13.1 Béal Átha Ghártha Sráidbhaile Beagfháis

Dúnta27 D.F., 2022, 9:00am - 27 D.F., 2022, 9:01am

13.2 Comhthéacs Sráidbhaile

Tá Béal Átha Ghártha suite in oirthuaisceart Chontae na Gaillimhe, 3KM ón teorainn le Contae Ros Comáin san oirthear agus 15KM ón gCreagán san iardheisceart leis an N63. D’fhás an sráidbhaile mar bhaile margaidh a théann siar go dtí an 19ú hAois. Tá fianaise den bhaile margaidh le feiceáil inniu lena phríomhshráid leathan agus cearnóg an mhargaidh. Is forbairt de chineál líneach í lonnaíocht an tsráidbhaile ar an N63. Tá an sráidbhaile beag agus tuaithe ó thaobh carachtar de agus tá sé suite i gceantar ina bhfuil daonra beag ann i gContae na Gaillimhe, ach, mar sin de, freastalaíonn roinnt seirbhísí áitiúla air, lena n-áirítear siopaí, scoileanna, caiféanna agus áiseanna spóirt. 

13.3 Pobail Inbhuanaithe 

13.3.1 Tithíocht

Tá tithíocht i lár an tsráidbhaile meascán comhdhéanta de thithe aon stór agus dhá stór, tithe cónaithe sraithe agus scoite feadh na príomhshráide. Is foirm thógtha leanúnach agus líneach den chuid is mó é an stoc tógála agus tá an pointe fócasach ag Cearnóg an Mhargaidh agus tá an fhorbairt ag síneadh ó thuaidh agus ó dheas ón bPríomhshráid. 

Tá an stoc tithíochta seanbhunaithe atá os comhair na Cearnóige, na Príomhshráide agus croílár an tsráidbhaile measartha ó thaobh méide de, tá sé tarraingteach agus de chruth agus dearadh traidisiúnta le leagan amach ard-dlúis. Tá líon beag forbairtí tithíochta de chineál bruachbhailte ó thuaidh agus ó dheas ón sráidbhaile arb ionann iad agus thart ar 120 aonad de stoc tithíochta nua Bhéal Átha Ghártha. Ina measc, tá tithe cónaithe scoite, leathscoite agus sraithe le dlúis éagsúla. Leis an éagsúlacht de theaghaisí atá sa sráidbhaile, cuirtear meascán maith ar fáil dá áitritheoirí. 

Bhainfeadh an lonnaíocht leas as athghiniúint agus athúsáid na maoine atá ann cheana féin i gcroílár an tsráidbhaile. Ba cheart go ndéanfaí forbairtí nua a chomhtháthú isteach sa sráidbhaile reatha agus go bhféadfaí siúl nó dul ar rothar go héasca agus go sábháilte go dtí an lár agus go dtí na príomháiseanna. Ba cheart tosaíocht a thabhairt d’fhorbairt a úsáideann láithreáin athfhorbraíochta agus ba cheart go mbeadh gach forbairt bháúil le carachtar an cheantair. Tá sé inmhianaithe go ndéanfaí athnuachan leanúnach ar mhaoin laistigh de Chroílár an tSráidbhaile agus ba cheart go mbeadh dearadh ardchaighdeáin d’fhorbairt tithíochta inlíonta agus ba cheart go mbeadh aghaidheanna siopaí nua nó athsholáthair ag teacht le carachtar foriomlán na príomhshráide. 
 

Leanúint ar aghaidh ag léamh: Íoslódáil Béal Átha Ghártha Sráidbhaile Beagfháis [PDF]

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Clár ábhair

Baile