Plean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028

Dúnta27 D.F., 2022, 9:00am - 27 D.F., 2022, 9:01am

English version

Extract from cover page image of Volume 1

PLEAN FORBARTHA CHONTAE NA GAILLIMHE 2022 – 2028

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) & Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001 (arna leasú) & Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) 2004-2011

Fógra go bhfuil Plean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028 déanta

 

Tugtar fógra leis seo, de réir Alt 12(12) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú), gur ghlac Comhaltaí Tofa Chomhairle Chontae na Gaillimhe le Plean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028 ag deireadh an Chruinnithe Speisialta ar an 9 Bealtaine 2022 agus tháinig sé i bhfeidhm ar an 20 Meitheamh 2022.

Is cáipéis reachtúil é an Plean Forbartha Contae a ullmhaíonn an tÚdarás Pleanála de réir cheanglais an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) agus na Rialachán um Pleanáil agus Forbairt, 2001 (arna leasú).

Ordachán de bhun Alt 31

D’eisigh an tAire Stáit ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus é ag cur i bhfeidhm na gcumhachtaí a bhronnann alt 31 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) (“an tAcht”) air, agus mar thoradh ar mholadh a rinne Oifig an Rialálaí Pleanála dó faoi alt 31AN(4) den Acht, Ordachán do Chomhairle Chontae na Gaillimhe maidir le nithe a bhaineann le Plean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028 dar dáta an 28 Meán Fómhair 2022. Dá bharr sin leasófar gach zónáil, cuspóir beartais agus foráil bhreise ab ábhar don Treoir dá réir sin. Tá cóip den Treoir in Aguisín 11.

Íoslódáil an tOrdachán

TÁ DHÁ IMLEABHAR I bPLEAN FORBARTHA CHONTAE NA GAILLIMHE AGUS TÁ SÉ LEAGTHA AMACH MAR SEO A LEANAS:

Imleabhar a hAon:  Ráiteas Scríofa 

Imleabhar a Dó: Straitéis Lonnaíochta –

Plean Straitéiseach Ceannchathartha (Baile Chláir, Bearna, Órán Mór, An Garrán agus Cnoc Mhaoil Drise)

Bailte Beagfháis (An Clochán, Áth Cinn, Maigh Cuilinn, Uachtar Ard agus Port Omna)

Sráidbhailte Beagfháis (An Cheathrú Rua, An Spidéal, Béal Átha Ghártha, Dún Mór, Gleann na Madadh, Cinn Mhara agus Maigh Locha)

Aguisíní:

Aguisín 1 Straitéis Fuinnimh In-athnuaite Údaráis Áitiúil

Aguisín 2 Straitéis Tithíochta agus Measúnú ar Riachtanas agus Éileamh Tithíochta

Aguisín 3 Staidéar Iompair agus Pleanála Chontae na Gaillimhe

Aguisín 4 Measúnú ar Nádúr an Tírdhreacha 

Aguisín 5 Treoirlínte Dearaidh don Tithíocht Tuaithe 

Aguisín 6 Taifead na nDéanmhas Cosanta

Aguisín 7 Limistéir Chaomhantais Ailtireachta 

Aguisín 8 Oidhreacht Gheolaíoch na hÉireann 

Aguisín 9 Measúnú ar Bhonneagar

Aguisín 10 Tuarascálacha Timpeallachta

Aguisin 11 Ordachán de bhun Alt 31

 

 

 

 

 

Clár ábhair

Baile
Glac síntiús