2.12 Órán Mór

Dúnta27 D.F., 2022, 9:00am - 27 D.F., 2022, 9:01am

2.11 Lonnaíocht Cheannchathartha Órán Mór

2.12 Comhthéacs an Bhaile

baile Órán Mór laistigh de limistéar Ceannchathartha Chontae na Gaillimhe anois. Tá sé suite 7km soir ó lár na cathrach ar imeallbhord laistigh Chuan na Gaillimhe. Cé go bhfuil méadú mór tagtha air le blianta beaga anuas, tá leagan amach bunaidh an tsráidbhaile fós le feiceáil. Tá lár an bhaile lonnaithe ag acomhal dhá bhóthair, is iad sin an Phríomhshráid agus Seanbhóthar Bhaile Átha Cliath. Tá réimse úsáidí tráchtála gníomhacha le fáil timpeall ar limistéar lár an bhaile. Tá limistéir fhostaíochta ann freisin, lena n-áirítear próiseáil tionsclaíoch i suíomhanna ainmnithe ar imeall thuaidh an bhaile. Baineann tairbhí agus dúshláin lena suíomh cois cósta, e.g. an dúshlán a bhaineann leis an athrú aeráide agus na tairbhí a bhaineann leis na dea-radhairc sa limistéar.

an-tóir ar Órán Mór mar áit chónaithe toisc go bhfuil chomh cóngarach sin don Chathair agus go bhfuil timpeallacht mhaireachtála an-deas le fáil ann. teacht éasca freisin ar an mótarbhealach agus ar na líonraí iarnróid, tréithe mealltacha a chabhróidh go mór chun Órán Mór a fhorbairt ina Bhaile Ceannchathartha le blianta beaga anuas. Sna blianta atá le teacht, is riachtanach a chinntiú go dtarlóidh fás inbhuanaithe seicheamhach pleantreoraithe sa bhaile seo. Éascóidh sin chu an baile mór seo a fhorbairt mar bhaile feabhsaithe beoga i gContae Ceannchathartha na Gaillimhe.

 

2.13 Pobail Inbhuanaithe

2.13.1 Tithíocht

Tá líon beag readmhaoine cónaithe ar an bPríomhshráid in Órán Mór agus tá réadmhaoine móra scoite breise ar cheapacha móra taobh le Seanbhóthar Bhaile Átha Cliath. Is léir mar a d’fhás an baile amach go seicheamhach ó lár an bhaile i bpatrún gathach. Tá an tithíochta bruachbhailteach ísealdlúis agus meándlúis a tógadh le déanaí ina tréith den fhorbairt seo. Tógadh cuid shuntasach den tithíocht seo le 20 bliain anuas agus tá an fhorbairt timpeall ar an mbaile mór fós ar siúl. Tá cóiríocht árasáin agus árasáin dhá urláir ina tréith de na limistéir chónaithe in Órán Mór freisin. Tharla an fhorbairt chónaithe ó thuaidh, ó dheas agus soir ó lár reatha an bhaile agus déanfar tuilleadh forbartha le linn shaolré an phlean.

na limistéir chónaithe seo faoi fhad siúil de lár an bhaile den chuid is agus rochtain orthu ón gcosán, rud a spreagtar agus a nglacadh go fonnmhar leis. Is an líonra rothaíochta a fheabhsú ar an mbealach isteach sa bhaile mór ó na limistéir chónaithe taobh amuigh de. Cinnteoidh an plean lonnaíochta seo nascacht shábháilte ardchaighdeáin coisithe agus rothaíochta le seirbhísí áitiúla amhail scoileanna, siopaí agus saoráidí pobail.

Beidh soláthar tithíochta bunaithe ar fhorbairt chónaithe inbhuanaithe ardchaighdeáin a sholáthar ina gcuirtear prionsabail an dea-dhearaidh agus prionsabail an dea-leagain amach i bhfeidhm. Criosófar tailte ar bhealach seicheamhach le haghaidh na forbartha cónaithe timpeall ar bhaile Órán Mór, de réir mar is cuí, chun freastal ar an bhfás réamh-mheasta agus ar éileamh. Déanfar an fhorbairt chónaithe a shainaithint freisin trí fhéachaint ar láithreáin athfhorbraíochta agus láithreáin inlíonta sa lonnaíocht cheannchathartha seo agus mórthimpeall uirthi, i gcomhréir le huaillmhianta an CPN agus an SRSE. Nuair a dhéantar anailís ar lár an bhaile in Órán Mór, is léir go bhfuil lár dea-fhorbartha ann lena mbaineann acmhainn theoranta ó thaobh na forbartha cónaithe de. Léirítear na criosanna seo ar an léarscáil um chriosú úsáide talún atá le fáil i gCuid 3 den phlean seo. Cuirfear forbairtí úsáidí measctha in áiteanna oiriúnacha chun cinn i láithreáin i lár an bhaile, faoi réir na pleanála cirte agus na forbartha inbhuanaithe.

Leanúint ar aghaidh ag léamh: Íoslódáil Lonnaíocht Cheannchathartha Órán Mór [PDF]
 

Clár ábhair

Baile