2.6 Bearna

Dúnta27 D.F., 2022, 9:00am - 27 D.F., 2022, 9:01am

2.6 Lonnaíocht Cheannchathartha Bhearna

2.7  Comhthéacs an Bhaile

Is sráidbhaile cois cósta í Bearna ar imeall thiar Chathair na Gaillimhe, thart ar 6.5km siar ó lár na Cathrach (an Fhaiche Mhór) agus 11km soir ón Spidéal. Tá sé lonnaithe laistigh de Limistéar Ceannchathartha na Gaillimhe. Tá an baile lonnaithe ar thairseach Ghaeltacht na Gaillimhe, an Ghaeltacht is mó sa tír. Tá saintréith uathúil ag baint le sráidbhaile Bhearna mar gheall ar a hoidhreacht iascaireachta agus Ghaeltachta agus is suíomh tarraingteach cois cósta í atá gar do Chathair na Gaillimhe. Le blianta beaga anuas, tháinig méadú suntasach ar Bhearna sa sráidbhaile agus sa cheantar máguaird mar gheall ar chomh gar is atá sí do Chathair na Gaillimhe.

2.8  Pobail lnbhuanaithe

2.8.1 Tithíocht

Tháinig borradh mór ar an lonnaíocht Bearna le 20 bliain anuas agus tá an-tóir ar Bhearna i gcónaí mar áit chun forbairtí cónaitheacha a lonnú, go mór mór ós rud é go bhfuil sé cois cósta agus cóngarach do Chathair na Gaillimhe. I measc na gcineálacha tithe, tá tithe sraithe, tithe leathscoite agus tithe scoite, a bhformhór díobh idir bhungalónna agus thithe dhá stór taobh leis an R336 agus in eastáit tithíochta anseo is ansiúd ar fud an bhaile. Tá roinnt forbairtí árasán sa i lár an bhaile freisin.

Ba cheart go gcuireann scéimeanna nua iltithíochta laistigh de limistéar an phlean rogha iomchuí d’aonaid tithíochta éagsúla ar fáil a dhéanann freastal ar éilimh reatha an tsráidbhaile agus ar éilimh an tsráidbhaile amach anseo, agus a bhíonn freagrúil ar an gcomhthéacs áitiúil, ó thaobh dearaidh, leagain amach agus dlúis de. Caithfidh forbairtí cónaithe laistigh de Bhearna cloí leis an gcuspóir beartais maidir le haonaid tithíochta a dháileadh ar theaghlaigh le Gaeilge.

2.8.2 Lár Baile/ Miondíol

Bíonn lár baile Bhearna sách gnóthach. Áirítear criosú Lár Baile sa phlean do na sé bliana amach romhainn agus sainaithnítear ann tailte taobh ó thuaidh agus taobh ó dheas den tSraid Mhór (R336) a théann tríd an sráidbhaile. Trí lár sráidbhaile Bhearna a chomhdhlúthú d’fhonn freastal ar fhás amach anseo, cabhrófar chun sraoilleáil uirbeach a chosc trí fhorbairt uirbeach níos dlúithe a sholáthar, chomh maith le bonn le haghaidh pobail uirbigh níos inbhuanaithe. Ba cheart forbairt nua, tithíocht go mór mór, a sholáthar ar shuíomhanna tearcúsáidte, suíomhanna inlíonta agus/nó suíomhanna athfhorbraíochta, lena n-áirítear suíomhanna agus foirgnimh atá ar an bhfód cheana a athfhorbairt, chun imchlúdach forbartha reatha an limistéir uirbí a chomhthógáil agus chun a chinntiú go ndíreofar go príomha ar thailte seirbhísithe gar do lár an bhaile agus do roghanna iompair phoiblí sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma. Tacaíonn na cuspóirí beartais sa phlean seo le comhdhlúthú lár an tStráidbhaile agus tá tailte criosaithe Lár an Bhaile/Inlíonta sainaitheanta chun freastal ar fhorbairt chónaitheach mar a leagtar amach í sa CNP agus sa SRSE.

2.8.3 Fostaíocht agus Forbairt Gheilleagrach

seirbhísí miondíola ar cheann de na príomhfhoinsí fostaíochta i mBearna agus is ríthábhachtach an bonn fostaíochta seo a choinneáil agus a neartú. Déanfaidh soláthar miondíola comhlánach ar an scála iomchuí agus lonnaithe san áit cheart, lena n-áirítear suíomhanna athfhorbraíochta agus suíomhanna tearcúsáidte a athfhorbairt, i lár an bhaile beogacht agus inmharthanacht lár na lon aíochta a chosaint agus a fheabhsú, agus cabhróidh sé le leibhéal na siopaí/aonad gan áitiú a laghdú.

Is teoranta an bonn gnó agus fiontraíochta atá i mBearna toisc go bhfuil sé chomh cóngarach sin do chathair na Gaillimhe agus d’ionaid arna bhfeidhmiú agus arna dtacú ag Údarás na Gaeltachta sna Forbacha.

Chomh maith leis sin, is beag forbairt atá déanta ar acmhainn turasóireachta na lonnaíochta, a mbaineann deis shuntasach léi bonn turasóireachta an limistéir a leathnú agus a chur chun cinn, go mór mór toisc go bhfuil Bearna lonnaithe cois cósta ar thairseach Ghaeltacht na Gaillimhe, Chathair na Gaillimhe agus Chonamara Theas, agus ar fud Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Tacaíonn an plean le forbairt a bhaineann le turasóireacht a lonnú laistigh de lár an tsráidbhaile, lena n-áirítear an turasóireacht uiscebhunaithe. Ba mhór an tsócmhainn áineasa agus turasóireachta é páirc chonláiste cois cósta a bhain amach i mBearna, lena húsáid ag áitritheoirí, ag an bpobal áitiúil agus ag cuairteoirí chun na háite.

Leanúint ar aghaidh ag léamh: Íoslódáil Lonnaíocht Cheannchathartha Bhearna [PDF]

Clár ábhair

Baile