Caibidil 6 Iompar agus Gluaiseacht

Dúnta27 D.F., 2022, 9:00am - 27 D.F., 2022, 9:01am

Infheistíocht agus gluaiseacht a spreagadh i ngach earnáil iompair a thacóidh le fás spriocdhírithe daonra agus geilleagrach agus modhanna taistil níos inbhuanaithe lena n-áirítear siúl, rothaíocht agus iompar poiblí.

 

6.1   Réamhrá

Tuigeann Comhairle Contae na Gaillimhe go bhfuil soláthar infreastruchtúr iompair ar bhealach inbhuanaithe ríthábhachtach i ndáil le forbairt an chontae amach anseo. Tacóidh an plean seo le hinfheistíocht in infreastruchtúr iompair nua agus feabhsaithe chun fás agus infheistíocht gheilleagrach a chinntiú, mar aon le deiseanna fostaíochta a sholáthar, amanna comaitéireachta a laghdú, pobail níos inbhuanaithe a chruthú agus caighdeán na beatha a fheabhsú trí nascacht feabhsaithe laistigh de agus idir na lonnaíochtaí. Ionas gur féidir an t-infreastruchtúr iompair chomhtháite seo a sholáthar, tá Staidéar Iompair & Pleanála Chontae na Gaillimhe (GCTPS) ullmhaithe mar chuid den phlean seo.  

Tá an Chomhairle airdeallach ar an tábhacht a bhaineann le feabhsuithe a dhéanamh i ndáil le soláthar agus cothabháil cosán, rotharbhealaí, infreastruchtúr bóithre, iarnróid, eitlíochta agus muirí a thacaíonn le roghanna modhanna iompair, a chuireann le straitéis iompair atá inbhuanaithe agus comhtháite, a thacaíonn le hinfheistíocht gheilleagrach agus a sholáthraíonn ardchaighdeán beatha agus níos mó pobal inbhuanaithe le haghaidh daonra an chontae faoi láthair agus amach anseo.    


Leanúint ar aghaidh ag léamh: Íoslódáil Caibidil 6 [PDF]

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Clár ábhair

Baile