8.1 Uachtar Ard Baile Beagfháis

Dúnta27 D.F., 2022, 9:00am - 27 D.F., 2022, 9:01am

8.2 Comhthéacs Baile

Tá baile Uachtar Ard suite timpeall 27km siar ó thuaidh ó Chathair na Gaillimhe ar Bhóthar an N59 Gaillimh - an Chlocháin, ar Phríomhbhealach Náisiúnta é. Ainmnítear Uachtar Ard mar Bhaile Beagfháis i bPlean Forbartha Contae na Gaillimhe 2022 - 2028 de bhua dhaonra an bhaile agus an leibhéal fairsing seirbhísí áitiúla, fostaíochta agus stoic chónaithe a thairgeann sé d’áitritheoirí. Freastalaíonn sé freisin ar dhobharcheantar mór tuaithe a shíneann níos faide siar i dtreo bhaile an Chlocháin agus soir i dtreo bhaile Mhaigh Cuilinn.

Tá an baile tógtha ar bhruach Abhainn an Chnoic leis an bPríomhshráid, patrún lonnaíochta líneach le forbairtí soir ón mbaile. Tá éagsúlacht airde foirgneamh feadh an N59 sa bhaile idir bhungaló agus dhá stór i gcoitinne. Cuireann príomhshráid an bhaile réimse leathan seirbhísí áitiúla ar fáil d’áitritheoirí ar nós siopadóireachta de chineál áise, banc, oifig an phoist, bialanna agus tithe tábhairne. Tá seirbhísí áitiúla eile cosúil le scoileanna, faichí imeartha, ionad sláinte agus clós súgartha suite laistigh faoi fhad siúil ghairid ón bPríomhshráid. Soláthraíonn na seirbhísí áitiúla seo deiseanna fostaíochta ar an mbaile freisin. Tá úsáidí oifige agus tionsclaíocha ann freisin a sholáthraíonn ionchais fhostaíochta níos mó agus níos éagsúla.

8.3 Pobail Inbhuanaithe

8.3.1 Tithíocht

Tá réimse leathan forbairtí tithíochta i mbaile Uachtar Ard agus timpeall air. I measc na gcineálacha tithe seo tá raon tithíochta sraithe agus scoite idir bungaló agus foirgneamh dhá stór, suite feadh bhealach artaireach an N59 trí lár an bhaile. Den chuid is mó, níl gairdíní tosaigh ag an maoin seo mar is gnách go mbíonn siad in aice leis an gcosán poiblí a fhreastalaíonn ar an mbaile, áfach, tá eisceachtaí ann maidir leis seo agus tá gairdíní tosaigh beaga ag roinnt réadmhaoine ar an mbealach seo. Cuimsíonn an chuid seo den bhaile cásanna cóiríochta cónaithe ar an gcéad urlár - cineál cóiríochta ‘cónaí os cionn an tsiopa’. 

Tá forbairtí tithíochta de chineál bruachbhailte suite go príomha ó thuaidh agus ó dheas ón N59. Tá dearadh, leagan amach agus cineál teaghaise éagsúil acu. Cuimsíonn siad raon réadmhaoine sraithe, lár-sraithe agus leathscoite. De ghnáth, tógadh na tithe cónaithe seo ar cheapacha cruth dronuilleogach le gairdíní measartha tosaigh agus cúil. Cuimsíonn na forbairtí tithíochta níos mó limistéir de spás glas comhchoiteann laistigh de gach forbairt.

Príomhchuspóir den phlean lonnaíochta seo is ea forbairt bhreise tithíochta a sholáthar sa todhchaí a chloíonn le prionsabail na cáilíochta agus na hinbhuanaitheachta i dtéarmaí dearaidh agus leagan amach go háirithe. Sa phlean lonnaíochta agus i bPlean Forbartha an Chontae a ghabhann leis, tugtar faisnéis agus treoir a bhaineann le forbairt do na sé bliana amach romhainn go dtí 2028. Cuimsíonn an fhaisnéis seo sonraí faoin suíomh, cineál agus an dearadh is fearr amach anseo d’fhorbairt chónaithe sa todhchaí i mbaile Uachtar Ard agus timpeall air.
 

Leanúint ar aghaidh ag léamh: Íoslódáil Uachtar Ard Baile Beagfháis [PDF]

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Clár ábhair

Baile