3.1 Chnoc Mhaoil Drise

Dúnta27 D.F., 2022, 9:00am - 27 D.F., 2022, 9:01am

 Download PDF of the Briarhill Urban Framework Plan

Réamhrá

Nuair a cuireadh tús le hathbhreithniú ar an acmhainn fás uirbeach Chnoc Mhaoil Drise, bhí an N83 agus an N339 ó thuaidh agus ó dheas, agus Bóthar na Páirce Móire ar an taobh thiar ann chun an limistéar i gceist a shainiú. Bhí an teorainn thoir suite siar ó na tithe feadh Bhóthar Bhaile an Teampaill, ag dul trí na tailte talmhaíochta.

Tar éis réamhchomhairliúcháin le Comhairle Chontae na Gaillimhe, measadh go ndéanfaí freastal níos fearr ar an bhfís fhadtéarmach do Chnoc Mhaoil Drise tríd an teorainn thoir a shíneadh amach chomh fada le Bóthar Bhaile an Teampaill. D'éascódh sin an acmhainn fáis fhadtéarmach amach anseo agus Bóthar Bhaile an Teampaill ina theorainn lonnaíochta nádúrtha ag an limistéar.

D’fhonn cur chuige pleantreoraithe a chinntiú maidir le Cnoc Mhaoil Drise a bhunú ar bhealach ordúil, rinneadh an limistéar iomlán a fhoroinnt chun limistéir forbartha gearrthéarma agus meántéarma a áireamh chun críocha cónaithe agus fostaíochta araon, mar aon le Limistéar Fáis Todhchaí a ligfidh d’fhás soir amach anseo agus a chuirfidh leis na céimeanna luath na forbartha pobail agus bonneagair.

3.2 Fís Straitéiseach

Tá Cnoc Mhaoil Drise ina chuid bhunúsach de Limistéar Ceannchathartha na Gaillimhe, agus ina limistéar fáis suntasach don chontae. Cuimsítear ann úsáidí suntasacha fostaíochta agus tá go leor acmhainne ann chun dlúthfhás ardchaighdeáin inbhuanaithe a sholáthar.

Lonnaíocht chomharsanachta ardchaighdeáin, mhealltach, insiúlta nua, lonnaithe mórthimpeall ar lárionad áitiúil nua beoga a fhreastalóidh ar fhorbairt agus leathnú pobail. Ardchaighdeán na beatha agus rochtain éasca ar Ghaillimh, limistéar a bhaineann taitneamh as na tairbhí a théann le saoráidí forleathana nua pobail agus spás oscailte laistigh de Chnoc Mhaoil Drise.

Inrochtana go fíoréasca ó áiteanna laistigh de Limistéar Ceannchathartha na Gaillimhe, Cathair na Gaillimhe san áireamh, agus acmhainn ann chun samhlacha  agus seirbhísí iompair inbhuanaithe a ghlacadh maidir leis an iompar ó lá go lá.

Rochtain den scoth ar ionaid fostaíochta i gCathair na Gaillimhe, i mBaile an Bhriotaigh agus sa Pháirc Mhór, agus úsáidí fostaíochta suntasacha nua beartaithe do Thailte Shean-Aerfort na Gaillimhe.

Acmhainn chun rochtain dhíreach a sholáthar ón M6 isteach go moil fostaíochta na Páirce Móire agus Chnoc Mhaoil Drise.

Leanúint ar aghaidh ag léamh: Íoslódáil Chnoc Mhaoil Drise [PDF]

Clár ábhair

Baile