Caibidil 8 Turasóireacht agus Tírdhreach

Dúnta27 D.F., 2022, 9:00am - 27 D.F., 2022, 9:01am

Forbairt na hearnála turasóireachta a spreagadh mar thiománaí geilleagrach don Chontae agus ag an am céanna a chinntiú go bhfuil na tírdhreacha agus muirdhreacha - ceann de na sócmhainní is tábhachtaí sa chontae - á gcosaint.

 

8.1   Réamhrá

Tá Comhairle Contae na Gaillimhe airdeallach ar an bpoitéinseal a bhaineann le turasóireacht mar phríomhthiománaí d’fhás socheacnamaíoch inbhuanaithe i suíomhanna uirbeacha, tuaithe, oileáin agus cósta an Chontae. Baineann tábhacht ar leith le forbairt inbhuanaithe an tionscail turasóireachta sa chontae. Is í Gaillimh ceann de na contaetha is rathúla sa tír i dtéarmaí líon na gcuairteoirí baile agus eachtracha agus i dtéarmaí an bhuntáiste gheilleagraigh a bhaineann leis an ngníomhaíocht turasóireachta seo. Tá sé mar aidhm ag an gComhairle turasóireacht inbhuanaithe a chomhtháthú mar ghníomhaíocht gheilleagrach lárnach, trí infheistíocht a dhéanamh in infreastruchtúr, nithe is díol spéise do thurasóirí, gníomhaíochtaí teaghlaigh amuigh faoin aer; féilte agus imeachtaí ar fud an chontae agus tacú le forbairt infreastruchtúir atá oiriúnach do chuairteoirí cosúil le háiseanna; cóiríocht; áineas agus conairí amuigh faoin aer; agus an ríocht phoiblí a fheabhsú agus cur le mealltacht suíomhanna uirbeacha agus tuaithe.  

Baineann tábhacht ar leith le cosaint na dtírdhreach i gcomhthéacs na Comhairle de bhrí gurb ionann é agus ceann de na príomh-shaintréithe atá le fáil sa chontae.  Tá cineálacha éagsúla tírdhreach le fáil sa chontae idir na sliabhraonta grianchloichíte agus bratphortaigh Chonamara agus an talamh torthúil feirme in oirthear na Gaillimhe agus na pábhálacha nochta carstacha in Oileáin Árann agus i nDeisceart na Gaillimhe. Tá sé mar aidhm ag an gComhairle tacú le forbairt inbhuanaithe ag suíomhanna oiriúnacha ar fud an chontae agus ag an am céanna tírdhreacha a chosaint ó fhorbairtí míchuí.  

Leanúint ar aghaidh ag léamh: Íoslódáil Caibidil 8 [PDF]

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Clár ábhair

Baile