Caibidil 9 Bainistíocht Mhuirí agus Chósta

Dúnta27 D.F., 2022, 9:00am - 27 D.F., 2022, 9:01am

Is éiceachóras beo gníomhach é an timpeallacht mhuirí agus chósta a mbíonn cúram agus aird ag teastáil uaidh. Is tosaíocht é leas a bhaint as acmhainneacht na hearnála muirí mar shócmhainn náisiúnta, agus ag an am céanna aghaidh a thabhairt ar an mbagairt a d'fhéadfadh a bheith ann de bharr tuile cósta agus na dúshláin a bhaineann le himeall an chósta.

 

9.1    Réamhrá

Tá imeallbhord fada ag Contae na Gaillimhe ina bhfuil gnáthóga nádúrtha éagsúla, cósta creagach agus radhairc iontach, rudaí a chuireann leis an tírdhreach uathúil íocónach sin. Is mór an méid a dhéanann an geilleagar muirí, i réimse an iascaigh, an dobharshaothraithe agus na turasóireachta muirí. Soláthraíonn na huiscí cósta amach ó Chontae na Gaillimhe acmhainn thábhachtach a thacaíonn le fostaíocht gníomhaíochtaí fóillíochta agus a ghineann iad.  

Le foilsiú an Phlean Chomhtháite Mhuirí ag an nGrúpa Comhordaithe Idir-Rannach um an Muir in 2012, leagadh amach treochlár soiléir maidir le fís an Rialtais go soláthrófar doiciméad straitéiseach agus tugadh aitheantas d'acmhainneacht mhuirí na hÉireann. Leagtar béim sa doiciméad beartais sin ar leibhéal níos airde comhordaithe maidir le cuir chuige beartais thar raon earnálacha muirí agus disciplíní lena mbaineann. 

Sa chaibidil seo maidir le Bainistiú Muirí agus Cósta leagfar amach na tosaíochtaí forbartha don earnáil mhuirí sa chontae. Aithneofar sa chaibidil seo na príomhthionscail a bheidh ina gcuid den earnáil mhuirí sa chontae. Beidh cuspóirí beartais ann a thacóidh le teicneolaíochtaí nua agus nuálaíochtaí a chur chun cinn sa tionscal chun tacú leis na tionscail mhuirí atá i nGaillimh cheana. Pléifear an tAthrú Aeráide agus an caidreamh díreach leis an earnáil bainistíochta muirí agus cósta i mír 9.3 agus i gCaibidil 14 Athrú Aeráide, Fuinneamh agus Acmhainní Inathnuaite


Leanúint ar aghaidh ag léamh: Íoslódáil Caibidil 9 [PDF]

 

 

 

 

 

 

Clár ábhair

Baile