Caibidil 1: Réamhrá
Contae a chruthú a chur chun cinn atá mealltach le cónaí agus le hoibriú ann agus le cuairt a thabhairt air agus a chur ar chumas gnólachtaí bheith faoi rath i dtimpeallacht a chuireann réimse roghanna tithíochta, réimse daingean agus éagsúil deiseanna fostaíochta, teacht ar bhonneagar ardchaighdeáin agus ar shaoráidí pobail ar fáil i dtimpeallacht inbhuanaithe ardchaighdeáin do chách.
1.1 Réamhrá
Leagtar amach i bPlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028 réimse cuspóirí beartais a bheartaítear chomh maith leis an insint don fhorbairt a thacaíonn leo a fhad le 2028. I gcomhréir le beartas náisiúnta, lorgaíonn an plean forbairt a dhéanamh ar bhealach inbhuanaithe agus atá íogair ó thaobh comhshaoil de. Cuireann sé an clár athraithe aeráide chun cinn agus leagtar amach ann na tosaíochtaí tithíochta agus geilleagracha don tréimhse ábhartha.
Chuir an Phríomh-Oifig Straidrimh (an POS) daonra nach mór 180,000 duine i gcuntas i gContae na Gaillimhe in 2016. Ó thaobh tíreolaíochta de, is í Gaillimh an dara contae is mó in Éirinn. Déanann an contae teorainn le Maigh Eo ó thuaidh, leis an gClár ó dheas agus le Ros Comáin agus le hUíbh Fhailí in oirthear an chontae agus le Tiobraid Árann in oirdheisceart an chontae. I measc na dteorainneacha nádúrtha eile, tá Cuan na Gaillimhe san iarthar, anuas ar an tSionainn agus Loch Deirgeirt san oirthear agus san oirdheisceart, faoi seach. Tírdhreach éagsúil agus nádúrtha is mó atá i gceist le tírdhreach an chontae ina bhfuil gnéithe cosúil le réigiún sléibhtiúil Chonamara laistiar d’Abhainn na Gaillimhe, tailte torthúla talmhaíochta in oirthear an chontae agus limistéar aolchloiche níos ilchineálaí i ndeisceart an chontae. Nuair a chuirtear na tréithe topagrafacha seo san áireamh, cruthaíonn siad an suíomh ar leith agus fíor-ilchineálach tírdhreacha ina bhfuil Gaillimh suite.
Tá gréasán suntasach lonnaíochtaí ar scálaí éagsúla sa chontae agus is ann atá an daonra Gaeltachta is mó in Éirinn, arb ionann é agus thart ar 49.7% de dhaonra na Gaeltachta go náisiúnta, faoi mar a chuir an POS i dtaifead in 2016.
Tá an contae mar chuid den Réigiún Thiar Thuaidh anois i dteannta seacht gcontae eile: Maigh Eo, Ros Comáin, Liatroim, Sligeach, Dún na nGall, Muineachán, an Cabhán agus Cathair na Gaillimhe. Sainaithnítear sa Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Eacnamaíochta (an SRSE) limistéar nua uirbeach ina bhfuil Cathair iomlán na Gaillimhe agus lonnaíochtaí Bhaile Chláir, Bhearna agus Órán Mór. Ainmnítear Béal Átha na Sluaighe agus Tuaim mar Phríomhbhailte agus sainaithnítear Baile Átha an Rí mar limistéar ag a bhfuil Acmhainn Straitéiseach. Aithnítear stádas stairiúil Bhéal Átha na Sluaighe mar Bhaile an Chontae.
Freastalaíonn gréasán mótarbhealaí ar Ghaillimh anois in oirthear an chontae (an M6 agus an M17/M18) agus cuireann seirbhís iarnróid ó Ghaillimh go Baile Átha Cliath/Luimneach bealach inbhuanaithe taistil ar fáil.
Léirítear i bhFíor 1 lastall príomhshonraí déimeagrafacha a bhaineann le Daonáireamh 2016. Déantar tagairt sna sonraí don daonra foriomlán, an áit a gcónaíonn agus a n-oibríonn daoine agus don áit a bhfuil teaghlaigh ag cur fúthu.
Fíor 1: Léargas Ginearálta ar Chontae na Gaillimhe
Leanúint ar aghaidh ag léamh: Íoslódáil Caibidil 1 [PDF]