1.0 Limistéar Ceannchathartha na Gaillimhe

Dúnta27 D.F., 2022, 9:00am - 27 D.F., 2022, 9:01am

Is é an Creat Náisiúnta Pleanála (CNP) an plean straitéiseach maidir le fás agus forbairt na tíre a mhúnlú amach anseo go dtí an bhliain 2040, agus bunaítear Limistéar Ceannchathartha na Gaillimhe leis an gcreat sin. Áirítear sa CNP cuspóir náisiúnta pleanála NPO 67 maidir le Plean Straitéiseach Limistéir Ceannchathartha (PSLC) a ullmhú do Ghaillimh trí phróiseas na Straitéise Réigiúnaí Spásúlachta agus Eacnamaíochta (SRSE).

1.1 Réamhrá

Is é an Creat Náisiúnta Pleanála (CNP) an plean straitéiseach maidir le fás agus forbairt na tíre a
mhúnlú amach anseo go dtí an bhliain 2040, agus bunaítear Limistéar Ceannchathartha na
Gaillimhe leis an gcreat sin. Áirítear sa CNP cuspóir náisiúnta pleanála NPO 67 maidir le Plean
Straitéiseach Limistéir Ceannchathartha (PSLC) a ullmhú do Ghaillimh trí phróiseas na Straitéise
Réigiúnaí Spásúlachta agus Eacnamaíochta (SRSE).
 
Cuimsítear i Straitéis Réigiúnach Spásúlachta agus Eacnamaíochta (SRSE) an Tuaiscirt agus an
Iarthair Plean Straitéiseach Limistéir Ceannchathartha ardleibhéil do Ghaillimh. Leagtar amach sa
phlean sin an treoir straitéiseach don Limistéar Ceannchathartha chun an fás atá ina chéad
fhothorthaí straitéiseach náisiúnta (FSN) sa Chreat Náisiúnta Pleanála a bhaint amach.
 
Laistigh den SRSE, sainmhínítear ‘Comhfhorbairt Áite’ mar thosaíocht a chuirfidh taca faoin gcreat
fáis agus a chinnteoidh sineirgíocht idir infheistíochtaí agus pleanáil le haghaidh
idirbheartaíochtaí straitéiseacha agus a dhéanfaidh na torthaí a bheidh i ndán do ‘Dhaoine agus
Áit’ a uasmhéadú. ‘Leanfar leis an dlúthfhás lena chinntiú go bhfásfar lonnaíochtaí uirbeacha agus
tuaithe níos dlúithe ar bhealach inbhuanaithe, agus poist, tithe, seirbhísí agus taitneamhachtaí ag
tacú leo, seachas sraoilleáil leanúnach agus fás neamhphleanáilte, neamhgheilleagrach.’ Pléitear
tuilleadh i gCaibidil 3 an coincheap ‘Comhfhorbairt Áite agus an Saol Uirbeach’.
 
Léirítear Limistéar Ceannchathartha na Gaillimhe, ábhar an PSLC, i bhFíor 1 thíos agus téann sé
ó Bhearna san iarthar isteach go Cathair na Gaillimhe agus a bruachbhailte, agus soir go Baile Chláir
agus Órán Mór. Áirítear sa Limistéar Ceannchathartha thoir na limistéir fáis beartaithe seo a
leanas: na hArdáin, an Garrán agus Cnoc Mhaoil Drise.
 
Sainaithnítear an Garrán agus Cnoc Mhaoil Drise mar phríomhlimistéir fáis straitéisigh laistigh de
Chontae na Gaillimhe agus cuirfidh sé sin go suntasach le hardaidhmeanna an CNP agus an SRSE.
Tá Creatphleananna Uirbeacha ullmhaithe ag Comhairle Contae na Gaillimhe don Gharrán agus
Chnoc Mhaoil Drise agus áirítear iad i gCuid 3 den phlean seo.
 
Is é ról an Limistéir Cheannchathartha freastal a dhéanamh ar fhás ó thaobh daonra de sa
limistéar chun beogacht agus mealltacht Chathair na Gaillimhe agus na lonnaíochtaí baile agus
sráidbhaile máguaird a chinntiú. Le Limistéar Ceannchathartha láidir a chuimsíonn bonneagar
fisiceach agus saoráidí pobail ardchaighdeáin agus comhtháite, neartófar ról réigiún an Tuaiscirt agus
an Iarthair agus beidh sé ina chabhair don réigiún dul san iomaíocht ag an leibhéal náisiúnta.
 

1.2 Cuspoiri Straiteiseacha

Beidh feidhm ríthábhachtach ag an bPlean Straitéiseach Limistéir Cheannchathartha maidir le
réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair a fhorbairt, agus deimhin a dhéanamh de go mbeidh
acmhainneacht ann freastal a dhéanamh ar an bhfás ó thaobh daonra agus fostaíochta de, mar a
leagtar amach é sa CNP agus sa SRSE. Is féidir é sin a bhaint amach mar seo a leanas:
 
  • Tacú le forbairt sa Limistéar Ceannchathartha a sholáthróidh tithíocht don daonra réamhmheasta faoi 2028;
  • Tacú le hacmhainneacht eacnamaíoch an Limistéir Cheannchathartha, lena n-áirítear forbairt a dhéanamh ar thailte an tsean-Aerfoirt agus ar na tailte sa Gharrán arna gcriosú le haghaidh fostaíochta;
  • Fás agus comhdhlúthú a áirithiú laistigh de na lonnaíochtaí Ceannchathartha Baile Chláir agus Bearna, agus sna limistéir fáis atá beartaithe i gCnoc Mhaoil Drise agus sa Gharrán.
  • Cur chuige comhtháite a stiúradh i leith bonneagar iomchuí a sholáthar chun dlúthfhás inbhuanaithe a éascú;
  • Fás a ailíniú le bonneagar agus seirbhísí iompair atá ar an bhfód cheana féin agus bonneagar agus seirbhísí iompair atá ag teacht chun cinn, mar aon le béim a chur ar lonnaíochtaí insiúlta ’10 nóiméad’;
  • A chinntiú go ndéantar fás a chomhdhlúthú le rochtain éasca ar limistéir fostaíochta, miondíola, pobail agus conláiste, idir limistéir bhunaithe agus limistéir bheartaithe;
  • Athnuachan a chur chun cinn, chomh maith le lonnaíochtaí uirbeacha a fhorbairt ar bhealach a chomhdhlúthaíonn agus a fheabhsaíonn aitheantas, mealltacht agus beogacht lonnaíochtaí mar áiteanna tarraingteacha chun a bheith ag cónaí, oibriú agus infheistiú iontu.
Leanúint ar aghaidh ag léamh: Íoslódáil Limistéar Ceannchathartha na Gaillimhe [PDF]

 

 

Clár ábhair

Baile