Caibidil 2, An Chroístraitéis, an Straitéis Lonnaíochta agus an Straitéis Tithíochta

Dúnta27 D.F., 2022, 9:00am - 27 D.F., 2022, 9:01am

Contae cothrom uirbeach agus tuaithe a chur chun cinn a chinntíonn go mbunaítear borradh amach anseo ar phrionsabail na forbartha inbhuanaithe, timpeallacht mhaireachtála agus oibre ardchaighdeáin a sholáthar a fhreastalaíonn ar riachtanais na gcónaitheoirí go léir.

 

2.1 Réamhrá

Rinne an Creat Náisiúnta Pleanála (an CNP), an Treochlár um Chur i bhFeidhm don CNP, an Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Eacnamaíochta (an SRSE) don Réigiún Thiar Thuaidh, agus Treoirlínte Alt 28 ón Aire an Chroístraitéis, an Straitéis Lonnaíochta agus an Straitéis Tithíochta a ullmhú agus eolas a chur ar fáil dó. Ceanglaítear san Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) go gcuirtear Croístraitéis fhianaisebhunaithe san áireamh i ngach plean forbartha. Is é a phríomhchuspóir a chinntiú go ndéanann údaráis áitiúla méid cuí talún a shainaithint agus a chur ar leataobh sna láithreacha cearta chun spriocanna daonra agus tithíochta a bhaint amach. Baintear seo amach trí straitéis chainníochtúil idir meántéarmach agus fadtéarmach a léiriú d’fhorbairt spásúlachta limistéar an údaráis phleanála, atá ar aon dul leis na cuspóirí beartais náisiúnta agus réigiúnacha faoi mar a dtugtar cuntas orthu sa Chreat Náisiúnta Pleanála (an CNP) agus sa Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Eacnamaíochta (an SRSE) don Réigiún Thiar Thuaidh.  Tá Ordlathas Lonnaíochta don Chontae sa Chroístraitéis a dhéanann spriocanna daonra réigiúnaigh forordaithe a thrasuí a leagadh amach ar leibhéal contae le haghaidh lonnaíochta agus ceantair thuaithe a shainaithnítear laistigh den ordlathas lonnaíochta.  Sainaithnítear sa Chroístraités candam, láthair agus céimniú na forbartha i gContae na Gaillimhe ar feadh thréimhse an phlean ina léirítear na spriocanna daonra a rinneadh a shainiú go náisiúnta agus go réigiúnach agus an t-ordlathas lonnaíochta agus aird á tabhairt ar an bhfáil atá ar sheirbhísí reatha, infheistíocht phleanáilte, forbairt sheicheamhach agus riachtanais chomhshaoil. 


Leanúint ar aghaidh ag léamh: Íoslódáil Caibidil 2 [PDF]

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Clár ábhair

Baile