Caibidil 5: Forbairt Gheilleagrach, Forbairt Fiontar agus Miondíola

Dúnta27 D.F., 2022, 9:00am - 27 D.F., 2022, 9:01am

Láidreachtaí agus sócmhainní geilleagracha an chontae a fhorbairt agus cur leo ionas gur áit bhisiúil, iomaíoch agus mhealltach é an contae le haghaidh raon earnálacha, bunaithe ar phrionsabail bonn geilleagrach atá seanbhunaithe agus an-mhealltach d’infheisteoirí agus d’fhostaithe araon.

 

5.1    Réamhrá

Tuigeann Comhairle Contae na Gaillimhe an ról ríthábhachtach atá ag earnálacha geilleagracha, fiontar agus miondíola an chontae. Is é príomhaidhm an phlean cur leis na láidreachtaí geilleagracha atá laistigh den chontae agus déileáil, ar bhealach inbhuanaithe, leis na réimsí den chontae nach mór aird a dhíriú orthu sa chomhthéacs seo. 

Is cuid den Réigiún Thiar Thuaidh é Gaillimh agus glactar le Gaillimh mar phríomhinneall geilleagrach an réigiúin chomh fada is a bhaineann le cruthú post agus rathúnas geilleagrach. Sainaithneofar sa chaibidil seo cuspóirí beartais chun tacú le príomhearnálacha geilleagracha agus gineadóirí fostaíochta sa chontae. Tá raon saincheisteanna nua geilleagracha le sárú ag an gcontae anois nach raibh le tabhairt faoi deara i bPleananna Forbartha Contae a cuireadh i dtoll a chéile roimhe seo agus bhain éiginnteacht áirithe leo seo le blianta beaga anuas. Áirítear ina measc: tionchar Brexit; paindéim Covid 19, spriocanna maidir le hastaíochtaí carbóin agus an t-aistriú i dtreo cianoibre i moil agus obair ón mbaile.  Tá tacar cuspóirí beartais láidre san áireamh a thacaíonn le forbairt gheilleagrach laistigh den chontae. 

Chomh maith leis sin, clúdaítear sa chaibidil seo réimse gaolmhar na forbartha miondíola.  Go háirithe, díreofar ar na forálacha atá sonraithe in RSES maidir le forbairt mhiondíola a sholáthar agus Treoirlínte Pleanála Miondíola 2012, a chur i bhfeidhm.  De réir ordlathas lonnaíochta an Chontae, tá anailís mhiondíola curtha san áireamh a threoraíonn forbairt mhiondíola i suíomhanna oiriúnacha ar fud an Chontae. 

Glactar leis go bhfuil an chaibidil seo comhsheasmhach le agus go gcuireann an méid atá sa chaibidil seo le gnéithe eile den Phlean lena n-áirítear an tOrdlathas Lonnaíochta, beartais maidir le dearadh uirbeach agus comhfhorbairt áite agus straitéis iompair agus um oiriúnú don athrú aeráide an phlean. Beidh sé seo mar bhonn le torthaí forbartha ar ardchaighdeán a áirítear iontu samhlacha forbartha ilchineálacha inbhuanaithe a gcuimsítear iontu gníomhaíocht chónaithe agus fostaíochta. Baineann fíorthábhacht le soláthar tráthúil bonneagar criticiúil, a gcuimsítear ann rochtain éifeachtach agus iontaofa ar iompar poiblí, i ndáil le soláthar foirmeacha inbhuanaithe forbartha.  


Leanúint ar aghaidh ag léamh: Íoslódáil Caibidil 5 [PDF]

 

 

 

 

 

 

 

 

Clár ábhair

Baile