Caibidil 7 Infreastruchtúr, Fóntais & Cosaint na Timpeallachta

Dúnta27 D.F., 2022, 9:00am - 27 D.F., 2022, 9:01am

Tacú le hinfheistíocht agus feabhsú an infreastruchtúir fóntas, uisce, fuíolluisce, leictreachais agus gáis agus a leithéid a spreagadh agus tacú le forbairt agus feabhsú an infreastruchtúir dhigitigh.

 

7.1    Réamhrá  

Tuigeann Comhairle Contae na Gaillimhe go bhfuil soláthar infreastruchtúr agus fóntais ar bhealach inbhuanaithe ríthábhachtach i ndáil le forbairt an chontae amach anseo. Tacóidh an plean seo le hinfheistíocht in infreastruchtúr agus fóntais nua agus feabhsaithe go háirithe i ndáil le huisce agus fuíolluisce, gnéithe atá riachtanach chun fás agus infheistíocht gheilleagrach a chinntiú, deiseanna fostaíochta a chruthú, dlúthfhás ár lonnaíochtaí agus pobail níos inbhuanaithe.  

Tá an Chomhairle airdeallach ar an tábhacht a bhaineann le bainistíocht dramhaíola agus beifear ag tacú le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh, tús áite a thabhairt do chosc, athúsáid, athchúrsáil agus aisghabháil, agus dramhaíl iarmharach a bhainistiú go hinbhuanaithe a chabhróidh le pobail níos inbhuanaithe a chruthú i gContae na Gaillimhe anois agus amach anseo. Chomh maith leis sin, tá an Chomhairle airdeallach ar an tábhacht a bhaineann le hinfreastruchtúr digiteach feabhsaithe a sholáthar do dhaoine ina mbailte féin agus chun tacú le fás geilleagrach an chontae.   


Leanúint ar aghaidh ag léamh: Íoslódáil Caibidil 7 [PDF]

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Clár ábhair

Baile