Caibidil 14 Athrú Aeráide, Fuinneamh agus Acmhainn Inathnuaite

Dúnta27 D.F., 2022, 9:00am - 27 D.F., 2022, 9:01am

Lorg carbóin a laghdú le ionchuimsiú gníomhaíochta ar son na haeráide sa chóras pleanála ag tacú le targaidí náisiúnta tacú le acmhainní dúchasacha inathnuaite chun spleáchas ar bhreoslaíiontaise a laghdú agus bogadh i dtreo geilleagair íseal-charbóin.

 

14.1  Réamhrá

Áirítear le gníomhaíocht ar son na haeráide dhá chur chuige riachtanach chun dul i ngleic le athrú aeráide - Maolú agus Oiriúnú. Is aidhm leis an bplean seo cosaint, maolú agus dul in oiriúint do thionchair an athraithe aeráide. Tá an Comhairle tiomanta chun dul ingleic le athrú aeráide ar bhealach cosantach trí bhreathnóireacht chúramach ar fhás agus forbairt.

Tá gníomhaíocht ar son na haeráide comhtháitei ngach caibidil agus straitéis sa phlean. Áirítear le gach caibidil fo-chuid a luann conas atá an straitéis spásúil agus aidhmeanna an pholasaithe do gach ábhar aeráid-dhíonach agus/nó ag cuidiú le maolú agus dul in oiriúint don athrú aeráide. Chun dúbailt a chosc le straitéisí eile agus cáipéisí polasaithe, lena n-áirítear Straitéis an Chomhairle um Oiriúnú don Aeráid, téann an plean i ngleic le athrú aeráide amháin chomh fada agus a bhaineann sé le pleanáil spásúil. Is téama bunúsach é agus faigheann sé tionchar ó fhoirmliú go leor straitéisí sa phlean, lena n-áiríteear lonnaíocht, gluaiseacht, forbairt eacnamaíoch, fuinneamh inathnuaite, bainistíocht ar rioscaí tuile agus bainistíocht ar limistéar an chósta.

Téann an chaibidil seo i ngleic le éifeachtaí an athraithe aeráide lena n-áirítear rioscaí ardaithe ó thuile
laistigh Chontae na Gaillimhe.

Luann an Chaibidil seo freisin an tábhacht a bhaineann le tacú le forbairt acmhainní fuinnimh inathnuaite agus infreastruchtúr gaolmhar chun seachadadh ar thargaidí fuinnimh inathnuaite luaite sa Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide 2019. Chun fás inbhuanaithe d’fhuinnimh inathnuaite a éascú, ullmhaíodh Straitéis Fhuinnimh Inathnuaite (LARES) mar chuid de Phlean Forbartha an Chontae in Aguisín 1. Luann LARES acmhainneacht i gcomhair réimse acmhainní fuinnimh inathnuaite agus forbairtí agus aithníonn sé an cuidiú suntasach ar féidir leo a dhéanamh don chontae i dtéarmaí slándála fuinnimh, spleáchas laghdaithe ar bhreoslaí iontaise traidisiúnta, onnmhairiú fuinnimh a chumasú don todhchaí, cloí le targaidí náisiúnta sannta agus aistriú go dtí geilleagar íseal-charbóin. 


Leanúint ar aghaidh ag léamh: Íoslódáil Caibidil 14 [PDF]

 

 

 

 

 

 

 

Clár ábhair

Baile