grúpa don aos óg/grúpa pobail agus éascaíodh iad freisin chun moltaí a fhorbairt chun tionchar a imirt ar bheartais rialtais áitiúil agus iad a mhúnlú.

Tiomsaíodh an t-aiseolas ón imeacht i dtuarascáil agus cuireadh a gcuid smaointe san áireamh sa Phlean seo.  

Príomh-Shaincheisteanna a Aithníodh

Iompar

easpa iompair phoiblí agus coinníollacha neamhshábháilte le haghaidh taisteal gníomhach 


Dramhaíl

dumpáil/bruscar mídhleathach agus ganntanas boscaí bruscair 

Gníomhartha Molta
Dramhaíl agus Ciorclaíocht
Infhaighteacht boscaí bruscair leithscartha i measc an phobail a mhéadú Gnólachtaí áitiúla a spreagadh chun dramhaíl a laghdú agus pacáistíocht inbhuanaithe a úsáid Stáisiúin athlíonta uisce poiblí a sholáthar
Iompar agus Fuinneamh
Iompar poiblí i gceantair thuaithe a fheabhsú agus an costas do dhaoine óga a laghdú Saoráidí taistil ghníomhaigh a fheabhsú lena n-áirítear lánaí rothar, spásanna páirceála do rothar agus soilsiú Tacú le fuinneamh in-athnuaite agus cumarsáid oscailte le pobail a chinntiú ag an am céanna
Ceannaireacht agus Oideachas
Oiliúint agus oideachas maidir le gníomhú ar son na haeráide, bithéagsúlacht, bia inbhuanaithe a chur ar fáil  Deiseanna do rannpháirtíocht leis an údarás áitiúil a fheabhsú
Bithéagsúlacht
Gníomhaíochtaí a dhéanamh chun bithéagsúlacht a chosaint agus tacú leis an bpobal an rud céanna a dhéanamh

I measc an aiseolais a fuarthas ón lucht freastail bhí:  

3.2. Comhpháirtíochtaí

Ní mór comhpháirtíochtaí láidre a fhorbairt chun athrú ó bhonn a dhéanamh. Níl smacht díreach ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ar astaíocht i gcónaí, ach is féidir leis an gComhairle tacú le gníomhartha riachtanacha in go leor réimsí.

Leanfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe ag cruthú agus ag spreagadh comhpháirtíochtaí le gnólachtaí, institiúidí, tionscail agus eagraíochtaí chun gníomhartha agus tionscadail aeráide a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Fáiltíonn Comhairle Chontae na Gaillimhe roimh pháirtithe leasmhara ar spéis leo páirt a ghlacadh i seachadadh an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide. Chomh maith leis sin, oibreoimid i ndlúthchomhar le húdaráis áitiúla ar Chósta an Atlantaigh Thuaidh tríd an Oifig Réigiúnach um Ghníomhú ar Son na hAeráide. D'fhéadfadh na comhpháirtíochtaí seo deiseanna comhoibrithe a chur ar fáil maidir le tionscadail, foghlaim chomhroinnte, tacaíocht theicniúil agus deiseanna maoinithe a ghiaráil fad is atá gníomhaíochtaí sa Phlean á gcur i bhfeidhm. Leanfaidh na CAROnna, an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, an tIdirphlé Náisiúnta um Ghníomhú ar son na hAeráide, agus comhpháirtithe eile ag tacú le hiarrachtaí Comhairle Chontae na Gaillimhe i ndáil le rannpháirtíocht le saoránaigh agus páirtithe leasmhara. 

3.3. Fardal Astaíochtaí Bonnlíne 

Trí thuiscint a fháil ar fhoinse ár nAstaíochtaí Gás Ceaptha Teasa (GCT) ag leibhéal áitiúil, cuirtear bonn fianaise ar fáil chun ár bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide a fhorbairt agus cuireann sé ar ár gcumas gníomhartha áitiúla oiriúnacha a aithint. Mar chuid de phróiseas pleanála an Phlean Gníomhú ar son na hAeráide, cuireadh fardal astaíochtaí bonnlíne GCT i gcrích chun tuiscint a fháil ar ár bpointe tosaigh agus conas a d'fhéadfaí ár ngníomhartha astaíochtaí foriomlána a laghdú. Déantar measúnú agus cinneadh sa tuarascáil ar na hastaíochtaí bonnlíne GCT ó earnálacha éagsúla sa chontae, lena n-áirítear léargais ar astaíochtaí Comhairle Chontae na Gaillimhe féin, don bhliain 2018. Roghnaíodh an bhliain 2018 go náisiúnta mar an bhliain bhonnlíne chun bonn eolais a chur ar fáil don Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide seo. Lena chois sin, tá sé mar aidhm leis an mbonnlíne seo feasacht a mhúscailt faoin athrú aeráide agus faoin tionchar atá ag earnálacha difriúla laistigh den chontae ar astaíochtaí foriomlána GCT na hÉireann. 

Is iad seo a leanas na hearnálacha atá san áireamh san anailís a rinneadh ar fud an chontae: próisis chónaithe, tráchtála agus thionsclaíocha, talmhaíocht, iompar, dramhaíl agus fuíolluisce, agus athrú talamhúsáide agus foraoiseacht (LULUCF). Tá an mhodheolaíocht bunaithe ar Chur Chuige Leibhéal 1 'Ó Bharr Anuas' a shainmhínítear in Iarscríbhinn Theicniúil C de Threoirlínte Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide an Údaráis Áitiúil. Tá ríomhanna na n-astaíochtaí GCT a chuireann bonn eolais faoin tuarascáil seo bunaithe ar shonraí ó Map EIre agus ó Fhardal Náisiúnta Astaíochtaí na hÉireann 2021. 

Bhí na hastaíochtaí GCT do Chontae na Gaillimhe sa bhliain bhonnlíne cothrom le thart ar 5% de na hastaíochtaí náisiúnta. Tríd is tríd, bhí na hastaíochtaí GCT a gineadh i gContae na Gaillimhe cothrom le 1,905 ktCO2-eq sa bhliain bhonnlíne. Ba iad na ceithre earnáil is mó sa chontae ó thaobh astaíochtaí de Talmhaíocht, Iompar, LULUCF agus Cónaithe, a tháirgeann 44%, 16%, 16% agus 15% faoi seach den líon iomlán astaíochtaí GCT sa chontae. Mar a léirítear i dTábla X, tá an leibhéal astaíochtaí ag teacht go ginearálta le sonraí astaíochtaí GCT Náisiúnta, cé go bhfuil an leibhéal astaíochtaí a bhaineann le Talmhaíocht agus LULUCF beagán níos airde mar a bheifí ag súil leis i gcontae tuaithe. 

Tábla 3: Na hastuithe GHG do Chontae na Gaillimhe
 

 Achoimre ar Astaíochtaí Chontae na Gaillimhe

Fíor 3.1: Achoimre ar Astaíochtaí Chontae na Gaillimhe 
 

Talmhaíocht

Gné ríthábhachtach de gheilleagar na hÉireann é talmhaíocht, earnáil a ghineann 8% d'oll-bhreisluach na tíre agus atá freagrach as 8.5% den fhostaíocht náisiúnta in 2019. Leagadh síos spriocanna uaillmhianacha go náisiúnta chun astaíochtaí GCT ón earnáil a laghdú 25% faoi 2030. Gintear astaíochtaí ó choipeadh eintreach, bainistiú aoiligh agus ithreacha, aolú agus úsáid a bhaint as leasacháin agus úiré chomh maith le húsáid a bhaint as innealra agus trealaimh atá dian ar fhuinneamh. 

Is contae tuaithe é Contae na Gaillimhe agus tá ról an-tábhachtach ag Talmhaíocht i ngeilleagar na tuaithe. Is réigiún é ina bhfuil éagsúlacht gheografach le tabhairt faoi deara; tá feirmeoireacht mheasctha stoic thirim ar siúil agus feirmeoireacht déiríochta ar thalamh íseal, agus sna ceantair shléibhtiúla is feirmeoireacht ainmhithe diúil, caorach agus mheasctha atá coitianta. Is é meatán an gás ceaptha teasa is mó a astaítear san earnáil talmhaíochta, agus Ocsaíd Nítriúil ina dhiaidh. Tá 57% d'astaíochtaí talmhaíochta sa chontae ag teacht ó choipeadh eintreach in eallach. 

Cónaithe

Laistigh den Earnáil Chónaithe, tagann 76% d'astaíochtaí ó théamh uisce te agus spáis agus bhain 24% de na hastaíochtaí le hídiú leictreachais. 

Iompar

Laistigh den Earnáil Iompair, is ó charranna príobháideacha agus ó fheithiclí príobháideacha agus tromshaothair a bhaineann 57% agus le busanna a thagann 27% de na hastaíochtaí ar fad. Tá neart úsáide á baint as carranna príobháideacha sa chontae, agus tá 67% de chónaitheoirí ag brath ar fheithiclí pearsanta. Is amhlaidh atá de bhrí gur ceantar tuaithe é formhór an chontae; tá lonnaíochtaí scaipthe óna chéile agus tá an dlús daonra réasúnta íseal, 42 duine sa chiliméadar cearnach.

Talamhúsáid, Athrú Talamhúsáide agus Foraoiseacht (LULUCF)

Tá LULUCF freagrach as astaíochtaí chomh maith le linnte carbóin. San áireamh ann tá astaíochtaí agus ceapadh laistigh de thalamh foraoise, talamh curaíochta, féarach, bogaigh, lonnaíochtaí agus cineálacha talún eile, chomh maith le táirgí adhmaid a bhaint. Bhí féarach agus talamh foraoise freagrach as 420 ktCO2 d'astaíochtaía bhaint, agus bhí féarach, lonnaíochtaí, bogaigh agus talamh eile freagrach as 900 ktCO2 d'astaíochtaí. Tá réimse leathan bogach, féarach agus foraoisí le fáil i gContae na Gaillimhe. Tá éagsúlacht mhór le tabhairt faoi deara sna cineálacha ithreach sa réigiún; tá limistéir shuntasacha de mhóin, carraig (liath), donnithir agus gléirigh le fáil sa réigiún. Nuair a dhéantar tailte portaigh agus bogaigh a dhraenáil agus a dhamáistiú, gintear astaíochtaí.

3.3.1. Astaíochtaí agus Spriocanna Comhairle Chontae na Gaillimhe

Ní mór do Comhairle Chontae na Gaillimhe, agus gach comhlacht poiblí in Éirinn, laghdú 51% ar astaíochtaí GCT a bhaineann le fuinneamh agus feabhas 50% ar éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach faoin mbliain 2030. Beidh an sprioc seo ag cur leis an sprioc 33% a bhí sonraithe roimhe seo - sprioc éifeachtúlachta fuinnimh 2020. Ní mór do Chomhairle Chontae na Gaillimhe a hastaíochtaí GCT a laghdú 51% faoin mbliain 2030 freisin. Is í an sprioc atá ann astaíochtaí díreacha a bhaineann le fuinneamh (ídiú teirmeach agus iompair) a laghdú 51%, móide laghduithe réamh-mheasta ar thaobh an tsoláthair ar astaíochtaí indíreacha a bhaineann le fuinneamh ó leictreachas. Déantar é seo a rianú trí chóras Monatóireachta agus Tuairiscithe (M&T) an SEAI. 

Tá astaíochtaí GCT a bhaineann le húsáid leictreachais don údarás áitiúil mar thoradh ar úsáid leictreachais tógála agus saoráide agus úsáid leictreachais soilsithe phoiblí. Tá astaíochtaí teirmeacha GCT an údaráis áitiúil ag eascairt as téamh foirgneamh agus spás saoráide. Baineann astaíochtaí GCT iompair an údaráis áitiúil le húsáid díosail agus peitril i bhflít feithiclí agus innealra an údaráis áitiúil. Sa tréimhse idir 2016 agus 2018, bhí na meán-astaíochtaí cothrom le 6.3 ktCO2. Tá sé sin cothrom le níos lú ná 1% d'astaíochtaí iomlána an Chontae. Ba leis an earnáil iompair a bhain an líon is airde astaíochtaí, earnáil atá freagrach as 35% de na hastaíochtaí ar fad. Bhain 30% de na hastaíochtaí iomlána le soilsiú poilí, agus bhain 16% de na hastaíochtaí le fuinneamh teirmeach. 

 Astaíochtaí Comhairle Chontae na Gaillimhe

Fíor 3.2: Astaíochtaí Comhairle Chontae na Gaillimhe 
 

San fhigiúr thíos tá achoimre ar an mbearna chun an sprioc 51% maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú a bhaint amach, agus léiriú grafach ar an ualach oibre a theastaíonn. Is í an sprioc fhoriomlán atá againn faoi 2030, CO2e a laghdú 4.1 kg i gcomparáid le bonnlíne 2016-18. Tá sciar suntasach den laghdú go dtí seo le huasghráduithe ar shoilsiú poiblí.  

 Sprioc GHD iomlán Chomhairle Chontae na Gaillimhe

Fíor 3.3: Sprioc GHD iomlán Chomhairle Chontae na Gaillimhe

Is iad na ceanglais atá ar chomhlachtaí earnála poiblí dea-shampla a thabhairt sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, agus ciallaíonn gealltanas ó údaráis áitiúla monatóireacht, meastóireacht agus tuairisciú bliantúil a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na ngníomhaíochtaí atá i gCairt um Ghníomhú ar son na hAeráide na nÚdarás Áitiúil, gur gá feidhmíocht gníomhaithe ar son na haeráide a thomhas, a léiriú agus a fheabhsú chun tacú le huaillmhianta aeráide náisiúnta go dtí 2050. 

Sainaithneofar sa chaibidil seo a leanas gníomhartha aeráide a bhfuil sé mar aidhm leo spriocanna aeráide Comhairle Chontae na Gaillimhe a chomhlíonadh.